Cartlann Nuachta: 27 Eanáir 2016

27 Eanáir 2016


Foireann Iomanaíocht Sóisir, An Spidéal

Foireann Iománaíochta Col Chroí Mhuire

Foireann Iománaíochta Sóisir, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
Ar chúl, ó chlé: Gearóid Ó Conghaile, Órán Mac Lochlainn, Shane Taaffe, Daniel Ó Féinne, Eoin Ó hOistir, Cathal Ó Gamhnáin, Fionn Mac Donnacha, Oisín Ó Neachtain.
Sa lár, ó chlé: Eimhín Ó Dilliún, Ryan Ó Dioráin, Caoimhín Ó Sé, Eimhín Breathnach, Conall Ó Caoimh, Ceillian Ó Lionnáin, Conall Ó Cuirrín.
Chun tosaigh, ó chlé: Conor Ó Gamhnáin, Rhys Plower, Dara Cox, Cian Deane, Liam Ó Mainín.


Turas Scoile Choláiste Cholmcille

Aréir tháinig rang na hIdirbhliana i gColáiste Cholmcille, Indreabhán, abhaile tar éis turas scoile chun na hIodáile. Idir daltaí agus múinteoirí bhí 38 duine ar an turas. Mar chuid den turas tugadh cuairt ar chathair Verona agus ansin chaith siad cúig lá i Lavarone i mbun scileanna sciála a fhoghlaim.

I Lavarone thug siad camchuairt ar ionaid spéisiúla a bhain leis an Dara Cogadh Domhanda, ar Loch Garda agus ar sheanbhaile Bergamo.


Torthaí Liathróid Láimhe na mBunscoileanna

An deireadh seachtaine seo caite rinne imreoirí ó Chois Fharraige go maith i gcomórtais liathróid láimhe na Gaillimhe do na bunscoileanna, a imríodh i mBóthair na Trá, Gaillimh. Seo cuid de na torthaí:

  • Cailíní Dúbailte, faoi 13: 1ú áit ag Skylynn Ní Mháille Bhreathnach agus Éadaoin Nic Dhonncha, Scoil Sailearna.

  • Buachaillí Dúbailte, faoi 13: 2ú áit ag Dara agus Cathal Ó Laoire, Scoil Sailearna.

  • Cailíní Singil faoi 13: 1ú áit ag Sadhbh Ní Fhlaithearta, Scoil Éinde, An Spidéal.

  • Buachaillí Singil faoi 11: 2ú áit ag Feidhlim Ó Diollúin, Scoil Sailearna, Indreabhán.

  • Cailíní Singil faoi 11: 2ú áit ag Clíona Ní Chonghaile, Scoil Sailearna, Indreabhán.

Beidh na buaiteoirí ag dul san iomaíocht i gCraobh Chonnacht, a bheas ar siúl i Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe, seachtain ón Domhnach, ar an 7 Feabhra.


THEEB sa tSeanscoil an Déardaoin Seo

Theeb 3

THEEB an scannán atá ag Club Scannán Sailearna sa tSeanscoil an Déardaoin seo. Is é scéal an scannáin ná Éirí Amach na nArabach i gcoinne Impireacht Ottoman le linn an Chéad Chogadh Domhanda. Is as a d’eascair náisiúnachas na nArabach agus nuair a fuarthas an lámh in uachtar ar an Impireacht cruthaíodh stáit achrannacha na nArabach. Leaidín óg den chine Beidiúnach príomhcharachtar an scéil seo a léiríonn an meath a tháinig ar bhealaí na ndaoine seo nuair a thosaigh an réabadh.

Beidh an scannán á thaispeáint i Seanscoil Sailearna an Déardaoin seo, 28 Eanáir, ag tosaí ag 8.15 i.n.

Tá níos mó eolais faoin scannáin, maraon le blaiseadh beag dhó, ar fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Bua Mór ag Scoileanna Chois Fharraige sa gCamógaí

Foireann na Scoileanna 2016

An fhoireann chamógaí ó Scoileanna Chonamara, a bhuail foireann ó Choláiste Bhaile an Chláir i gCluiche Ceannais Camógaíochta Chonnacht (sóisear), a imríodh sa Charn Mhór an tseachtain seo caite leis an scór 4-05 in aghaidh 1-02.

Ar chúl, ó chlé: Aodhán Mac Cormaic (Traenálaí), Donna Cox (Traenálaí), Rosie Ní Dhubhghaill, Síofra Ní Mhárta, Aoife Nic Chormaic, Becky Ní Éallaithe, Tiffany Ní Choisdealbha (Captaen), Elana Nic Fhlannacha, Luka Anna Nic Lochlainn, Emma Cox, Rebecca Ní Alluráin, Sadhb Howlin, Georgina Nic Chartúir (Múinteoir), Orla Ní Shé.

Chun tosaigh, ó chlé: Ciara Nic Eochagáin, Aoife Nic Dhonncha, Blanca Ní Dhonabháin, Máire Ní Fhrighil, Sinéad Ní Chonchubhair, Róisín Ní Dhiomsaigh, Aisling Ní Chonghaile, Áine Ní Laoi. [Pic; Donncha Ó hÉallaithe]

D’éirigh le foireann cailíní ón dá scoil iarbhunoideachais i gCois Fharraige Craobh Chonnacht (Sóisear) sa gcamógaí a bhuachtaint an tseachtain seo caite, nuair a bhuail siad Coláiste Bhaile Cláir na Gaillimhe leis an scór 4-05 in aghaidh 1-02, ar Pháirc an Chairn Mhóir. Ar fhoireann Scoileanna Chonamara bhí cailíní faoi 16, roghnaithe ón dá iarbhunscoil i gCois Fharraige, Coláiste Chroí Mhuire (An Spidéal) agus Coláiste Cholmcille (Indreabhán).

Bhí an lá fuar agus thóg sé píosa ar an dá fhoireann socrú. Ba é Coláiste Bhaile Chláir rogha na coitianta don chluiche seo, ach is iad cailíní Chois Fharraige a fuair an chéad scór le pointe ó phoc saor a thóg Aoife Nic Chormaic. Go gairid ina dhiaidh sin fuair Aoife Nic Dhonncha cúl den scoth do Scoileanna Chonamara.

Chothromaigh Baile Cláir an scór ach d’éirigh le Elana Nic Fhlannacha spás a chur idir na foirne nuair a d’aimsigh sí an eangach díreach roimh an mbriseadh.

Chuir Scoileanna Chonamara le clár na scór sa dara leath le dhá chúl agus pointe ó Mháire Ní Fhrighil, dhá phointe eile ó Aoife Nic Chormaic agus pointe ó phoc saor 45m a thóg réalt na himeartha agus captaen na fóirne, Tiffany Ní Choisdealbha. Thug cailíní Chois Fharraige taispeántas iontach ar an lá. D’imir gach cailín le díocas agus le misneach, agus tá moladh mór ag dul dóibh dá bharr. Bhí Sinéad Ní Chonchubhair iontach sa gcúl. Tháinig beirt isteach sa darna leath, Ciara Nic Eochagáin agus Róisín Ní Dhiomsaigh, agus rinne siad a gcion féin leis an mbua a bhaint amach.

Tiffany II ar ruathar

An captaen agus laoch na himeartha, Tifanny Ní Choistealbha ó Scoileanna Chonamara, ar ruathar le linn Cuiche Ceannais Chonnacht sa gcamógaí (sóisear) an tseachtain seo caite, in aghaidh Coláiste Bhaile Chláir.  


Tithe Saoire an Spidéil

An tseachtain seo caite chas Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil le Bainisteoir Sinsearach ó Chlúid, comhlacht a sholátharaíonn tithíocht do dhaoine ar liosta tithíochta an Chomhairle Contae. Mar a tuairiscíodh anseo cheana, scríobh Comhlacht Forbartha an Spidéil ag Clúid tar éis clóisteáil go raibh na tithe saoire i mBaile an tSagairt díolta le Clúid, ag lorg cruinniú le eolas a fháil faoin slí oibre atá acu nuair a forbraítear scéim tithe sósialta faoina chúram.

Ag an gcruinniú deimhníodh go bhfuil Clúid i mbun cainteanna maidir leis an scéim tithe saoire i mBaile an tSagairt a cheannacht. Cé nach bhfuil aon chonradh sínithe fós ag Clúid, tá meastóireacht agus suirbhé á dhéanamh ar an suíomh agus ar na tithe.

Má ceannaítear na tithe dúirt an Bainisteoir Sinsearach go mbeadh Clúid ag iarraidh castáil leis an gComhlacht Forbartha agus le áitritheoirí Bhaile an tSagairt le ceisteanna a phlé faoi shuíomh na dtithe, roghnú tionóntaí, cúrsaí cosaint teanga agus bainistiú na scéime maidir le glaineacht agus iompar.

Glacadh leis gur céim nua don eagraíocht Clúid scéim tithe a fhorbairt sa Gaeltacht. Bíonn Clúid fabhrach gur dhaoine áitiúla ar liosta tithíochta an Chomhairle Contae ar cheart a lonnú sna tithe.

De réir Comhairle Chontae na Gaillimhe tá 395 teaghlach ar liosta reatha tithíochta an Chomhairle Contae faoi láthair i gceantar Chois Fharraige, figiúr a léiríonn an géarghá le tithíocht sóisialta sa gceantar, a bheadh ag freastal ar riachtanais tithíochta na dteaghlach sin.


Suathaireacht Leanaí ar an gCeathrú Rua

Beidh tús á chur le ranganna Suathaireacht Leanaí (Baby Massage) in Ionad Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua Dé Máirt 2 Feabhra.

Veronica Ní Loideáin a bheas i mbun na ranganna. Tá cáilíochtaí go leor ag Veronica sa Ióga agus i gcúrsaí suathaireachta agus tá an-tóir uirthi mar theiripeoir agus mar mhúinteoir.

Costas €50 atá ar an gcúrsa a mhairfidh ar feadh 6 seachtaine.

Is féidir clárú anois tré teagmháil a dhéanamh le 087 4364618 nó tuismitheoirinagaeltachta@nullgmail.com. Ní ghlacfar ach le líon teoranta tuismitheoirí/leanaí sa rang seo, mar sin moltar áit a chur in áirithe a luaithe agus is féidir.


Cailíní an Spidéil sa gCispheil

Cailíní an Spidéil sa gCispheil

An Satharn seo caite bhí dhá chluiche ag Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, sna Cluichí Cáilithe Uile Éireann, Roinn B (cailíní) a bhí ar súil i gCarraig Uí Leighin. Bhuail cailíní an Spidéil an chéad cluiche in aghaidh Coláiste na Sceilge, Cathair Saidhbhín, leis an scór 38 pointe in aghaidh 29, ach chaill siad an darna cluiche in aghaidh an fhoireann baile leis an scór Carraig Uí Leighin 55 in aghaidh 38 do Choláiste Croí Mhuire.

12.45 – Coláiste Chroí Mhuire 38; Coláiste na Sceilge, Cathair Saidhbhín, 29.

2.30 – Coláiste Chroí Mhuire 38; Scoil Phobail, Carraig Uí Leighin, 55.

Ar maidin bhí an bua ag Coláiste na Sceilge ar Scoil Phobail Charraig Uí Leighin. Mar gheall go raibh cluiche amháin buaite agus caillte ag chaon fhoireann, is ar iomlán na scóranna a socraíodh gur Coláiste na Sceilge a bheadh ag dul isteach i gcluiche leathcheannais na hÉireann.

Foireann Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal: Sorcha Ní Fhrighil, Áine Nic Dhonncha, Laoise Breathnach, Romy Ní Chuinneagáin, Caoimhe Ní Churraoin, Rósie Ní Dhubhghaill, Clíona Ní Fhlannaire, Aoife Nic Chormaic, Mary Ní Fhéinne, Gráinne Ní Fhatharta, Máire Ní Fhrighil agus Laura Ní hÉimhrín.


Oíche Boogie IV ag Traidphicnic

OicheBoogieIV

Ar an Satharn seo chugainn, 30 Eanáir, beidh Oíche Boogie IV ar bun thuas staighre Tigh Giblin sa Spidéal, eagraithe ag Traidphicnic, an fhéile ceoil traidisiúnta a bhíonn ar bun sa Spidéal tús mí Iúil. Cuireadh Oíche Boogie na Nollag ar cheal mar gheall ar Desmond, an stoirm a bhuail an tír tús mí na Nollag seo caite.

Ar an Satharn seo chugainn ag tosaí ag 9.30 i.n., beidh an DJ Will Softly ag cur meascán breá ceoil ar fáil do na seanswingers sa Spidéal agus swingers nach bhfuil chomh sean sin. Moltar do dhaoine feisteas bréige a chaitheamh, le cur leis an ócáid. Is ar mhaithe leis an bhféile Traidphicnic atá an oíche á eagrú.