Cartlann Nuachta: 25 Deireadh Fómhair 2023

Cois Fharraige (By the Sea)

Seoladh Leabhar John Keady 2023

Ag seoladh an leabhar staire COIS FHARRAIGE (BY THE SEA) sa gCrúiscín Lán ar an Aoine seo caite bhí, ó chlé, Mike P. Ó Conaola, Jimí Jó Shéamuis Ó Fátharta, údar an leabhair John J. Keady agus a cholcheathar Bridgie Darby Uí Fhátharta.

An Aoine seo caite bhailigh slua breá le chéile sa gCrúiscín Lán le haghaidh ócáid an speisialta: leabhar faoi stair Chois Fharraige, atá curtha le chéile ag John J. Keady. Cé gur ó Bhostún do John, is de shliocht Chois Fharraige é ar an dá thaobh: b’as Seanadh Ghurráin í máthair John, duine de mhuintir Ghabhnáin agus b’as Sailethúna a athair. Bhí colcheathracha leis ón dá thaobh ag an ócáid ar an Aoine.

Seán Ó Neachtain, ó Bhaile an Domhnalláin, a sheol an leabhar agus is breá an píosa cainte a rinne sé, ag tagairt do chuid de na míreanna sa leabhar.

Is foinse eolais an-luachmhar an leabhar seo do dhaoine le spéis acu i stair na háite. Tá réimse leathan ábhair ann. Cuirfear spéis faoi leith sna coimhlintí idir na tiarnaí talún éagsúla i gceantar Cois Fharraige is a gcuid tionóntaithe a bhí faoi bhagairt díshealbhaithe mura mbeadh an cíos acu. Tá plé ar an dul chun cinn a rinne an Irish Church Missions, i gCois Fharraige, sa leath deireanach den 19ú aois, in ainneoin an géarleanúint ina aghaidh.


Íosghrádú don Fhoireann Ban

Meábh Ní Dhireáin in aghaidh Baile an Chláir 2023

Méabh Ní Dhireáin, ag imirt le Cumann Micheál Breathnach, in aghaidh Baile Cláir na Gaillimhe, an deireadh seachtaine seo caite.

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]

Ar an Satharn seo caite chlis ar fhoireann ban Chumann Micheál Breathnach sa gcluiche dícháilithe in aghaidh Bhaile an Chláir.

Mar thoradh ar an gcluiche beidh foireann ban na mBreathnaigh á íosghrádú ó Shóisear A go Sóisear B an chéad bhliain eile. Anuraidh ardaíodh na Breathnaigh ó Shóisear B go A tar éis séasúr iontach i 2022. Ach i mbliana bhí roinnt imreoirí maithe nach raibh ar fáil, ar chúiseanna éagsúla, idir gortaithe agus daoine ar choláistí thar lear.

Ach is ábhar dóchais don chlub cuid de na himreoirí óga atá ag tíocht chun aibíochta.


Club Scannán Sailearna

GODLAND

 Radharc as an scannán GODLAND a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 26 Deireadh Fómhair, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm.

An Déardaoin seo, 26 Deireadh Fómhair, beidh GODLAND, scannán ón Íoslainn, á thaispeáint ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm, mar is gnáth. Tá an scannán lonnaithe sa 19ú aois: cuntas atá ann faoi na deacrachtaí a bhíonn ag misinéar ón Danmhairg nuair a chuirtear é chuig ceantar iargúlta san Íoslainn chun eaglais a chur ar bun. Idir an aimsir chrua, doicheall na ndaoine roimhe agus iargúltacht na háite, teipeann ar a mhisneach.


BISEACH 2023

Clúdach Biseach 2015Beidh BISEACH 2023 á sheoladh ar an gclár Iris Aniar ar an Aoine seo chugainn. Cumann Forbartha Chois Fharraige a fhoilsíonn BISEACH go bliantúil.

Arís i mbliana ba é Lochlainn Ó Tuairisg a rinne eagarthóireacht ar an iris. Tá idir altanna stairiúla faoi cheantar Chois Fharraige, neart pictiúr idir sean is nua, chomh maith le eolas faoi dhaoine ó Chois Fharraige a bhásaigh le bliain anuas. Tá pictiúir ann ó na scoileanna áitiúla chomh maith le pictiúir de chuid de na fóirne spóirt idir peil, iománaíocht, sacar, camógaíocht agus liathróid lámha.

Ón Satharn seo chugainn ar aghaidh beidh an iris ar díol sna siopaí ar fad i gCois Fharraige, sa gCeathrú Rua, Ros Muc, Leitir Móir agus ar an Teach Dóite. Beifear in ann cóip a ordú ar líne ó Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal, le cur chuig seoladh ar bith ar domhan.


ITT ag Cuartú Riarthóir Airgeadais

Tá an ITT/An Crann Taca in Indreabhán, Co. na Gaillimhe, ag lorg iarratas faoi láthair do phost an Riarthóra Airgeadais & Maoirseora Riaracháin.

Beidh an té a cheapfar freagrach as riaradh airgeadais agus obair oifige an ITT, faoi stiúir an Bhainisteora. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó 091-593132, ittancranntaca@nullgmail.comwww.ancranntaca.wordpress.com


Cúrsa Podchraoltóireachta

Tá Cúrsa Oiliúna Podchraolta Nua Spreagúil á eagrú ag Comharchumann Shailearna. Dianchúrsa atá ann a chuirfidh ar chumas na rannpháirtithe podchraoltaí dá gcuid féin a chruthú agus a thaifead ar na meáin shóisialta.

Is cúrsa 10 n-uair a chloig atá i gceist, déanta thar thréimhse dhá lá. Tá an cúrsa saor in aisce.

Tá Foirm Clárúcháin don chúrsa le fáil ach glaoch ar 091 399199 nó ríomhphost a chur chuig sailearna@nullgmail.com.


Duaiseanna Podchraoltóireachta

Scoláirí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal i bPáirc an Chrócaigh ag ocáid bronnta na nduaiseanna sa gcomórtas podchraoltóireachta agus tráchtaireachta, a bhí eagraithe ag Gael Linn.

Ó chlé: Eoin Ó Neachtain, Diarmuid Ó Gabhláin, Róise Ní Churraoin, Ferdia  Ó Nuanáin Seoighe, Ciara Ní Mhainín & Síofra Ní Scanláin.

[Pic: Seán Ó Mainnín]

Bhain grúpa ó Choláiste Chroí Mhuire an dara áit amach i gComórtas Náisiúnta Podchraoladh Ghael Linn, leis an gclár ‘Caidreamh Casta’.

B’iad Ferdia Ó Nuanáin Seoighe (an teicneoir), chomh maith le Róise Ní Churraoin agus Diarmuid Ó Gabhláin (na láithreoirí) a ghlac leis an duais ar son an ghrúpa ag an mbronnadh i bPáirc an Chrócaigh an tseachtain seo caite.

Grúpobair a bhí i gceist leis an togra le deichniúr páirteach, ina measc Fionnán Ó Coisdealbha, Éabha Ní Chonghaile, Shauna Bindon, Ciara Cox, Róisín Bhreathnach, Tara Ní Loinsigh agus Tadhg Bodwell Ó Néill.

Chomh maith leis an duais podchraoltóireachta, d’éirigh le Ciara Ní Mhainnín an chéad áit a ghnóthú i gComórtas Náisiúnta Tráchtaireachta na bliana seo agus fuair Eoin Ó Neachtain an dara áit sa gcomórtas céanna. Bhain Síofra Ní Scanláin an phríomhdhuais amach don iarracht is fearr as iontrálacha uilig an chomórtais.


Glasoiliúint: Scéim Oiliúna do Cheardaithe

Tá scéim nua GLASOILIÚINT curtha ar bun ag Údarás na Gaeltachta, chun cuidiú le ceardaithe agus daoine proifisiúnta Gaeltachta atá ag iarraidh a gcuid scileanna a uasdátú, nó scileanna nua a fhoghlaim, i réimse dá gcuid oibre a bhaineann le caomhnú fuinnimh, nó i dteicneolaíochtaí fuinnimh in-athnuaite. Beidh suas le €2,000 ar fáil i dtreo táillí teagaisc do chúrsaí aitheanta sa réimse.


An Club Leabhar

Leabhar nua, FANACHT FADA, le Seán Ó Cadhain ón gCnocán Glas, a bheas á phlé ag an gcéad ócáid eile a bheas ag Club Leabhar Chois Fharraige, nuair a thagann siad le chéile ar an gCéadaoin, 8 Samhain, i dTigh Mholly, An Lochán Beag.

Seo é an chéad leabhair ó pheann Sheáin. Is mac é Seán le Pádraic Ó Cadhain agus a bhean Bríd. Uncail leis ab ea an scríbhneoir, Máirtín Ó Cadhain.

Leabhar gearrscéalta atá scríofa ag Seán atá sa leabhar.


AGM an Chomharchumainn Curtha Siar

An Cruinniú Ginearálta Bliantúil (AGM) a bhí le bheith ann ar an Máirt seo caite, tá sé curtha siar go ceann míosa. Tá sé socraithe cruinniú na scairshealbhóirí a thionól ar an Céadaoin, 15 Samhain, i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.00pm.

Le freastal ar an gCruinniú Ginearálta Bliantúil ní mhór a bheith i do scairshealbhóir den Chomharchumann. Beidh folúntais le líonadh ar an mBord Stiúrtha, deirtear. Le seasamh don Bhord Stiúrtha caithfidh tú bheith i do scairshealbhóir agus bíonn foirm ainmniúcháin le líonadh. Tá na foirmeacha ainmniúcháin agus na foirmeacha le rún a chur síos le fáil ó oifig an chomharchumainn, nó tré glaoch a chur ar 091 399199. Is gá na foirmeacha líonta a bheith curtha ar ais faoin gCéadaoin, 8 Samhain.


Ceardlann do Chumadóirí Amhrán

Tá ceardlann do chumadóirí amhrán Gaeilge á eagrú ag Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal ar an Satharn, 28 Deireadh Fómhair, i gcuimhne ar Phádraig Ó hAoláin (1944 – 2021), Tiobraid Árannach ildánach a chum an t-amhrán “Cóilín Phádraig Shéamais”. Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán den uile chineál.

Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht) agus Ciarán Ó Fátharta (RnaG) a bheadh i mbun na ceardlainne.


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €3,000 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 4, 19, 22, 32.

 

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

  • Ódi Ní Chéilleachair, Na hAille, Indreabhán;
  • Shane Connolly, Doire Fhearta, An Cheathrú Rua;
  • Cóilín Costello (ar líne);
  • John O’ Connor, Cor na Rón.

Gearóid Mhaidhc Ó Conghaile, An Cnoc, a fuair duais an díoltóra.

 

€4,100 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Peil (Sinsear): An Spidéal 0 – 07, Killanin 1 – 15.

Peil (Scoileanna): Coláiste Chroí Mhuire 7 – 19, Seamount, Kinvara 7 – 05.

Peil na mBan (Sóisear A): Ml. Breathnach 0 – 08, Claregalway 6 – 08.

Sacar (Corn Connacht): Cois Fharraige 3, Glen Celtic 4.

Sacar (faoi 17): Cois Fharraige 0, Moyne Villa B 1.

Sacar (faoi 15, RII): MacDara 4, Maree/Oranmore B 1.

Sacar (faoi 15, RIV): MacDara B 4, Bearna/Na Forbacha C 0.

Sacar (faoi 13, RII): MacDara 3, Colmanstown Utd. 2.


25 Deireadh Fómhair 2023