Cartlann Nuachta: 24 Márta 2021
Coisín Chríost
‘Coisín Chríost’ atá le feiceáil i lár an phortaigh i gCor na Rón, Indreabhán, a raibh trácht air sa gclár ‘Beidh Aonach Amárach’ ar TG4, an tseachtain seo caite.
[Pic: Johanna Ní Mháille]
Féile Chois Fharraige
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige
Tá deontas ceadaithe ag Ealaín na Gaeltachta don eagraíocht pobail, Cumann Forbartha Chois Fharraige, le Féile Chois Fharraige, féile chultúrtha agus ealaíon a eagrú amach sa bhFómhar. Leagfar béim mhór ar ealaíon agus cultúr dúchais na Gaeltachta le linn na Féile.
Dúirt urlabhraí ón gCumann Forbartha go mbeidh drámaíocht, scannáin, seoltaí leabhar, ceolchoirmeacha, seisiúin, taispeántais ealaíne, ceardlanna agus seimineáir ar an gclár.
Tá sé i gceist ag an gCumann Forbartha cuireadh a thabhairt d’eagraíochtaí pobail i gCois Fharraige freagracht a ghlacadh as cuid de na himeachtaí a reáchtáil. Déanfaidh an Oifig Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige comhordú ar eagrú na féile.
Tá iarratas déanta ag an gCumann Forbartha chomh maith ar mhaoiniú a fháil leis an bhféile a reáchtáil ó Scéim na bhFéilte atá ag Foras na Gaeilge agus ó chiste atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe le féilte cultúrtha a eagrú.
Tá sé i gceist imeachtaí a reáchtáil le linn na féile i ngach pobal idir Na Forbacha go Ros a’ Mhíl. Beidh dátaí na féile ag brath ar an uair a mhaolófar ar na srianta sláinte, ach tá súil ag an gCumann Forbartha go mbeifear in ann tús a chur le Féile Chois Fharraige 2021 ar an 1 Deireadh Fómhair 2021.
Pádraig Ó hAoláin RIP
Pádraig Ó hAoláin, ag tráth a raibh sé ag obair mar bhainisteoir ar Chomharchumann Chois Fharraige thart ar dhá scór bliain ó shin.
Fuair Pádraig bás an tseachtain seo caite, tar éis tréimhse fada droch-shláinte.
D’imigh Pádraig Ó hAoláin ar shlí na fírinne ar an Satharn seo caite, 20 Márta. Ó tháinig Pádraig go Cois Fharraige i dtús na seachtóidí d’fhág sé a rian ar iliomad gné de shaol an cheantair. Ceannródaí cumasach, fear ildánach, machnamhach é a chaith a shaol ar son leas na Gaeilge agus na Gaeltachta. Roghnaigh an Tiobradach seo, as Cloch Shiúrdáin, saol Gaeltachta dó féin agus dá chlann, áit ar ghlac sé páirt i saol iomlán an phobail mar iománaí, mar amhránaí, mar aisteoir mar chomhairleoir agus mar chrann taca ag neart coistí deonacha.
Chaith sé ocht mbliana mar bhainisteoir ar Chomharchumann Chois Fharraige, tráth ar tháinig forbairtí móra ar thionscadail an Chomharchumainn, foilsitheoireacht agus coláistí samhraidh ina measc.
Cuireadh aithne ar fud na Gaeltachta air nuair a bhí sé ag obair d’Údarás na Gaeltachta mar bhainisteoir cumarsáide, mar Leas-Phríomhfheidhmeannach agus mar Phríomhfheidhmeannach níos faide anonn.
Cumarsáidí den scoth ab ea é agus chuir sé a fhís agus a thiomantas pearsanta don Ghaeltacht i láthair go láidir, paiseanta, neamhleithscéalach. Bhí cruthaitheacht agus fadbhreathnaitheacht Phádraig le sonrú go láidir ar an dúshraith a leagadh faoin earnáil físe i gCois Fharraige go háirithe.
Tugadh aitheantas poiblí don mheas a bhí ag pobal Chois Fharraige air ag ócáid le linn Oireachtas Chois Fharraige i 2016.
Sé Pádraig a chum ‘Cóilín Phádraig Shéamais,’ ceann de na hamhráin is ansa le daoine i gConamara agus rinne sé a chion féin le rogha seachas ‘an long anonn’ a bheith ag muintir na Gaeltachta.
Comhbhrón lena bhean Beití, lena gclann agus a ngarchlann.
Cuirfear Pádraig Ó hAoláin i Reilig na bhForbacha ar an Luan seo chugainn, tar éis Aifreann na sochraide ag 12, i Séipéal Réalt na Mara, na Forbacha. Is don chlann amháin atá Aifreann na sochraide, de bharr srianta Covid ach is féidir chomhbhrón a chur in iúl don chlann ar leathanach RIP.ie.
Feachtas in Aghaidh na dTuirbíní Gaoithe
Is cosúil go bhfuil dlús á chur i gCois Fharraige leis an bhfeachtas in aghaidh na muilte gaoithe. Ar RnaG i gcaitheamh na seachtaine dúirt an Comhairleoir Daithí Ó Cualáin go mba cheart cruinniú poiblí a thabhairt le chéile le ceist na muilte gaoithe a phlé, i bhfianaise an chaoi ar iarradh cead muileann gaoithe a thógáil ar an mBóthar Buí ar an gCnoc, beag beann ar thuairimí na ndaoine a bheadh ina gcónaí gar don tuirbín.
‘Chuir sé iontas orm fhéin,’ a dúirt an Comhairleoir Contae Dáithí Ó Cualáin ‘nach raibh an pobal curtha ar an eolas faoin tuirbín gaoithe atá i gceist a thógáil ar an mBóthar Buí in Indreabhán’.
‘Níor chóir scoilt a chruthú i bpobail mar gheall ar thuirbín gaoithe’, a dúirt an Comhairleoir Ó Cualáin ar Raidió na Gaeltachta, an tseachtain seo caite.
Cé gur tarraingíodh an t-iarratas pleanála siar, tá sé á thabhairt le tuiscint ag Natural Forces Renewables go bhfuil an comhlacht le dul ar aghaidh le iarratas pleanála, bíodh Comharchumann Sailearna páirteach nó ná bíodh.
Tá leathanach Facebook á bhunú ag an ngrúpa in aghaidh na muilte gaoithe faoi láthair, is cosúil.
Cumann Micheál Breathnach
Tá an clárú do Chumann Micheál Breathnach oscailte don séasúr 2021. Iarrtar ar dhaoine atá ag iarraidh dul chun páirce i mbliana clárú ar líne chomh luath agus is féidir trí dul ag an suíomh https://member.clubforce.
Tá sé an-tábhachtach go mbeadh ainmneacha, dátaí breithe agus uimhreacha gutháin díreach ceart, mar úsáidfear an t-eolas seo ar chóras an CLG. Caithfidh gach imreoir a bheith cláraithe sula dtabharfar cead traenála agus imeartha.
Tá míle fáilte roimh ghasúir a rugadh i 2015 (sé bliana d’aois i mbliana) agus roimhe sin, ach ní mhór tuismitheoir amháin ar a laghad a bheith cláraithe mar bhall den chumann, le gasúr a chlárú sa gclub.
Nuair a bheas na srianta Covid maolaithe beidh an traenáil ag tosaí ar ais do na foirne go léir, idir Iománaíocht, Peil na bhFear agus Peil na mBan.
An tseachtain seo bhí os cionn €11,000 sa bpota óir ag Lotó Chumann Micheál Breathnach.
Comórtas Reatha na Gaeltachta 2021
Tá an t-am sin den bhliain buailte linn arís, le greim a fháil ar na bróga reatha agus bóthar a bhualadh, ag rith nó ag siúl, i gComórtas Reatha na Gaeltachta 2021.
Le páirt a ghlacadh ní mhór a bheith sásta dul amach ag rith nó ag siúl faoi dhó sa tseachtain, agus ar a laghad 10km a dhéanamh san iomlán. Ní mhór a bheith os cionn 18 bliain d’aois le páirt a ghlacadh sa chomórtas seo. Le clárú le déanamh ach an fhoirm chláraithe a líonadh ag https://forms.gle/
Coláiste Lurgan: Spallaí á gCaitheamh
Coláiste Lurgan 2021
Níl mórán dóchais ann go dtiocfar ar réiteach idir Údarás na Gaeltachta agus bainistíocht Choláiste Lurgan faoin bhforbairt atá beartaithe a dhéanamh ar shuíomh an choláiste. Bhí daoine ag súil leis go mbeidh an t-iarratas pleanála le haghaidh ‘Ionad Oideachais agus Óige Chois Fharraige’ réitithe le cur faoi bhráid an Chomhairle Chontae faoi dheireadh na míosa seo. Tá an chuma ar an scéal nach mbeidh aon réiteach ar an aighneas idir bainistíocht Choláiste Lurgan agus Údarás na Gaeltachta agus go dtí go mbeidh, ní bheidh an t-iarratas pleanála á leagan isteach.
Dúirt Micheál Ó Foighil, Bainisteoir Choláiste Lurgan, ar Adhmhaidin (RnaG) an tseachtain seo caite, go bhfuil an bealach a bhfuil na hAirí Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta ag déileáil leis an bhforbairt ar Choláiste Lurgan ‘páistiúil, mí-ghairmiúil agus áiféiseach’.
Tá an-imní air anois go mbeidh sé 2024 sula mbíonn aon fhorbairt déanta.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh an chéad teacht le chéile eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 8 Aibreán, ag a 8.00 i.n. leis an úrscéal ficsean-eolaíochta ‘Tinte na Farraige Duibhe’ le Tim Armstrong a phlé. Is ar Zúm a bheas an teacht le chéile. Is leabhar é ‘Tinte na Farraige Duibhe’ a aistríodh ón nGáidhlig go Gaeilge ag Eoin P. Ó Murchú agus tá an leabhar ar fáil ó Leabhar Breac.
Ní gá ach ríomhphost a sheoladh chuig clubleabharcf@nullgmail.com agus seolfar nasc chugat ar an lá
Cúirt Filíochta
Cuireadh críoch leis an gcéad sraith de phlé ar ghearrscéalta Mháirtín Uí Chadhain, seachtain ón Domhnach seo caite.
D’éirigh thar cionn leis an deich seisiún ar líne seo a bhí ar bun ó aimsir an Fhómhair. Tá rún ag an mbuíon filleadh ar na gearrscéalta arís an Fómhar seo chugainn agus é i gceist deich ngearrscéal eile le húdar mór an Chnocáin Ghlais a chíoradh sa dara sraith.
Ní raibh fonn ar an gcomhluadar litríochta seo an bhuíon a scor fós agus tá fúthu coinneáil orthu ag casadh ar a chéile go ceann tamaillín eile! Leanfar leis an teacht le chéile gach re Domhnach mar sin agus is ábhar bunaithe ar fhilíocht agus nó ar amhráin a bheas faoi chaibidil as seo amach.
An t-amhrán cáiliúil Liam Ó Raghallaigh a bheas á phlé ar an Domhnach seo chugainn, 28 Márta, ag 7.30 i.n. Tá an-fháilte roimh rannpháirtithe nua.
Chun páirt a ghlacadh ann níl le déanamh ach clárú le optchoisfharraige@nullgmail.com agus seolfar nasc Zúm chugat.
Suíomh Nua ag an gComhar Creidmheasa
Comhar Creidmheasa Cholmcille ar an gCnoc
Tá suíomh nua idirlín ag Comhar Creidmheasa Cholmcille: www.cccolmcille.ie.
Is féidir leis na baill baincéireacht ar líne a dhéanamh anois, airgead a aistriú go leictreonach, billí a íoc agus an méid i do chuntas a sheiceáil.
Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha
Ba mhaith le Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha gcomhbhrón a dhéanadh le clann Phádraig Uí Aoláin, a cailleadh le gairid.
Bhí Pádraig ina thraenálaí leis an gClub sna blianta atá caite agus d’imir a mhac Feidhlim leis an gClub. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.
Tá ag éirí thar barr leis an mBingo ar líne, atá eagraithe ag Club Iomaíochta Bearna/Na Forbacha gach tráthnóna Dé Máirt ag 8.00pm.
Is féidir na leabhra bingo a cheannacht ar €10 an cheann, roimh mheán lae gach Máirt, ach an nasc cuí a fháil ón suíomh idirlín www. bearna-na forbacha hurling club/posts.