Cartlann Nuachta: 25 Meán Fómhair 2019
Oíche an Chultúir
Róisín Seoighe i mBun Ceoil
D’éirigh thar barr leis an Oíche Chultúir, ar an Aoine seo caite i gCois Fharraige.
Thuas staighre Tigh Giblin ar an Spidéal bhí Róisín Seoighe is a cairde ag casadh ceoil is ag amhránaíocht go deireannach san oíche.
Bhí Seanscoil Sailearna lán le haghaidh an taispeántas ceoil ó Chór Chois Fharraige agus Ceoltóirí Óga Chois Fharraige.
Taobh amuigh ar an Tulach, ar chúl Tigh Johnny Sheáin, léiríodh dráma nua le Fíbín, House Party, a tharraing slua mór daoine. Ní raibh aon chaint sa dráma ach insíodh an scéal tré damhsa comhaimseartha faoi stiúr Eoin Mhic Dhonnacha ón gCeathrú Rua.
Bhí grúpa eile ó Cheoltóirí Óga Chois Fharraige ag glacadh páirt i gceolchoirm mhór san Amharclann i nGaoth Dobhair.
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i nGaoth Dobhair
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige
I mbliana beidh Ceoltóirí Chois Fharraige ag glacadh pháirt in imeachtaí an Oíche Chultúir i gGaoth Dobhair ar an Aoine seo, áit a mbeidh siad ar cuairt le haghaidh deireadh seachtaine ceoil agus spóirt i dteannta a gcomhaoisigh i nGaeltacht Thír Chonaill.
Anuraidh, tháinig grupa ceoltóirí óga as an gCrannóg i nGaoth Dobhair anuas go Conamara don Oíche Chultúir agus bhain na cuairteoirí agus ceoltóirí na háite fíorshásamh as an gcuairt. Anois, tá breis agus scór ceoltóirí agus amhánaithe óga as Cois Fharraige ag dul ó thuaidh le seisiúin dhá lá, idir ceolchoirmeacha agus ceardlanna.
Beidh Seisiún na nDéagóiri ag tosaí ar ais ar an Satharn, 28 Meán Fómhair. Ar an dáta sin, agus chuile sheachtain as sin amach, beidh míle fáilte roimh cheoltóirí óga iarbhunscoile chuig seisiún oscailte ó 5.15 – 6.15pm sa gCrúiscín Lán sa Spidéal. Níl ann ach trí choinníoll – a bheith múinte, Gaeilge a úsáid agus ceol a chasadh!
Cumann Micheál Breathnach Sna Sinsir
Ó chlé: Peadar Óg Ó Gríofa, Fiontán Ó Churraoin agus Diarmaid Ó Maoileoin ó Chumann Micheál Breathnach ag ceiliúradh a mbua ar Cortoon Shamrocks, tar éis an Cluiche Leathcheannais Idirmheánach ar an Domhnach seo caite i Staid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Ar an Domhnach seo caite d’éirigh le Cumann Micheál Breathnach an ceann is fearr a fháil ar Cartoon Shamrocks i gCluiche Leathcheannais an Chontae sa nGrád Idirmheánach agus ardú céime a fháil go Grád na Sinsear don chéad bhliain eile. Beidh siad ag casadh ar Uachtar Ard sa gCluiche Ceannais seachtain ón deireadh seachtaine seo.
Fuair Cartoon an chéad scór, cúilín ó chic saor, ach taobh istigh de chupla nóiméad fuair Seán Denvir dhá chúilín ón imirt. Bhuail cic láidir ó Keith Ó Donnacha an barra agus go gairid ina dhiaidh sin rinne Gearóid Willie Ó Fátharta, captaen na mBreathnaigh, sábháilt chinniúnach nuair a chuir sé liathróid a bhí ag dul san eangach amach le haghaidh cic 45. Bhí an dá fhoireann ag coinneáil le chéile, ag babhtáil cúilíní agus chríochnaíodh an chéad leath cothrom le cúig chúilín an taobh.
Cúl ó Liam Mac Donnacha sa dara leath taobh istigh de leathnóiméad, a chuir na Breathnaigh chun tosaigh, áit ar fhan siad go deireadh an chluiche.
Liam Mac Donnacha, Ros a’ Mhíl, ag scóráil an cúl do Chumann Micheál Breathnach, sa gCluiche Leathcheannais Idirmheánach in aghaidh Cartoon Shamrocks.
Ba é cúl Liam an difríocht idir an dá fhoireann ag deireadh an chluiche.
[Le cead Seán Ryan]
Liam Mac Donnacha (1-2), Seán Denvir (0-3), Ruadhán Ó Curraoin (0 – 3), Rónán Mac Donnacha (0-3), Maidhc Ó Conghaile (0 -1) agus Fiach Ó Béarra (0 -1) a fuair na scóranna do na Breathnaigh. Bhí smacht iomlán ag Tomaí Ó Conghaile agus ag Fiontán Ó Curraoin ar lár na páirce agus ba dheacair do na Cartúnaigh na ciceanna amach a bhuachaint, go háirithe sa darna leath, ag imirt in aghaidh na gaoithe. Bhí sárchluiche ag na cosantóirí a choinnigh tosaithe Cartoon faoi smacht, go speisialta ag an deireadh nuair a bhí siad ag cuartú cúl.
Bhí ceiliúradh mór ar an bpáirc ag na Breathnaigh nuair a séideadh an fheadóg ag deireadh an chluiche. Casfaidh siad ar Uachtar Ard sa gCluiche Ceannais Idirmheánach ach beidh siad ag imirt i nGrád na Sinsear an chéad bhliain eile, cuma cén toradh a bheas ar an gCluiche Ceannais, seachtain ón deireadh seachtaine seo ag tíocht.
Na Breathnaigh ag ceiliúradh ar an bpáirc tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach le imirt ag Grád na Sinsear an chéad bhliain eile, leis an mbua ar Cartoon Shamrocks.
[Pic: Donncha Ó hÉallaithe]
Boicíní Bhóthar Kilburn sa Taibhdhearc
Radharc as an dráma Boicíní Bóthar Kilburn, a bheas á chur ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil, i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Aoine agus Satharn seo, 27/28 Meán Fómhair.
Léireoidh Aisteoirí an Spidéil an dráma Boicíní Bhóthar Kilburn sa Taibhdhearc ar an Aoine agus ar an Satharn seo chugainn, 27/28 Meán Fómhair, ag tosaí ag 8.00 i.n.
Is leagan Gaeilge é seo a rinne Mícheál Ó Conghaile de The Kings of Kilburn High Road le Jimmy Murphy, dráma faoi ghrúpa fear as Conamara a d’imigh go Sasana cheal oibre sna hochtóidí agus rún acu ar fad filleadh ar an bhfód dúchais, ach de bharr cúinsí éagsúla níor tharla sin. Tá duine acu ag filleadh ceart go leor, ach is i gcónra atá sé ag filleadh agus tá an cuid eile acu bailithe le chéile le slán a fhágáil leis. Nochtar fírinne agus fíricí le linn an tráthnóna tré chomhráití a bhíonn crua, míthrócaireach agus garbh scaití, agus scaití eile barrúil, séimh agus tuisceannach.
Nuair a léirigh Aisteoirí an Spidéil an dráma don chéad uair, ag tús na bliana 2015, thug an léirmheastóir Máire Ní Fheinneadha an léargas seo ar an ndráma: “Beidh tú maraithe ag gáirí, más gáire dóite féin é; beidh mórtas ort faoin éacht atá déanta ag criú an Spidéil agus ag an aistritheoir chun a gcuid cainte féin a thabhairt don chuid bheag seo den Diaspora nach slánódh coinneal i bhfuinneog Áras an Uachtaráin iad.”
Moltar do dhaoine ticéid a chur in áirithe roimhré, mar cuireadh go leor daoine ó dhoras an uair dheireannach a cuireadh an dráma ar stáitse sa Taibhdhearc. 091 563 600.
Féile Leabhar Chois Fharraige
An Rapfhile Séamus Barra Ó Súilleabháin
Beidh Féile Leabhar Chois Fharraige ar siúl den dara bliain as a chéile i gceantar Chois Fharraige ón Aoine go dtí an Domhnach, 4 – 6 Deireadh Fómhair. Is é Club Leabhar Chois Fharraige a eagraíonn an fhéile leabhar chun ceiliúradh a dhéanamh ar nualitríocht agus cumadóireacht nua-amhrán na Gaeilge, faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige.
I measc na scríbhneoirí a bheidh páirteach sa bhféile i mbliana beidh Colmán Ó Raghallaigh, Darach Ó Scolaí, Anna Heusaff, Diarmuid Ó Ceallaigh, Biddy Jenkinson, Pauline Ní Chonaonaigh. Beidh siad ag léamh os ard agus i mbun comhrá leis an bpobal i dTigh Mholly in Indreabhán le linn na féile.
Beidh Ceolchoirm na gCumadóirí ar siúl oíche Dé Sathairn i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.00; ticéid ar díol ag an doras ó 7.40 ar aghaidh. Beidh na ceoltóirí agus na cumadóirí nua-amhráin Ghaeilge seo a leanas páirteach i gceolchoirm na bliana seo: Pádraic Seoighe agus a Chairde, an grúpa Dris Óg agus an rapfhile Séamus Barra Ó Súilleabháin lena bhanna ceoltóirí.
Beidh Gemma Breathnach i mbun scéalaíochta le gasúir idir 6 – 8 mbliana d’aois i Leabharlann an Spidéil. Beidh Brigid Bhreathnach i mbun scéalaíochta le gasúir níos óige, idir 3 – 5 bliana d’aois, sa gCrann Taca in Indreabhán.
Mar chuid den fhéile tá an scríbhneoir Maedhbh Ní Eadhra i mbun ceardlanna scríbhneoireachta faoi láthair le scoláirí na meánscoileanna áitiúla.
Beidh Joe Steve Ó Neachtain ag léamh sleachta óna dhírbheathaisnéis do na rannpháirtithe i dTearmann Éanna ar an Tulach chun críoch a chur leis an bhféile.
Fáilte roimh chách.
Tá tuilleadh eolais agus Clár na Féile Leabhar ar fáil ag http://clubleabharcf.dx.am/
Club Scannán Sailearna
Radharc as EVERYBODY KNOWS, scannán ón Spáinn, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag 8.15pm an Déardaoin seo, 26 Meán Fómhair, ag cur tús le séasúr nua scannán gach oíche Déardaoin idir seo agus an Nollaig.
Cuirfear tús an Déardaoin seo, 26 Meán Fómhair, le séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna, le scannán an-mhaith ón Spáinn EVERYBODY KNOWS. Idir sin agus tús mhí na Nollag beidh scannán le feiceáil gach oíche Déardaoin ar an scáileán mór san Amharclann i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15pm. Taispeánfar 11 scannán ar fad, ó go leor tíortha agus i dteangacha éagsúla. Cé go mbíonn na scannáin i dteangacha éagsúla, bíonn fotheidil i mBéarla leo.
Is féidir ballraíocht a fháil sa gClub Scannán ar €35 (€30 do phinsinéaraí) a thugann cead isteach do na scannán go léir idir seo agus an Nollaig. Glacfar le ballraíocht ag an doras roimh scannán. Is féidir le daoine íoc do réir an scannáin chomh maith ar €8 (€7).
Tá liosta iomlán na scannán don tséasúr le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.
Cúrsa Cruinneas Gaeilge
Seanscoil Sailearna, Áit a mBeidh Ranganna Cruinneas Gaeilge ar Siúl
Cuirfear tús ar an Luan, 7 Deireadh Fómhair 2019, le cúrsa do dhaoine le Gaeilge mhaith cheana féin, ach a bheadh ag iarraidh a gcruinneas sa teanga scríofa a fheabhsú. Cúrsa sé seachtaine a bheas ann, atá á eagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le tacaíocht ón GRETB, faoin scéim Oideachas Pobail.
Sé Máirtín Ó Curraoin a bheas ag teagasc ar an gcúrsa. Míneofar ar an gcúrsa na bogearraí ríomhaireachta atá ar fáil do dhaoine a bhíonn ag scríobh na Gaeilge.
Beidh an cúrsa ar bun sa seomra ríomhaireachta ar chúl Seanscoil Sailearna. Níl ach €20 mar tháille ar an gcúrsa. Le áit a chinntiú ar an gcúrsa ní mhór áit a chur in áirithe, mar tá teora leis an méid daoine ar féidir glacadh leo. Le áit a chur in áirithe ní mhór glaoch a chur ar Ghearóid Ó Fátharta ag an uimhir 087 1234415 nó ríomhphost a chur ag cumannforbartha@nullgmail.com.
Ranganna Seite Tigh Chualáin
Cuirfear tús leis an rang damhsa seite i dTigh Chualáin, Coill Rua, ar an gCéadaoin seo chugainn, 2 Deireadh Fómhair. Idir seo agus an Nollaig beidh an rang ar bun gach Céadaoin ag 8.00 i.n., faoi stiúr Mháirtín Uí Bhrosnacháin.
Beidh fáilte roimh thosaitheóirí ag an rang. Breis eolais le fáil ó Mháirtín 087 9149729.
Oireachtas na Gaeilge 2019
Tá síneadh ama curtha leis an dáta deiridh iontrála do na comórtais ardáin ag Oireachtas na Gaeilge 2019. Glacfar anois le iontráil suas go dtí an Aoine seo, 27 Meán Fómhair. Is féidir iontráil ar líne a dhéanamh ach dul go dtí an nasc https://pangr-antoireachtas.
Arís i mbliana beidh Tuismitheoirí na Gaeltachta ag eagrú ranganna do ghasúir len iad a ullmhú le haghaidh agallaimh beirte, lúibíní, scéalaíocht agus aithriseoireacht. Cuirfear tús leis na ranganna an tseachtain seo chugainn. Tá eolas ar fáil faoi na ranganna ach glaoch ar an uimhir 091 869571 nó ríomhphost a chur ag eolas@nulltuismitheoiri.ie.
Torthaí Spóirt
Peil (Sinsir): Spidéal 0 – 08, Tuam 0 – 11.
Peil (Idirmheán): Ml. Breathnach 1 – 13, Cortoon Shamrocks 0 – 13.
Peil (Sóisear A): Ml. Breathnach 2 – 15, Bearna 3 – 10.
Peil (Sóisear B): Spidéal 1 – 10, Oranmore Maree 0 – 18.
Peil (Minúir): Ml. Breathnach 1 – 12, Uachtar Ard 7 – 15.
Peil (faoi 16): Ml. Breathnach 6 – 16, an Spidéal 4 – 16.
Sacar (Connacht Cup): Cois Fharraige 2, Craughwell 0.