Cartlann Nuachta: 23 Samhain 2022

Éigse Joe Steve: Oíche na hOscailte

Oscailt Eigse Joe Steve

Tomás Rua Mac Con Iomaire ag labhairt dhó ag seoladh ‘Éigse Joe Steve’ i Seanscoil Sailearna ar an Aoine seo caite.

[Pic: Seán Ó Mainnín le cead CST]

D’éirigh thar barr le Éigse Joe Steve, a eagraíodh don chéad uair an deireadh seachtaine seo caite. Ar an Aoine sé Tomás Mac Con Iomaire a d’oscail an Éigse i Seanscoil Sailearna, nuair nach bhféadfadh an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, a bheith i láthair, de bharr cúraimí stáit.

Ina phíosa cainte thagair Tomás Mac Con Iomaire don bhaint a bhí ag Joe Steve Ó Neachtain le feachtas agóidíochta Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, feachtas a dúirt sé “a d’athruigh saol agus meoin na Gaeltachta as cuimse”. Dúirt sé gur iomaí suáilce a bhí ag Joe Steve, ach gur chreid sé go raibh suáilce na dearfachta go smior ann. “Duine fíor-dhearfach a bhí ann. Ní raibh cnámh diúltach ina cholainn. Agus sé an dearfacht agus an diongbháilteacht sin a chinntigh go raibh sé in ann éifeacht chomh mór sin a bheith aige ar shaol a linne, ar chruthú seirbhísí ina phobal dúchais: uisce reatha; forbairt portaigh; áiseanna spóirt; lena chuid oibre le Gaeltarra Éireann agus Údarás na Gaeltachta ag tógáil monarchana, ag cinntiú go mbeadh ceirdeanna ag pobal óg na Gaeltachta”.

Joe SteveDúirt sé gur roinn sé féin agus a bhean Máirín iad féin go flaithiúil, ar dtús le pobal Chonamara agus diaidh ar ndiaidh le pobal na tíre. Joe Steve an Fíodóir Focal, Joe Steve an gháire, Joe Steve a bhain gáire asainn, Joe Steve ar mba linne é, ar mba linn ar fad é. Mar chuid den oíche oscailte sheol Lochlainn Ó Tuairisg “Oiread Áiméan”, leabhar nua de scéalta barrúla, an cúigiú leabhar déag ó pheann Joe Steve.

Bhí neart imeachtaí ar bun le linn an deireadh seachtaine, ach is cinnte gurb é SEÓ BEO JOE an imeacht is mó a bheas caint air: ar an stáitse léiríodh cuid de shaothar Joe Steve, idir amhráin, filíocht, lúibíní, agallaimh beirte, sceitsí agus míreanna ó chuid de na drámaí a scríobh Joe. Bhí an oiread éilimh ar thicéad is gur cuireadh an Seó ar an ardán don tríú oíche, cé nach raibh i gceist ach dhá oíche leis i dtosach. Bhí os cionn 30 duine páirteach sa seó, idir aisteoirí, amhránaithe, agus na daoine ar chúl na stáitse agus é léirithe ag Josie Chóilí Óg Ó Cualáin, a bhí ina dhlúthchara le Joe.

Tá creidiúint mhór ag dul do Chomharchumann Sailearna agus don choiste beag a d’eagraigh Éigse Joe Steve: Peigí Uí Chéidigh (Bainisteoir CST); Pádraic Mac Diarmada (Cathaoirleach CST); Micheál Darby Ó Fátharta; Lochlainn Ó Tuairisg; Josie Chóilí Óg Ó Cualáin; Aisling Ní Neachtain; Caitlín Ní Chualáin agus Bridie Ní Churraoin.

Bridie Ní Churraoin ar son Coiste Eagraithe Éigse Joe Steve ag bronnadh bláthanna ar Mháirín Uí Neachtain, bean chéile Joe Steve Ó Neachtain, ar an Aoine seo caite i Seanscoil Sailearna ag oíche oscailte na hÉigse.

[Pic: Seán Ó Mainnín le cead CST]


Sladmhargadh na Nollag

An Spailpín Fánach i mBun Gnó

Beidh sladmhargadh ar siúl sa siopa, An Spailpín Fánach, i gCeardlann an Spidéil, an deireadh seachtaine seo, ón Aoine beag, 25 Samhain, go dtí Dé Domhnaigh, 27 Samhain.  Beidh go leor earraí éagsúla le glanadh amach ar leath-phraghas, agus lascaine 10% ar na héadaí go léir sa siopa.

Déanann na Spailpíní T-léinte agus geansaithe do dhaoine óga agus daoine níos fásta, agus tá réimse iontach de gheansaithe Nollag acu, chomh maith le rogha mór cártaí Nollag i nGaeilge.

Bíonn leabhra ar díol, i mBéarla is i nGaeilge, agus réimse leathan ceoil dlúthdhioscaí, le béim faoi leith ar cheoltóirí agus amhránaithe traidisiúnta.


Oíche Áilleachta i Siopa Standún

Beidh Oíche Áilleachta ar siúl ar an Déardaoin, 1 Nollaig, ag 7.00i.n. Tigh Standún. Beidh seó faisin ar an oíche, chomh maith le taispeántas gruaige agus smididh agus crannchur le duaiseanna iontacha le buachaint!

Ní gá ticéad a cheannach ach is féidir síntiús a thabhairt ag an doras – rachaidh an t-airgead go Breast Cancer Ireland.

Cuirfear soláistí ar fáil ar an oíche.


Ceardlann Fleisce Tigh Cualáin

Beidh Ceardlann Fleisce na Nollag á reáchtáil ag an bhFóram i gcomhpháirt le Tigh Mhistéil ar an gCéadaoin, 7 Nollaig, ag 7.00i.n. Tigh Chualáin. Beidh costas €20 ar an gceardlann, áit a mbeidh deis ag rannpháirtithe fleasc bláthanna a dhéanamh agus a thabhairt abhaile leo!

Is féidir ticéad a chur in áirithe ach teagmháil a dhéanamh le 083 010 6294 nó optchoisfharraige@nullgmail.com.


Happy Feet 2 sa tSeanscoil

Cinema Gaelach

Beidh An Cinema Gaelach ag taispeáint HAPPY FEET 2 i Seanscoil Sailearna ar an Domhnach seo chugainn, 27 Samhain, ag 3.30pm.

Leagan Gaeilge den scannán atá ann, eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta. Moltar clárú roimhré tré teagmháil a dhéanamh le meadhbh@nulltuismitheoiri.ie nó glaoch a chur ar 091 869571.


Club Leabhar Chois Fharraige

Seacht-dTír-Seacht-dTeanga•clúdach

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile, Tigh Mholly ar an gCéadaoin, 14 Nollaig, ag 9.00pm leis an leabhar ‘Seacht dTír, Seacht dTeanga’ le Diarmuid Johnson a phlé.

Is féidir cóip den leabhar a cheannach díreach ón bhfoilsitheoir ach dul ag an suíomh www.leabharbreac.com, nó is féidir cóip a cheannach ón Spailpín Fánach, atá lonnaithe i gCeardlann an Spidéil.


Gradaim Ghnó Ghlór na nGael

Pota_CAFÉ - Gradam 2022

Diarmuid Ó Mathúna leis an Gradam Gnó de chuid Ghlór na nGael, a bronnadh ar Pota Café le gairid, mar aitheantas ar an tseirbhís tré Ghaeilge atá ar fáil sa mbialann agus as an nGaeilge a bheith ina teanga oibre agus margaíochta sa ngnó.

An tseachtain seo caite bronnadh gradaim ar dhá chomhlacht atá i mbun gnó i gCois Fharraige mar aitheantas as úsáid na Gaeilge in obair na gcomhlachtaí, sa tseirbhís a chuirtear ar fáil don phobal, mar theanga margaíochta agus mar theanga oibre.

Cló Iar-Chonnacht, an comhlacht foilsitheoireachta atá lonnaithe sa Spidéal, agus Pota Café, an bhialann atá lonnaithe ar an Tulach, san áit a raibh an pub Tigh Johnny Sheáin fadó, an dá chomhlacht ar a bronnadh na gradaim.

Bronnadh boinn óir ar an dá chomhlacht as Cois Fharraige as ardchaighdeán a bhaint amach sa trí réimse Comharthaíocht, Margaíocht agus Seirbhís. Is scéim nua í Na Gradaim Ghnó, eagraithe i mbliana ag Glór na nGael, faoina bhronntar gradaim ar ghnóanna a úsáideann Gaeilge ina gcuid ghraithí.


Gaeilge ar an Teallach

Sheol Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga leabhrán nua le gairid, atá dírithe ar thuismitheoirí atá ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge agus níos mó Gaeilge a úsáid ag baile.

Díríonn an leabhrán ar théamaí agus gnéithe éagsúla de shaol laethúil an teaghlaigh. Cuirtear na téarmaí Gaeilge chomh maith leis an aistriúchán Béarla ar fáil sa leabhrán. Chomh maith leis sin, tugann an cód QR taobh istigh den leabhrán an foghlaimeoir chuig suíomh idirlín An Fhóraim, áit ar féidir éisteacht le taifeadadh fuaime d’ábhar an leabhráin.

Is féidir cóip den leabhrán a fháil ach teangbháil a dhéanamh le hOifig na Pleanála Teanga: 083 0106294, nó optchoisfharraige@nullgmail.com.


Taispeántas Cócaireachta Nollag

Taispeantas Cocaireachta Nollaig

Ar an Domhnach seo chugainn, 27 Samhain, beidh taispeántas cócaireachta Nollag ar bun ag an mbialann POTA CAFÉ ar an Tulach idir 2.00 agus 5.00pm. Taispeánfar cúpla cleas cliste agus cúpla oideas simplí a d’fheilfeadh do dhinnéar na Nollag agus don tréimhse i gcoitinne.

Tá urraíocht déanta ar an taispeántas ag an bhFóram Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige.

Le ticéad a fháil is féidir dul i dteagbháil leis an Oifig Pleanála Teanga: 083 0106294, nó optchoisfharraige@nullgmail.com.


Club Scannán

Club Scannán - BETWEEN TWO WORLDS

Radharc as an scannán ‘Between Two Worlds’ a bheas á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, an Déardaoin seo, 24 Samhain, ag tosú ag 8.15pm.

Ar an Déardaoin seo, 24 Samhain, taispeánfar scannán ón bhFrainc, BETWEEN TWO WORLDS, ag tosú ag 8.15pm. Baineann scéal an scannáin le údar leabhair a bhogann go tuaisceart na Fraince le taighde a dhéanamh ar daoine nach bhfuil aon chinnteacht oibre acu. Chuige sin tógann sí jab glantóireachta agus faigheann sí cairdiúil leis na mná eile a bhfuil obair den chineál céanna ar bun acu. Is féidir ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, agus na treoracha a leanacht. Nó is féidir íoc ag an doras chomh maith.


Léamh Mór na Gaillimhe

LeabharlannAnSpidéal

Leabharlann an Spidéil

Mar chuid de chlár bliantúil Léamh Mór na Gaillimhe, a eagraíonn Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe i mí na Samhna gach bliain, bhí ócáid ar bun ar an Máirt seo caite i Leabharlann an Spidéil. Tugadh camchuairt siar ar shaothar cuid de na scríbhneoirí is tábhachtaí ó Chois Fharraige le linn na hócáide: Máirtín Ó Cadhain agus Joe Steve Ó Neachtain ina measc.

Beidh an-ócáid ar bun an Déardaoin seo, 24 Samhain, i Leabharlann na Ceathrú Rua. Fáilte roimh an bpobal bualadh isteach. “Beidh muid ár dtumadh féin san timpeallacht álainn agus san oidhreacht luachmhar, ag caitheamh seal san áit ar cumadh na focla, ar casadh na hamhráin, na scéalta á n-aithris agus filíocht á cumadh,” a dúirt urlabhraí ó Leabharlanna Poiblí na Gaillimhe.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Foireann An Spidéil faoi 19 - 2022

Foireann peile An Spidéil faoi 19 ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Bhearna i gCluiche Ceannais B an Iarthair, ar Pháirc an Chnoic, ar an Satharn seo caite leis an scór 0 – 07 in aghaidh 0 – 06.

Ar chúl, ó chlé: Dylan Ó Murchú, Peadar Ó Féinné, Diarmuid Ó Duinn, Cormac Ó Murchú, Oisín Ó Muiris, Ruán Ó hIarnáin, Eoin (Máirtín) Ó Conghaile, Liam Ó Fátharta, Pádraig (Patsy) Ó Conghaile (Capt), Fionn Ó Conchubhair, Jack Ó Domhnaill.

Chun tosaigh, ó chlé: Oisín Ó Céidigh, Pearse Ó Muiris, Ross Ó Dioráin, Andy Ó Féinné, Liam (Máirtín) Ó Conghaile, Eoin (Caher) Ó Conghaile, Lorcán Ó Curraoin, Cormac Ashe, Cillian Ó Laoi, Leo Castegna.

[Pic: Oisín Ó Conghaile]

• Peil (faoi 19B): An Spidéal 0 – 07, Bearna 0 – 06.

• Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 5, Cregmore/Claregalway 1.

• Sacar (Roinn I): Mac Dara 3, Athenry B 1.

• Sacar (Roinn II): Bearna/Na Forbacha 7, Moyne Villa B 0.

• Sacar (f17 Cailíní): Bearna/Na Forbacha 0, Salthill Devon 5.

• Sacar (f17): Mac Dara 3, Cregmore/Claregalway 2.

• Sacar (f15 Cailíní): Bearna/Na Forbacha 5, Knocknacarra 0.

• Sacar (f15 Cailíní): Bearna/Na Forbacha B 3, Craughwell Utd. 0.

• Sacar (f15): Bearna/Na Forbacha 3, St. Johns 5.

• Sacar (f15): Mac Dara 5, Athenry B 0.

• Sacar (f15): Bearna/Na Forbacha 4, Salthill Devon C 1.

• Sacar (f14): Mac Dara 5, Bearna/Na Forbacha 1.

• Sacar (f13): Mac Dara 0, Athenry B 2.

Pádraig Ó Conghaile 2022

Ar dheis Pádraig Ó Conghaile, captaen ar fhoireann bhuacach CLG An Spidéil, leis an gcorn a bronnadh air nuair a bhuail a fhoireann Bearna sa gcluiche ceannais de chomórtas peile faoi 19B, ar Pháirc an Chnoic le gairid. Ar chlé tá Liam Ó Conghaile.


23 Samhain 2022