Cartlann Nuachta: 27 Márta 2019

Comóradh na gCearta Sibhialta

Aisteoirí ó Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, tar éis léiriú an dráma CEARTA

Daltaí na hIdirbhliana ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a chuir gearrdhráma nuascríofa faoi bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar an stáitse, Dé Domhnaigh seo caite i Seanscoil Sailearna, mar chuid den chomóradh ar bhunú na gluaiseachta a bhí eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige.

[Pic: Seán Ó Mainnín]

Bhí Seanscoil Sailearna lán go doras don ócáid a bhí eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige le comóradh a dhéanamh ar Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, a bunaíodh 50 bliain ó shin i Scoil an Chnoic (Seanscoil Sailearna anois) ar an 23 Márta 1969.

Gearóid Ó Fátharta, Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, a rinne fear a’ tí.

Beirt de bhunaitheoirí Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, Seosamh Ó Cuaig, ar chlé, agus Máire Ní Fhlathartaigh, ar dheis, ag nochtadh leac chuimhneacháin ag comóradh 50 bliain a bhunaithe i Scoil an Chnoic, Seanscoil Sailearna, Dé Domhnaigh, Márta 24, 2019. PIc: Seán Ó Mainnín

Seosamh Ó Cuaig agus Máire Áine Ní Fhlatharta ag nochtadh na leachta ar bhalla Seanscoil Sailearna, an áit ar bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta, 50 bliain ó shin.

Nochtaíodh an leacht ar an Domhnach seo caite ag an gcomóradh ar bhunú Cearta Sibhialta na Gaeltachta, a bhí eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i gcomhar le Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge.

[Pic: Seán Ó Mainnín]

Bhí cuid mhaith de na daoine a bhí bainteach le Cearta Sibhialta na Gaeltachta i láthair, cuid acu tagaithe ó Bhleá Cliath, ina measc Peig Ní Choinceanainn agus a fear chéile Maolsheachlainn Ó Caollaí, beirt a raibh baint mhór acu leis an bpicéad a eagrú ar Theach Furbo (Óstán Connemara Coast), nuair a bhi an clár Quicksilver á thaifeadadh ag RTÉ 50 bliain ó shin. Is ag éirí as an bpicéad sin a eagraíodh an cruinniú poiblí i Scoil an Chnoic, ag a bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta sa mbliain 1969.

Peig Ní Choinceanainn agus a fear chéile Maolsheachlainn Ó Caollaí, beirt a raibh baint mhór acu leis an bpicéad a eagrú ar Theach Furbo (Óstán Connemara Coast), nuair a bhí an clár 'Quicksilver' á thaifeadadh ag RTÉ 50 bliain ó shin. Is ag éirí as an bpicéad sin a eagraíodh an cruinniú poiblí i Scoil an Chnoic (Seanscoil Sailearna anois), ag a bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ar an 23 Márta 1969. Pic: Seán Ó Mainnín Peig Ní Choinceanainn and her husband Maolsheachlainn Ó Caollaí, who had a major role in the picket on Teach Furbo (Connemara Coast Hotel today), during a an RTE broadcast of the quiz programme, "Quicksilver" 50 years ago. A public meeting was called after the picket in Scoil an Chnoic (Seanscoil Sailearna today), on 23 Márta 1969 when Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta was founded Pic: Seán Ó Mainnín

Peg Ní Choincheanainn is a fear chéile Maolsheachlainn Ó Caollaí, a bhí i láthair ag Comóradh 50 Bliain de bhunú Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta an deireadh seachtaine seo caite i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

[Pic: Seán Ó Mainnín]

Beirt de bhunaitheoirí na gluaiseachta, Máire Áine Ní Fhlathartaigh ón gCeathrú Rua agus Seosamh Ó Cuaig ó Chill Chiaráin, a nocht leacht nua chuimhneacháin ar bhalla na Seanscoile i gcuimhne ar an gcruinniú 50 bliain ó shin.

Taispeánadh píosaí fuaime agus físe ar an scáileán mór sa tSeanscoil, ábhar a bhain le Cearta Sibhialta na Gaeltachta a bhí curtha le chéile ag Seathrún Ó Tuairisg agus Domhnall Ó Braonáin ó Acadamh na hOllscoilíochta Gaeilge.

Le críoch a chur leis an ócáid chuimhneacháin, léiríodh an gearrdráma C.E.A.R.T.A, curtha ar stáitse ag daltaí ón Idirbhliain i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal, faoi bhunú Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta. Bhí garchlann cuid de bhunaitheoirí na gluaiseachta páirteach sa dráma, a bhí léirithe ag Bróna Ní Uallacháin.

Joe Steve Ó Neachtain ag léamh tuairiscí 50 bliain ó shin

Joe Steve Ó Neachtain ag breathnú ar ábhar stairiúil a bhain leis na Cearta Sibhialta

Cuireadh an-spéis san ábhar stairiúil a bhí curtha ar taispeántas sa tSeanscoil idir cáipéisí, irisí, nuachtáin, litreacha agus pictiúir a bhain le tréimhse na gCearta Sibhialta.

Gluaiseacht Cearta Sibhialta na Gaeltachta 50 bliain

Cuid den slua a bhí i láthair ag Comóradh 50 Bliain ón uair a bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i Seanscoil Sailearna ar an Domhnach seo caite.

Ar chúl tá an leacht chuimhneacháin a nochtadh ar bhalla Seanscoil Sailearna i gcuimhne ar an gcruinniú ar an 23 Márta 1969, ag a bunaíodh Cearta Sibhialta na Gaeltachta.

[Pic: Seán Ó Mainnín]


Scríbhneoir na Míosa

Pádraic Breathnach

Pádraic Breathnach ó Mhaigh Chuilinn

Tá tús á chur ag Cló Iar-Chonnacht le sraith léamha ar a thugtar ‘Scríbhneoir na Míosa’, i siopa leabhar Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal ar an Luan seo chugainn, 1 Aibreán ag 5.30pm. Is é Pádraic Breathnach ó Mhaigh Chuilinn an chéad scríbhneoir a bheas ag léamh, le tús a chur leis an sraith.


Club Leabhar Chois Fharraige

Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin, 10 Aibreán ag 9.00 i.n. i dTigh Mholly, leis an úrscéal gearr Fonn a Níos Fiach le Pádraig Ua Maoileoin a phlé. Insíonn sé scéal an fhir atá á thiomáint ag an ocras chun seilg a dhéanamh ar son a theaghlaigh agus cuirtear é i gcomparáid le clasaic an Bhéarla le Hemingway, The Old Man and the Sea.

Tá an leabhar ar fáil ó Leabhar Breac in Indreabhán agus i siopa Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal. Tá fáilte roimh chách.


Comórtas Amhránaíochta Náisiúnta

Dairíona Nic Dhonnacha

Dairíona Nic Donnacha ón dTeach Mór, Indreabhán, a chan an t-amhrán a roghnaíodh ag an gComórtas Náisiúnta Amhránaíochta i gCeatharlach, an deireadh seachtaine seo caite.

Dairíona Nic Dhonnacha, ón Teach Mór, Indreabhán, a chan an t-amhrán a phiocadh Dé Satharn seo caite ag an gComórtas Amhránaíochta Náisiúnta i gCeatharlach le ionadaíocht a dhéanamh ar son na hÉireann ag an gComórtas Idirnáisúnta Pan Cheilteach 2019, a bheas ar bun i Leitir Ceanainn, aimsir na Cásca.

Áine Ní Dhurcáin a chum an t-amhrán buacach, ar a thug sí Ní Thuigim. Tá cónaí ar Áine i mBun Chranncha ach is as Anach Mheáin í ó thús. Sí Dairíona atá mar amhránaí leis an ngrúpa Sult, a bhfuil an-tóir orthu i gConamara le bliain nó dhó anuas.


Léacht faoin nGorta

Ar an Déardaoin seo, 28 Márta, tabharfar léacht i gColáiste Chonnacht, An Spidéal, faoin teideal An Gorta Mór i gCois Fharraige.

An staraí Lochlainn Ó Tuairisg a thabharfadh an léacht a thosóidh ag 8.00pm. Bhí alt fíorspéisiúl ag Lochlainn faoin nGorta san iris BISEACH 2018. Tá an léacht eagraithe ag Cumann Seanchas is Staire Chois Fharraige.


Dhá Leabhar le Seoladh

Misneach Bacach le Andreas Vogel

Ar an Déardaoin seo, 28 Márta, ag 7.00pm beidh dhá leabhar á seoladh sa Droighneán Donn, An Spidéal, ag an gcomhlacht foilsitheoireachta COISCÉIM: Rianta Mhordáin le Paddy Mhéime Ó Súilleabháin agus Misneach Bacach le Andreas Vogel.

Sé Rónán Mac an Iomaire ó Údarás na Gaeltachta a sheolfaidh an dá leabhar.

Tá tuilleadh eolais faoi na leabhra seo ar fáil ar shuíomh idirlín Coiscéim:

Rianta Mhordáin le Paddy Mhéime Ó Súilleabháin

Misneach Bacach le Andreas Vogel


Darkness into Light

Beidh an tsiúlóid Darkness into Light, a eagraíonn Pieta House ag ionaid éagsúla gach bliain, ar siúl arís i mbliana ar an gCeathrú Rua maidin Shathairn, 11 Bealtaine, ag tosú ag Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua, ag 4.15 am.

Cuireann Pieta House seirbhís tacaíochta ar fáil do dhaoine atá i mbaol ón Féin Marú nó Féin Gortú.

Más mian leat páirt a ghlacadh san ócáid shiombalach seo, is féidir clárú anois ar líne ach dul ag www.darknessintolight.ie.

Is ar líne amháin ar féidir clárú. Suas go deireadh mí na Márta is féidir le daoine fásta clárú don tsiúlóid ar €20.


Camchuairt Na Rógairí le Críochnú sa gCeathrú Rua

An Mhéar Fhada le Johnny Chóil Mhaidhc

Radharc as An Méar Fhada le Johnny Chóil Maidhc

Tá sé ós cionn bliana ó shin ó thosaigh na Rógairí ag fáil faoi réir don chamchuairt ar Ghaeltacht Chonamara is Árann leis an dráma de chuid Johnny Chóil Maidhc, An Méar Fhada. Sa gCistin/Tigh Sé ar an gCeathrú Rua a rinneadar a gcuid ullmhúcháin agus cleachtadh, agus is sa gCeathrú Rua a bheas an céad léiriú eile ar an Aoine beag seo, 29 Márta, i Halla Éinne.

Tosnóidh an dráma ag 8.30 i.n., agus mar is iondúil beith raifil ann ar an oíche. Cé go bhfuil roinnt cuireataí faighte ag na Rógairí dul níos faide ó bhaile leis an dráma, tá costas mór i gceist agus beidh orthu smaoineamh go géar ar na tairiscintí. Níl sé éasca ag buíon dráma amaitéarach dul ag taisteal le dráma, an fhad is a bhaineann sé le drámaíocht na Gaeilge de.

Beidh na Rógairí sa gCeathrú Rua i Halla Éinne, an Aoine beag seo, 29 Márta ag 8.30 i.n. Cead isteach €10, €5 ar ghasúir agus €20 ar chlann. Seo é an seans deireannach a bheas ag daoine an dráma iontach seo ó pheann Johnny Chóil Mhaidhc a fheiceáil ar stáitse.


Scoláirí Chois Fharraige ar Stáitse

‘PEADAR PENGUIN’ Scoil Éinne, An Spidéal

Daltaí ó Scoil Éinne, An Spidéal a ghlac páirt i gCOIRM, seó in Amharclann na Cathrach, Gaillimh, le déanaí.

Ghlac beagnach 500 aisteoirí, ceoltóirí, amhránaithe agus damhsóirí óga páirt i bhféile bhliantúil Coirm Gael Linn in Amharclann na Cathrach, Gaillimh, le déanaí. Reáchtáladh an fhéile thar dhá lá, Dé Luain 4 agus Dé Máirt, 5 Márta, chun freastal ar an líon mór iontrála ó scoileanna ó chathair agus ó chontae na Gaillimhe. I measc na rannpháirtithe, bhí scoileanna Cois Fharraige Scoil na bhForbacha, Scoil Éinne, An Spidéal, agus Scoil Cholmcille, Ros a’Mhíl. D’éirigh le Scoil Éinne, An Spidéal, dhá ghradam a bhuachaint ag an bhféile leis an seó Peadar Piongain.


Scannán ón nGearmáin sa tSeanscoil

I Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 28 Márta, taispeánfar THE CAPTAIN, scannán ón nGearmáin ag tosú ag 8.15pm. Baineann scéal an scannáin le saighdiúr a thréigeann Arm na Gearmáine ag deireadh an Dara Cogadh Domhanda agus éiríonn leis dallamullóg a chur orthu san a thagann a bhealach.

An tseachtain seo chugainn tiocfaidh deireadh leis an séasúr scannán nuair a thaispeánfar scannán faisnéise faoin léiritheoir cáiliúl Ingmar Bergman, a bhí i mbarr a réime i 1957.

Tá eolas agus blaiseadh de na scannáin a thaispeántar i Seanscoil Sailearna le fáil ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE.


Glanadh Suas

Bailiú Brúscair 2018

Seachtain ón Satharn seo chugainn, 6 Aibreán, beidh an Glanadh Suas bliantúil ar bun i gCois Fharraige, eagraithe ag an bhFochoiste Timpeallachta de chuid Cumann Forbartha Chois Fharraige i gceantar an Chumann Forbartha. Tá sé i gceist an bruscar ar an bpríomhbhóthar agus ar na bóithríní idir Tigh Nancy soir chomh fada le Tigh Chualáin a phiocadh suas, ach a dhóthain daoine a bheith ar fáil.

Beidh daoine ag tíocht le chéile ag Seanscoil Sailearna ag 10.00 maidin Shathairn, 6 Aibreáin. Beidh tae/caifé agus scónaí ar fáil ag an am sin. Leagfar amach an obair atá le déanamh agus tabharfar amach miotóga agus málaí bruscair.

Na laethanta seo tá an-chuid bruscair caite ar taobh an bhóthair mhóir, agus ar an gcladach. Ní chuireann an bruscar le dea-cháil na háite. Iarrtar ar dhaoine tíocht amach an lá sin, agus tacú leis an iarracht bhliantúil le dul i ngleic le fadhb an bhruscair sa gceantar.


Bál an Chathaoirligh

Seán Ó TuairisgAr an Satharn seo chugainn, 30 Márta, 2019 a bheas Bál an Chathaoirligh ar bun in Óstán Chois Fharraige, nó An Connemara Coast sna Forbacha.

An Comhairleoir Seán Ó Tuairisg ó Na hAille atá ina Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe i mbliana agus tá an ócáid á eagrú aige le airgead a bhailiú do thrí charthannacht a bhfuil bá faoi leith aige leo: Pieta House, Fondúireacht Deontóirí Strange Boat agus Tionscadal Tithíochta i Zambia.

Tá roinnt bheag ticéid ar fáil i gcónaí don ócáid ar €50 an ceann ó Oifig an Chomhar Chreidmheasa.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Iomáint (Roinn 3): An Spidéal 3 19, Maigh Chuilinn 1 21.

Iomáint (Sóisear I): Ml. Breathnach 1 17, Ballygar 2 14.

Iomáint (faoin 16A1): Cois Fharraige 6 06, Maigh Chuilinn 2 16.

Camógaí (Sóisear A): Cois Fharraige 0 14, Turloughmore 1 04.

Peil (Mionúr B): Ml. Breathnach 5 12, An Cheathrú Rua 1 10.

Peil (Mionúr B): An Spidéal 4 08, An Fhairche 0 08.

Sacar (Sóis 3): Bearna/Na Forbacha 5, Craughwell Utd. 3.

Sacar (Sóis 2): Cois Fharraige 3, Oughterard 1.


27 Márta 2019