Cartlann Nuachta: 26 Lúnasa 2015

26 Lúnasa 2015


Gaillimh Abú!

image
Éabha Ní Choisdealbha, 8 mbliana d’aois, ar Pháirc an Chrócaigh Dé Domhnaigh 16 Lúnasa agus brat na Gaillimhe á chrochadh aici chun na mórtha fáilte a chur roimh fhoireann iománaíochta na Gaillimhe ag tús na himeartha. Ar ndóigh, bhuail Gaillimh Tiobraid Árann chun áit a fháil sa gcluiche ceannais in aghaidh Chill Choinnigh.
Pic: Ray Mc Manus


Boinn an Domhain d’Imreoirí Liathróid Láimhe ó Chois Fharraige

D’éirigh go maith leis na himreoirí ó Chois Fharraige a ghlac páirt i gComórtas an Domhain sa Liathróid Láimhe, a bhí ar bun i gCalgary Cheanada le coicís anuas. Ar an bhfoireann a chuaigh anonn bhí Sinéad Ní Áinle (An Spidéal), Sadhbh Ní Fhlaithearta (An Chré Dhubh), Anna Ní Ódhráin-Ní Mhurchú (An Lochán Beag), Ciana Ní Churraoin (Púirín), Eimear Ní Bhiadha (An Cnoc) agus Áine Ní Dhroighneáin (Leitir Péic).

Agus níor tháinig siad abhaile folamh: bhí bonn óir an duine ag Ciana Ní Churraoin (Singil na mBan, Grád A); Sinéad Ní Áinle (Singil na mBan, Grád B) agus ag Sadhbh Ní Fhlaithearta (Aon Bhalla Singil faoi aois) agus bhí bonn airgid ag Bobbaí Ní hAinlí agus Áine Ní Dhroighneáin (Aon Bhalla, Dúbailte na mBan, Grád B).

Is mór an chreidiúint é don Chumann Liathróid Láimhe gur éirigh chomh maith leo ag Comórtas an Domhain agus tá buíochas mór ag dul do Jimí Jo Shéamais Ó Fátharta, Timín Joe Tim Ó Curraidhín agus do Frances Uí Churraoin faoin obair leanúnach atá déanta acu leis na blianta chun an cluiche liathróid láimhe a chur chun cinn i measc daoine óga.

Liathróid Láimhe - Ceanada

Sa bpictiúr thuas tá Máirín Ní Chonghaile ón gComhar Creidmheasa ag bronnadh geansaí ar Bhobbaí Uí Áinle agus taobh léi tá Sadhbh Ní Fhlaithearta. Ina seasamh ar chúl sa bpictiúr tá an chuid eile de na himreoirí a chuaigh anonn: Anna Ní Ódhráin-Ní Mhurchú, Ciana Ní Churraoin, Eimear Ní Bhiadha agus Áine Ní Dhroighneáin.


Taispeántas Chois Fharraige

I mbliana is ar an Domhnach, 6 Meán Fómhair, a bheas Taispeántas Chois Fharraige ar bun i gColáiste Chonnacht. Ar an lá céanna beidh báireoirí na Gaillimhe, mionúir agus sinsir, ag imirt i gCluiche Ceannais na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Beidh na daoine a théann ag an Taispeántas in ann an dá chluiche a fheiceáil ar scáileán mór atá á shocrú sa gColáiste go speisialta.

Ceann de mhórimeachtaí na bliana é Taispeántas Chois Fharraige a reáchtáiltear ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair chuile bhliain, an lá céanna leis na Cluichí Ceannais Iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh.

Tá 132 comórtas ar fad ann i mbliana: comórtais do na capaillíní, do na caoirigh, do na madraí; comórtais do tháirgí ón bhfeilm agus ón ngarraí; comórtais bláthanna agus torthaí; comórtais tíos agus tionscail tuaithe; comórtais ealaíon agus grianghrafadóireacht.

Tá Coirnéal na nGasúr ann dóibh siúd atá faoi bhun 13 bliain d’aois agus tá roinn ann do na déagóirí chomh maith, ina bhféadfaidís a gcuid talann le ealaín, grianghrafadóireacht, obair ceardaíochta agus araile a chur ar taispeáint.

Tá liosta iomlán na gcomórtas le fáil ar an nasc seo: Clár TCF 2015.  Is féidir na foirmeacha iontrála a fháil ó Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil. Tá go dtí an Máirt seo chugainn, 1 Meán Fómhair, na foirmeacha iontrála a chur ar ais, le go mbeidh siad sa gclár breá a chuirtear amach ar an lá.

Ríona ar chapall II

Ríona Howlin ó Chor na Rón ag glacadh páirt sa gcomórtas marcaíochta ag Taispeántas Chois Fharraige dhá bhliain ó shin. Damien Ó Curraoin atá ag treorú an chapaill.


BISEACH ag Tíocht

Biseach

Tá ábhar tosaithe ag tíocht isteach don iris BISEACH, a bheas á foilsiú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ag tús mí Dheireadh Fómhair. Ba cheart go mbeadh iris don scoth ann idir míreanna staire, tuairimíocht, seanghrianghrafanna agus eile. Beidh alt spéisiúil le Cóil Learaí Ó Féinneadha faoi Choláiste Cholmcille, nó an Tech, mar is fearr le go leor daoine a thabhairt air. Tá an Tech ag soláthar oideachais den scoth do dhéagóirí an cheantair le 60 bliain anois.

Seosamh Ó Braonáin atá i mbun na heagarthóireachta agus le Joe ina bhun is féidir a bheith cinnte go mbeidh iris shlachtmhar á cur amach.

Cé go bhfuil go leor ábhar tagtha isteach cheana, ba mhaith leis an gCoiste Eagarthóireachta roinnt eile seanghrianghrafanna a fháil ó dhaoine, nár foilsíodh cheana. Is féidir ábhar don iris a leagan isteach in Oifig an Chomharchumainn, le BISEACH ar an gclúdach. Tabharfar aire mhaith d’aon ábhar a chuirfear ar fáil, agus tabharfar ar ais aon ghrianghraf a fhágtar isteach taobh istigh de dhá sheachtain nó mar sin.


Cailín Chois Fharraige i gCluiche Cheannais na hÉireann

Tiffany Ní ChoisdealbhaThíos in Aonach Urmhumhain, ar an Domhnach seo chugainn,30 Lúnasa, beidh cailín as Cois Fharraige, Tiffany Ní Choisdealbha ó Chorr na Rón, ag dul chun páirce i gCluiche Cheannais na hÉireann faoi 16. Tá sí roghnaithe le uimhir 6 ar a droim, le imirt mar lánchúlaí láir le Foireann Camógaí an Chontae faoi 16.

Is le Club Camógaí Chois Fharraige a imríonn Tiffany Ní Choisdealbha. Sa gCluiche Leathcheannais, a imríodh ar an 15 Lúnasa, bhuail cailíní na Gaillimhe foireann láidir ó Bhaile Átha Cliath. Sa gCluiche Ceannais ar an Domhnach is in aghaidh Corcaigh a bheas siad.  Go n-éirí go geal le Tiffany agus leis an bhfoireann ar fad.


Ceardlann: An Gearrscéal Agus An Splancscéal

CEARDLANN2015-fogra

CEARDLANN NÁISIÚNTA
AN GEARRSCÉAL AGUS AN SPLANCSCÉAL
CLÓ IAR-CHONNACHT

Dáta: Dé Sathairn, 10 Deireadh Fómhair 2015

Ionad: Áras na Scríbhneoirí, 19 Cearnóg Pharnell, Baile Átha Cliath
Á heagrú i gcomhar le IMRAM agus Áras na Scríbhneoirí

Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile agus Micheál Ó Ruairc

Beidh an cheardlann seo dírithe den chuid is mó ar scríbhneoirí óga/nua nach bhfuil aon leabhar foilsithe fós acu ach a léiríonn cumas scríbhneoireachta sa ghearrscéal nó sa splancfhicsean. Tabharfar áit ar an gceardlann freisin áfach do dhornán scríbhneoirí aitheanta, rud a rachaidh chun leasa na scríbhneoirí óga agus na scríbhneoirí aitheanta araon. Tugtar cuireadh do ghearrscéalaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann gearrscéal nó cupla splancscéal dá gcuid a sheoladh chuig Stiúrthóir CIC, Micheál Ó Conghaile ag moccic@nulleircom.net ROIMH an 24 Meán Fómhair 2015.

Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach scríbhneora chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh. Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim ó laigí agus ó bhuanna shaothar a chéile. Beidh áit d’ochtar ar a mhéid ar an gceardlann. Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.

Tuilleadh eolais:
Micheál Ó Conghaile nó Bridget Bhreathnach
Cló Iar-Chonnacht
Indreabhán
Conamara
Co. na Gaillimhe
Guthán: (091) 593307 Facs: (091) 593362 Ríomhphost: moccic@nulleircom.net

Tá an cheardlann seo á heagrú le tacaíocht ón gComhairle Ealaíon


Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an grúpa a bhí ag cur Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst ar an Déardaoin, 3 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh seo, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.