Cartlann Nuachta: 27 Deireadh Fómhair 2021
Oíche Shamhna
Daltaí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, Gléasta don Samhain.
Ó chlé: Fechín Ó Floinn, Páidí de Bhailís, Liam James Moylan, Pedro Castillo Keating, Liam Mac Donnacha, Pádraic Mac Con Iomaire.
BISEACH Ar Fáil
Ó seoladh é Dé Aoine seo caite ar an gclár Iris Aniar (RnaG), tá os cionn 500 cóip den iris BISEACH 2021 díolta sna siopaí i gCois Fharraige agus is beag cóip atá fágtha. Tá 100 leathanach san iris i mbliana le neart ábhar léitheoireachta, idir stair áitiúil, seanchas, tuairimíocht, cúrsaí reatha agus go leor leor grianghraf mar is gnáth. Seo a leanas cuid den ábhar atá san iris i mbliana, atá curtha in eagar ag Lochlainn Ó Tuairisg:
- Luíochán An Spidéil 1921 le Cormac Ó Comhraí.
- Tóstal na Gaillimhe le Mike P. Ó Conaola.
- Mar a Thosaigh Cumann Micheál Breathnach le Mártan Ó Ciardha.
- Brian Learaí Ó Feinneadha (1900 – 1966).
- Seanchas Tom Sailí le Áine Durcáin.
- Stáisiún an Gharda Cósta i Ros a’ Mhíl le Máirín Nic Lochlainn.
- Cló Chois Fharraige agus Clódóirí Lurgan.
- Liosta na nDaoine a bhí ag obair le Comharchumann Chois Fharraige.
- Comharchumann Chois Fharraige a bunaíodh 50 bliain ó shin.
- Alt faoi Shéamas Ó Beirn (1881 – 1935).
- Dr. Brody a Mharaigh a Bhean Chéile ar An Spidéal.
- Pat Sheáin Tom Ó Coistealbha le Seán Ó Neachtain.
- Gearrscéal le Meadhbh Ní Eadhra.
Tá altanna ann chomh maith faoi roinnt daoine a d’fhág a lorg ar Chois Fharraige agus a bhásaigh i gcaitheamh an bliana: An Dr Conall Mac Cuinneagáin, Séamus Ó Scolaí, Pádraig Ó hAoláin agus Timín Joe Tim Ó Curraidhín.
Tá BISEACH 2021 ar fáil sna siopaí i gCois Fharraige ó Bhearnasiar chomh fada leis an gCeathrú Rua, chomh maith le Tigh Ruairí i Leitir Móir, Siopa Mhic Dhonncha i mBéal a’ Daingin, Tigh Mháille i Ros Muc agus An Siopa Beag ar an Teach Dóite. I nGaillimh tá an iris le ceannach i Siopa Leabhar Charlie Byrnes.
Tá socrú déanta ag an gCumann Forbartha le gur féidir BISEACH a ordú ó Chló Iar-Chonnacht. Níl le déanamh ach glaoch ar Cló Iar-Chonnacht (091 593307) nó dul chuig an suíomh www.cic.ie.
Peil Chois Fharraige
Beidh cúig fhoireann peile ó Ghaeltacht na Gaillimhe san iomaíocht ag an deireadh seachtaine i gComórtais Peile an Chontae. Sa nGrád Idirmheánach beidh Leitir Móir in aghaidh Oileáin Árann ar an Satharn ag 2.00pm i Staid an Phiarsaigh le áit a fháil sa gCluiche Ceannais in aghaidh na buaiteoirí idir St. Breandan’s agus Dunmore.
Ar an Satharn chomh maith, i Ros Muc ag 3.30pm, beidh An Cheathrú Rua in aghaidh Bearna, an dá fhoireann ag troid in aghaidh a dícháilithe ó Na Sinsir. Ar an Domhnach ag 1.30pm, chun fanacht sna Sinsir chomh maith, beidh An Spidéal ag imirt in aghaidh Cortoon Shamrocks ar An Priarie, Bóthar na Trá.
Iománaithe Óga na mBreathnaigh
Le gairid bhronn Coiste Iomána na nÓg do Chontae na Gaillimhe gradam ar Chumann Micheál Breathnach mar aitheantas ar an méid dul chun cinn atá déanta ag an gcumann leis an iománaíocht a chur chun cinn i measc na ndaoine óga. Le bliain anuas tá go leor comórtais buaite ag iománaithe óga na mBreathnaigh faoi 12, faoi 13, faoi 14 agus faoi 15 agus boinn ag dul dóibh dá réir.
An tOireachtas i dTigh Chualáin
Ar ndóigh seo é Seachtain an Oireachtais agus murach Covid bheadh na sluaite ó Chois Fharraige, chomh maith le Gaeltachtaí eile, ag dul go Cill Áirne an deireadh seachtaine seo le haghaidh Oireachtas na Gaeilge 2021. Nuair nach féidir freastal ar an Oireachtas i gCill Áirne, tá ócáid speisialta eagraithe ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Aoine seo, 29 Deireadh Fómhair, sa ‘lounge’ i dTigh Chualáin, An Choill Rua, chun ceiliúradh áitiúil a dhéanamh ar chultúr dúchais na Gaeltachta agus chun deis a thabhairt do na hamhránaithe is na ceoltóirí áitiúla teacht le chéile chun amhrán a chasadh, caper damhsa a dhéanamh, píosa aithriseoireachta, lúibín nó agallamh beirte a chur i láthair a gcairde agus a ngaolta.
Beidh an ócáid roinnte ina trí chuid do réir aoise:
- Gasúir bhunscoile: 4.30 p.m. – 6.30 p.m.;
- Déagóirí: 7.00p.m. – 9.00p.m.;
- Daoine fásta: 9.30p.m. – 11.30p.m. (ar Zúm).
Beifear an-airdeallach faoi chúrsaí sláinte agus sábháilteachta agus iarrtar ar dhaoine cloí leis na nósmhaireachtaí a bhfuil cleachtadh againn ar fad orthu.
Tuigtear go bhfuil cuid de na gasúir ag cleachtadh sa mbaile, sna scoileanna agus leis an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta agus is deis álainn a bheidh anseo dóibh mír bheag a dhéanamh beo ar an láthair.
Iarrtar ar thuismitheoirí a ngasúir a chlárú don ócáid trí ainm an ghasúir a chur chuig an seoladh seo: ceoltoiriogachoisfharraige@nullgmail.com
Airgead ón gComhairle Ealaíon
Tá trí chomhlacht i gCois Fharraige i measc na n-eagras a fuair dea-scéal ón gComhairle Ealaíon i gcaitheamh na seachtaine. Tá FÍBÍN, an chomhlacht drámaíochta agus físe atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, le €90,000 a fháil ón gComhairle Ealaíon faoin gclár a bhaineann le ealaín a fhorbairt do dhaoine óga.
Chomh maith le sin, d’fhógair an Chomhairle Ealaíne go mbeidh €40,000 á chur ar fáil don chomhlacht foilsitheoireachta FUTA FATA, atá lonnaithe ar an Spidéal agus a dhéanann leabhair agus ábhar eile i nGaeilge a chur ar fáil do pháistí.
Tá deontas €40,000 le cur ar fáil chomh maith do Stiúideo Cuan sa Spidéal, an chultúrlann nua atá á forbairt ar chúl na Ceardlainne agus a bheas ag oscailt le linn Féile Chois Fharraige leis ‘An Cosán Draíochta,’ seó speisialta atá curtha le chéile in ómós do Johnny Phádraig Pheter Ó Conghaile, le ceol cumtha ag a mhac, Johnny Óg.
Club Scannán Sailearna
Radharc as an scannán LIMBO, a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo i Seanscoil Sailearna, agus tús á chur le séasúr nua scannán domhanda ag an gClub Scannán in Indreabhán. Tosóidh an scannán ag 8.15pm.
Tar éis briseadh bliain go leith beidh na scannáin ag filleadh ar Sheanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 28 Deireadh Fómhair, nuair a thaispeánfar ar an scáileán mór an scannán LIMBO. Idir sin agus an 9 Nollaig, taispeánfar seacht scannán ó thíortha éagsúla sa tSeanscoil.
Tá LIMBO, scannán an Déardaoin seo, suite in Albain, ar oileán iargúlta, áit a bhfuil dream atá ag lorg dídine curtha an fhad is atá a chás á scrúdú.
Ar an liosta scannán don séasúr chomh maith tá ARRACHT, an scannán a déanadh i Leitir Mealláin ina bhfuil an príomhpháirt ag Dónal Ó Héalaí ó Chois Fharraige agus a bheas á thaispeáint an chéad mhí eile i Seanscoil Sailearna, le linn Féile Chois Fharraige.
Tá liosta iomlán na scannán a bheas á thaispeáint idir seo agus an Nollaig le fáil ar an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, áit a bhfuil eolas faoi mbealach le ballraíocht a chlárú ar líne nó ticéad a cheannach do scannán.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
- Iomáint (Idirmheánach): An Spidéal 1 – 09, Kiltormer 0 – 17.
- Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 0, Maree/Oranmore. 5
- Sacar (faoi 17): Bearna/Na Forbacha 0, Cregmore/Claregalway 1.
- Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha B 3, Salthill Devon C 4.
- Sacar (faoi 14): Macdara 2, Kinvara Utd 2.