Cartlann Nuachta: 26 Aibreán 2023
Camógaí Chois Fharraige
Foireann Camógaí Chois Fharraige faoi 16, ar éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Bhleá ‘n Rí an deireadh seachtaine seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Saoirse Ní Chuláin, Ríona Ní Aodha, Emma Ní Churraoin, Mailí de Cléir, Mar Ní Néill, Adhna Ní Chonghaile, Dearbhaill Ní Dhonnacha, Muireann Ní Ghloinn, Sarah Ní Choinceannain,Eimear Ní Dhiomsaigh.
Chun tosaigh, ó chlé: Alanna Seoighe, Iseult Ní Chuláin, Orlaith Ní Thuairisg, Éabha Mar Riggott, Caitríona Ní Raifeartaigh, Niamh De Bhailís, Caoimhe Ní Ghloinn , Sadhbh Laila Riggott.
Gradam Ceoil TG4
Síle Denvir ó Na hAille, ar a bronnadh Gradam Ceoil TG4, ag ócáid in Ollscoil Luimnigh ar an Domhnach seo caite.
Ar an Domhnach seo caite in Ollscoil Luimnigh bronnadh Gradam Ceoil TG4 d’amhránaí na bliana ar bhean óg ó Chois Fharraige, Síle Denvir. As na hAille, Indreabhán, í Síle, iníon le Máire agus Gearóid Denvir. Tá sí ag plé le ceoil le fada an lá. Ní amháin gur amhránaí den scoth í ach is cláirseoir í chomh maith a bhíonn ag seinm leis an ngrúpa Liadán.
Ag glacadh leis an ngradam chuir Síle a buíochas in iúl do Mháire Pheter Uí Dhroighneáin agus don Ghael Acadamh as í a spreagadh faoin amhránaíocht nuair a bhí sí ina cailín óg ag freastal ar Scoil Sailearna, Indreabhán.
Tá an t-albam nua ‘Anamnesis’ le Síle Denvir le naoi gcinn d’amhráin sean-nóis mhóra Chonamara. Tá ‘Anamnesis’ ar fáil le híoslódáil go digiteach agus mar dhlúthdhiosca ar Bandcamp ag an nasc seo: https://siledenvir.bandcamp.com/album/anamnesis.
AGM an Chumann Forbartha
An Luan seo caite tionóladh Cruinniú Cinn Bhliana de Chumann Forbartha Chois Fharraige. Thug an Cathaoirleach, Ananda Geluk, cuntas cuimsitheach ar an obair a rinne An Cumann Forbartha le bliain anuas. Ina tuairisc airgeadais don chruinniú dúirt an Cisteoir, Máire Áine Mhic Dhonncha, go raibh caiteachas de €9,127 ag an gCumann Forbartha i gcaitheamh na bliana 2022 agus tíocht isteach de €18,538.
Glacadh le rún comhbhróin le muintir Uí Thuairisg as bás Seán Ó Tuairisg agus a dheartháir Pádraig.
Ritheadh rún d’aonghuth ag an gcruinniú ag iarradh ar Aire na Gaeltachta cinneadh práinneach a dhéanamh le ardú suntasach a thabhairt do mná/fir tí a choinníonn scoláirí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge, ardú a bheadh ar a laghad ar aon dul leis an ardú i gcaiteachas le dhá bhliain anuas.
Toghadh an triúr seo leanas ar an gCoiste leis an trí fholúntas a líonadh: Ruairí Ó Coisdealbha ó Bhaile na mBroghach, Ananda Geluk ón Teach Mór agus Mamie Ó Cualáin ón Teach Mór.
Socraíodh go dtiocfaidh an coiste nua le chéile ar an Luan, 8 Bealtaine, le oifigigh a chomhthoghadh.
Sharon Shannon i Stiúideo Cuan
Sharon Shannon
Is dea-scéal é go mbeidh an boscadóir clúiteach, Sharon Shannon, ar an ardán ar an Aoine agus ar an Satharn seo, 28 & 29 Aibreán, i Stiúideo Cuan mar chuid de Féasta Ceoil An Spidéil. Ach is drochscéal é go bhfuil na ticéid ar fad díolta.
Is lárionad ceoil agus ealaíne den scoth é Stiúideo Cuan atá ag breathnú amach thar Cheardlann an Spidéil ar chuan na Gaillimhe agus ceann Boirne. Tá Stiúideo Cuan ag mealladh an chuid is fearr de cheoltóirí traidisiúnta na tíre chuig An Spidéal le casadh san ionad álainn.
Mar go bhfuil an ionad beag is fiú ticéad a chur in áirithe in am. Ar an Aoine, 19 Bealtaine, beidh an grúpa cáiliúil CHERISH THE LADIES ag casadh.
Bua ag Na Breathnaigh
Bhí an t-ádh ar pheileadóirí ó Chumann Micheál Breathnach sa gcluiche in aghaidh Oranmore/Maree a imríodh ar an Satharn seo caite ar Pháirc an Chnoic. Bhí Oranmore/Maree chun tosaigh an chuid is mó den chluiche agus iad chun tosaigh le cúilín amháin agus an t-am caite. Ach le linn am gortaithe d’éirigh le Cian ‘Bouli’ Ó Conghaile dhá chúilín a scóráil leis an mbua a bhaint ó Oranmore/Maree agus cúilín amháin le spáráil.
Chríochnaigh an cluiche leis an scór 0 – 09 in aghaidh 0 – 08 i bhfábhar an fhoireann baile.
Beidh cluiche dúshlánach ag peileadóirí na mBreathnaigh ar an Satharn seo chugainn nuair a chasfaidh siad ar Mhaigh Chuilinn i gcluiche leath-cheannais na Gaillimhe, i gComórtas Peile na Gaeltachta, ar Pháirc an Phiarsaigh, Ros Muc ag 6.00pm. Is i nDún na nGall a bheas an Comórtas Náisiúnta ar bun i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana, le linn deireadh seachtaine na Cincíse, tús mí Meithimh.
Glantachán in Indreabhán
Cáit Ní Áinle agus Aoibhe Gaughan, beirt a bhí ag cabhrú leis an ‘Glanadh Suas’ an deireadh seachtaine seo caite.
In ainneoin an aimsir go dona, chuaigh thart ar scór duine amach ag bailiú brúscair i gceantar Indreabháin ar an Satharn seo caite. Bhí an ‘Glanadh Suas’ bliantúil eagraithe ag an bhFochoiste Timpeallachta, de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’éirigh leis an ngrúpa cuid mhaith bóithríní a ghlanadh agus cuid den chladach chomh maith.
Ba mhaith leis an gCoiste Timpeallachta cloisteáil ó dhaoine a bheadh sásta a bheith freagrach as píosa den chladach idir dhá bhóithrín, agus brúscar a phiocadh go rialta.
Daoine ar spéis leo a bheith páirteach ina leithéid de scéim leanúnach glantacháin iarrtar orthu é sin a chur in iúl don Fhochoiste Timpeallachta ar téacs, nó ar What’s App, a sheoladh ag an uimhir 087 6738834. Tá sé i gceist cruinniú a thabhairt le chéile roimh dheireadh Bealtaine leis na daoine atá sásta a bheith freagrach as cuid den chladach leis na socraithe cuí a dhéanamh.
Skip lán go béal tar éis an lá glantachán i gceantar Indreabháin, a bhí eagraithe ag an bhFochoiste Timpeallachta, Cumann Forbartha Chois Fharraige.
Seó Faisin
Beidh Seó Faisin speisialta ar bun i Seanscoil Sailearna ar an Aoine beag seo, 28 Aibreán, le mainicíní áitiúla ag taispeáint éadaigh ón siopa ‘Scéal Eile’.
Tosóidh an Seó Faisin ag 8.00pm agus sí Máire Bríd Ní Chualáin ó Iris Aniar (RnaG) a bheas mar bhean a’ tí don oíche. Níl ach €5 ar na ticéid agus beidh raifil ar siúl ar an oíche. Is cinnte gur oíche spraíúil a bheas ann.
Oíche Shóisialta ag Iománaithe An Spidéil
Ar an Aoine beag seo, 28 Aibreán, beidh oíche shóisialta á reáchtáil ag CLG An Spidéal do dhaoine a d’imir le foirne iomána an chumainn sna blianta a chuaigh thart.
Beidh teacht le chéile ann sa gCrúiscín Lán ag 8.00in agus fáilte roimh chách ar mhaith leo freastal uirthi. Déanfar píosa cainte ar stair an iomána sa gcumann, taispeánfar pictiúir de seanfhoirne agus tabharfar deis do dhaoine a gcuid cuimhní ar chluichí agus eile a roinnt.
‘Darkness into Light’
Is ar an Satharn, 6 Bealtaine, a bheas ‘Darkness into Light’ á eagrú ar fud na hÉireann.
Sa taobh seo tíre is sa gCeathrú Rua a bheas an ócáid ar bun ag tosú ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin, eagraithe ag an gcoiste áitiúil.
Is féidir clárú don siúlóid sa gCeathrú Rua ach dul ag an suíomh idirlín WWW.DARKNESSINTOLIGHT.IE.
Cabhraíonn an t-airgead a bhailítear trí ‘Darkness into Light’ leis na mílte daoine gach bliain atá i mbaol lámh a chur ina mbás féin tré seisiúin comhairleoireachta saor ó tháille a chur ar fáil dóibh.
Taispeántas Grianghrafadóireachta
Pictiúr de Mháire Phait Ní Chualáin atá sa taispeántas grianghrafadóireachta in Ionad an Phiarsaigh, Ros Muc.
Beidh taispeántas nua grianghrafadóireachta leis na healaíontóirí Siobhán Ní Dhuinnín agus Dervla Baker á sheoladh in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh ar an gCéadaoin, 3 Bealtaine, ag 18:30.
Thug Ríonach Ní Néill, stiúrthóir an togra BAINT AN AEIR, cuireadh don rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín agus don ghrianghrafadóir agus scannánaí Dervla Baker plé a dhéanamh le daoine áitiúla ar an cheist “cad a shamhlófá don phortach?”
Thosaigh Siobhán agus Dervla an comhrá seo in éineacht le Mike Breathnach, Máire Ní Chualáin agus Ada Ní Thuairisg. Chaith siad am ar phortaigh Fhionnáin, ar phortach Sheanadh Mhach agus ar phortaigh Cois Fharraige ag cur agallamh ar Mhike, ar Mháire agus ar Ada, ar thug dearcadh na nglúnta éagsúla dóibh. D’eascair na grianghrafanna as na comhráití seo; as na scéalta a d’inis na rannpháirtithe agus as na smaointe a bhí acu maidir leis an bportach.
Imreoirí Óga Rugbaí
Rónán agus Fionnán Ó Neachtain as Baile na hAbhann a bhuaigh craobh Chonnachta sa rugbaí f14 le foireann Corinthians ag an deire seachtaine.
Tá imreoirí óga rugbaí ó Chois Fharraige ag déanamh ainm dóibh féin le Corinthians na laethanta seo. Bronnadh gradam Imreoir na Bliana leis an gCumann Rugbaí Corinthians, Fionnán Ó Neachtain ar fhoireann amháin agus Eoin Ó Gionnáin ar fhoireann eile. Chomh maith le sin bronnadh Sár Chorinthian na Bliana ar Eoin Donohue as na Minna.
Anuas ar sin bhí an cúpla Rónán agus Fionnán Ó Neachtain as Baile na hAbhann ar fhoireann Corinthians ar éirigh leo craobh Chonnachta f14 a bhuachan ag an deire seachtaine nuair a bhuail siad Sligeach RFC 22 – 17.
Ranganna Gaeilge
Le cabhair a thabhairt dóibh siúd ar mhaith leo cur leis an eolas atá acu ar théarmaí spóirt agus ar bhun-chomhrá as Gaeilge, rud a chuideoidh leo sna seisiúin traenála/cluichí, tá Cumann Micheál Breathnach
ag eagrú 6 rang (uair a chloig an ceann), ag tosú Dé Máirt, 02 Bealtaine ón 8.00-9.00i.n.
Le spéis sna ranganna a léiriú is féidir dul i dteagmháil le rúnaí Chumann Mícheál Breathnach ag 087 7915340 nó ríomhphost a sheoladh chuig
secretary.michealbreathnach.galway@nullgaa.ie.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €5,00 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 9, 19, 24, 26.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
Rian Ó Conghaile, Na hAille;
Gerry Curran, Coill Rua;
Margaret Powell, Saile Thúna;
Mairéad Ní Chonghaile, Aille Thoir.
Rónán Griffin, Baile na hAbhann, a fuair duais an díoltóra.
€5,500 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Peil na mBan (Sóisear): Ml. Breathnach 1 – 08, St. Furseys 2 – 08.
• Iomáint (faoi 20B): Ml. Breathnach 1 – 18, Liam Mellows 2 – 17.
• Iomáint (faoi 15): Cois Fharraige 0 – 04, Ath Eascrach/Fothaine 5 – 08.
• Iomáint (faoi 13): Ml. Breathnach 7- 11, Ath Eascrach/Fothaine 4 – 08.
• Iomáint (faoi 13): Cois Fharraige 0 – 01, Tuam Hurling 0- 00.
• Camógaí (Sóis): Cois Fharraige 2 – 10, Cathair na Mart 2 – 07.
• Camógaí (faoi 16): Cois Fharraige 7 – 03, Athenry 2 – 07.
• Peil (Roinn III): Ml. Breathnach 0 – 10, Oranmore/Maree 0 – 09.
• Peil (Roinn II): An Spidéal 0 – 03, Oileáin Árann 2 – 14.
• Peil (faoi 13): Ml. Breathnach 5 – 07, Bearna 0 – 05.
• Peil (Coláistí): Coláiste Chroí Mhuire 4 – 12, Roscommon Community College 7 – 11.
• Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 2, Moyne Villa 5.
• Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 1, Renmore 0.
• Sacar (faoi 17): Mac Dara 6, Moyne Villa B 7.
• Sacar (Cailíní f17): Bearna/Na Forbacha 1, Knocknacarra 4.
• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha C 2, Tuam Celtic 0.
• Sacar (Cailíní f15): Bearna/Na Forbacha 2, St. Bernard’s 1.
• Sacar (faoi 15): Mac Dara 2, Kiltullagh 0.
• Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 1, Maree/Oranmore 2.
• Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha B 2, Galway Bohs B 2.
• Sacar (faoi 14): Mac Dara 2, Ballinasloe Town B 1.
• Sacar (faoi 13): Mac Dara 1, Ramblers 4.