Cartlann Nuachta: 23 Marta 2016

23 Marta 2016


Laochra 1916 ag Scoil Sailearna

Laochra 1916 ag Scoil Sailearna

Obair Ealaíne le Dara McGee os comhair Scoil Sailearna


Bua Mór ag CLG Micheál Breathnach

Foireann faoi 21 (2016)

Foireann Micheál Breathnach faoi 21, ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Naomh Feicín in Uachtar Ard, Dé Satharn seo caite.

Ar chúl, ó chlé: Jordan Ó Cualáin, Ciarán Ó Tuathail, Cathal Ó Conghaile, Macdara Ó Duibhir, Cóil Ó Coistealbha, Colm Ó Cualáin, Dara Mac Dubhghaill, Harry Ó Donnghaile, Cuan Mac Dubhghaill, Dara Ó Fátharta, Máirtín Ó Cualáin, Dinny Ó hÉallaithe, Ruairí Óg Ó Béarra, Ruán Ó Curraoin, Breandán de Búrca agus Frank Ó Brádaigh.

Chun tosaigh, ó chlé: Conor Taggart, Ian Ó Nuanáin, Maidhc Ó Conghaile, Dónal Mac Aodha Bhuí, Dara Ó Fátharta, Pádraig Ó Féinneadha, Brian Ó Maoileoin, Rónán Ó Beoláin, Caoimhín Ó Maoileoin, Liam Mac Donnacha, Rónán Ó Maoláin.

In Uachtar Ard ar an Satharn seo caite bhí bua maith ag peileadóirí faoi 21 Chumann Micheál Breathnach i gCluiche Ceannais Bhord an Iarthair, in aghaidh Naomh Feicín, An Clochán, leis an scór 1 – 11 in aghaidh 1 – 5.

Thosaigh An Clochán go maith agus d’éirigh leo cúl a fháil luath go maith sa gcéad leath. Ag leath ama bhí An Clochán dhá chúilín chun cinn ar bhuachaillí Chois Fharraige.

Sa darna leath bhí Micheál Breathnach i gceannas. Jordan Ó Cualáin a fuair an chéad chúilín tar éis an bhriseadh agus chothromaigh Dara Mac Gearailt an scór le saorchic. Ach ba é Caoimhín Ó Maoileoin, an lánchúlaí, a chuir foireann na Gaeltachta chun cinn le cic millteanach a bhuail an talamh tirim thart ar 10 slat amach ón gcúl agus a phreab thar an trasnán.   Mhéadaigh colceathair Chaoimhín, an captaen Brian Ó Maoileoin, an bhearna idir na fóirne le cúilín agus cúl. Mar sin féin throid An Clochán go dtí an deireadh. Bronnadh cic éirice orthu ach shábháil Rónán Ó Beoláin é.

Bhí imreoirí Micheál Breathnach thar barr, go speisialta sa darna leath. I lár na páirce bhí ceannas iomlán acu. Ar na himreoirí ab fhearr bhí an captaen Brian Ó Maoileoin sa líne leath-thosaigh, a cholceathair Caoimhín a bhí ina lánchúlaí agus Rónán Ó Beoláin, an cúl báire. Rinne Ciarán Ó Tuathail obair na gcapall i gcaitheamh an chluiche.

Tá CLG tríd go Cluiche Ceannais an Chontae anois, a bheas á imirt an chéad mhí eile.

Torthaí Eile ón Deireadh Seachtaine

Iomáint Sóisear 1: Micheál Breathnach 4 -14, Sceachanach 0 – 9.

Iomáint faoi 16: Micheál Breathnach 4 -09, Tuam 1 – 0.


Sa Bhearna Bhaoil le Seoladh i nGaillimh

SaBhearnaBhaoil_300_453_c1Déanfar an leabhar nua le Cormac Ó Comhraí, ‘Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923’ a sheoladh i Siopa Leabhar Charlie Byrne, An tSráid Láir, Gaillimh, ar an Déardaoin, 7 Aibreán ag 6.30 i.n. Beidh fáilte roimh chách chuig an ócáid. Tá taighde éachtach déanta ag Cormac leis an leabhar a chur le chéile, leabhar a bheas mar fhoinse ar feadh i bhfad ar Chogadh an Saoirse i gContae na Gaillimhe. Tá Cormac, ar as na Forbacha é ó thús, ag múineadh staire i Scoil Chuimsitheach Chiaráin, an Cheathrú Rua.

Tá an leabhar foilsithe ag Clo Iar-Chonnacht agus le fáil i mórán gach siopa i gCois Fharraige ar phraghas €20.


Cúrsa ag Croílíne Chois Fharraige

Croílíne Chois FharraigeBeidh Croílíne Chois Fharraige ag cur cúrsaí Céad Fhreagróirí Cairdiacha (Cardiac First Responders) ar siúl ar an Spidéal ar na dátaí seo a leanas: 2 Aibreán agus 14 Meitheamh. Idir 9.30 r.n. agus 3 i.n. a bheas na cúrsaí ar bun agus tá táille €20 i gceist.

Cuirfear bun-oiliúint sna hábhair seo a leanas orthu siúd a dhéanfaidh freastal ar na cúrsaí: Athbheochan Chardascamhógach (CPR); Uath-Dhífhibrileoir Seachtrach (AED) a úsáid agus an chaoi chun cabhrú le daoine fásta, gasúir agus páistí a bheadh á dtachtadh.

Beidh cárta aitheantais Céad Fhreagróra Cairdiacha Pobail de chuid an Chomhairle Cúraim Eigeandála Réamhoispidéal (PHECC) ag dul dóibh siúd a n-éireoidh leo an cúrsa a dhéanamh.

Le áit a chur in áirithe, seol ríomhphoist chuig training@nullcroiline.com nó téacs chuig 0876504534.


Scannán ón bhFrainc an Déardaoin Seo

In_The_Courtyard_01_thumb

Is ar an Déardaoin seo, 24 Márta, a chuirfear críoch le Séasúr Scannán an Earraigh leis an scannán IN THE COURTYARD, scannán ón bhFrainc.  Is scannán barrúil é seo a bhfuil iarracht den osréalachas ann.  Meisceoir é Antoine, a fhaigheann post i bPáras mar fhear faire i mbloc árasán agus é ag cur faoi sna seomraí atá in aice leis an doras tosaigh.  Is cosúil gur dream áirid iad na tionóntaí ar fad agus cuireann sé aithne orthu de réir a chéile.  Tosóidh an scannán, mar is gnáth, ag 8.15 i.n. i Seanscoil Sailearna.


Lá Spóirt na gCluichí Pobail

Tá sé socraithe Lá Spóirt na gCluichí Pobail a eagrú ar an Domhnach, 24 Aibreán, ar pháirc Choláiste Chonnacht. Ní raibh an Lá Spóirt ann ó 2013, mar nach raibh aon choiste sásta freagracht a thógáil as a eagrú.

Tá coiste nua tagaithe le chéile faoi chathaoirleacht Mhike Scanlon le deis a thabhairt do dhaoine óga i gceantar Chois Fharraige a bheith páirteach in imeachtaí sna Cluichí Pobail.

Eagraítear an Lá Spóirt le daoine a roghnú le dul ar aghaidh go Cluichí Pobail an Chontae, a bhíonns ar bun ag tús mí Meithimh i mBaile an Doirín. Tar éis briseadh na Cásca beidh foirmeacha á ndáileadh ar gach páiste sna bunscoileanna seo a leanas: Na Forbacha, An Spidéal, Sailearna, An Tulach agus Ros a’ Mhíl.


Cór Chois Fharraige in Albain

CórCF

Bhí Cór Chois Fharraige ar cuairt ar Albain an deireadh seachtaine seo caite, mar aíonna ag Cumann Ceoil an Obáin. Is baile ar chósta Iarghailla é Obán agus anuraidh rinne Cór Chois Fharraige teagmháil leis an gcór Gaidhlige in Obán. Ón Nollaig tá cleachtadh á dhéanamh ar amhráin i nGaighlig na hAlban, chomh maith le barr feabhais a chur ar na hamhráin Ghaeilge atá ag an gcór.

Thug Cór Chois Fharraige coirmcheol in Obán ar an Satharn seo caite agus ar an Domhnach thug siad cuairt lae ar Oileán Í, an t-oileán beag ag a ndeachaigh Colmcille ar deoraíocht ann agus as ar leathnaigh an Chríostaíocht trí Albain.


Lá ‘le Pádraig sa Spidéal

Naomh Pádraig - Tony Antaine

Tony Antaine Ó Curraoin, a bhí ag seasamh isteach in áit Hank O’ Mahony, ag Paráid Lá ‘le Pádraig, ar an Déardaoin seo caite.

An Déardaoin seo caite bhí paráid iontach sa Spidéal le haghaidh Lá ‘le Pádraig.  Sular thosaigh an pharáid chuir Ceoltóirí Óga Chois Fharraige togha an cheoil ar fáil don tslua taobh amuigh den séipéal.  Ag ceann na paráide, ag seasamh isteach do Hank O’ Mahoney, gléasta mar Naomh Pádraig bhí Tony Antaine Ó Curraoin.

Arist i mbliana bhí na flótanna ó na bailte éagsúla thar barr agus slua mór bailithe sa sráidbhaile ag breathnú orthu.  Bhain daoine an-sásamh as an bhflót a cuireadh le chéile faoi Donald Trump ag cuartú a ghaolta in Éirinn.  Lean an ceol sna pubannaí tar éis na paráide.  Chabhraigh an aimsir bhreá leis an lá.  Seo a leanas na torthaí ó na moltóirí:

  • An Flóta is Fearr: Féile Traidphicnic, An Spidéal.
  • An Flóta is Greannmhaire: An
  • An Flóta don Iarracht is Fearr: Liopa & An Pháirc.
  • An Gnó/Fuinneog is Fearr: Síoda.

Trump II

Trump ag Cuartú a Ghaolta: an flót a chuir Liopa agus An Pháirc le chéile do Pharáid Lá ‘le Pádraig sa Spidéal agus a fuair an gradam don flót ba ghreannmhaire ar an lá.


Léacht Anocht i gColáiste Chonnacht faoin Spidéal

Beidh Seán Ó Neachtain ag tabhairt léacht anocht, Déardaoin, 24 Márta, i gColáiste Chonnacht faoin teideal ‘An Spidéal: An Stair agus an Seanchas’ ag tosaí ag 8.00 i.n.  Tá an léacht eagraithe ag Cumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige.


Imreoirí na Bliana ag Cumann Micheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachAr an Satharn seo caite bronnadh gradaim ar imreoirí agus baill de Chumann Micheál Breathanach ag an gcóisir bhliantúil a bhí ar bun sa bPoitín Stil.

  • Iomáint Sóisear A: Éinne Ó Conghaile.
  • Peil Cailíní Mionúir: Eimear Ní Bhiadha.
  • Peil na mBan: Sinéad Ní Mhaoláin.
  • Peil Buachaillí Mionúir: Dinny Ó hÉallaithe.
  • Peil na bhFear faoi 21: Cathal Ó Tuathail.
  • Peil na bhFear Sinsir: Fiach Ó Béarra.
  • Peil Sóisear B: Cian Ó Gríofa.
  • Peil Sóisear C: Steve Mannion.