Cartlann Nuachta: 27 Márta 2024
Féile Scoldrámaíochta
Daltaí sna Naíonáin Bheaga, Scoil Sailearna, Indreabhán, a chuir an dráma ‘Na Trí Mhuicín’ ar an stáitse ag Féile Scoldrámaíochta Chonnacht, an Aoine seo caite.
Fuair ‘Na Trí Mhuicín’ ainmniúchán le dul ar aghaidh ag an bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta a bheas i Muileann gCearr deireadh Aibreáin.
Reáchtáladh Féile Scoldrámaíochta Chonnacht i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, an tseachtain seo caite. D’éirigh thar barr le scoileanna i gConamara Theas. Roghnaíodh 12 de na drámaí le dul ar aghaidh chuig an bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta a bheas ar bun i Muileann gCearr, deireadh mí Aibreáin, ina measc péire ó Scoil Sailearna, Indreabhán; ceann ó Scoil Náisiúnta Ros a’ Mhíl; dráma ó Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, chomh maith le dráma ó Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
Seo iad na drámaí ó Chonamara Theas a bheas san iomaíocht ag an bhFéile Náisiúnta:
‘An Piongain a Chuaigh ar Strae‘ – déanta ag Rang 2, Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, léirithe ag Mae Ní Fhlaithearta.
‘An tOráiste‘ – déanta ag Scoil Náisiúnta Cholmcille, Ros a’ Mhíl (rang 4, 5, 6), léirithe ag Micheál Antoine Ó Loideáin.
‘Na Trí Mhuicín‘ – déanta ag Na Naíonáin Bheaga, Scoil Sailearna, Indreabhán, léirithe ag Siobhán Ní Mhaoileoin.
‘Saoire na mBan‘ – déanta ag rang 4, Scoil Sailearna, Indreabhán, léirithe ag Traolach Ó Conghaile.
‘Ceann Scríbe‘ – déanta ag an Idirbhliain, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, léirithe ag Bróna Ní Uallacháin.
Bronnadh Corn Tom Sailí ar Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua, as an dráma nuascríofa is fearr: ‘An Piongain a Chuaigh ar Strae’.
Ella Nic Con Domhnaill, a bhí i bpáirt ‘Joe’ sa dráma ‘An tOráiste,’ a roghnaíodh mar an t-aisteoir is fearr i measc na gcailíní.
Seán Mac Donncha, a bhí i bpáirt ‘Róise’ sa dráma ‘Ceann Scríbe,’ a roghnaíodh mar an t-aisteoir is fearr i measc na mbuachaillí.
Aisteoirí ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal a fuair ainmniúchán don dráma ‘Ceann Scríbe‘ ag Féile Scoldrámaíochta Chonnacht, chun dul ar aghaidh ag an bhFéile Náisiúnta Scoldrámaíochta a bheas i Muileann gCearr deireadh Aibreáin.
Chun tosaigh, ó chlé: Ella Nic Dhomhnaill, Oscar Farthing, Rebecca Ní Ruanaigh, Anna Ní Allurain, Muiréad Ní Fhátharta, Katie Ní Phiotáin agus Eimear Ní Dhiomsaigh.
Ar chúl, ó chlé: Jeaic Ó Cúlain, Seán Óg Ó Fátharta, Lúc Ó Tuairisg, Conor Ó Cúláin, Mac Dara ó Grádaigh.
Fadhbanna Uisce i gCois Fharraige
Tá na mílte tithe i gCois Fharraige fágtha gan uisce an tseachtain seo. Gearradh amach an t-uisce moch maidin Dé Máirt. Is cosúil go raibh píopa mór ar an bpíomhbhóthar tar éis pléascadh.
Tá sé tugtha le fios don Chomhairleoir Daithí Ó Cualáin go mbeidh an píopa deisithe faoin 2.00pm ar an gCéadaoin, 27 Márta.
Torthaí Gailf
Ar an Satharn seo caite thug Cumann Gailf Chois Fharraige cuairt ar Phort Omna. Seo a leanas na torthaí ar na comórtais: Sa gcéad áit bhí Séamas Ó Máirtín ar 39 pointe (6 pholl deireanach) le Pádraig Ó Cualáin ar a shála sa dara áit ar 39 pointe chomh maith. I gCatagóir I bhí an bua ag Micheál Ó Braonáin le 35 pointe; i gCatagóir II bhí an bua ag Seán Ó Neachtain ar 38 pointe agus i gCatagóir III ag Máirtín Ó Flatharta bhí an bua ar 38 pointe.
Beidh an chéad chomórtas eile ag gailfeoirí Chois Fharraige ar An gCreig Mhór, Dé Sathairn 20 Aibreán.
Folúntais san ITT
Tá folúntais le líonadh ag an ITT in Indreabhán agus iarratais á lorg ó dhaoine leis na cáilíochtaí riachtanacha.
Tá folúntais d’oibrithe luathbhlianta ag an ITT i láthair na huaire. Teastaíonn Gaeilge agus cáilíocht 5 nó 6 i gCúram Leanaí. Beidh scála pá ó €14.50 go €16.50 in aghaidh na huaire á íoc leis na daoine a earcófar.
Chomh maith le oibrithe luathbhlianta tá oibrithe iarscoile á n-earcú chomh maith. Níl aon cháilíocht faoi leith riachtanach ach caighdeán maith Gaeilge a bheith ag duine. I measc na ndualgaisí don phost tá aire a thabhairt do na gasúir le obair baile agus gníomhaíochtaí a eagrú dóibh nuair is gá. Idir 12.00 agus 17.30 ó Luan go hAoine na huaireanta oibre agus €13.50 an scála pá.
Cuireann an ITT seirbhís an-tábhachtach ar fáil do thuismitheoirí i gceantar Chois Fharraige, le naíolann agus naíonra do pháistí réamhscoile, chomh maith le club bricfeasta agus seirbhís iarscoile. Breis is 120 páiste a bhíonn ag freastal ar an ITT. Is féidir iarratas a dhéanamh ach CV a sheoladh chuig ittancranntaca@nullgmail.com nó chuig an Rúnaí, An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán.
Club Scannán Sailearna
Radharc as an scannán Meiriceánach PAST LIVES, a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 28 Márta i Seanscoil Sailearna.
Is gearr go mbeadh Club Scannán Sailearna ag teacht chun críche agus ag tógáil briseadh go deireadh Meán Fómhair. Dhá scannán atá fós le taispeáint sula mbeidh an briseadh ann. Ar an Déardaoin seo, 28 Márta, taispeánfar an scannán PAST LIVES i Seanscoil Sailearna. Ainmníodh an scannán do Oscar agus tá ard-mholadh faighte ag an scannán ó léirmheastóirí ar fud an domhain, mar cheann de sár-scannán ár linne.
Baineann an scéal le beirt ón gCóiré Theas a thiteann i ngrá le chéile agus iad ar scoil. Scartar óna chéile iad nuair a théann teaghlach an chailín go Ceanada ar imirce. Blianta ina dhiaidh aimsíonn siad a chéile arís ach faoin am seo tá an cailín ina bhean pósta. Scannán álainn mothúchánach é seo faoi chumhacht an ghrá agus faoin dara seans a beith ag daoine.
Beidh an Club Scannán ag críochnú suas an Déardaoin seo chugainn, 4 Aibreán le FALLEN LEAVES, scannán ón bhFionlainn. Tá breis eolais ar fáil ón suíomh CLUBSCANNÁN.IE.
Maidin Caifé sa Spidéal
Beidh Maidin Caifé ar bun sa gCrúiscín Lán ar An Spidéal ar Aoine na seachtaine seo chugainn, an 5 Aibreán, ag 11.00am.
Tá an mhaidin caifé eagraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga ar mhaithe le caidreamh is comhluadar a chothú sa phobal. Tá fáilte roimh chách ag an ócáid.
Gasúir Óga ag Spraoi
Tar éis na Cásca beidh seisiúin spraoi á gcur ar fáil trí Ghaeilge go gasúir faoi bhliain d’aois.
Beidh na seisiúin ar siúl in Indreabhán sa bhfoirgneamh atá taobh thiar den Chomhar Creidmheasa, foirgneamh de chuid Coláiste Lurgan. Beidh na seisiúin ar siúl maidin Dé Máirt ón 9.30 go 10.45am don aoisghrúpa 0 – 6 mhí d’aois agus ar an gCéadaoin don aoisghrúpa idir 6 mhí agus 12 mhí d’aois.
Seisiúin chéadfacha nó ‘Baby Sensory’ a bheas iontu. Tabharfaidh na seisiúin seo deis go thuismitheoirí an cheantair bualadh le chéile trí mheán na Gaeilge i spás suaimhneach, taitneamhach lena gcuid gasúir bheaga.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le gasúirlegaeilge@nullgmail.com.
Ionad Oideachais agus Óige
Coláiste Lurgan, Indreabhán
Bhí fógra sa gCuradh Chonnacht an tseachtain seo caite ag tabhairt le fios go bhfuil Údarás na Gaeltachta ag lorg cead pleanála faoi dheireadh thiar thall, le Coláiste Lurgan a leagan agus Ionad Oideachais agus Óige a fhorbairt ar an láthair. Séard a bheas sa bhforbairt do réir an fhógra ná ‘foirgneamh ilfheidhmeach nua a thógáil ar a n-áirítear seomraí ranga, halla tionóil agus seomra léachta; foirgneamh ceardlainne nua; droichead coisithe nua trasna na hAbhann Ruibhe; carrchlós nua ar leibhéal na sráide agus pointe seachadta bus nua,’ chomh maith le athraithe eile ar mhaithe le sábháilteacht do choisithe ag trasnú an bhóthair.
Tá cúig seachtain anois ag daoine aighneacht a chur isteach nó tuairim a léiriú faoin bhforbairt ach táille €20 a íoc.
Dráma Tigh Mholly
Tigh Mholly, Indreabhán
Ar an Déardaoin seo, 28 Márta, beidh réamhléiriú den ghearrdhráma nua, DÚMHÁL, á chur i láthair ag Cumann Drámaíochta Chois Fharraige.
Micheál Ó Chonghaile a scríobh an dráma gearr, bunaithe ar ghearrscéal leis an Árannach Liam Ó Flaithearta.
Tá an dráma á léiriú ag Máire Ní Mháille agus triúr atá páirteach ann: Rónán Ó Curraoin, Colm Joe Mac Donncha agus Eoghan Ó Riada.
Sé Dara Mc Gee an dearthóir seite agus sí Bridie Ní Churraoin an bainisteoir stáitse. Tosóidh an dráma ag 9.30pm.
Beidh an dráma á chur ar stáitse sa Taibhdhearc, seachtain ón Domhnach seo chugainn, mar chuid den togra Scéalta na Gaillimhe atá eagraithe ag FÍBÍN i gcomhar le Comhlacht Cultúir na Gaillimhe, chun saibhreas cultúrtha na Gaillimhe a cheiliúradh.
Ardú Céime do Fhoireann Sacair Mac Dara
Foireann Sacair Chois Fharraige 2023
Imríodh an cluiche sacair idir MacDara (An Cheathrú Rua) agus Cois Fharraige ar an Domhnach seo caite agus fuair Mac Dara an ceann is fearr ar na comharsana, Cumann Sacair Chois Fharraige.
Tá na cluichí ar fad imrithe anois ag MacDara i Roinn I de shraithchomórtas na Gaillimhe agus an chuma ar an scéal go mbeidh ardú céime i gceist go Sraith na Seaimpíní an chéad bhliain eile.
Seo mar a sheasann cúrsaí tar éis cluichí an deireadh seachtaine seo caite: tá foireann na Ceathrú Rua sa dara áit sa tsraith ar 34 pointe, gan aon chluiche fágtha le imirt. Sna sála orthu don dara áit ar 30 pointe tá Salthill Devon B, agus cluiche fágtha le imirt acu. Ní féidir Cois Fharraige a chur as an áireamh don dara áit. Tá siad sa gceathrú áit faoi láthair ach tá cúig chluiche fós le imirt acu agus iad ar 20 pointe.
Dá n-eireodh le Cois Fharraige na cluichí ar fad atá fágtha acu a bhuachan bheadh siad ag críochnú ar 35 pointe, a chuirfeadh iad pointe amháin chun tosaigh ar fhoireann Na Ceathrú Rua.
Bealach amháin nó bealach eile beidh ceann de na fóirne sacair Ghaeltachta ag fáil ardú céime go Sraith na Seaimpíní i nGaillimh an chéad shéasúr eile.
Craughwell United atá ar bharr an tábla ar 36 pointe agus trí chluiche fós le imirt.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €6,200 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 2, 4, 27, 32.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
Gráinne Ridge, Doire Choill;
Edel Lydon, Droim, Leitir Móir;
Pádraig Ó Conghaile (Marcus), An Bóthar Buí, An Cnoc;
Michael Leainde, Ros a’ Mhíl.
Pádraig Joe Shéamuis, Na hAille, Indreabhán, a fuair duais an díoltóra.
€6,300 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
- Camógaí (Sóisear A): Cois Fharraige 3 – 06, Bleá ‘n Rí 2 – 08.
- Camógaí (faoi 16): Cois Fharraige 4 – 01, Béal Átha na Sluaigh 1 – 07.
- Iomáint (Sóisear A): An Spidéal 2 – 10, Bearna/Na Forbacha 2 – 19.
- Iomáint (Sóisear A): Ml Breathnach 0 – 12, Bóthar na Trá/Cnoc na Cathrach 2 – 11.
- Sacar (Roinn I): MacDara 2, Cois Fharraige 1.
- Sacar (faoi 17, Corn): Cois Fharraige 2, Kinvara Utd. 8.
- Sacar (faoi 15, RII): MacDara 3, East Galway Utd. 1.
- Sacar (faoi 13, Corn): MacDara 1, Kilshanvey Utd 0.