Cartlann Nuachta: 26 Feabhra 2020
AGM an Chomhar Creidmheasa
Comhar Creidmheasa Cholm Cille, An Cnoc, Indreabhán
Ar an Máirt seo caite, 25 Feabhra, tionóladh cruinniú cinn bhliana Chomhar Creidmheasa Cholm Cille, sa gCrann Taca (ITT), Indreabhán.
Tuairiscíodh go raibh ioncam iomlán de bheagán le cois €1.34 milliún ag an gComhar Creidmheasa, le linn na bliana airgeadais 2018/19, a chríochnaigh ar an 30 Meán Fómhair, 2019. Is méadú de bheagnach €4,000 ar an ioncam don bhliain roimhe sin. Bhí farasbarr ioncaim thar caiteachais de €452,000 a roinneadh ar na cúlchistí éagsúla, méadú ón bhfarasbarr de €408,000 a bhí ag an gComhar Creidmheasa sa mbliain 2018. Is de bharr laghdú de thart ar €43,000 sa gcaiteachas a tháinig méadú ar an bhfarasbarr den ioncam thar an gcaiteachas.
Tá timpeall 8,930 ball ar fad sa gComhar Creidmheasa, beagnach an tríú cuid acu faoi bhun 30 bliain d’aois. Tá €43,874,000 de luach scaireanna ag na baill sa gComhar Creidmheasa, méadú 5.6% ó 2018 agus tá beagán le cois €8.5 milliún sna cúlchistí éagsúla.
Tá beagán le cois €12 milliún ar iasachtaí tugtha amach do na baill, méadú de bheagnach €1 mhilliún ar an méid iasachtaí a bhí tugtha amach ag deireadh na bliana airgeadais 2018. Tá 80% den airgead amuigh ar iasacht á íoc ar ais in am, gan ach 7% níos mó ná 9 seachtain thar dhlite.
Ceadaíodh 1,190 iasacht ar fad le linn na bliana. Is le haghaidh carr/veain a cheannach is mó a thugtar iasacht do na baill agus athchóiriú tí sa dara áit. Tugtar iasachtaí le haghaidh táillí agus costais oideachais, chomh maith le taisteal a dhéanamh agus le costais bainise a chlúdach.
Grúpaí Peile
Ar an Déardaoin seo caite a tarraingíodh na foirne peile, a bheas páirteach i gCraobhchomórtas na Gaillimhe in Grád na Sinsear agus sa nGrád Idirmheánach. Tá An Spidéal agus Micheál Breathnach sa ngrúpa céanna i nGrád na Sinsear le Réalta Thuama, Cathair Liostráin, Baile Mhuilinn agus Creagán/Magh Locha.
Tá Bearna agus An Cheathrú Rua sa ngrúpa céanna le Cora Finne, Naomh Séamas, Cill Ainnín agus Baile Clár na Gaillimhe.
Is ar an 23/24 Bealtaine a imreofar an chéad bhabhta den chraobh i mbliana.
€20,000 sa bPota Óir ag Lotó na mBreathnaigh
An tseachtain seo bhí €20,000 sa bpota óir ag Lotó Chumann Micheál Breathnach. Seo an chéad uair le fada a raibh an oiread airgid sa bpota óir agus dá bharr tá an-tóir ar na ticéad lotó na laethanta seo.
Ciana ina Seaimpín i Meiriceá
Ciana Ní Churraoin sa mbliain 2018
An deireadh seachtaine seo caite d’éirigh le Ciana Ní Churraoin, ó Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach, craobh 3ú leibhéal Mheiriceá a bhuachan ar son Ollscoil Stát Minnesoto, Mankato, nuair a bhuail sí Fiona Tully ó DCU leis an scór 21-11, 21- 3.
Scoil Sailearna sa Liathróid Láimhe
Ar an Luan seo caite i mBóthar na Trá d’éirigh le Éabha Ní Neachtain agus le Niamh Ní Ghionnáin, ó Scoil Sailearna, Indreabhán, an bua a fháil i gCraobh Chonnacht den Chomórtas Dúbailte Liathróid Láimhe do Chailíní faoi 11. Chomh maith leis sin, d’éirigh le Oisín Ó Neachtain an bua a fháil sa gComórtas Singil do Bhuachaillí faoi 11.
Beidh siad triúr ag dul ar aghaidh anois le páirt a thógáil i gCraobh na hÉireann, in aghaidh buaiteoirí ó na cúigí eile, a bheas ar bun i gCabhán ar an Satharn, 7 Márta.
Oíche Boogie sa Spidéal
Beidh Oíche Boogie ar bun sa seomra ar chúl An Droighneán Donn, An Spidéal, seachtain ón Satharn seo, 7 Márta, ag tosnú ag 9.30pm, leis an DJ Will Softly i mbun an cheoil. Is ar mhaithe le airgead a bhailiú don fhéile ceoil Traidphicnic atá an Oíche Boogie á eagrú.
Beidh an Traidphicnic ag dul ar aghaidh i mbliana tús mí Iúil sa Spidéal.
Cúrsa Cócaireachta
Beidh cúrsa cócaireachta ag tosnú i gColáiste Cholmcille ar an Máirt, 3 Márta, agus ag dul ar aghaidh ar feadh ocht seachtaine. Tá spás teoranta ar an gcúrsa. Le níos mó eolais a fháil, nó le áit a chur in áirithe, ní mhór glaoch ar Norah Ní Cheannabháin ag 087 9740572 nó 091 574858.
An Club Leabhar
Is sa mBlackgate, ar Sráid Proinsias, Gaillimh, a bheas an chéad tíocht le chéile eile ag Club Leabhar Chois Fharraige, ar an 11ú Márta, nuair a phléifear an leabhar do dhéagóirí “An Jailtacht” le Richie Conroy. Beidh dhá chlub leabhar eile as Gaillimh páirteach san oíche speisialta seo agus tá sé oscailte d’aon duine gur spéis leo a bheith ag léamh i nGaeilge. Is ag 8.00pm a thosóidh an oíche.
Tá tuilleadh eolais faoin leabhar ar fail anseo: An Jailtacht
Seid na bhFear is na mBan
Bhí cruinniú Dé Chéadaoin na seachtaine seo, eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, le plé a dhéanamh agus le tuairimí an phobail a fháil faoi smaoineamh go mba ceart ‘Seid na bhFear is na mBan’ a eagrú i gceantar Chois Fharraige.
Beidh níos mó eolais faoi thoradh an chruinniú sna Nótaí an tseachtain seo chugainn.
Scannán ó Mheiriceá Theas sa tSeanscoil
Radharc ón scannán BIRDS OF PASSAGE a bheas á theaspáint i Seanscoil Saileanra, Indreabhán, an Déardaoin seo, 27 Feabhra ag tosú ag 8.15pm. Scannán bunaithe ar scéal fíor ón am ar thosaigh fás ollmhór i margadh an chanabhais i gColombia sna 1970idí.
An Déardaoin seo, 27 Feabhra, beidh an scannán BIRDS OF PASSAGE, ó Mheicsiceo, á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosú ag 8.15pm, mar is gnáth.
Tá an scannán bunaithe ar scéal fíor thart ar an am ar thosaigh fás ollmhór i margadh an chanabhais i gColombia sna 1970idí. Baineann scéal an scannáin le fear óg atá ag iarraidh pósadh, ach níl sé in ann an spré a chur le chéile. Casann sé le Meicsicigh óga atá ag cuartú marijuana agus ar an gcaoi sin éiríonn leis a ghrá a phósadh. Ach an trádáil drúgaí seo le Meicsicigh óga, tosaíonn sé cogadh idir na treibheanna dúchasacha. Is trí shúile na ndaoine dúchasacha, a bhíodh ag trádáil leis na Meiriceánaigh, a léirítear scéal an scannáin.
Is féidir eolas faoin scannán agus blaiseadh dhó a fháil ar shuíomh idirlín Chlub Scannán Sailearna anseo: Club Scannán – BIRDS OF PASSAGE.
Club Iománaíochta Bearna/Na Forbacha: Lá Oscailte
Beidh lá Oscailte ag Club Iomanaíochta Bearna/Na Forbacha ar an Aoine seo, 28 Feabhra, in Ostán Chois Fharraige, ag 7.00pm. Bronnfar boinn ar imreoirí an chlub ar an oíche. Beidh éide an chlub le ceannach ann agus beidh deis ag daoine ballraíocht sa gclub a fhail don bhliain 2020. Freisin beidh seans ag imreoirí bualadh leis an traenalaí agus leis an gcoiste. Tá fáilte roimh chách ar an oíche!
‘Boicíní’ an Spidéil sa mBruiséal
Radharc as an dráma Boicíní Bóthar Kilburn, a bheas á chur ar stáitse ag Aisteoirí an Spidéil, sa mBruiséal ar an Aoine agus Satharn seo chugainn, 6/7 Márta.
Ó chlé: Seán Ó Neachtain, Seán Ó Coistealbha, Peadar Ó Treasaigh agus Maidhc P Ó Conaola.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Beidh Aisteoirí an Spidéil ag cur an dráma ‘Boicíní Bhóthar Kilburn’ ar stáitse sa mBruiséal, ar an Aoine agus ar an Satharn seo chugainn sa Warehouse Studio, 69a Rue Waelhem, ag tosú ag 8.00pm.
Is leagan Gaeilge é seo a rinne Mícheál Ó Conghaile de dráma Jimmy Murphy ‘The Kings of Kilburn High Road’, faoi ghrúpa fear as Conamara a d’imigh go Sasana cheal oibre sna hochtóidí agus rún acu ar fad filleadh ar an bhfód dúchais, ach de bharr cúinsí éagsúla níor tharla sin. Tá duine acu ag filleadh i gcónra agus an chuid eile acu bailithe le chéile i dteach tábhairne le slán a fhágáil leis. Do réir a chéile tosaíonn an deoch ag dul i bhfeidhm orthu agus nochtar fírinne agus fíricí le caint atá crua, míthrócaireach, garbh agus barrúil scaití.
Clárú sa gCumann Camógaíochta
Tá an clárú i gCumann Camógaíochta Chois Fharraige oscailte anois ar líne do chailíní, ó aois 6 bliain suas. €55 atá ar an mballraíocht faoi 18 agus €80 ar an mballraíocht do dhaoine os cionn 18. Is féidir ballraíocht clainne a fháil (triúr nó níos mó) ar €130.
Le clárú ní mhór dul go WWW.CLUBFORCE.IE agus Cumann Camógaíochta Chois Fharraige a chuardach.
Is féidir glaoch ar Mháirtín le breis eolais a fháil ag an uimhir 086 4084033.