Cartlann Nuachta: 26 Aibreán 2017
Cumann Camógaíochta Chois Fharraige
Foireann faoi 10 ó Chumann Camógaíochta Chois Fharraige a d’imir trí chluiche i bPáirc an Chróchaigh le gairid agus a raibh an bua acu i ngach ceann acu.
Ar chúl ó chlé: Gráinne Breathnach, Clíona Ní Chonghaile, Damhnait Ní Fhátharta, Francesca Nic an Rí, Ciara Ní Chualáin, Labhaoise Ní Bhéarra, Fraoch Daly, Clíona Ní Mhárta, Síofra Ní Scanláin, Éabha Ní Chonghaile.
Chun tosaigh ó chlé: Ailbhe Ní Neachtain, Ekaterina Ní Fhoighil, Clíodhna Courtney, Roisín Ní Raifeartaigh, Caitríona Ní Mhathúna, Clíodhna Ní Neachtain, Ailbhe Ní Ghionnáin, Cliona Ní Chonfhaola, Victoria Ní Mháille.
Glór na nGael
Baill de Chumann Forbartha Chois Fharraige agus iad ríméadach tar éis dóibh glacadh le Trofaí Ghlór na nGael ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn agus le duais €20,000, urraithe ag Roinn na Gaeltachta, ag ócáid bronnta Ghlór na nGael in Óstán Carton House, Maigh Nuad, ar an Satharn seo caite.
Ó chlé: Máire Áine Mhic Dhonnacha, Máire Ní Fhlathartaigh, Donncha Ó hÉallaithe, Máirín Mhic Lochlainn agus Máire Denvir. [Pic: Paddy Furlong]
Ar an Satharn seo caite ag ócáid in Óstán Carton House, Maigh Nuad, fógraíodh go raibh príomhdhuais Ghlór na nGael don bhliain 2016 ag dul siar go Paróiste an Chnoic. Ceithre ghrúpa a bhí fágtha san iomaíocht don phríomhdhuais: Glór Ceatharlach; Glór na Móna ó Bhéal Feirste; Carn Tóchair, Co Dhoire agus Cumann Forbartha Chois Fharraige ó Pháróiste an Chnoic.
Ba é Cumann Forbartha Chois Fharraige a roghnaíodh mar an coiste ab fhearr i rannóg na Gaeltachta agus anuas ar sin bhuaigh an Cumann Forbartha dearbhán de luach €1,000, curtha ar fáil ag Cló Iar-Chonnacht, de bharr na hoibre a rinneadh chun léitheoireacht agus scríobh na Gaeilge a spreagadh i measc an aos óg.
Sé an tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn, a bhronn trofaí Ghlór na nGael agus seic do €20,000 ar Dhonncha Ó hÉallaithe ón gCumann Forbartha. Ag glacadh leis an duais dúirt Donncha Ó hÉallaithe go gcaithfear an t-airgead ar neart tionscadail atá ar na bacáin:
(i) dealbh a choimisiúnú den scríbhneoir ón gCnocán Glas, Máirtín Ó Cadhain, sa Spidéal;
(ii) comharthaí a chrocadh ag ceann gach bóithrín le seanainm an bhóithrín scríofa air;
(iii) léitheoir a ullmhú ina mbeadh scoth na litríochta ó Ghaeltacht Chonamara/Árann a bheadh feiliúnach le úsáid sna hiarbhunscoileanna don Teastas Sóisearach nua agus san Idirbhliain;
(iv) tacú le Ciste Cuimhneacháin an ‘Mine’ le go mbeifear in ann leacht cuimhneacháin a thógáil i reilig na Gaillimhe ar an mBóthar Mór, gar don áit inar cuireadh na píosaí de na coirp a bailíodh tar éis na pléisce.
Bronnadh duais €3,000 don darna áit i rannóg na Gaeltachta ar Chomharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, agus bronnadh duais de €1,500 ar Chumann na bPiarsach, Ros Muc, sa rannóg do chlubanna de chuid Chumann Lúithchleas Gael.
Dúirt Donncha Ó hÉallaithe gur onóir mhór do Pharóiste an Chnoic a bhí sa bpríomhdhuais agus aitheantas don obair éachtach a rinne an Cumann Forbartha le 50 bliain anuas ó bunaíodh é i 1966.
Ionadaithe ó Chomharchumann Mhic Dara, An Cheathrú Rua, tar éis dóibh glacadh leis an duais €3,000 don dara áit i rannóg na Gaeltachta ó Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, ag ócáid bronnta Ghlór na nGael in Óstán Carton House, Maigh Nuad, ar an Satharn seo caite.
Ó chlé: Pat Carey, Cathaoirleach Náisiúnta Ghlór na nGael; An tUachtarán, Micheál D. Ó hUigínn; Seán Ó Domhnaill, Bainisteoir Chomharchumann Mhic Dara; Máirtín Breathnach, Áine Uí Dhomhnaill agus Steve Ó Culáin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, a rinne urraíocht ar an duais.
Féile Náisiúnta Drámaíochta
Don tríú bliain as a chéile beidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar siúl i Seanscoil Sailearna an deireadh seachtaine seo chugainn, ag tosaí ar an Aoine, 28 Aibreán, le radharc as an dráma ‘Typhus’, a scríobh Máirtín Ó Cadhain, agus ina dhiaidh sin cuirfidh Aisteoirí Chúil Aodha ‘Caoineadh Art Uí Laoghaire’ ar an ardán.
Tá daoine ag súil go mór le ‘Cruthaíonn Bréag Bréaga’, dráma nua atá scríofa ag Proinnsias Ó Cuilinn. Aisteoirí Mhíobhaigh ó na Dúnaibh a bheas á léiriú tráthnóna Satharn ag 8.15pm sa tSeanscoil.
Féasta drámaíochta a bheas ar bun ar feadh an deireadh seachtaine le compántais drámaíochta ó Chonamara, Ráth Chairn, Ceatharlach, Cúil Aodha, Na Dúnaibh agus Corca Dhuibhne ag tíocht go Cois Fharraige.
Ceann de na gnéithe is deise den deireadh seachtaine is ea Éigse na Féile, a bheas ar bun ar an Domhnach, 30 Aibreán, ag 2.00 sa tSeanscoil. Déanfar an mholtóireacht a fhógairt agus na gradaim a bhronnadh ar an Domhnach ag 9.00pm.
Seo é an clár don deireadh seachtaine.
Aoine, 28 Aibreán
8.00 p.m. Oscailt Oifigiúil leis an Dr Aodhán Mac Cormaic, Stiúrthóir na Gaeilge, Roinn na Gaeltachta.
8.30 p.m. RADHARC AS TYPHUS – Geandráma le Máirtín Ó Cadhain á léiriú ag Scoil Éigse Chamais, Conamara.
CAOINEADH ART UÍ LAOGHAIRE – le hEibhlín Dhubh Ní Chonaill á léiriú ag Aisteoirí Chúil Aodha.
Satharn, 29 Aibreán
1.00 p.m PÍOB FÉS NA BÁNTAIBH – le T.C. Murray á léiriú ag Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne.
BOSCA PHILIB A’ CHLEITE – le Stephen Bean á léiriú ag Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach.
8.15 p.m. CRUTHAÍONN BRÉAG BRÉAGA – dráma nua le Proinsias Ó Cuilinn á léiriú ag Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, Tír Chonaill.
Domhnach, 30 Aibreán
2.00 p.m. ÉIGSE NA FÉILE
3.30 p.m. AN DOCHTÚIR BRÉIGE – le Molière á léiriú ag Cumann Drámaíochta Ráth Chairn.
7.00 p.m. MISS JONES – le hAisteoirí Thír an Fhia á léiriú ag Cumann Drámaíochta Chara Bheag, Conamara.
9.00 p.m. Moltóireacht na Féile agus Bronnadh na nGradam le Seán Coyne, T.D. Aire Stáit na Gaeltachta á chraoladh beo ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.
Glanadh Suas Chois Fharraige
Seachtain ón Satharn seo chugainn, 6 Bealtaine, tá Glanadh Suas á eagrú ag an gCumann Forbartha i gceantar Chois Fharraige. Tá tacaíocht faighte ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe, atá ag cur málaí ar fáil agus ag soláthar láimhíní do na daoine a bheas ag bailiú brúscair ar na bóithríní agus ar an gcladach.
Iarrtar ar dhaoine atá ag iarraidh cúnamh a thabhairt leis an nglanadh suas, castáil le chéile ag Seanscoil Sailearna ar an Sathairn, 6 Bealtaine, ag 10.00 ar maidin. Beidh fáilte roimh ghasúir chomh maith, ach gan iad a bheith ró-óg. Ach a dhóthain daoine a bheith ann ba cheart go mbeadh an áit glanta go maith faoi am lóin.
Tá socrú déanta leis an gComhairle Chontae go mbaileofar na málaí brúscair ón tSeanscoil ar an Luan ina dhiaidh.
Maidin Caifé agus Cácaí sa bPoitín
Tá Coiste Cuimhneacháin an ‘Mine’ fíorbhuíoch do na daoine go léir a thug tacaíocht don Mhaidin Caifé agus Cácaí a bhí sa bPoitín Stil ar an Satharn seo caite. Bailíodh os cionn €1,500 ag an ócáid. Tháinig lán mionbhus anuas ó Uachtar Ard le daoine gaolta leis an ógánach de mhuintir Uí Laoi, a bhásaigh sa ‘Mine’.
Níl sé ró-dheireannach fos síntiús a thabhairt. Glacfar le síntiúis go deireadh na míosa, ar mhaithe le Ciste Cuimhneacháin an ‘Mine’, in Oifig an Chomharchumainn, Seanscoil Sailearna, nó in Oifig an Chomhar Chreidmheasa ar an gCnoc. Ar shíntiús €25 nó níos mó, cuirfear cóip ar fáil saor in aisce den leabhar faoin ‘Mine’ a bheas á fhoilsiú le linn deireadh seachtaine an chuimhneacháin, 15-18 Meitheamh.
Cruinniú Cinn Bhliana an Chumann Forbartha
Tionóladh Cruinniú Cinn Bhliana ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Luan seo caite, 24 Aibreán, sa gCrann Taca, Indreabhán agus toghadh coiste nua ar an gCumann Forbartha don bhliain seo chugainn.
Glacadh le rún ag an gcruinniú go mba cheart don Chuman Forbartha dul i gcomhairle le pobal Chois Fharraige féachaint cén dearcadh atá ag daoine anois ar cheist an bhóthair nua atá ceapaithe a thógáil idir Gaillimh agus Scríb. Dúradh ag an gcruinniú go bhfuil an moill mhór ar cinneadh faoin mbealach don bhóthair nua ag cur bac ar dhaoine ó Chois Fharraige cead pleanála a fháil agus ag déanamh dochair fadtéarmach don cheantar, mar go bhfuil ar dhaoine ón áit bogadh isteach go Gaillimh le tithe a cheannach nuair nach féidir cead tógála a fháil ina gceantar dúchais.
Bhí 17 ball den Chumann Forbartha i láthair ag an gcruinniú cinn bhliana aréir agus toghadh triúr nua ar an gcoiste stiúrtha: Pádraig Mac Diarmada óna hAille, Kate Fennell, Cor na Rón agus Ríonach Ní Néill óna hAille. Ath-toghadh Máire Áine Mhic Dhonnacha, An Teach Mór agus Seán Ó Tuairisg, Na hAille ar ais ar an gCoiste Stiúrtha. Glacadh buíochas le Máire Ní Fhlathartaigh, atá ag éirí as an gCoiste Stiúrtha tar éis blianta fada seirbhíse. Dúirt an cathaoirleach Gearóid Ó Fátharta, go raibh an mholadh tuillte ag na daoine a d’oibrigh ar na fochoistí éagsúla de chuid an Chumann Forbartha i gcaitheamh na bliana agus gur toradh ar a gcuid oibre gur éirigh le Paróiste an Chnoic, príomhdhuais Glór na nGael a bhuachaint arís i mbliana.
Shocraigh Gearóid Ó Fátharta seasamh siar mar chathaoirleach, ach fanacht ar an gCoiste Stiúrtha. Seo a leanas na hoifigigh a toghadh don chéad bhliain eile:
Cathaoirleach: Donncha Ó hÉallaithe, Na hAille.
LeasChathaoirleach: Pádraig Mac Diarmada, Na hAille.
Rúnaí: Máirín Nic Lochlainn, Baile na mBroghach.
LeasRúnaí: Kate Fennell, Cor na Rón.
Cisteoir: Mamie Ní Chualáin, An Teach Mór.
Beidh cruinniú ag an gCoiste Stiúrtha nua seachtain ón Luan seo chugainn le plean oibre na bliana a shocrú, ag tógáil san áireamh na moltaí a cuireadh chun cinn aréir ag an gCruinniú Cinn Bhliana.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Iomáint (Sóisear 1) : Ml. Breathnach 1 – 19, Tommy Larkins 4 – 10.
- Iomáint (Sóisear 1): Bearna/na Forbacha 1 – 13, Turlach Mór 5 – 19.
- Peil (faoi 14): Micheál Breathnach 1 – 01, An Spidéal 0 – 09.
- Peil (faoi 14): An Spidéal 2 – 03, An Cheathrú Rua 2 – 01.
- Peil (faoi 14): Micheál Breathnach 2 – 08, An Cheathrú Rua 2 – 05.
- Peil (faoi 14): Micheál Breathnach 4 – 11, Naomh Anna 2 – 01.
- Camógaí (Sóisear A): Cois Fharraige 5 – 12, Baile an Doirín 4 – 10.
- Camógaí (faoi 10): Cois Fharraige 0 – 00, Abbey 2 – 03.
- Peil na mBan (faoi 14): Ml. Breathnach 11 – 11, Cora Finne (B) 2 – 01.
- Peil na mBan (faoi 12): Ml. Breathnach 5 – 08, Carna/Caiseal 1 – 01.
26 Aibreán 2017