Cartlann Nuachta: 23 Márta 2022
Bua ag An Spidéal
Ruadhán Ó Currain ó Chumann Micheál Breathnach leis an liathróid agus Séamas Ó Droighneáin ón CLG An Spidéal á mharcáil, ag an gcluiche ceathrú ceannais idir Na Breathnaigh agus An Spidéal ar Pháirc an Chnoic, ar an Domhnach seo caite.
Bhí an bua ag An Spidéal.
[Pic: Máirín Uí Chonghaile]
Foireann Bhuacach Mac Dara
Foireann Bhuacach Mac Dara faoi 14, a bhuail Oranmore/Maree le déanaí leis an scór 4 – 3.
Ar chúl, ó chlé: Ciarán Ó Fátharta, Joe Ó Gríofa, Mícheál Ó Tuathail, Seán Ó Murchú, Donncha Ó Riain, Emmet Ó Conghaile, Fionn Mac Donnacha.
Chun tosaigh, ó chlé: Ryan Ó Domhnaill, Tom Ó Loing, Conaill Ó Conghaile (3 chúl), Dáithí Ó Flatharta, Ryan Mac Donnacha, Ruadhán Ó Coisdealbha (1 chúl).
Óstán na Ceathrún Rua Ceannaithe
Tuairiscíodh ar Nuacht Raidió na Gaeltachta ar an Máirt seo caite go bhfuil Óstán na Ceathrún Rua agus an trí acra talúna atá leis ‘díolta i bprionsabail’ ag an gcomhlacht Peppard Investments. €750,000 an treoir phraghas a bhí luaite leis an díolachán. Tá cead tugtha ag an úinéar Cathal Lynch go bhfuil an óstán á réiteach faoi láthair le dídean a thabhairt do dhaoine ón Úcráin a bheas ag tíocht ag tír seo ag teitheadh ón gcogadh atá an Rúis ag cur ar an Úcráin.
Gaeltarra Éireann a thóg Óstán na Ceathrú Rua thart ar 50 bliain ó shin agus bhí sé á reáchtáil ar feadh na mblianta ag Gaeltarra, sula díoladh é le úinéaraí príobháideacha. Agus é i mbarr a réime bhí Óstán na Ceathrú Rua ina ionad tábhachtach sóisialta do phobal na Gaeltachta i gConamara Theas.
Cruinniú Speisialta an Chomharchumainn
Seanscoil Sailearna
Ag cruinniú speisialta de scairshealbhóirí Chomharchumainn Shailearna Teo. ar an Máirt, glacadh le roinnt rún a bhain le polasaí an Chomharchumainn i leith tograí tuirbíní gaoithe i gceantar an Chomharchumainn. Bhí ceithre cinn de na rúin curtha síos ag scairshealbhóirí ó Bhaile na mBroghach agus Leithrinn, ag éirí as tacaíocht an Chomharchumainn don tuirbín gaoithe atá beartaithe a thógáil ar an mBóthair Buí, ag an gcomhlacht Natural Forces Renewables. Cé gur tharraing an Comharchumann an tacaíocht siar, léiríodh míshástacht faoin mbealach nach ndeachaigh an Comharchumann i gcomhairle leis an bpobal ná leis na scairshealbhóirí ag an am.
Mar thoradh ar na rúin ar glacadh leo ag an gCruinniú Speisialta ar an Máirt seo caite, tá sé leagtha síos anois go bhfuil sé ‘mar pholasaí ag Comharchumann Shailearna a scairshealbhóirí agus an pobal a chur ar an eolas ag cruinniú scairshealbhóirí agus a dtuairimí a chur san áireamh trí thromlach vótála sula gcinntear tacú le togra/í tuirbín/í gaoithe i gceantar an chomharchumainn’.
Gealladh ag an gcrunniú chomh maith go bhfeabhsófaí modhanna cumarsáide an chomharchumainn le daoine a chur ar an eolas faoi gnaithí an chomharchumainn agus go dtosófaí ag usáid ríomhphost agus téacsanna na mball a bhfuil cead tugtha acu dul i dteagbháil leo ar an gcaoi sin.
Glacadh le rún chomh maith go mbeadh sé mar pholasaí ag Comharchumann Sailearna ainmneacha na mball atá ar an gCoiste Stiúrtha agus ar fho-choistí an chomharchumainn a fhoilsiú ar suíomh idirlín an chomharchumainn.
Ag deireadh an chruinniú ghlac an Cathaoirleach buíochas leis na daoine a bhí i láthair, beagnach 30 scairshealbhóir, agus d’fhógair sé go raibh sé socraithe ag an gComharchumann árasán atá i seilbh an Chomharchumainn a chur ar fáil do chlann ón Úcráin atá ag teitheadh ón gcogadh.
‘Le Cion ar Joe’
Máirtín Jamsie Ó Flaithearta ag déanamh comhghairdeas leis an léiritheoir Mike P. Ó Conaola, tar éis do Aisteoirí An Spidéil an seó ardán ‘Le Cion ar Joe’ a chur i láthair lán an tí, i Seanscoil Sailearna ar an Aoine seo caite.
Chomh maith le bheith ina léiritheoir bhí Mike P. i ról an tsagairt san agallamh beirte ‘Faoistin’ agus ba é Máirtín Jamsie a chuir dhá mhír ón sobaldhráma ‘Baile an Droichid’ i láthair ar an oíche.
Sa bpictiúr chomh maith, ó chlé, tá Seán Ó Gráinne, Éabha Ní Chonghaile agus Sadhbh Riggott, triúr a bhí páirteach sa seó chomh maith.
Bhi Seanscoil Sailearna lán dhá oíche i ndiaidh a chéile an tseachtain seo caite don seó árdán ‘Le Cion ar Joe’, léirithe ag Mike P. Ó Conaola agus curtha ar an árdán ag Aisteoirí an Spidéil. Bhí idir agallamh beirte, míreanna as na drámaí le Joe ‘Ní Maith Liom do Thrioblóid’ agus ‘An Diabhal Déanta’ , míreanna físe, sliocht ón sobalsraith raidió ‘Baile an Droichid’ agus amhrán a chum Joe Steve ar an gclár ilghnéitheach, a léirigh chomh ildánach is a bhí Joe Steve Ó Neachtain.
Seo a leanas na daoine a chuir an seó le chéile in omós do Joe Steve: Mike P. Ó Conaola (léiritheoir), Peadar Ó Treasaigh, Bairbre Ní Churraoin, Seán Ó Gráinne, Caitríona Ní Dhomhnaill, Sinéad Ní Fhlaithearta, Mairéad Ní Fhlaithearta, Maidhc Ó Feinneadha, Séamas Ó Scanláin, Máirtín Jamsie Ó Flaithearta, Máire Ní Neachtain, Bríd Ní Chonghaile (Bainisteoir Stáitse), John Keane (Soilse & Fuaim), Enda Boner (Físeán), Micheál Ó Lochlainn (Clár) agus Steve Sweeney (Ceol).
Is mar chuid de Fhéile Chois Fharraige, a bhí eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige agus ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, a cuireadh an seó ‘Le Cion ar Joe’ ar stáitse. Fuair Féile Chois Fharraige urraíocht ó Ealaín na Gaeltachta, ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus ó Fhoras na Gaeilge.
Aitheantas do ‘INDREABHÁN’
Tá aighneacht curtha ag Comharchumann Chois Fharraige chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe ag iarraidh leasú a dhéanamh ar Dhréachtphlean Chontae na Gaillimhe 2022-28, agus aitheantas a thabhairt do INDREABHÁN mar lonnaíocht.
Fáiltíonn an aighneacht roimh an aitheantas atá bronnta ar An Tulach/Baile na hAbhann agus ar Ros a’ Mhíl mar lonnaíocht tuaithe de ghrád 7(a). Deireann an aighneacht go raibh 1,440 ina gcónaí sa gceantar idir Abhainn an Chnoic agus Abhainn Chruimlinne, ach nach bhfuil aon aitheantas ag an gceantar, cé go bhfuil go leor de na seirbhísí sa gceantar ar ceart a bheith riachtanach le aitheantas a fháil mar ceantar lonnaíochta: Stáisiún Gharda; Comhar Creidmheasa; Amharclann/Pictiúrlann; Scoil Bhunoideachais; Scoil Iar-bhunoideachais; Coláiste Lurgan; Ollmhargadh; dhá eastáit tionsclaíochta; Comharchumann Forbartha; trí theach tábhairne; séipéal; teach tórraimh; reilig agus go leor miontionscail.
Beidh an Cumann Forbartha ag iarraidh ar na Comhairleoirí Contae do cheantar Chonamara tacú leis an moladh agus liosta na lonnaíochtaí a leasú nuair a thagann an Dréachtphlean os a gcomhair arís.
Dúirt urlabhraí ón gCumann Forbartha go mbeadh ceantar Indreabháin fágtha ar chúl ó thaobh forbartha dhó, mura dtugtar ar a laghad an stádas céanna don cheantar faoin bPlean Forbartha nua is atá ag Ros a’ Mhíl agus An Tulach/Baile na hAbhann.
Seisiúin i Stiúideo Cuan
Stiúidió Cuan, An Spidéal
Cuireadh tús an tseachtain seo le seisiún rialta gach Céadaoin i Stiúideo Cuan agus leanfaidh na seisiúin ar aghaidh go deireadh Bealtaine.
Dráma Nua le Fíbín
‘Baile Beag Mór’ an teideal ar an dráma nua atá á chur ar stáitse don chéad uair riamh ag FÍBÍN i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Philip Doherty a scríobh an dráma agus sé atá ina stiúrthóir chomh maith.
Is dráma é ina bhfuil scéalta fite fuaite ina chéile, ina ndéantar scéalta pearsanta, polaitiúla agus spioradálta a chíoradh le linn tréimhse ina raibh an stát nua á bhunú céad bliain ó shin.
Beidh an dráma ar an stáitse sa Taibhdhearc gach oíche ag 8pm idir seo agus an Satharn, 2 Aibreán.
Glantachán an Earraigh
Beidh Glantachán an Earraigh á eagrú ag an bhFochoiste Timpeallachta de chuid Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Satharn agus ar an Domhnach 9/10 Aibreán. Ní raibh aon ghlantachán eagraithe ann le dhá bhliain anuas de bharr srianta Covid.
Beidh an glantachán ag díriú ar na bóithríní bailte agus ar Bhóthar Chois Fharraige.
Le páirt a ghlacadh sa glantachán, níl le déanamh ach teacht le chéile ag 10.00 ar maidin ag Seanscoil Sailearna. Beidh miotógaí agus málaí ar fáil ag an tSeanscoil.
Sa gcás nach féidir le duine a bheith ann ag 10.00 ar cheachtar den dá lá, ach atá ag iarraidh cúnamh a thabhairt, is féidir dul amach ag am a d’fheilfeadh an duine féin, ach a chur in iúl don Chumann Forbartha cén bóithrín atá déanta agus cén áit a bhfuil mála le piocadh suas. Is féidir an t-eolas a chur chuig an Cumann Forbartha ach ríomhphost a sheoladh chuig cumannforbartha@nullgmail.dom.
Club Scannán Sailearna
Radharc as an scannán AZOR a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 24 Márta, ag tosú ag 8.15pm.
Scannán ón Eilbhéis, AZOR, atá i Seanscoil Sailearna an tseachtain seo ar an Déardaoin, 24 Márta. Scannán polaitiúil atá ann le linn tréimhse sna 1980aí nuair a bhí an Airgintín faoi smacht ag deachtóireacht na nginearál airm. Téann baincéar ó Geneva na hEilbhéise go dtí an Airgintín le pairtnéar nua a aimsiú dá bhanc.
Ceithre scannán atá fágtha sa séasúr seo a bheas ag dul ar aghaidh go dtí an 14 Aibreán. Seo a leanas na scannáin atá fós le taispeáint:
24 Márta: AZOR (An Fhrainc/An Eilbhéis)
31 Márta: THERE IS NO EVIL (An Ghearmáin/ An Iaráin)
07 Aibreán: DRIVE MY CAR (An tSeapáin)
14 Aibreán: PETITE MAMAN (An Fhrainc)
Is féidir ticéad a cheannach don cheithre scannán atá fós le taispeáint ar €20, ach dul go WWW.CLUBSCANNAN.IE agus na treoracha a leanacht.
Darkness Into Light, An Cheathrú Rua
Is dea-scéal é go mbeidh Darkness Into Light á eagrú i mbliana sa gCeathrú Rua, tús mí Bhealtaine, ag an gcoiste áitiúil, le airgead a bhailiú don tseirbhís meabhairshláinte a chuireann Pieta House ar fáil do dhaoine in ísle brí.
Le dhá bhliain anuas, de bharr srianta Covid, níorbh fhéidir daoine a thabhairt le chéile leis an tsiúlóid/rith a dhéanamh. Ach beifear in ann daoine a bhailiú le chéile i mbliana le breacadh an lae sa gCeathrú Rua ar an Satharn, 7 Bealtaine.
Tá an clárú oscailte anois ar an suíomh WWW.DARKNESSINTOLIGHT.IE, agus tá ‘early bird’ le fáil faoi láthair.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Peil (Roinn 3): Micheál Breathnach 2 – 07, Headford 1 – 10.
- Peil: Col. Chroí Mhuire 2 – 06, St Cuan’s, Casleblakney 2 – 10.
- Iomáint (faoi 16): Cois Fharraige 1 – 06, Sylane 6 – 15.
- Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 2, Mervue Utd 1.
- Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha 8, Loughrea 4.
- Sacar (faoi 12): Mac Dara 3, Salthill Devon B 2.