Cartlann Nuachta: 23 Samhain 2016
Plean Teanga Chois Fharraige/Language Planning in Cois Fharraige
Plean Teanga 2016 ar fáil anois mar PDF le Léamh (cliceáil) agus le hÍoslódáil (cliceáil ar dheis).
Language Planning 2016 available here as a PDF to Read (click) or to Download (right click).
Tá an plean teanga do cheantar Chois Fharraige beagnach réidh. Beidh dréacht den phlean le cur os comhair an phobail ar an Luan seo chugainn, 28 Samhain, ag cruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna ag 8.00pm. Lár na bliana 2014 tháinig Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga le chéile chun plean teanga a réiteach don cheantar a shíneann cois chósta ó Na Forbacha go Ros a’Mhíl.
Aithnítear sa bplean gur láidre an teanga dá fhaide ó Chathair na Gaillimhe is atá an ceantar. Dá réir sin, ní mar a chéile na spriocanna teanga sna Forbacha agus i Ros a’ Mhíl, ná na spriocanna sa Spidéal ná ar an gCnoc.
Glactar leis sa bplean go bhfuil daoine sa bpobal atá ar bheagán Gaeilge agus moltar bealaí éagsúla le deiseanna a chur ar fáil do dhaoine a thagann isteach sa gceantar le go mbeidh sé níos éasca dóibh teacht isteach ar an nGaeilge agus í a úsáid ina gcuid teagmhálacha leis an bpobal, trí scoileanna, clubanna spóirt agus eile. Beidh córas aistriúcháin chomhuaineach ar fáil ag an gcruinniú ar an Luan dóibh siúd ar bheagán Gaeilge.
Plean seacht mbliana atá ann, a chosnóidh thart ar €250,000 in aghaidh na bliana le cur i bhfeidhm. Moltar sa bplean comhlacht nua as an bpíosa a bhunú le ballraíocht ó chuile réimse sóisialta, aois-ghrúpa agus ceantar tíreolaíochta.
Sa réamhrá deirtear go bhfuiltear ag súil go n-éireoidh leis an bplean teanga do cheantar Chois Fharraige, ach é a chur i bhfeidhm: ‘Seasamh roimh an tanúchán atá á dhéanamh ar an teanga le 50 bliain anuas, go dtabharfaidh sé cosaint don timpeallacht inar féidir an Ghaeilge a úsáid mar theanga phobail gan fuacht, gan faitíos agus go gcothóidh sé féinmhuinín sa nglúin óg mar chaiteoirí atá cumasach i dhá theanga: Béarla, mórtheanga náisiúnta agus idirnáisiúnta, agus Gaeilge, an teanga a bhí á labhairt ariamh ag pobal Chois Fharraige’.
Tá cóipeanna leictreonacha (PDF) den phlean teanga ar fáil le léamh nó le íoslódáil ach cliceail ar an bpictiúr thuas, nó tré teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig ptchoisfharraige@nullgmail.com. Tá cóipeanna priontáilte den phlean ar fáil in oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil, Leabharlann an Spidéil agus in oifig Chomharchumann Sailearna sa tSeanscoil.
Beidh leagan Béarla den phlean teanga ar fáil anseo go luath.
Colm Ó Cinnseala agus Mait Ó Brádaigh ón gcomhlacht Seirbhísí Pleanáil Teanga, a rinne Plean Teanga do cheantar Chois Fharraige a réiteach in éindí leis an bhFóram Pleanála Teanga. Beidh an dréachtphlean á chur os comhair an phobail ar an Luan seo chugainn, 28 Samhain, i Seanscoil Sailearna ag cruinniú poiblí a thosóidh ag 8.00pm.
Cúrsa Ríomhaireachta sa tSeanscoil
Cuid de na daoine atá ar an gcúrsa ríomhaireachta, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i Seanscoil Sailearna, le tacaíocht ón mBord Oideachais is Oiliúna, an GRETB.
Beidh an cúrsa ríomhaireachta ocht seachtaine, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, ag tíocht chun deiridh go gairid.
Fuair an Cumann Forbartha tacaíocht ó Scéim Oideachais Pobail atá ag an GRETB, le cúrsaí oideachais a eagrú do dhaoine fásta sa bpobal.
12 atá ag freastal ar an gcúrsa ríomhaireachta faoi láthair, cúrsa a bheas ag tíocht chun deiridh tús an chéad mí eile. Le linn an chúrsa bhí béim ar úsáid ríomhairí le dul ar an idirlíon, le ríomhphost a sheoladh, le doiciméidí a scríobh agus le skypeáil a dhéanamh. I nGaeilge a bhí an cúrsa agus é á theagasc ag Julianne Ní Chonchubhair, a bhíonn ag obair le Cló Iar-Chonnachta. Is sa seomra ríomhaireachta atá ag Comharchumann Sailearna i Seanscoil Sailearna atá an cúrsa á theagasc.
De bharr an éilimh tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha leanacht leis an obair oideachais sa ríomhaireachta le cur ar chumas níos mó daoine sa bpobal ríomhairí a usáid sa ngnáthshaol.
Scléip Gael Linn 2017 seolta sa Taibhdhearc!
Grúpaí Amhránaíochta Chomhairseartha le féintionlacan (Sóisear): ‘Grád A’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
Cuireadh tús spleodrach le Scléip 2017 i nGaillimh le déanaí, le scoth an cheoil, na hamhránaíochta, na haisteoireachta agus an rince! Is éard atá i Scléip ná comórtas tallainne spreagúil agus spraíúil atá dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Eagraithe ag Gael Linn, is ardán don óige é a chuireann béim ar na healaíona comhaimseartha, mar aon le cruthaitheacht agus cumadóireacht na rannpháirtithe. Bíonn deis ag daltaí ceol, amhránaíocht, cóireagrafaíocht agus sceitsí nuachumtha a chur ar stáitse os comhair lucht féachana agus moltóir proifisiúnta, in amharclanna ó cheann ceann na tíre.
Reáchtáladh réamhbhabhta réigiúnach an iarthair den chomórtas i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Máirt, 22 Samhain. Chuaigh scoláirí ó Choláiste an Eachréidh, Baile Átha an Rí, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, Coláiste Naomh Éinne, Inis Mór, Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin agus Gaelcholáiste Luimnigh ar ardán san amharclann stairiúil seo. Agus cuireadh fáilte ar leith roimh scoláirí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán agus ó Choláiste Muire, Tuar Mhic Éadaigh, a bhí ag glacadh páirte san ócáid don chéad uair!
Thréaslaigh na moltóirí, Mícheál Ó Ciaraidh agus Méabh Ní Thuathaláin, leis na ceoltóirí, amhránaithe, aisteoirí agus rinceoirí uilig a chur taispeántais ilchineálacha os comhair an tslua mhóir a bhí i láthair. Rachaidh na buaiteoirí seo a leanas ar aghaidh go dtí an craobhchomórtas ar an 2 Feabhra 2017, in amharclann Clasach, Baile Átha Cliath – comhghairdeas leo uilig!
Gradaim a thainig go Cois Fharraige: Ceol Aonair Comhaimseartha ( Sinsear ): Ruairc Ó Murchú, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, Co. na Gaillimhe; Grúpaí Amhránaíochta Chomhairseartha le féintionlacan ( Sóisear ): ‘Grád A’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal
Féile Chóilín Cliseam
An deireadh seachtaine seo a bheas Féile Chóilín Cliseam ar bun i dTír na nÓg, Indreabhán, ag tosaí anocht, 24 Samhain, le comórtas caitheamh saighid. Seo thíos na príomhimeachtaí a bheas ar bun idir seo agus an Domhnach.
-
Comórtas Caitheamh Saighid, Déardaoin, 24 Samhain ag 8pm.
-
Comórtas Púil, Aoine, 25 Samhain ag 8pm.
-
Comórtas Caitheamh Cruife, Domhnach, 27 Samhain ag 2pm
-
Comórtas Amhránaíochta ar an Sean-Nós, Domhnach, 27 Samhain ag 4pm
-
Comórtas Damhsa ar an Sean-Nós, Domhnach, 27 Samhain ag 8pm
Eagraítear an fhéile go bliantúil i gcuimhne ar Chóilín Cliseam, amhránaí ar an Sean-Nós, ón gCaisleán, Indreabhán.
Scannán sa tSeanscoil – THE ASSASSIN
Ar an Déardaoin, 24 Samhain, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, taispeánfar ASSASSIN, scannán nua ón tSín a bhain amach an gradam don léiritheoir ab fhearr ag Féile Scannán Cannes anuraidh. Tá ASSASSIN suite sa naoú haois sa tSín, mar a bhfuil deireadh ag tíocht le réimeas Tang. Is feallmharfóir an carachtar lárnach sa scéal agus iarrtar uirthi oifigigh chama an rialtais a mharú. Léiriú snasta maisiúil é seo le radhairc íontacha comhraic ann.
Tosóidh an scannán ag 8.15 i.n.
Scoil Éigse i gCamus
Tá oíche speisialta ar an Aoine seo chugainn 25 Samhain, i Seanscoil Chamais, Indreabhán, nuair a bheas drámaí, scéalta, ceol, agallaimh beirte agus amhráin á gcur i láthair Scoil Éigse na Samhna, eagraithe ag An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta. measc na ndaoine a bheas ag glacadh pairt sa Scoil Éigse, tá Máirín Mhic Lochlainn, Jacinta Ní Chonghaile, na hamhránaithe Pól agus Caitríona Ó Ceannabháin agus an damhsóir ó Leitir Mocú, Pádraig Ó hOibicín.
Tosóidh an oíche ag 8.00 i.n.
Club Óige Lurgan Ainmnithe do Dhá Ghradam
Baill de Club Lurgan a bhí páirteach sa gcampa samhraidh a eagraíodh an samhradh seo caite i bpáirt le Coláiste Lurgan, mí Meithimh seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Tom Ó Donghaile, Eoin Ó Feachair, Mike Mac Dubhghaill, Cian Ó Feachair, Róisín Ní Chonghaile, Síofra Ní Mhárta, Neasa Ní Chonghaile, Saolra Ní Ghabhann, Aoife Ní Choisdeabhla, Liadan Canny, Siobhán Ní Neachtain, Anna Ní Lochlainn.
Chun tosaigh, ó chlé: Aoife Nic Dhonnacha, Bróna Ní Cheallacháin, Ruairí Ó Curraoin, Aislinn Cox, Caoimhe Bolustram, Aisling Ní Chonghaile.
Tá Club Óige Lurgan ainmnithe do dhá ghradam pobail i mbliana ag Comhairle Chontae na Gaillimhe. Ainmníodh an Club Óige don Ghradam Óige agus Aoisbhá, agus don Gradam don Rannchuidiú is Fearr sa Ghaeilge (Gaeltacht).
Tá Coiste Comóradh Ros Muc 1916–2016 agus Oireachtas Chois Fharraige 2016 ainmnithe chomh maith sa nGradam don Rannchuidiú is Fearr sa nGaeilge (Gaeltacht) chomh maith le Coiste Oidhreachta Dhúiche Sheoigheach agus Forbairt Chonamara Láir Teo.
Fógrófar na buaiteoirí agus bronnfar na gradaim pobail ag ócáid a bheas ar bun ar an gCéadaoin seo chugainn, 30 Samhain, i mBéal Átha na Slua.
Fíbín le Bogadh Siar
Tigh Johnny Sheáin ar an Tulach, atá ceannaithe ag FÍBÍN. Tá cead pleanála á lorg ag an gcomhlacht drámaíochta, le oifigí, stiúideó teilifíse agus caifé a dhéanamh ann.
Tá Meangadh Fíbín Teo ag lorg cead chun úsáid a bhaint as an teach tábhairne Tigh Johnny Sheáin ar an Tulach. Tá siad chun stiúideonna teilifíse a dhéanamh de, spás oifigí agus caifé. Beidh an t-ionad nua taobh le lárionad craolacháin TG4.
Cheannaigh Fíbín an teach tábhairne agus roinnt talaimh timpeall air níos túisce i mbliana. Faoi láthair tá oifigí ag Fíbín ar chúl Seanscoil Sailearna. Samhlaítear go mbeidh an chomhlacht drámaíochta Gaeltachta, a bhfuil cáil bainte amach go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta de bharr caighdeán a chuid léirithe, ag bogadh siar go dtí an ionad nua, nuair a bheas sé réitithe.
SPLANC – Ag Clárú Anois
Fógraí
CLG An Spidéil: Beidh Cruinniú Cinn Bhliana CLG an Spidéil ar siúl an Satharn seo, 26 Samhain, i gColáiste Chonnacht. Cuirfear tús leis an gcruinniú ar bhuille 8.00pm agus iarrtar orthu siúd atá ag iarraidh freastal air a bheith i láthair roimhe sin.
Scannán: ASSASSIN, Déardaoin, 24 Samhain ag 8.15pm i Seanscoil Sailearna.
Oíche Chártaí: Scoil na Minna, gach oíche Céadaoine, ag tosaí ag 8.00pm.
Seisiún Ceoil na nDéagóirí: An Satharn ó 7 go 8pm, sa Droighneán Donn, an Spidéal.
Seoladh Leabhair: OIREACHT NA nOILEÁN, leabhar nua le Pádraig Ó Biadha: An Club Theach, Eanach Mheáin, ag 8pm ar an Aoine seo chugainn, 25 Samhain.
Coláiste Cholmcille
Thug Bernie Seoighe as Rosmuc cuairt ar Choláiste Cholmcille Dé hAoine, 18 Samhain, agus roinn sí a cuid smaointe le scoláirí ar scéalta an Phiarsaigh, i bhfoirm pictiúir a tharraing sí mar íomhánna ar scéalta cosúil le ‘Eoghainín na nÉan’ agus ‘Na Bóithre’. Thug na pictiúir léargas ar charachtair sna scéalta agus ar a laghad athrú atá tarlaithe i Rosmuc, cés moite de chuaillí leictreachais agus tuilleadh tithe, ón am a scríobh an Piarsach céad bliain ó shin.
Dé Máirt seo caite labhair Labhrás Ó Féinneadha le scoláirí sa gcéad agus sa dara bliain faoin Aontas Eorpach. Iarscoláire de chuid na scoile é Labhrás, atá ag obair san Aontas Eorpach anois. Mhínigh sé ar bhealach éasca cén chaoi a n-oibríonn an tAontas agus labhair sé freisin ar dheiseanna fostaíochta ann.
23 Samhain 2016