Cartlann Nuachta: 25 Samhain 2015

25 Samhain 2015


Camógaí Chois Fharraige faoi 13

Camógaí faoi 13 (2015)

Foireann Camógaí Chois Fharraige faoi 13, leis an Trofaí Údarás na Gaeltachta, a bronnadh orthu ar an Satharn seo caite, mar Seaimpíní an Iarthair 2015.

Ar chúl, ó chlé: Síle Bhreathnach (traenálaí), Chloe Bhreathnach Nic Eoin, Neasa Ní Chonghaile, Ailbhe Bhreathnach, Aobh Ní Dhubhghaill, Fodhla Ní Bhraonáin, Liadan Canny, Emma Ní Churraoin, Rosanna Ní Chualáin, Seán Mac Donnacha (traenálaí).

Chun tosaigh, ó chlé: Róisín Ní Chaoimh, Aoife Nic Dhonnacha, Éilis Ní Shé, Síofra Ní Mhárta (captaen), Bróna Ní Cheallacháin, Aisling Ní Chonghaile, Dearbhaile Ní Mhárta.


Cailíní Chois Fharraige ina Seaimpíní

Ar an Satharn seo chaite d’éirigh le cailíní mionúir Mícheál Breathnach an Sciath a bhuachan ar Pháirc an Chnoic, nuair a bhuail siad St, Mary’s (Tuam) leis an scór 3 – 15 in aghaidh 0 – 01. Bhí cailíní Chois Fharraige chomh láidir i lár na páirce is gur beag liathróid a chuaidh thart lár na páirce. Ar na himreoirí ab fhearr a bhí ag Mícheál Breathnach bhí Majella Nic Dhonnacha a scóráil dhá chúl, Sorcha Ní Bhraonáin a bhí dochloíte agus Tiffany Ní Choistalbha i lár na páirce.

Ar an Satharn chomh maith d’éirigh le cailíní faoi 13 Chois Fharraige Corn Údarás na Gaeltachta a thabhairt leo sa gcamógaí, nuair a bhuail siad an fhoireann baile sa gcluiche ceannais i gcomórtas Craobh an Iarthair ar Pháirc Liam Uí Mhaoilíosa sa Rinn Mhór leis an scór Cois Fharraige 4 – 3, Liam Uí Mhaoilíosa 3 – 3. Sa cluiche leathcheannais roimhe sin, bhuail cailíní Chois Fharraige foireann ó Charn Mór.

Foireann Mionúir Ban 2015 leis an Sciath

An fhoireann peile ó Chumann Mícheál Breathnach a bhuail Naomh Muire (Tuam) i gCluiche Ceannais an Chontae don Sciath i ngrád na mionúr ar an Satharn seo caite.

Ar chúl, ó chlé: Majella Nic Dhonnacha, Róisín Ní Ghionnáin, Becky Ní Éallaithe, Sorcha Ní Bhraonáin, Anna Ní Ódhráin-Ní Mhurchú, Aoife Nic Ghiolla Choinnigh, Eimear Ní Bhiadha, Tifanny Ní Choistealbha, Mary Ní Fhéinneadha, Méala Ní Choistealbha, Sadhbh Howlin.

Chun tosaigh, ó chlé: Collette Ní Chualáin, Emma Ní Choistealbha, Rosaí Nic Dhubhghaill, Sinéad Ní Mhaoláin (Captaen), Sinéad Ní Chonchubhair, Caoimhe Ní Choistealbha, Eileanór Ní Thuathail, Éimear Nic Dhonncha. [Fótó: C Ní Chualáin]


Suirbhé Teanga i gCois Fharraige

Tá suirbhé tábhachtach ar bun i gceantar Chois Fharraige i measc teaghlaigh le páistí scoile nó réamhscoile agus tá ceistneoirí curtha abhaile ag tuismitheoirí tríd na scoileanna agus na naíonraí sa gceantar.

Thart ar 20 noiméad, ar a mhéad, a thógann sé an cheistneoir a líonadh. Ní bheidh aon ainm ag dul ar an gceistneoir agus beidh an t-eolas pearsanta a thugtar faoi rún daingean. Do dhaoine ar bheagán Ghaeilge tá leagan dátheangach ar fáil ó na scoileanna ach é a iarraidh.

Tá an suirbhé á dhéanamh ag Seibhísí Pleanála Teanga, grúpa proifisiúnta atá lonnaithe sna Forbacha agus atá fostaithe ag Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga, le Plean Teanga a chur le chéile don cheantar idir na Forbacha agus Ros a’ Mhíl, ceantar ina mheastar go bhfuil thart ar 1,000 teaghlaigh le gasúir scoile iontu.

Beidh na ceistneoirí le fágáil ar ais sna scoileanna i gclúdaigh litreach faoin Luan seo chugainn, 30 Samhain. Teaghlach ar bith nach bhfuil aon ghasúr leo ag scoil áitiúl, ach ar mian leo a bheith páirteach sa suirbhé, is féidir leo ceistneoir a phiocadh suas ó oifig Comharchumainn Sailearna, ó oifig Chomhlacht Forbartha an Spidéil nó ón oifig sa gCrann Taca (ar chúl Séipeál an Chnoic), é sin nó ceann a iarraidh a bheith curtha sa phost tré glaoch/téacs a chur ar 087 2035470 nó ríomhphost a chur ag eolas@nullpleanteanga.ie.


Bun an Údair sna Siopaí

BCFlogoTá an leabhar Bun an Údair ar fáil anois. Cuid den ábhar a bailíodh thar na blianta i gceantar Chois Fharraige, mar chuid den Scéim Traeneála a bhí á reáchtáil ag Béaloideas Chois Fharraige, atá sa leabhar.

Tá idir scéalta, paidreacha, pictiúir, seanchas agus pisreoga le fáil idir na clúdaigh, chomh maith le logainmneacha ar gharrantaí, bóithre agus marcanna áitiúla. Tá sé spéisiúil an bealach a bhfuil ainmneacha áitiúla na mbóithríní ag athrú agus ainmneacha nua á gcumadh.

Is deas an bronntanas Nollag a dhéanfadh ‘Bun an Údair’, atá ar fáil anois sna siopaí i gCois Fharraige ar €10.


Coirmcheol sa tSeanscoil ar an Satharn

Cór Chois Fharraige

Ar an Satharn seo chugainn, 28 Samhain, ag tosaí ag 8.00 i.n., beidh coirmcheol mhór speisialta ar bun i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, eagraithe ag Cór Chois Fharraige. Tá an cór ag cleachtadh le píosa anois le haghaidh an choirmcheoil seo. Thart ar 40 duine atá sa gcór, idir fir is mná, agus iad á stiúradh ag Aisling Ní Neachtain ón Spidéal. Beidh tionlacan ceoil ag an gcór ó Phádraig Ó Dubhghaill (giotár), Brian Mac Donncha (feadóg mhór), Peadar Ó Sé (bosca) agus Eilís Lennon (fidil).

Chomh maith le Cór Chois Fharraige, beidh neart ceoltóirí is amhránaithe eile le choisteáil, ina measc Bríd Ní Mhaoilchiaráin, a thug Corn Uí Riada anoir leí mí ó shin ó Oireachtas na Gaeilge i Citywest. Beidh Bróna Ní Uallacháin agus Páid Ó Neachtain ann chomh maith leis an agallamh beirte a fuair an chéad áit ag an Oireachtas. Beidh Maidhc Ó hÉanaigh ón Spidéal, Gerry Hanley ó Ghaillimh agus Neansaí Ní Choistealbha ag casadh chomh maith.

Ta ticéid á ndíol faoi láthair ag baill an chóir ach beidh ticéid le fáil ag an doras ar an oíche ach a bheith ann in am.


Féile Scannán na Réabhlóide

Cáisc 1916Tá clár leathan imeachtaí fógraithe ag Comhairle Chontae na Gaillimhe don chomóradh ar 1916, a bheas ar bun an chéad bhliain eile ar fud an chontae. Tá moladh mór tuillte ag an gComhairle Chontae faoin leabhrán breá dátheangach ina bhfuil cur síos ar na himeachtaí éagsúla a bheas ar bun agus ina bhfuil cur síos stairiúil ar a tharla i nGaillimh, Seachtain na Cásca 1916.

Ceann de na mór-imeachtaí a bheas ar bun in Amharclann Chois Fharraige le linn an chomóradh is ea Féile Scannán na Réabhlóide, mí Bhealtaine seo chugainn, eagraithe ag Club Scannán Sailearna. Le linn an deireadh seachtaine taispeánfar thart ar 12 de scannáin ó thíotha éagsúla ar théama na réabhlóide. I measc na scannán a thaispeánfar beidh Mise Éire agus Áille an Uafáis faoi Éirí Amach na Cásca 1916, The Battle of Algiers faoin réabhlóid i gcoinne na Fraince sna 1950idí, October faoi réabhlóid na Rúise agus Danton faoi réabhlóid na Fraince.


Glór na nGael 2015

Glor_na_nGael_Logo_FB_460_256Tá Paróiste an Chnoic ar an ngearrliosta i gcomórtas Glór na nGael 2015. Tá naoi gcoiste ar fad ar an ngearrliosta. Ar an Satharn seo beidh an darna babhta moltóireachta á dhéanamh ar Pharóiste an Chnoic.

Cumann Forbartha Chois Fharraige a réitigh an t-iarratas do Pharóiste an Chnoic. Ar ndóigh, bhain Paróiste an Chnoic an chéad duais i gcomórtas Ghlór na nGael cheana sa mbliain 2000/01 agus sa mbliain 1987/88. Úsáideadh cuid mhór den duaischiste an uair sin le Seanscoil Sailearna a athchóiriú agus leis an Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a thógáil.

Is fiú €20,000 an príomhdhuais sa gcomórtas agus deireann an cathaoirleach, Donncha Ó hÉallaithe, go bhfuil neart pleananna ag an gCumann Forbartha leis an duaischiste a chaitheamh ar thionscadail maithe sa gceantar, dá n-éireodh leo é a bhuachan.

Seo a leanas na ceantair eile atá ar an ngearrliosta:

  • Caisleán Uidhilín, Co an Dúin.

  • Carn Tóchair, Co Dhoire.

  • Baile Locha Riach, Co na Gaillimhe.

  • Ard Mhacha.

  • Doire Cholmcille.

  • Cill Dara.

  • Gaoth Dobhair, Do Dhún na nGall.

  • An Rinn, Co Phort Láirge.


Scannán ón Afraic an Déardaoin Seo

Forgotten_Kingdom_DSC0689_thumb

THE FORGOTTEN KINGDOM an scannán a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 26 Samhain, ag tosaí ag 8.15 i.n. Scéal grá ó Lesotho atá ann. Bhuaigh an scannán seo duais an lucht féachana ag dhá fhéile scannán dhá bhliain ó shin.

Tá níos mó eolais faoin scannáin, maraon le blaiseadh beag dhó, ar fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Seisiún Scéalaíochta sa gCeathrú Rua

Beidh seisiúin scéalaíochta ar bun in Ionad nua Thuismitheoirí na Gaeltachta (lonnaithe ar chúl na leabharlainne ar an gCeathrú Rua) ón Luan seo chugainn, 30 Samhain, go dtí an Aoine, 4 Nollaig.

Mairfidh chuile sheisiún ar feadh uair a chloig, cuirfear siamsaíocht ar fáil do na gasúir agus léifidh aisteoirí a bheas gléasta mar charachtair a bhíonn ar fáil sna leabhra Gaeilge (Cochaillín Dearg, Cleite an Foghlaí Mara srl) ag léamh scéalta nó sleachta as leabhra do na gasúir.

Tabharfar mála do chuile ghasúr a bheidh i láthair ina mbeidh leabhar Gaeilge amháin ar a laghad ann, chomh maith le hábhar Gaeilge eile a bheadh feiliúnach dá n-aoisghrúpa.

Tá spásanna teoranta agus deirtear linn go bhfuil roinnt áirithintí déanta cheana féin. Tá breis eolais le fáil ach glaoch ar Shorcha ag an uimhir 087 338 28 85.


Scannán faoi Iúda Naofa ar an Domhnach Seo

Tráthnóna Dé Domhnaigh seo chugainn ag 9.30 i.n. taispeánfar don chéad uair ar TG4 clár faisnéise ‘Snámh in Aghaidh Easa’, a rinne Meangadh Fíbín agus an t-iascaire Micheál Ó Conghaile ó Árainn. Is faoin mbád iascaigh an Iúda Naofa an clár, bád a chuaigh go tóin poill agus an scánnánaíocht ar siúl. Tá an-spéis á cur sna meáin sóisialta ar an mír seo a leanas ón gclár atá ar Youtube: https://www.youtube.com/watch?v=AfYbUKoaNew


Tallann sa Taibhdhearc ag Scléip Gael Linn 2016!

Bhí taispeántas tallainne den scoth ar ardán Thaibhdhearc na Gaillimhe ar an Aoine seo caite, 20 Samhain, ag réamhbhabhta an iarthair de Scléip Gael Linn 2016! Comórtas tallainne is ea Scléip, eagraithe ag Gael Linn, atá spreagúil agus spraíúil agus dírithe go sonrach ar na hiarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. I measc na míreanna a roghnaíodh le dul ar aghaidh go dtí craobhchomórtas Scléip ar an 4 Feabhra 2016 i mBaile Átha Cliath, bhí an t-amhránaí Sonny Ní Chathasaigh ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, agus an grúpa amhránaíochta ‘Trádmharc’ ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Scléip - Grúpa ón Spidéal

An grúpa Trádmharc ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a bhí sa gcéad áit do ghrúpaí amhránaíochta comhaimseartha sa gcomórtas Scléip, a reáchtáil Gael Linn le gairid i dTaibhdhearc na Gaillimhe.

Ó chlé: Iain Ó Nuanáin, Méabh Nic Dhonncha, Dillon Ó Ceallacháin, Camille Casburn agus Charlie McCarthy.