Cartlann Nuachta: 23 Meán Fómhair 2015

23 Meán Fomhair 2015


Blitz Iomána

IMG_20150919_112043

Foireann iománaíochta Mícheál Breathnach faoi 10, a ghlac páirt Dé Satharn seo caite i Blitz Iomána a bhí eagraithe i gColáiste Mhuire i nGaillimh.

Ar chúl, ó chlé: Gearóid de Búrca, Cormac Ó Tuairisg, Ailill de Cléir, Ciarán Ó Diomsaigh, Caomhlú ó Fathaigh, Feidhlim Ó Conghaile, Luaghan Mac an Iomaire, Ailbhe Ní Neachtain, Oscar Scott, Paidí Ó Gríofa
Chun tosaigh: Luke mac Aodha, Eoin Ó Neachtain, Fionnán Ó Coisdealbha, Colm Ó Curraoin, Rian Ó Fátharta, Clíona Ní Mhárta, Síofra Ní Scanláin, Evan Ó Finneadha, Séaghan Ó Braonáin, Áodán Ó Coisdealbha.


Is Eolaí Mé

20150921_092507_resized

An tsraith nua teilifíse, Is Eolaí Mé, á thaifeadadh ar an gcéad lá i Seanscoil Sailearna, Indreabhán. Tá amharchlann na Seanscoile iompaithe isteach ina Saotharlann Eolaíochta na laethanta seo don tsraith clár atá á dhéanamh ag Meangadh Fíbín do TG4.


Ranganna Gaeilge

Tá ranganna Gaeilge tosaithe arís ag Comharchumann Shailearna Teo. Bíonn rang TEG ar siúl gach Máirt ón 3.15 – 4.15 i Seanscoil Sailearna. Gach eolas ach glaoch ar Bharbara nó Bernie ag 091 505766. Costas €2, Tae & Sólaistí

Chomh maith leis sin, tá Ciorcal Comhrá ar siúl san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, ar chúl Séipéal an Chnoic, gach Aoine ón 11.00 – 12.30. Tá an ciorcal seo feiliúnach do thosaitheoirí agus do dhaoine ar bheagán Gaeilge. Costas €2 an rang. Bíonn tae agus sólaistí ar fáil.

Gach eolas ag 091 593132/593017


An Club Scannán

Anocht (Déardaoin, 24 Meán Fómhair) a chuirfear tús le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna. Seo thíos liosta na scannán atá roghnaithe le taispeáint idir seo agus tús Mí na Nollag:

  • 24 Meán Fómhair: Marshland (An Spáinn)
  • 1 Deireadh Fómhair: Girlhood (An Fhrainc)
  • 8 Deireadh Fómhair : I mBéal na Stoirme (Éire)
  • 15 Deireadh Fómhair: Leviathan (An Rúis)
  • 22 Deireadh Fómhair: Difret (An Aetóip)
  • 29 Deireadh Fómhair: Wild Tales (An Airgintín)
  • 5 Samhain: Timbuktu (An Mharatáin)
  • 12 Samhain: Manuscripts Don’t Burn (An Iaráin)
  • 19 Samhain: Black Coal Thin Ice (An tSín)
  • 26 Samhain: Forgotten Kingdom (Lesótó)
  • 3 Nollaig: Force Majeure (An tSualainn)

Tugann ballraíocht sa gClub Scannán ar €30 cead isteach do na scannáin go léir, nó is féidir €8 a íoc ag an doras ar gach scannán. Tá eolas sa dá theanga le fáil faoi na scannáin ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.

Marshland_3_thumb

Radharc as an scannán Marshland, a bheas á thaispeáint anocht, Déardaoin 24 Meán Fómhair, i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15 i.n.


Iománaithe an Spidéil fós sa gComórtas

An Spidéal 0-14, Baile Átha an Rí 1-11

CLG AN SpidéilBhí cluiche an-tábhachtach ag foireann iománaithe An Spidéil Dé Domhnaigh seo caite sa gcomórtas Sóisear A an Chontae, cluiche nach bhféadfaidís a chailliúnt chun fanacht sa gcomórtas. Lá garbh gránna a bhí ann nuair a chuaigh na fóirne chun páirce sa gCarn Mór.

Sa gcéad leath bhí an ghaoth ag Baile Átha an Rí agus le comhimirt níos fearr tháinig na scóranna do bhuachaillí an Áichréidh. Fuair siad cúl díreach roimh leath ama le críochnú 8 gcúilín chun tosaigh ar bháireoirí Chois Fharraige: An Spideal 0 – 4; Baile Átha an Rí 1- 9.

Sa darna leath bhí cóir na gaoithe leis An Spideal. Bhí Éinne Ó hEochaidh thar barr mar lánchúlaí agus bhí a dheartháir Cillian an-chruinn leis na saor-phucanna. Chríochnaigh an cluiche le poc saor, a thóg Cillian thart ar 80 slat amach ar an taobhlíne a thug an comhscór don Spidéal agus a choinnigh sa gcomórtas iad. An pointe álainn a scóráil Pádraig Eoin Ó Curraoin, leath bealaigh tríd an dara leath, b’é an scór ba dheise a scóráileadh le linn an chluiche.


Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Seisiún Ceoil -Afraic, Liadán agus Beirt EileCuireadh tús sa Spidéal an Satharn seo caite le Seisiún Ceoil Traidisiúnta do Dhéagóirí sa Droighneán Donn agus bhí grúpa maith ceoltóirí ann. Beidh an seisiún seo ar bun gach Satharn sa Droighneán idir 7-8 trathnóna.

Bíonn seisiún ar bun chomh maith gach maidin Domhnaigh i Seanscoil Sailearna óna 12.30 go 1.30 do cheoltóirí níos óige, atá fós ag freastal ar an mbunscoil.


Mícheál Breathnach faoi 16 Buailte

Cumann Mícheál BreathnachBuaileadh peileadóirí óga Chumann Mícheál Breathnach i gcluiche ceannais an chontae faoi 16 (Roinn 2) ar an Satharn seo chaite, 19 Meán Fómhair, in Áth Chinn. Ar an lá bhí Réalta Thuama i bhfad níos fearr ná buachaillí Chois Fharraige. Thóg sé píosa ar na Breathnaigh socrú síos agus níor scóráil siad ach 2 chúilín ag imirt in aghaidh na gaoithe sa gcéad leath. Ní raibh cosantóirí na mBreathnach in ann tosaithe Thuama a cheannsú agus ag leath ama bhí 2 – 8 ag Tuam, gan ach 0 – 2 ag na Breathnaigh.

Thosaigh na Breathnaigh go maith sa darna leath agus d’éirigh le Cian Ó Conghaile, Éanna Ó Cualáin, Liam Mac Donncha agus Micheál de Búrca roinnt cúilíní a aimsiú, ach is cúl nó dhó a theastaigh chun an bhearna a laghdú. ssNíor tháinig aon chúl agus chríochnaigh an cluiche leis an scór Micheál Breathnach 0 -9, Réalta Thuama 3 – 14.

Rinne buachaillí Chois Fharraige go maith dul chomh fada le Cluiche Ceannais an Chontae agus tá go leor acu óg agus beidh siad faoi 16 arís an chéad bhliain eile.


Obair Tógála le Tosaí ag Scoil Sailearna

Is gearr go mbeidh tús á chur leis an dtógáil mhór atá le déanamh ag Scoil Sailearna. Ar an Déardaoin seo caite síníodh conradh le Gildoc Ltd. as Inis i gContae an Chláir. Ailtirí as Sligeach atá os cionn an togra.

Leis an bhforbairt nua, beidh 4 sheomra ranga breise dhá dtógáil agus leabharlann bhreá. Tógfar na seomraí seo chaon taobh den halla spóirt agus beidh pasáiste chaon taobh den halla freisin. Cuirfear dhá sheomra ar fáil do mhúinteoirí tacaíochta foghlama chomh maith le roinnt oifigí mar pháirt den fhorbairt.

Nuair a bheas an fhorbairt críochnaithe beidh carr-chlós breá ar chúl na scoile agus bóthar suas anuas chuige.

Is fada an scoil ag fanacht ar an bhforbairt riachtanach seo. Cuireadh an plean i dtoll a chéile don chéad uair sa mbliain 1999. Roimh dheireadh na míosa seo beidh tús curtha leis an obair.


Stiúideo Nua Damhsa sa gCeathrú Rua

Sorcha Ní ChéideTá stiúideo nua damhsa agus drámaíochta á chur ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Glíscoil na Gaeltachta agus iad ag glacadh le ainmneacha faoi láthair. Beidh an stiúideo nua seo lonnaithe in Ionad nua Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua, ar chúl na Leabharlainne. ‘Sí an t-aisteoir agus an damhsóir Sorcha Ní Chéide (ar chlé) a bheidh i mbun fhormhór na ranganna. Tosnóidh na ranganna ar an Luan, 28 Meán Fómhair. Tá bileoga eolais á scaipeadh ar scoileanna an cheantair faoi láthair. Tá an clár ama agus tuilleadh eolais faoi na ranganna le fáil go luath ar an suíomh seo.


Oíche Fóirithinte do Phádraic Mac Donncha

SBBAr an Aoine seo, 25 Meán Fómhair tá Tráth na gCeist Boird á reáchtáil ar mhaithe le Ciste Fóirithinte Phádraic Mac Donncha, mac le Noel Phait Mhóir, ón gCeathrú Rua, a bhain drochthimpist dhó roinnt míonna ó shin, a d’fhág go raibh sé dóite go dona. Tosnóidh an oíche ag 9.00in. agus sé Seán Bán Breathnach (ar dheis) a bheas ag cur na gceist. €20 atá ar an mbord de cheathrar.

De ghnáth bíonn an-spraoi ag baint le Tráth na gCeist Boird agus is ar mhaithe le cúis mhaith atá sé á reáchtáil.


Ranganna do Thuismitheoirí i gColáiste Cholmcille

Tá roinnt ranganna á eagrú ag Coláiste Cholmcille saor in aisce do thuismitheoirí. Bíonn rang Patchwork ann gach Déardaoin, 8 – 10.

Beidh ceardlann ar bun an Chéadaoin seo chugainn do thuismitheoirí faoi na Meáin Shóisialta, a bheas ag déileáil le Sábháilteacht ar an Idirlíon, Whats App, Snapchat, Location Settings.

Gach Déardaoin, ar feadh ceithre seachtaine, ag tosaí anocht, beidh ranganna Relaxation ar bun ó 7.30 go 8.15i.n. le Pádraig Ó Fátharta. Tá na ranganna seo saor in aisce do thuismitheoirí na scoile agus beidh €5 an rang á ghearradh ar gach duine eile.  Seo a leanas na sonraí uile.

Ranganna Tráthnóna do Dhaoine Fásta

i gColáiste Cholmcille

OBAIR PHAISTE (Patchwork)

Ceardlanna Patchwork ag atosú Déardaoin 17 Meán Fómhair, 8-10 pm.

Beidh ranganna Patchwork do Thosaitheoirí ag tosú an mhí seo chugainn!

(Beidh tuilleadh eolais fúthu ar fáil go luath)

DHÁ CHEARDLANN ar fáil do dhaoine fásta:

  • IPAD / FÓNANNAÍ CLISTE *

  • Scileanna MEÁIN SHÓISIALTA**

Dé Céadaoin 23 & 30 Meán Fómhair @ 7 tráthnóna – saor in aisce!

*Buntáistí, céard le déanamh leo, Seisiún Ceisteanna agus Freagraí

**Sábháilteacht ar an idirlíon: Cártaí Creidmheasa, “Location settings”, WhatsApp, Snapchat, Seisiún Ceisteanna & Freagraí …

RANGANNA SCÍTHE (RELAXATION)

I gColáiste Cholmcille

Gach DÉARDAOIN, ó 7.30 – 8.15 tráthnóna, ar feadh 4 seachtaine

Ag tosú Déardaoin, 24 Meán Fómhair

Ag foghlaim le SCÍTH A LIGEAN & teacht ar Shuaimhneas Intinne

Le Pádraig (Darby) Ó Fátharta

SAOR IN AISCE do thuismitheoirí scoláirí Choláiste Cholmcille!

(Gach duine eile = €5 an rang)

Chun tuilleadh eolais a fháil:

CLICEÁIL ar leathanach Facebook:

Clár Caidrimh Baile, Scoile & Pobail, Coláiste Cholmcille