Cartlann Nuachta: 25 Deireadh Fómhair 2017

Plean Teanga ar an gCarraig?

Ag cruinniú a tionóladh ar an Luan seo caite, 23 Deireadh Fómhair, shocraigh Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga, an ceanneagraíocht a d’ullmhaigh plean teanga don cheantar Gaeltachta a shíneann cois cósta ó Na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl, nach bhféadfaí glacadh leis an tairiscint atá faighte ó Údarás na Gaeltachta, mar a sheasann sé “mar nach leor na hacmhainní atá á dtairiscint leis an plean a réitíodh agus ar glacadh leis , a fheidhmiú”.

Thosaigh Fóram Chois Fharraige ag obair ar phlean teanga a réiteach do cheantar Chois Fharraige beagnach trí bliana ó shin. Cuireadh an plean ar aghaidh chuig Údarás na Gaeltachta i lár mhí na Nollag 2016.

Tar éis roinnt leasaithe, ghlac Údarás na Gaeltachta leis an bplean agus seoladh é ar aghaidh chuig Roinn na Gaeltachta, ar an 16 Márta.

Faoin bplean teanga, a aontaíodh leis an Údarás, bheadh comhlacht nua le bunú leis an obair a chur i bhfeidhm, comhlacht ag a mbeadh triúr oifigeach fostaithe go lánaimseartha. Meastachán de €250,000 in aghaidh na bliana a bhí curtha mar chostas ar fheidhmiú an phlean seacht mbliana.

Ach ar an 21 Meán Fómhair, nuair a sheol an tAire Stáit Gaeltachta, Joe Mc Hugh, Plean Teanga Chois Fharraige ag ócáid i nGaoth Dobhair, tugadh le fios nach mbeadh ach €100,000 ceadaithe don chéad bhliain leis an bplean a fheidhmiú agus nach mbeadh cead ach duine amháin a fhostú. Bhí Plean Teanga Chois Fharraige críochnaithe agus tugtha do Roinn na Gaeltachta, sula fógraíodh nach mbeadh cead ag ceanneagraíocht ach duine amháin a fhostú agus nach mbeadh ar fáil ach uasmhéad de €100,000 in aghaidh na bliana.

I ráiteas a d’eisigh Coiste Stiúrtha an Fhóraim ag an am seolta an phlean, dúradh más taobh le oifigeach amháin a bheadh an plean, nach léir don Choiste Stiúrtha go bhféadfaí Plean Teanga Chois Fharraige mar atá sé, a fheidhmiú.

Coicís ó shin (9 Deireadh Fómhair) seoladh litir ag Coiste Stiúrtha an Fhóraim a thug cuireadh don Fhóram ‘gluaiseachta ar aghaidh chuig an chéad chéim eile agus tús a chur le feidhmiú an phlean’ le ‘allúntas de suas le €100,000’ ar fáil don chéad tréimhse 12 mhí agus le Oifigeach Pleanála Teanga amháin fostaithe.

Ag an gcruinniú aréir, ag a raibh ionadaithe ó 19 eagras atá gníomhach i gceantar Chois Fharraige, pléadh an tairiscint atá tagaithe ón Údarás agus socraíodh nach bhféadfaí glacadh leis mar atá sé. Tá an Fóram ag éileamh cruinniú práinneach le Údarás na Gaeltachta agus le Roinn na Gaeltachta, féachaint an bhféadfaí tíocht réiteach le gur féidir plean teanga Chois Fharraige a fheidhmiú ina iomlán.

Beidh cruinniú eile ag an bhFóram Pleanála Teanga ar an 20 Samhain leis an dul chun cinn idir an dá linn a mheas agus leis an gcéad chéim eile a bheartú.

Ar shíniú an chonradh idir Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga agus Seirbhísí Pleanála Teanga (SPT) sa bhliain 2014.

Ó chlé: Máire Ní Neachtain, Cathaoirleach an Fhóraim; Colm Ó Cinnseala (SPT); Mait Ó Brádaigh (SPT) agus Donncha Ó hÉallaithe, Rúnaí an Fhóraim.

Máire Ní Neachtain ag caint ar Nuacht TG4 aréir ANSEO.


Le Déanamh Arís ag Cois Fharraige

Máire Ní Fhrighil, Na Forbacha, laoch na himeartha le foireann mionúr camógaí Chois Fharraige ar an Domhnach seo caite.

Sí Máire a fuair dhá chúilín fíor thábhachtach ón imirt ag deireadh an chluiche cheannais a choinnigh Cois Fharraige sa gcomórtas. Beidh an athimirt ar bun i mBéal Átha an tSlua ar an Luan seo chugainn, ag 2.30pm.

Tá sé le déanamh arís ag foireann camógaí Chois Fharraige i gcraobh-chomórtas mionúr B Chontae na Gaillimhe. Ar an Domhnach i gCinn Mhara seo caite, imríodh cluiche ach bhí mí-ádh ar cailíní Chois Fharraige gan an corn a thabhairt abhaile leo, mar gur scóráil Bleá ‘n Rí an cúilín a chothromaigh an cluiche ag deireadh an chluiche ó saorphoc a ghéill Cois Fharraige.

Bhí an gaoth fábharach do Chois Fharraige sa gcéad leath, ach ní raibh siad in ann na scóranna a fháil agus ag leath ama bhí cailíní an Achréidh 5 pointe chun tosaigh leis an scór 1 – 5 in aghaidh 0 – 2, ag fágaint a dhóthain le déanamh ag Cois Fharraige.

Tar éis an bhriseadh d’éirigh le Cois Fharraige cúl a scóráil. Sliotar a chuir Aoife Nic Dhonnacha isteach go himeall na cearnóige, d’éirigh le Rosie Nic Dhubhghaill é a chur san eangach. Cé go raibh Cois Fharraige in aghaidh na gaoithe bhí siad ag imirt níos fearr sa darna leath. D’éirigh le Éabha Ní Chonluain agus Aoife Nic Chormaic cúilíní a aimsiú ón imirt ach bhí cúl eile ag Bleá ‘n Rí leath bealaigh tríd an leath, a d’fhág 6 chúilín idir na fóirne aríst.

Ach níor ghéill cailíní Chois Fharraige. Bhí na tosaithe ag fáil an ceann is fearr ar chúlaithe Bhleá ‘n Rí agus i gceann cúig noiméad bhí an bhearna laghdaithe go cúilín amháin. Rinne Máire Ní Fhrighil an cluiche a chothromú ón gcliathán agus díreach ina dhiaidh sin chuir sí Cois Fharraige chun cinn don chéad uair sa gcluiche agus 60 noiméad caite. Ón bpoc amach fuair Bleá ‘n Rí an sliotar agus chuadar ar ruathair, a chuir Tiffany Ní Choistealbha stop leis. Tugadh poc saor do Bhleá ‘n Rí a chothramaigh an cluiche agus beidh lá eile ag mionúr Chois Fharraige.

Foireann Chois Fharraige: Chloe Bhreathnach, Blanca Ní Dhonnabháin, Áine Ní Laoi, Siobhán Ní Neachtain, Aisling Ní Chonghaile, Tiffany Ní Choistealbha, Adhna Nic Dhonnacha, Becky Ní Éallaithe, Fionnuala Ní Grunnell (0 – 1), Aoife Nic Dhonncha (1 – 02), Aoife Nic Chormaic (0 – 1), Síofra Ní Mhárta, Máire Ní Fhrighil (0 – 2), Éabha Ní Chonláin (0 – 1), Rosie Nic Dhubhbhaill (1 – 0).

Ionadaithe a tháinig isteach: Fódhla Ní Bhraonáin agus Róisín Ní Dhiomsaigh.

Ionadaithe eile: Blaithín Ní Chonghaile, Aoibh Nic Dhubhghaill, Liadan Canny, Róisín Ní Chaoimh.


Comórtas Amhránaíochta sa Spidéal

Caitríona Ní Cheannabháin (moltóir), Peatsaí Ó Conghaile, Siubhán Ní Chonghaile, Bríd Ní Chonghaile, Caitlín Ní Chonghaile, Marian Ní Chonghaile, Patricia Ní Chonghaile, Gearóid Ó Conghaile & Bríd Treasa Ní Ghaoithín, moltóir.

Chun tosaigh: Neasa Nic Dhonncha, buaiteoir Chorn Cuimhneacháin Phat Phádraic Tom 2017.

Reáchtáladh Comórtas Phat Phádraic Tom san Amhránaíocht ar an Sean-Nós i Scoil Éinne, An Spidéal, ar an Domhnach seo caite. Bíonn an comórtas seo ar siúl chuile bhliain i gcuimhne ar Phat Phádraic Tom Ó Conghaile ó Leitir Péic, duine de chéad mhúinteoirí sean-nóis an Ghaelacadaimh. Ghlac seacht nduine dhéag páirt sa gcomórtas i mbliana, agus bhí an caighdeán an-ard go deo. Ba í Neasa Nic Dhonncha as Ros a’ Mhíl a thug léi an corn. Seo a leanas na buaiteoirí sna haois-ghrúpaí éagsúla:

Faoi 9:

1. Lorcán Ó Curraoin, Boluisce, An Spidéal.

2. Roinnte idir Dearbhail Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl, agus Emma Ní Churraoin, Na Minna.

3. Donnacha Ó Tuairisc, An Lochán Beag.

Faoi 13:

1. Neasa Nic Dhonncha, Ros a’ Mhíl.

2. Roinnte idir Colm Ó Curraoin, Na Minna, agus Róisín Ní Raifeartaigh, An Teach Mór.

3. Tomás Ó Neachtain, Baile na hAbhann.

Faoi 19:

1. Domhnall Ó Braonáin, An Teach Mór.

2. Gearóid Ó Conghaile, Leitir Péic.


LION sa tSeanscoil Déardaoin

Radharc as an scannán LION, a bheas a thaispeáint ar an Déardaoin seo, 26 Deireadh Fómhair, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tos ag 8.15pm.

Ainmníodh an scannán LION le haghaidh 6 cinn de Oscars anuraidh agus bronnadh dhá ghradam BAFTA air.

An Déardaoin seo, 26 Deireadh Fómhair, beidh scannán iontach, LION, á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag an gClub Scannán. Bunaithe ar scéal fíor a tharla do bhuachaillín óg a thit ina chodladh ar thuras traenach san Ind a thug na mílte míle ó bhaile é, agus gan a fhios ag a mháthair cá raibh sé. Bhí air maireachtáil ar na sráideanna go dtí gur uchtaíodh é agus tugadh é ina leaid óg ag an Astráil. Anois agus é fásta tá sé ag iarraidh tíocht ar a mháthair agus, le cúnamh ó Google Earth, a bhealach a dhéanamh ar ais to dtí an áit ina rugadh é.

Fuair an scannán seo go leor ainmniúchán do na Oscars anuraidh agus bronnadh dhá gradam BAFTA air.

Tosóidh an scannán ag 8.15pm. Fáilte roimh dhaoine nach baill iad ach íoc ag an doras.


Seó Mór an Oireachtais

Beidh Seó Mór an Oireachtais ar bun Dé Luain 30 Deireadh Fómhair sa halla i Scoil Chuimsitheach Chiaráin ar an gCeathrú Rua ag tosú ag 1.00 a chlog.

Tabharfaidh gasúir óga an cheantair blaiseadh den méid a bheas le feiceáil uathu ar ardán an Oireachtais i gCill Áirne.

Cead isteach €2 nó €5 don teaghlach.

Fáilte roimh chách!

Le buíochas,

Máire Áine agus Coiste Thuismitheoirí na Gaeltachta


Scéim Fostaíochta Pobail

Tá Scéim Fostaíochta Pobail An Spidéil ag cuartú daoine faoi láthair. Ní foláir a bheith dífhostaithe le bliain nó níos mó. Bíonn obair le déanamh ag na daoine ar an scéim sna réimsí oibre seo a leanas: Baile Slachtmhar, Páirc Peile/Iománaíocht, Ionaid agus Áiseanna Poiblí, chomh maith le obair rúnaíochta.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoin scéim ach dul i dteagbháil le Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil, ag an uimhir (091) 553666 nó le Jacky Ó Droighneáin, Údarás na Gaeltachta, ag an uimhir (091) 503100.


Tearmann Éanna

Tá Bord Stiúrtha Thearmann Éanna ag iarraidh ainmniúcháin ó dhaoine gur spéis leo obair Thearmann Éanna a chur chun cinn.

Tá foirmeacha léirithe spéise le fáil san oifig ar an Tulach, nó ar an suíomh idirlín www.tearmanneanna.ie.

Ní mhór na foirmeacha a sheoladh ar ais roimh 5.00pm ar an Aoine, 3 Samhain 2017, chuig An Rúnaí, Tearmann Éanna, Baile na hAbhann.


Cúrsa Ríomhaireachta le Tosaí

Ar an Luan seo caite, cuireadh tús le cúrsa nua ríomhaireachta i Seanscoil Sailearna, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, le tacaíocht ón GRETB. Cúrsa 6 seachtaine a bheas ann, ón a 7.00 go 9.30pm, gach tráthnóna Luain idir seo agus deireadh mhí na Samhna. Tá cúpla áit fós ar an gcúrsa.

Is féidir níos mó eolais a fháil faoin gcúrsa is féidir glaoch a chur ar an uimhir 086 4048881.


‘To Russia with Love’ i dTigh Chualáin

Beidh Maidin Caifé ar bun ar an Luan seo chugainn, 30 Deireadh Fómhair, an Lá Saoire Bainc, i dTigh Chualáin, An Choill Rua, ar mhaithe leis an gcarthannacht ‘To Russia with Love’. Chomh maith leis an tae/caifé agus cácaí, beidh spotduaiseanna á dtabhairt amach.


Torthaí Spóirt

  • Peil (Sinsir): Micheál Breathnach 0 – 08, Cealtrach 1 – 14.
  • Camógaí (Mionúr): Cois Fharraige 2 – 07, Bleá ‘n Rí 2 – 07.
  • Sacar (Buachaillí 17/18 Roinn I): Bearna-Na Forbacha 5, Salthill Devon 2.
  • Sacar (Buachaillí faoi 13): Bearna-Na Forbacha 1, Mervue Utd. 7.
  • Sacar (Cailíní faoi14): Bearna-Na Forbacha 3, Craughwell Utd. 1.

25 Deireadh Fómhair 2017