Cartlann Nuachta: 27 Aibreán 2016
27 Aibreán 2016
Lá Spóirt Chois Fharraige
Foireann Scoil Éinde, An Spidéal, ag a raibh an bua sa rása relay idir bunscoileanna Chois Fharraige ag Lá Spóirt na gCluichí Pobail do cheantar Chois Fharraige, a reáchtáileadh ar Pháirc an Spidéil, ar an Domhnach seo caite. Ó chlé: Eoin Ó Fátharta, Andrew Egan, Sadhbh Ní Fhlaithearta agus Eilidh de Brún.
Ghlac thart ar 150 gasúr páirteach sa Lá Spóirt agus Spraoi a bhí eagraithe ag Coiste na gCluichí Pobail, ar an Domhnach seo caite, ar Pháirc CLG An Spidéil, Coláiste Chonnacht. Bhí an Lá Spóirt urraithe ag Comhar Cheidmheasa Cholmcille, Indreabhán.
Roghnaíodh os cionn 30 gasúr le dul ar aghaidh ag Cluichí Pobail an Chontae a bheas ar bun ar an gcéad Domhnach de mhí Meithimh, i mBaile an Doirín. Seo a leanas na torthaí ar fad ón Lá Spóirt.
Rása 60m faoi 8 (Buachaillí):
1ú Áit: Leon Hume, Bóthair na hAbhann, An Spidéal.
2ú Áit: Luke Ó Conghaile, Bothúna, An Spidéal.
3ú Áit: Fiachra Ó Conláin, Baile an tSagairt, An Spidéal.
Buaiteoirí sa rása 60m faoi 6 ag Lá Spóirt na gCluichí Pobail do cheantar Chois Fharraige. Sa lár, Oisín Donaghey (Bonn Ór), Sidheán, An Spidéal; ar dheis, Seán Mac Donnacha (Bonn Airgid), Na hAille, Indreabhán; agus Peadar Ó Gabhláin (Bonn Cré-Umha), An Teach Mór, Indreabhán.
Rása 60m faoi 8 (Cailíní):
1ú Áit: Caoimhe Ní Ghloinn, Coill Rua, Indreabhán.
2ú Áit: Nina Concannan, An Tulán Cleasach, An Spidéal.
3ú Áit: Annir Ní Choisdealbha, Baile na mBrabhach, Indreabhán.
Rása 80m faoi 8 (Buachaillí):
1ú Áit: Leon Hume, Bóthair na hAbhann, An Spidéal.
2ú Áit: Luke Ó Conghaile, Bothúna, An Spidéal.
3ú Áit: Tommy Faherty, Cor na Rón Thiar, Indreabhán.
Rása 80m faoi 8 (Cailíní):
1ú Áit: Caoimhe Ní Ghloinn, Coill Rua, Indreabhán.
2ú Áit: Nina Concannan, An Tulán Cleasach, An Spidéal.
3ú Áit: Alva Donohue, Gleann Mór, An Cheathrú Rua.
Rása 100m faoi 10 (Buachaillí):
1ú Áit: David Ó Conghaile, Bothúna, An Spidéal.
2ú Áit: Cullan Mac Cathmhaoil, Páirc Thoir, An Spidéal.
3ú Áit: Cian Breathnach, Doire Né, Casla.
Rása 100m faoi 10 (Cailíní):
1ú Áit: Sadhbh Farthing, Baile an Domhnalláin, An Spidéal.
2ú Áit: Marine Guillou, An Cheathrú Rua.
3ú Áit: Niamh Faherty, Cor na Rón Thiar, Indreabhán.
Rása 200m faoi 10 (Buachaillí):
1ú Áit: David Ó Conghaile, Bothúna, An Spidéal.
2ú Áit: Lúc Mac Aodha, Coill Rua, Indreabhán.
3ú Áit: Cian Breathnach, Doire Né, Casla.
Rása 200m faoi 10 (Cailíní):
1ú Áit: Sadhbh Farthing, Baile an Domhnalláin, An Spidéal.
2ú Áit: Niamh Faherty, Cor na Rón Thiar, Indreabhán.
3ú Áit: Muireann Ni Ghloinn, Coill Rua, Indreabhán.
Rása 100m faoi 12 (Buachaillí):
1ú Áit: Seán Ó Gaoithín, Na Creagáin, Indreabhán.
2ú Áit: Liam Faherty, Cor na Rón Thiar, Indreabhán.
3ú Áit: Tomás Farthing, Baile an Domhnalláin, An Spidéal.
Rása 100m faoi 12 (Cailíní):
1ú Áit: Síofra Ní Scanláin, Púirín, Indreabhán.
2ú Áit: Aisling Ní Chonghaile, Sídheán, An Spidéal.
3ú Áit: Amanda Ní Bhrádaigh, Na hAille, Indreabhán.
Rása 100m na gCailíní faoi 12, ag Lá Spóirt na gCluichí Pobail do cheantar Chois Fharraige, a reáchtáileadh ar Pháirc an Spidéil, ar an Domhnach seo caite. Bhí an Lá Spóirt urraithe ag Comhar Cheidmheasa Cholmcille, Indreabhán.
An rása do chailíní faoi 12 faoi lán tseol ag Lá Spóirt na gCluichí Pobail do cheantar Chois Fharraige, a reáchtáileadh ar Pháirc an Spidéil, ar an Domhnach seo caite.
Rása 600m faoi 12 (Buachaillí):
1ú Áit: Seán Ó Gaoithín, Na Creagáin, Indreabhán.
2ú Áit: Liam Faherty, Cor na Rón Thiar, Indreabhán.
3ú Áit: Tomás Farthing, Baile an Domhnalláin, An Spidéal.
Buaiteoirí sa rása 600m faoi 12 ag Lá Spóirt na gCluichí Pobail do cheantar Chois Fharraige. Sa lár, Seán Ó Gaoithín (Bonn Ór), Na Creagáin, An Tulach; ar chlé, Liam Faherty (Bonn Airgid), Cor na Rón Thiar, Indreabhán agus ar dheis, Tomás Farthing (Bonn Cré-Umha), Baile an Domhnalláin, An Spidéal.
Rása 600m faoi 12 (Cailíní):
1ú Áit: Aisling Ní Chonghaile, Sídheán, An Spidéal.
2ú Áit: Louise Ní Chonghaile, Sailethúna, An Spidéal.
3ú Áit: Clíodhna Courtney, Cré Dhubh, An Spidéal.
Rása 100m faoi 14 (Buachaillí):
1ú Áit: Éanna O Connor, Coill Rua, Indreabhán.
2ú Áit: Dylan Ó Dioráin, Púirín, Indreabhán.
3ú Áit: Liam Ó Conghaile, An Spidéal.
Rása 100m faoi 14 (Cailíní):
1ú Áit: Éabha Nic Oireachtaigh, Coilleach, An Spidéal.
2ú Áit: Isabelle Egan, Baile an Domhnalláin, An Spidéal.
3ú Áit: Róisín Ní Chaoimh, Sídheán, An Spidéal.
Rása 800m faoi 14 (Buachaillí):
1ú Áit: Liam Ó Conghaile, An Spidéal.
2ú Áit: Dylan Ó Dioráin, Púirín, Indreabhán.
3ú Áit: Éanna O Connor, Coill Rua, Indreabhán.
Rása 800m faoi 14 (Cailíní):
1ú Áit: Cainnear Nic Réamonn, Na hAille, Indreabhán.
Léim Fhada faoi 14 (Buachaillí):
1ú Áit: Dara Ó Laoire, Sailethúna, An Spidéal.
2ú Áit: Cathal Ó Laoire, Sailethúna, An Spidéal.
Léim Fhada faoi 14 (Cailíní):
1ú Áit: Róisín Ní Raifeartaigh, Teach Mór, Indreabhán.
2ú Áit: Kayla Schmidt, Cor na Rón Lár, Indreabhán.
Poc Fada faoi 12 (Buachaillí):
1ú Áit: Lughán Mac an Iomaire, Baile an tSléibhe, Ros a’ Mhíl.
2ú Áit: Óisín Ó Coistealbha, Baile na mBrabhach, Indreabhán.
3ú Áit: Lúc Mac Aodha, Coill Rua, Indreabhán.
Poc Fada faoi 14 (Cailíní):
1ú Áit: Síofra Ní Scanláin, Púirín, Indreabhán.
2ú Áit: Catherine Harvey, Cré Dhubh, An Spidéal.
Relay idir Bunscoileanna
Foireann Scoil Éinde, An Spidéal.
Sadhbh Ní Fhlaithearta, Andrew Egan, Eoin Ó Fátharta agus Eilidh de Brún.
Bhí an spraoi ag na gasúir a ghlac páirt i Rása an Bharra Rotha ag Lá Spóirt na gCluichí Pobail do cheantar Chois Fharraige, a reáchtáileadh ar Pháirc an Spidéil, ar an Domhnach seo caite.
Foireann Relay ó Scoil Éinde, An Spidéal, a tháinig sa tarna áit sa rása relay idir bunscoileanna Chois Fharraige ag Lá Spóirt na gCluichí Pobail do cheantar Chois Fharraige, a reáchtáileadh ar Pháirc an Spidéil, ar an Domhnach seo caite. Fiona Ní Fhéinne, Baile an Domhnalláin, An Spidéal; Isabelle Egan, Baile an Domhnalláin, An Spidéal; Clíodhna Courtney, Cré Dhubh, An Spidéal agus Aisling Ní Chonghaile, Sidheán, An Spidéal.
Buaiteoirí sa gcomórtas ‘Scóráil Chúilín le Camán ó 45m’ ag Lá Spóirt na gCluichí Pobail do cheantar Chois Fharraige. Sa lár, Patrick Ó Gaoithín (Bonn Ór), Na Creagáin, An Tulach; ar chlé, Liam Ó Conghaile (Bonn Airgid), An Spidéal agus ar dheis, Cathal Ó Laoire (Bonn Cré-Umha), Sailethúna, An Spidéal.
Céilí House ag Tíocht ag an Spidéal
Tá Ciarán Hanrahan (ar chlé) agus a chriú le tíocht ag an Spidéal, ar chuireadh ó Traidphicnic, leis an gclár raidió ‘CÉILÍ HOUSE’ a thaifeadadh.
Beidh an taifead ar bun sa Droighneán Donn, An Spidéal, ar an Satharn, 7 Bealtaine.
Idir an dá linn, beidh Oíche Boogie eile ar bun ag Traidphicnic ar an Satharn beag seo, 30 Aibreán, thuas staighre Tigh Giblin, le airgead a bhailiú do Traidphicnic na bliana seo.
Is ar an gcéad deireadh seachtaine de mhí Iúil a bheas an fhéile ar bun.
Roinnt Torthaí Spóirt
Iomáint (Sóisear 1): Ml. Breathnach 0 – 18, Ballygar 0 – 10.
Iomáint (Sóisear 1): Bearna/Na Forbacha 1 – 18, Ballygar 2 – 09.
Peil (Roinn 4): Ml. Breathnach 0 – 11, Anach Chuain 0 –15.
Corn John Dunne: Ml. Breathnach 3 – 11, Maigh Chuilinn 2 – 8.
Peil (Roinn 7): Ml. Breathnach 2 – 09, Gaillimh CW 1 – 05.
Iomáint (Idirmheánach): An Spidéal 1 – 17, Cill Íomair 1 – 21.
Peil (Sciath faoi 14): Ml. Breathnach 1 – 01, St. Gabriels 6 – 11.
Peil (Mionúr A): Ml. Breathnach 1 – 06, St. James 4 – 12.
Peil (Mionúr A): An Spidéal 2 – 08, Bearna 3 – 09.
Cumann Gailf Chois Fharraige
Agus an aimsir ag feabhsú tá neart imeachtaí gailf beartaithe ag Cumann Gailf Chois Fharraige.
Beidh comórtais ag an gCumann i mBaile Locha Riach ar an 7 Bealtaine, ar an gCréig Mór, 18 Meitheamh, agus beidh Duais an Chaptaein á imirt in Eanach Mheáin ar an Sathairn, 16 Iúil.
Liam Ó Maolaodha atá ina chaptaen ar an gcumann.
Tá breis eolais ar fáil ón Rúnaí, Pádraic Ó Conghaile (087 2313797) nó ag padraicoc@nulleircom.net.
Comórtas Dearadh Póstaeir
Tá Comórtas Dearadh Póstaer don dráma Ardteiste ‘An Triail’ fógraithe ag an gcompántas drámaíochta Fíbín, atá lonnaithe i gCois Fharraige. Téann Fíbín ar camchuairt mórthimpeall na tíre gach bliain leis ‘An Triail’. Beidh dearadh an bhuaiteora le feiceáil ar bhallaí in amharclanna ar fud na tíre agus ina ábhar poiblíochta ar shuíomh gréasáin Fíbín, agus sna meáin shóisialta!
Tá duaiseanna de luach €800 le buachan, ina measc Táibléad Android, póstaer sínithe le fráma don scoil, chomh maith le 30 ticéad chuig ‘An Triail’.
Níl le déanamh ach íomhá a dhearadh, í a scanadh agus a sheoladh ar ríomhphost ag margaiochtfibin@nullgmail.com.
20 Bealtaine an dáta deiridh le haghaidh iontrálacha agus féach treoirlínte an chomórtais ar shuíomh idirlíne Fíbín.
Féile Náisiúnta Drámaíochta
Beidh féasta drámaíochta ar bun an deireadh seachtaine seo i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, áit a mbeidh an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ag tosaí amárach, 29 Aibreán, agus ag leanacht ar aghaidh go dtí an Domhnach 1 Bealtaine. Beidh drámaí ann á léiriú ag grúpa ó na Déise i bPoart Láirge, ó na Dúnaibh i dTuaisceart Dhún na nGall, ó Chorca Dhuibhne agus ó Chonamara, ar ndóigh.
Ag 9.30 san oíche amárach (Aoine) beidh Cumann Drámaíochta Chaoráin Aodh, Leitir Mealláin ar an stáitse leis an dráma ‘Mar a Chéile Muid’, a scríobh Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha. Ar an Satharn beidh Éigse na Féile ar bun agus mar chuid dhó beidh an t-agallamh beirte le Johnny Chóil, ‘Raiftéirí agus an File,’ á aithris ag Páraic an Táilliúra Ó Conghaile agus Danny de Bhaillís.
Chomh maith leis sin beidh an t-agallamh beirte ‘An Bhean Uasal agus Bean na hAimsire’ á aithris ag Jacinta agus Máirín Uí Chonghaile, ó Scoil Éigse Chamais.
Beidh an t-amhrán saothair ‘Ramhrú an Bhréidín’, a scríobh Johnny Chóil Mhaidhc, á chanadh ag Éigse na Féile ar an Satharn chomh maith: Danny Wallace agus Bríd Uí Choisdealbha (baintreach Johnny) a bheas ag ramhrú an bhréidín, agus Máirín Mhic Lochlainn ag coinneáil an tseanmháistir leo.
Danny Wallace, Máirín Mhic Lochlainn agus Bríd Uí Choistealbha, a bheas páirteach in Éigse na Féile ag an bhFeile Náisiúnta Drámaíochta ar an Satharn seo chugainn i Seanscoil Sailearna, agus iad ag ‘Ramhrú an Bhréidín’.
Seo clár iomlán na féile:
FÉILE NÁISIÚNTA DRÁMAÍOCHTA 2016
I Seanscoil Shailearna ón 29 Aibreán go dtí 1 Bealtaine
Aoine, 29 Aibreán:
7.30 i.n. Oscailt Oifigiúil leis an Iriseoir Tomás Ó Ceallaigh.
8.00 i.n. Éire na Gealaí le Lady Gregory agus An Pota Súip le W.B. Yeats á léiriú ag Aisteoirí Bhréanainn, Corca Dhuibhne.
9.30 i.n. Mar a Chéile Muid le Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha á léiriú ag Cumann Drámaíochta Chaoráin Aodha, Leitir Mealláin.
Satharn, 30 Aibreán:
11.30 r.n. Is Fada Anocht le Críostóir Ó Floinn á léiriú ag Aisteoirí Chúil Aodha.
2.00 i.n. An Sprionlóir le Moliére á léiriú ag Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach.
4.30 i.n. Éigse na Féile: Agallaimh, Lúibíní, Amhrán Saothair, Scéalaíocht. Ina measc Ramhrú an Bhréidín agus Raiftéirí agus an Fíle le Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha.
8.30 i.n. Greim na Sainte le Proinsias Ó Cuilinn, á léiriú ag Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh, Tír Chonaill.
Domhnach, 1 Bealtaine:
11.00 r.n. Amhrán na Féile.
2.00 i.n. Págánaigh le Tomás Mac Donnchadha á léiriú ag Scoil Éigse Chamais agus
Nemesis leis an Ath. Victor de Paor á léiriú ag Aisteoirí an tSean-Phobail, Na Déise.
8.00 i.n. Moltóireacht na Féile agus Bronnadh na nGradam le Pól Ó Gallchóir, Ceannasaí TG4; á chraoladh beo ar RTE Radio na Gaeltachta ag an 9.00 i.n.
Móltóirí: Drámaíocht: Seosamh Mac Donnacha agus Muiris Ó Súilleabháin. Éigse: Áine Uí Chuill, Eibhlín Ní Lionárd agus Máirtín Mac Donnchadha.
‘Darkness into Light’
Beidh siúl/rith 5km ar bun sa gCeathrú Rua, maidin Sathairn, 7 Bealtaine, ag tosaí sa dorchadas ag 4.15 ar maidin agus ag críochnú le éirí na gréine.
Beidh an ócáid ar siúl i mbreis is 110 ionad in Éirinn ar mhaithe leis an eagraíocht Pieta House, eagraíocht dheonach atá ag iarraidh dul i ngleic le fadhb an fhéinmharú in Éirinn.
Tá níos mó eolais ar fáil ach dul ag an suíomh dil.pieta.ie.