Cartlann Nuachta: 24 Feabhra 2016
24 Feabhra 2016
Gearáin leis na Páirtithe Polaitíochta
Tá litir ghearáin curtha ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ag ceannairí Fianna Fáil, Fine Gael, Sinn Féin, Na Sóisialaigh Daonlathaigh agus an Comhaontas Glas, faoin Litir um Toghchán a dáileadh tríd an post ar vótóirí sa nGaeltacht an tseachtain seo caite. Deireann an Cumann Forbartha sa litir gur i mBéarla amháin a bhí na bileogaí a scaipeadh ar son cuid de na páirtithe agus gur beag Gaeilge a bhí ar an gceann a scaipeadh ar son iarrthóir Shinn Féin.
D’admhaigh Éamonn Ó Cuív an tseachtain seo caite ar RnaG go raibh sé spréachta faoi agus go ndearna sé féin gearán leis an Ardoifig i mBleá Cliath.
Dúradh sna litreacha a seoladh ag na ceannairí gur deacair ‘aon mhuinín a chur sa bpolasaí Gaeilge agus Gaeltachta’ atá ag a gcuid páirtithe nuair nárbh fhiú Litir um Thoghchán dhátheangach a réiteach do Dháilcheantar le ceantar mór Gaeltachta.
Níor cuireadh litir ghearáin ag ceannaire Páirtí an Lucht Oibre mar is Litir Um Thoghchán dhátheangach a scaipeadh ar son an iarrthóra Derek Nolan ar thithe sa Ghaeltacht.
Scaiptear Litir um Thoghchán saor in aisce do na hiarrthóirí ar gach vótóir ar chlár na vótóirí.

Séamas Sheridan, ón gComhaontas Glas, ag caint ag cruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna le gairid, ag a raibh seachtar de na hiarrthóirí ag seasamh i nGaillimh Thiar i láthair. [Pic: Seán Ó Mainnín]

An Comhairleoir Catherine Connolly (Neamhspléach) ag labhairt ag cruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna le gairid, ag a raibh seachtar de na hiarrthóirí ag seasamh i nGaillimh Thiar i láthair. [Pic: Seán Ó Mainnín]

An Teachta Seán Kyne (Fine Gael) ag freagairt ceiste le linn cruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna le gairid, ag a raibh seachtar de na hiarrthóirí ag seasamh i nGaillimh Thiar i láthair. [Pic: Seán Ó Mainnín]
Éigse an Spidéil
Dé Céadaoin seo chugainn, 2 Márta, cuirfear tús le Éigse an Spidéil 2016 le taispeantas ealaíne leis an ealaíontóir Breandán Ó Súilleabháin sa mBuilín Blasta, Ceardlann an Spidéil, ag 8.00 i.n.
Ar an Déardaoin osclófar an fhéile go foirmiúil le Ardán na hÉigse, Tigh Ghiblin ag 8.00 i.n., áit a mbeidh an file Louis de Paor agus roinnt aíonna eile faoi lán tseoil.
Beidh níos mó eolais faoin gclár le fáil ar go luath.
Scannán ón Ísiltír sa tSeanscoil
Scéal feirmeora darb ainm Hank, atá ag maireachtáil in aontíos lena athair atá sa scannán seo, a bheas ar bun anocht sa tSeanscoil, Indreabhán. Caitheann Hank na laethanta ag fosaíocht na mba agus ag tabhairt aire don seanduine, a bhfuil an tsláinte ag teip air. Cleachtann Hank saol uaigneach agus is de réir a chéile a ligeann an scannán na rúin faoina shaol pearsanta. Níl ach rud amháin ann a shaorfadh ón daoirse é: bás a athar.
Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 25 Feabhra, ag tosaí ag 8.15 i.n. Tá níos mó eolais faoin scannán, maraon le blaiseadh beag dhó, ar fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Comórtas Scoraíochta Idirbhailte Curtha Siar
Tá sé socraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige an Comórtas Scoraíochta Idirbhailte a chur siar go dtí an Fómhair. D’éirigh thar cionn leis an gcomórtas anuraidh. Mar gheall ar chomh luath is atá an Cháisc i mbliana agus mar gheall ar thionscnaimh eile atá ar bun ag grúpaí sa bpobal, ní bheadh an deis cheart ag na bailte seó a chur le chéile in am.
Ceaptar anois go mbeidh an Comórtas ar bun amach mí Dheireadh Fómhair nó mí na Samhna.
Teideal Gaeilge don Diary of a Wimpy Kid
Beidh Futa Fata, an teach foilsitheoireachta atá lonnaithe sa Spidéal, ag seoladh eagrán Gaeilge den tsraith mhórdhíola ‘Diary of a Wimpy Kid’ an chéad mhí eile.
Bhí comórtas ag an gcomhlacht le moltaí a fháil don teideal Gaeilge ar cheart a chur ar an tsraith. Tháinig go leor moltaí isteach, is cosúil, ina measc ‘Dialann an Phleibín’, ‘Dialann an Ghearrcaigh Mheataigh’, ‘Dialann Leaid Óg Gan Cnámh Droma’, agus ‘Dialann Óganaigh a Chaill a Mhojo’.
Tar éis na céadta moltaí a mheas, socraíodh ar theideal a bhí gonta, ceann nach raibh rófhoclach agus ceann a raibh rithim agus fuaim cheolmhar aige. Sa deireadh piocadh ‘Dialann Dúradáin’, a mhol Aisling Ní Fhlatharta ó Scoil Náisiúnta Thír an Fhia. I measc na mbríonna atá ag foclóir Uí Dhónaill don fhocal ‘dúradán’ tá ‘a puny, insignificant person.’
Fuair Aisling Ní Fhlatharta luach €500 de leabhair Futa Fata do leabharlann a scoile, Scoil Naisiúnta Thír an Fhia. Comhghairdeachas leatsa, a Aisling!
Seolfar an leabhar DIALANN DÚRADÁIN ar Lá Domhanda na Leabhar, 3 Márta, i mBaile Átha Cliath. Sí Máirín Ní Mhárta a d’aistrigh an leabhar.
Léacht Staire Anocht i gColáiste Chonnacht
Beidh an chéad ócáid eile ag Cumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige ar an Déardaoin seo, 25 Feabhra, nuair a thabharfaidh an tOllamh Nollaig Mac Congháil léacht i gColáiste Chonnacht faoi ‘Choláiste Chonnacht an Spidéil – An Dlaíóg Mullaigh ar Athbheochan na Gaeilge i nGaillimh’. Dar le Foclóir Uí Dhónaill is ionann ‘an dlaíóg mullaigh’ agus ‘ball críoch’ a chur ar rud.
Is fada Nollaig Mac Congháil ag déanamh taighde ar thréimhse na hAthbheochana i gConnacht, tús na haoise seo caite, tréimhse inar bunaíodh Coláiste Chonnacht. I 1910 a bunaíodh Coláiste Chonnacht ar an Spidéal. Ar dhuine de na daoine a thug cuairt ar an gColáiste bhí an Piarsach agus scríobh sé an rann seo i Leabhar na gCuairteoirí: Ionmhain liom Cois Fharraige, ar a aoibhneas, ar a uaigneas.
Tosnóidh an léacht anocht ag 8.00 i.n.
Imreoirí na Bliana 2015

Ag ócáid a bhí ag Cumann Micheál Breathnach d’imreoirí óga na bliana 2015 i bPeil na mBan le gairid bhí (ó chlé): Pádraic Mac Giolla Bhríde, Bernadette Ní Fheinneadha, Síofra Ní Mhárta (imreoir na bliana faoi 14), Cian Mac Giolla Bhríde, Deirbhle Ní Mhárta (imreoir na bliana faoi 12), Peadar Óg Ó Gríofa, Rosie Ní Dhubhghaill (imreoir na bliana faoi 15), Majella Nic Dhonnacha (imreoir na bliana faoi 15), Katie Breathnach agus Gearóid Ó Fátharta.
An tseachtain seo caite bhí ócáid ag Cumann Micheál Breathnach i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, inar tugadh aitheantas d’imreoirí na bliana sna haoisghrúpaí éagsúla, an iománaíocht, an pheil agus peil na mban.
Iománaíocht:
-
Faoi 12: Conor Ó Eochagáin, An Caisleán.
-
Faoi 13: Tomás Ó Donnchadha, Na Minna.
-
Faoi 14: Cathal Ó Tuathail, An Cnoc.
-
Faoi 15: Antaine Ó Gallachóir, An Teach Mór.
-
Faoi 16: Liam Mac Donncha, Ros a’ Mhíl.
Peil:
-
Faoi 12: Maidhc Mac Gearailt, An Cnoc.
-
Faoi 13: Declan Ó Lochlainn, Cor a Rón.
-
Faoi 14: Oisín Ó Direáin, An Cnoc.
-
Faoi 15: Conall Ó Cuirrín, Na Minna.
-
Faoi 16: Micheál de Búrca, Na Minna.
Peil na mBan:
-
Faoi 12: Deirbhle Ní Mhárta, Na hAille.
-
Faoi 14: Síofra Ní Mhárta, Na hAille.
-
Faoi 15: Rosie Ní Dhubhghaill, An Caisleán.
-
Faoi 16: Majella Nic Dhonnacha, An Teach Mór.
-
Foireann na Gaillimhe faoi 16: Becky Ní Éallaithe, Na hAille.
Bronnadh ar gach imreoir faoi 8 agus faoi 10 bonn agus mála ‘goodies’. Mar a deirtear, mol an óige agus tiocfaidh sí . . .