Cartlann Nuachta: 27 Iúil 2022
Dealbh Uí Chadhain Nochtaithe ar an Spidéal
Dealbh Mháirtín Uí Chadhain, a nochtaíodh ar an Spidéal le gairid. Sa bpictiúr tá Saoirse Ní Neachtain as an gCré Dhubh.
Ba é Máirtín Ó Cadhain a sin-seanuncail.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Nochtaíodh dealbh lánmhéide chré-umha den mhórscríbhneoir agus gníomhaí teanga, Máirtín Ó Cadhain (1906 – 1970) ina bhaile dúchais, An Spidéal, ag searmanas ar an Satharn seo caite. Bhailigh slua mór le chéile don ócáid, cuid acu tagtha ó Bhleá Cliath, ach is muintir Chois Fharraige agus daoine muintearach leis an gCadhnach is mó a bhí ann le ómós a thaispeáint don trodaí, don phoblachtánach agus don scríbhneoir aitheanta, a tógadh ar an gCnocán Glas, i bParóiste an Chnoic.
Ta an dealbh, déanta ag Alan Ryan Hall, bunaithe ar phictiúr a tógadh den Chadhnach i mbun óráide ar son Cearta Síbhialta na Gaeltachta i 1969, bliain sula bhfuair sé bás. Léiríonn an dealbh an paisean a bhí sa bhfear maidir le slánú na Gaeilge is na Gaeltachta. Sé Dónall Ó Braonáin, Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a nochtaigh an dealbh.
Ba le tacaíocht agus le síntiúis ó eagraíochtaí Gaeltachta agus acadúla, ó ghaolta leis an gCadhnach, agus ó dhaoine aonair i measc an phobail a tiomsaíodh an t-airgead don tionscadal seo. Sé Cumann Forbartha Chois Fharraige a tháinig aníos leis an smaoineamh faoin dealbh a dhéanamh agus a chuir €5,000 ar fáil do Iontaobhas Uí Chadhain le tús a chur leis an tionscadail.
Tá an dealbh suiteáilte ar an Airdín Buí, beagán taobh thoir de shráidbhaile an Spidéil agus trasna an bhóthair ón ngaráiste Texaco. Thug Comhairle Contae na Gaillimhe cead pleanála d’Iontaobhas Uí Chadhain i 2021 i gcomhair shuiteáil na deilbhe ar an láthair seo.
Ceapadh tionscadal na deilbhe mar chuid de cheiliúradh 50 bliain a bháis i 2020. Ach chuir an phaindéim isteach ar na pleananna sin.
Ghlac Máirtín Ó Cadhain, nia leis an gCadhnach, buíochas le Cumann Forbartha Chois Fharraige agus le Údarás na Gaeltachta, chomh maith le síntiúsóireacha aonaracha agus eagraíochtaí eile Gaeltachta is Acadúla a thug tacaíocht don Iontaobhas leis an dealbh a fháil déanta. Dúirt sé go bhfuil pleananna ag an Iontaobhas an teach ina rugadh agus a tógadh an Cadhnach ar an gCnocán Glas a chaomhnú agus ionad do scríbhneoirí Gaeilge a bhunú taobh leis, amach anseo.
Mná na mBreathnaigh Abú
An Corn á bhronnadh ar Aobh Ní Dhubhghaill, captaen foireann ban Chumann Micheál Breathnach, tar éis do mhná Chois Fharraige an bua a fháil ar Monivea i gCluiche Ceannais na Sraithe (Roinn III).
Fionnuala Creighton atá ag bronnadh an choirn ar son Coiste na Gaillimhe, Peil na mBan.
[Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]
Le gairid ar Pháirc an Chnoic, d’éirigh le foireann ban ó Chumann Micheál Breathnach sa gCluiche Ceannais de Sraith Peile an Chontae (Roinn III) ag imirt in aghaidh Monivea. Chas an dá fhoireann ar a chéile cheana féin i mbliana, agus Monivea buacach an dá uair. Níor thosaigh na Breathnaigh go maith agus ag leath ama bhí Monvea ceithre chúilín chun tosaigh ar an bhfoireann baile.
Ach tús an dara leath scóráil cailíní Chois Fharraige trí chúl i ndiaidh a chéile: péire ó Chiana Ní Churraoin atá ar ais ag imirt leis an bhfoireann théis roinnt blianta caite aici sna Stáit Aontaithe agus ceann ó Amie Ní Thuathail, cailín óg atá láidir, cliste agus sciliúil.
Ach níor luí Monivea ar na maidí. Fuair siad cúl le thart ar chúig nóiméad le dul a laghdaigh an bhearna go dhá chúilín. Sheas cosantóirí na mBreathnaigh go láidir in aghaidh ionsaithe seasta. An scór ag an deireadh 3 – 10 in aghaidh 3 – 08. Beidh Cumann Micheál Breathnach ag dul ó Roinn III go Roinn II an chéad bhliain eile agus ag imirt in aghaidh foirne níos fearr.
Ba í Ciana Ní Churraoin agus Amie Ní Thuathail an bheirt a scóráil na cúil nuair a theastaigh siad. I measc na scórálaithe eile bhí Afric Ní Ghibne, Maeve Ní Dhireáin agus an Captaen Aobh Ní Dhubhghaill. Bhí Róisín Ní Ghionn agus Fódhla Ní Bhraonáin thar barr ag cosaint.
Seo é an darna corn atá buaite ag foireann Kevin Phetie Mac Donncha i mbliana, mar gur thug siad leo an Corn Sóisear ag Comórtas Peile na Gaeltachta níos túisce i mbliana.
Cumann Gailf Chois Fharraige
An Captaen ar Chumann Gailf Chois Fharraige, Tomás Ó Domhnaill, ag bronnadh an duais ar Ghalfaire na Bliana, Eoin Ó Durcáin, ag ócáid ar Ghalfcúrsa Anach Mheáin le gairid.
Bhí comórtas mór na bliana ag Cumann Gailf Chois Fharraige le gairid ar an gcúrsa gailf in Anach Mheáin. Tomás Miko Ó Flatharta a bhuaigh an phríomhdhuais ar an lá agus ainmníodh Eoin Ó Durcáin mar Ghalfaire na Bliana.
Cuirfear tús le séasúr nua i mí Meán Fómhair. Fáilte roimh bhaill nua i gcónaí. Tá tuilleadh eolais ar fáil ó Pádraig ag 087 2525465.
An Cinema Gaelach
Tá Cinema Gaelach curtha ar bun ag Tuisimitheoirí na Gaeltachta. Comhthogra atá ann idir Tuismitheoirí na Gaeltachta agus TG4, le freastal ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge, tré scannáin i nGaeilge a thaispeáint in ionaid ar fud na Gaeltachta. Leagan Gaeilge de scannán a bheadh feiliúnach don teaghlach ar fad, a bheas i gceist.
Roimhe seo bhíodh Tuismitheoirí na Gaeltachta ag taispeáint scannán i nGaeilge, ag úsáid Club Scannán Sailearna chun cead a fháil na scannáin a thaispeáint go poiblí.
Anois tá aitheantas ag AN CINEMA GAELACH mar chlub scannán.
Ghlac Tuismitheoirí na Gaeltachta buíochas le Club Scannán Sailearna faoin tacaíocht maidir le aitheantas a fháil ó Access Cinema, eagraíocht náisiúnta na gclubanna scannán.
Réalta Teilifís Nua ó FÍBÍN
Tá Meangadh FÍBÍN, atá lonnaithe i mBaile na hAbhann, sa tóir ar dhaoine óga, cainteoirí breátha, don chlár ‘IS MISE’ a bheas á thaifeadadh go luath.
Daoine óga idir 6 – 10 mbliana d’aois atá ag teastáil.
Le suim a léiriú, ní mhór físeán gearr (1 – 2 noiméad) a thaifeadadh, le cur síos ort féin agus ar an gcaitheamh aimsire is fearr leat.
Is féidir an físeán a sheoladh chuig eolas@nullfibinmedia.ie nó ar WhatsApp ar 085 1389582.
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige
Faoi láthair ní bhíonn Nótaí Chois Fharraige sa gCuradh Connachta gach seachtain. Tá briseadh beag á thógáil againn don samhradh. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraige ar ais aríst tús Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh seo www.coisfharraige.ie, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil go rialta.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
• Peil (Sóisear A): Micheál Breathnach 0 – 10, Leitir Móir 1 – 11.
• Peil (Sóisear B): An Spidéal 1 – 14, Carna Caiseal 2 – 10.
• Peil (Sóisear B): An Spidéal 1 – 11, Fr Griffins/Éire Óg 1 – 07.
• Peil (Sóisear C): An Spidéal 3 – 08, Salthill Knocknacarra 4 – 10.
• Peil (faoi 12): Micheál Breathnach 3 – 11, Bearna 7 – 07.
• Iomáint (Sóisear C1): An Spidéal 8 – 14, Bearna/Na Forbacha 4 – 03.
• Iomáint (Mionúr B1): Micheál Breathnach 2 – 09, Abbeyknockmoy 2 – 06.