Cartlann Nuachta: 24 Bealtaine 2017
PLÉASC
Leacht Cuimhneacháin an Mine agus obair athchóirithe déanta air le gairid. Beidh an bróisiúr faoin gComóradh 100 Bliain ar fáil le léamh agus le íoslódáil mar PDF anseo go luath .
Ag cruinniú de Choiste Cuimhneachán an ‘Mine’ ar an Máirt seo caite, socraíodh an clár don deireadh seachtaine i gcuimhne an naonúr fear a maraíodh nuair a phléasc an mianach mara a tarraingíodh isteach ar an Trá Shalach ar an 15 Meitheamh 1917. Seo a leanas an leagan amach a bheas ar an deireadh seachtaine:
Déardaoin, 15 Meitheamh, 7.00pm: Aifreann Cuimhneacháin ar an gcladach sa Lochán Beag.
Dé hAoine, 16 Meitheamh, 8.00pm: PLÉASC – dráma faoin aer á léiriú ag FÍBÍN ar an Trá Mhóir, An Choill Rua.
Dé Sathairn, 17 Meitheamh, 2.30pm: Seoladh an leabhair – ‘Mine’ an Locháin Bhig sa bPoitín Stil, Indreabhán.
Dé Sathairn, 17 Meitheamh, 8.30pm: Ceolchoirm mhór an Chuimhneacháin i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Dé Domhnaigh, 18 Meitheamh, 12.00pm: Leacht Chuimhneacháin nuadhéanta á nochtadh i Reilig an Bhóthair Mhóir, Gaillimh.
Léiriú faoin aer a bheas sa dráma PLÉASC, ina mbeidh páirt ag Aisteoirí an Spidéil, Aisteoirí Chois Fharraige, Cumann Drámaíochta an Chara Bhig agus Cór Chois Fharraige, chomh maith le aisteoirí óga ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, agus Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal. Sé Eoin Mac Diarmada, ar maraíodh a shinsheanathair sa tubaist, a scríobh an dráma.
Beidh an dráma saor in aisce, ach ní mhór ticéid a chur in áirithe mar tá teorainn leis an méid daoine ar féidir a cheadú ó thaobh sábháilteachta agus rialacha árachais. Más mian le daoine síntiúis a thabhairt, beidh buicéid ar an láthair. Is féidir ticéad a chur in áirithe trí ríomhphost a chur ag an seoladh speisialta pleasc2017@nullgmail.com nó glaoch a chur ar oifig Fíbín ag (091) 505855.
Beidh eolas níos iomláine faoi chlár an deireadh seachtaine le fáil ar an suíomh seo go luath agus ar bhróiséaraí a bheas á scaipeadh an deireadh seachtaine seo ar shiopaí agus oifigí poiblí éagsúla sa gceantar.
Foireann Camógaíochta Chois Fharraige faoi 8
Foireann Camógaíochta Chois Fharraige faoi 8 a ghlac páirt i mBlitz sa tSraith Go-Games ar Pháirc an Chnoic ar an Domhnach seo caite. Rinne Óstán na Páirce sa Spidéal urraíocht ar gheansaithe nua dóibh agus bhí Jane Marie Ní Fhoighil i láthair chun na geansaithe a bhronnadh. Ghlac fóirne ó Bhóthar na Trá, An Turlach Mór agus An Carn Mhór páirt sa mBlitz.
Ar chúl, ó chlé: Luisne Ní Neachtain (traenálaí), Jane Marie Ní Fhoighil (Óstán na Páirce).
Sa lár, ó chlé: Aoibhe Ní Ghriofa, Amy Cannon Doran, Éabha Mae Riggott, Saoirse Ní Chualáin, Alannah Seoige, Róise Ní Scanláin, Siobhán Ní Mhaoileoin (traenálaí).
Chun tosaigh, ó chlé: Ciara Ní Phiotáin, Dearbhail Nic Dhonnacha, Ainnir Ní Choisdealbha, Niamh De Bhailís, Niamh Ní Ghionnáin, Iseult Ní Chualáin.
Cois Fharraige i gCraobh Connachta sa Sacar
An Domhnach beag seo (28 Bealtaine) a bheas foireann sacair Chois Fharraige ag dul chun páirce in aghaidh foireann East United ó Chathair na Gaillimhe, i gcluiche ceannais Chonnachta sa sciath. Tosóidh an cluiche ag meánlae ar an Domhnach i bPáirc Éamonn Deacy.
Chun tacú leis an bhfoireann beidh Tráth na gCeist Boird ar bun i dTigh Chualáin, Coill Rua, amárach (Aoine, 26 Bealtaine) ag tosú ag 8.00pm.
Ba dheas dá mbeadh lucht tacaíochta láidir ó Chois Fharraige i bPáirc Éamonn Deacy, le tacú leis an bhfoireann aitiúil sa gcluiche ceannais, an chéad uair ariamh dóibh dul chomh fada seo sa gcomórtas.
Seo a leanas an fhoireann: Eoin Ó Coisdealbha, Dara Mac Dubhghaill, Cuán Mac Dughghaill, Tommy Conneely, Declan Ó Cualáin, Ciarán Seoighe, Martin Curran, Cathal Ó Conghaile, Dónal Kelly, Leon Mac Lochlainn (Captaen), Chris Beatty, Mikey Ó Conaire, Lúc Ó Riada, Cóil Ó Coisdealbha, Eoin Ó Céidigh, Liam Mac Donnacha, Gerry Curran.
Traenálaithe: Aodán Ó Maoileoin, Niall Mac Diarmada agus John Dunworth.
Seó Tallaine sa Taibhdhearc
Roinnt de na daltaí a ghlac páirt i Seó Tallaine Choláiste Chroí Mhuire 2017 i dTaibhdhearc na Gaillimhe an tseachtain seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Luke Mac Aodhagáin (iarscoláire), Luca Casburn Trahan, Camille Casburn Trahan, Kaylee Bhreathnach, Seán Ó Gallchobhair, Clodagh Nic Aodh.
Chun tosaigh, ó chlé: Katie Ní Mhaolarcach, Róisín Ní Chaoimh, Róisín Ní Cheallacháin, Fáinche Robertson.
Aonach Tailteann
Beidh AONACH TAILTEANN ag reáchtál babhta cáilithe Chonamara ar Pháirc an Chnoic (Páirc Chumann Micheál Breathnach) ar an Satharn, 5 Lúnasa. Beidh cúnamh ag teastáil ó dhaoine fásta leis na rásaí a eagrú. Ba bhreá leis an lucht eagraithe scéal a fháil ó aon duine a bheadh ar fáil ar an lá le cúnamh a thabhairt. Níl le déanamh ach spéis a léiriú trí ríomhphost a sheoladh ag eolas@nulltailteann.ie.
Tá foirmeacha iarratais ar fáil do na comórtais éagsúla le íoslódáil ón suíomh www.tailteann.ie.
Club na bhFoghlaimeoirí
Tá seisiún nua do thosaitheoirí tosaithe ag Club Gaeilge an Spidéil. Thosaigh sé Dé Luain seo caite. Beidh sé ar bun gach Luan as seo amach ar feadh an tsamhraidh ag 7.30 pm, thuas staighre Tigh Giblin sa Spidéal. Gearóid Ó Fátharta an múinteoir. Beidh an seisiún seo dírithe ar ghlantosaitheoirí agus ar dhaoine nach bhfuil mórán Gaeilge acu.
Bíonn dhá sheisiún eile ann freisin ag Club Gaeilge an Spidéil do dhaoine atá in ann comhrá simplí Gaeilge a dhéanamh – sa gCrúiscín Lán ag 11.00 am ar an Máirt (dhá uair an chloig) agus thuas staighre Tigh Giblin ag 7.00 pm ar an Aoine (uair an chloig).
Mar is iondúil le imeachtaí an Chlub, bíonn na seisiúin foghlama saor in aisce, ach fáilteofar roimh shíntiúis sa mbuicéad.
Cúrsa sa Saibhreas Teanga
Tá sé fograithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go mbeidh cúrsa seachtaine á chur ar fáil in Áras Uí Chadhain, An Cheathrú Rua, ag tosú ar an Luan, 26 Meitheamh. Beidh an cúrsa dírithe ar shaibhreas agus ar shaíocht na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara, le béim ar nádúr na Gaeilge – stór focal, nathanna cainte dúchasacha, tráthúlacht agus deisbhéalaíocht, scileanna aistriúcháin agus cruinneas teanga.
D’fheilfeadh an cúrsa do dhaoine ar ardchaighdeán Gaeilge, ach a airíonn go bhfuil na nathanna cainte ligthe i ndearmad acu, nó go bhfuil an iomarca Béarlachais trína gcuid cainte agus a theastódh cruinneas uathu ina gcuid oibre. €260 atá ar an gcúrsa agus tá tuilleadh eolais le fáil ón suíomh www.acadamh.ie nó trí ríomhphost a sheoladh ag cursaigaeilge@nulloegaillimh.ie nó glaoch a chur ar 091-595101.
Taispeántas Ealaíona i Ros Muc
Osclaíodh taispeántas ealaíona fíorspéisiúl in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc, ar an Satharn seo caite.
Tá an taispeántas curtha le chéile ag Nuala Ní Fhlathúin (ar chlé), ealaíontóir as Leitir Móir a bhfuil cónaí uirthi sa Spidéal.
Saothar grianghrafadóireachta agus dealbhadóireachta measctha atá ann, a d’eascair as comhráití a rinne Nuala lena bhfuil fágtha de phobal na Gaeilge i mBaile Átha Ghartha, Oirthuaisceart na Gaillimhe.
Beidh an taispeántas ar bun go dtí an Aoine, 9 Meitheamh.
Trá na bhForbacha
Is cosúil go mbeidh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe comharthaíocht a chur in airde ag comhairliú do dhaoine gan a bheith ag snámh sa bhfarraige ag Trá na bhForbacha, mar nach bhfuil an t-uisce ag an mbunchaighdeán a theastaíonn le go mbeadh sé sábháilte dul ag snámh. Buile eile é seo do Chois Fharraige tar éis frídín contúirteach a bheith aimsithe sa dá thrá sa Spidéal.
Séarachas ag dul sa bhfarraige is cúis leis seo. I gcás Trá na bhForbacha is cosúil go bhfuil dhá cheadúnas eisithe le séarachas a scaoileadh amach taobh leis an trá agus ansin tá an fuíoll uisce ó dhabhachaí séarachais ag truailliú na habhann chomh maith.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Iomáint (Idirmheánach): An Spidéal 3 – 05, Anach Chuain 1– 14.
Iomáint (Sóisear A): Ml. Breathnach 3 – 11, St Thomas 2 – 12.
Iomáint (Sóisear A): Bearna/Na Forbacha 2 – 08, Saighleán 4 – 17.
Iomáint (Soisear C): An Spidéal 3 – 05, Baile an Doirín 0 – 13.
Peil (faoi 14, Roinn 2): An Spidéal 5 – 14, Naomh Anna, Leitir Móir 4 – 04.
24 Bealtaine 2017