Cartlann Nuachta: 27 Meán Fómhair 2023
Na Breathnaigh Tríd
Liam Mac Donnacha (Cumann Micheál Breathnach) leis an liathróid, le linn an chluiche in aghaidh Williamstown i dTuaim ar an Domhnach seo caite.
Fuair Liam cúl agus trí chúilín ón imirt le linn an 60 nóiméad.
[Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]
D’éirigh le foireann peile Chumann Micheál Breathnach an ceann is fearr a fháil ar Williamstown ar an Domhnach seo caite i dTuaim, le áit a fháil sna babhtaí ceathrú-cheannais i gCraobh Idirmheánach na Gaillimhe. Tá na Breathnaigh tarraingthe in aghaidh Monivea/Abbeyknockmoy sa gcluiche ceathrú ceannais.
Sa gcéad leath bhí an ghaoth ag na Breathnaigh agus bhíodar in ann scóranna a thógáil ó cheathracha agus caoga slat amach ón gcúl. Fuair Cillian Ó Curraoin an chéad chúilín tar éis fiche soicind agus fuair sé cúig chúilín eile roimh an mbriseadh.
Ag an mbriseadh bhí an fhoireann Ghaeltachta chun cinn leis an scór 1 – 10 in aghaidh 0 – 5. Ba é Liam Mac Donnacha a d’aimsigh an cúl do Na Breathnaigh.
Sa dara leath bhí an ghaoth le Williamstown agus thosaigh a gcuid tosaithe ag aimsiú na scóranna. Laghdaigh siad an bhearna go dhá chúilín gan ach cúpla nóiméad fágtha ar an gclog. In áit an liathróid a choinneáil, chuaigh na Breathnaigh ar an ionsaí agus tháinig cúilín gleoite ó Chiarán Clancy, a tháinig isteach mar fhear ionaid ag deireadh an chluiche, a d’fhág trí chúilín idir na foirne.
Iománaíocht na nÓg i gCois Fharraige
Foireann Iománaíochta, Cumann Micheál Breathnach, ar éirigh leo Craobh an Chontae faoi 14B a bhuachan le gairid, nuair a bhuail siad Baile Locha Riach sa gcluiche ceannais.
Ar chúl, ó chlé: Seán Mac Réamoinn, Pádraic Mahon, Cian de Búrca, Rónán Ó Neachtain, Conor Ó Tuathail, Mártan Ó Cúláin, Oisín Mahon, Jamie Ó Diollúin, Stiofán Ó Neachtain, Eoin Ó Gionnáin, Fionnán Ó Neachtain, Dara Ó Frighil, Éinne Ó Conghaile, Áine Uí Neachtain.
Chun tosaigh, ó chlé: Eric Norman, Aonghus Ó Direáin, Cuán Canny, Diarmaid Mac Réamoinn, Peadar Óg Ó Conghaile, Tadhg Ó Neachtain, Oisín Ó Neachtain (Capt), Oscar Ó Tuairisc, Cillian Ó Ceallaigh, Aaron Norman, Cian Ó Maoileoin, Cormac Ó Braonáin.
[Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]
Tá an-rath i mbliana ar iománaíocht i measc na n-óg i gCois Fharraige, a bhuíochas sin don obair atá déanta le roinnt blianta anuas ag tacú leis na daoine óga. Níl sé chomh fada sin ó shin ó bhíodh sé deacair ar Chumann Micheál Breathnach a dhóthain daoine óga a fháil le foireann faoi aois a chur chun páirce. Ní mar sin atá an scéal a thuilleadh. I mbliana d’éirigh le roinnt fóirne fáil tríd go cluichí ceannais, a chaill siad le cúilín nó dhó. Bhí an oiread báireoirí óga ag Cumann Micheál Breathnach i mbliana is gur éirigh leis an gclub dhá fhoireann faoi 12 a chur le chéile.
D’éirigh leis an bhfoireann faoi 14 craobh an chontae B a bhaint tar éis feachtas iontach, nuair a bhuail siad Baile Locha Riach leis an scór 1 – 13 in aghaidh 0 – 03 ar an 11 Meán Fómhair, ar Pháirc Uí Dhugáin i mBéal Átha an tSluaigh.
Ar an mbealach ag an gcluiche ceannais bhuail siad fóirne ó cheantracha ina bhfuil traidisiún láidir iománaíochta le fada an lá, mar shampla Ceapach a’ tSeagail, Naomh Thomáis agus Ard Rathain.
Sa gcluiche ceannais, i bPáirc Uí Dhúgáin, bhuail foireann na Gaeltachta buachaillí Bhaile Locha Riach leis an scór 1 – 13 in aghaidh 0 – 03. Bhí an bua tuillte ag chuile imreoir beo agus a gcuid oibre déanta go snasta, paiteanta, sciliúil acu, gan oiread agus drochbhuille amháin ó cheachtar acu: údar mórtais dá bhfoireann bainistíochta, dá dtraenálaithe uilig, dá dtuismitheoirí, dá gcumann agus dá gceantar. Seo a leanas an fhoireann bainistíochta: Áine Uí Neachtain Seán Mac Réamoinn, Pádraic Mahon agus Éinne Ó Conghaile.
Mar thoradh ar chomh maith is a rinne an fhoireann faoi 14 i mbliana tá ardú céime bainte amach acu agus beidh siad san iomaíocht i ngrád A1 faoi 15 an bhliain seo chugainn, 2024. Éacht nach beag do fhoireann ó Chois Fharraige.
Féile Chois Fharraige
Cuirfear tús le Féile Chois Fharraige 2022, ar an Máirt seo chugainn, 3 Deireadh Fómhair, le seoladh an leabhair Scéalta na gComharsan in Áras Chois Fharraige ag 3.00pm. Níos deireanaí an tráthnóna céanna beidh ionadaithe ó na dtithe foilsitheoireachta i gCois Fharraige – Leabhar Breac, Cló Iar-Chonnacht agus Futa Tata – ag tíocht le chéile ag 7.00pm i dTigh Chualáin, ar an gCoill Rua, le plé agus ceiliúradh a dhéanamh ar rathúnacht na foilsitheoireachta i gCois Fharraige.
Is féidir an clár a íoslódáil mar PDF anseo: Féile Chois Fharraige 2022.
Beidh an fhéile ag dul ar aghaidh go dtí an Domhnach, 8 Deireadh Fómhair, le neart imeachtaí ar an gclár do gach aoisghrúpa, ag freastal ar spéiseanna iomadúla an phobail. Seo leanas cuid de na himeachtaí a bheas ar bun le linn na féile:
- Ceiliúradh Chois Fharraige: ceolchoirm le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i Seanscoil Sailearna ar an Satharn, an 7ú lá, ag 8.00pm
- Gearóid Ó Murchú (An Spailpín Fánach) i mbun comhrá le Eimear Ní Chonaola maidir le tábhacht na Gaeltachta dhó, sa bPota Café ag 8.00pm.
- Seisiún Amhránaíochta ar an Sean-Nós, Tigh Chualáin, ar an Déardaoin, an 5ú lá, ag 8.00pm.
- An scannán ‘TARRAC’ i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin, 5ú lá ag 8.15 pm.
- Taispeántas Cócaireachta don chlann, faoi stiúir Diarmaid Ó Mathúna, sa bPota Caifé, ar an Domhnach, 8 Deireadh Fómhair ag 10.00am.
- Ag meánlae ar an Domhnach beidh siúlóid in ómós do Mháirtín Ó Cadhain – Conair an Chadhnaigh – ag tosú ag meánlae ón dealbh den Chadhnach ar an Airdín Buí, trasna ó Shiopa Mháirtín Ó Domhnaill, ar An Spidéal.
Tá an t-eolas ar fad le fáil ar an gclár atá le piocadh suas sna siopaí agus i ngnólachtaí áitiúla.
Oifigeach Cúnta Pleanála Teanga
Tá Saoirse Holic (sa bpictiúr ar chlé), nó Saoirse Nic Lochlainn mar is fearr aithne uirthi i gCois Fharraige, tosaithe ag obair mar Oifigeach Cúnta le Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.
Tá sí lonnaithe sa Spidéal in Inis Fáil. Tógadh Saoirse i mBaile na mBroghach agus is ann atá cónaí uirthi.
Céimí í de chuid Ollscoil na Gaillimhe agus chaith sí os cionn deich mbliana sa Nua Shéalainn.
D’fhill sí ar Chois Fharraige thart ar bhliain go leith ó shin.
Beidh Saoirse ag obair i gcomhar le Katie Ní Loingsigh faoi stiúir an Fhóram Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige.
Leabhar Nua le Darach Ó Scolaí
Mar chuid de chlár imeachtaí Fhéile Chois Fharraige beidh DEIRDRE, leabhar nua le Darach Ó Scolaí, á sheoladh ag ócáid atá eagraithe ag Club Leabhar Chois Fharraige i dTigh Mholly, An Lochán Beag, ar an Aoine, 6 Deireadh Fómhair, ag 8.00 pm.
Sé an Dr. Breandán Ó Cróinín a dhéanfaidh an leabhar a sheoladh.
Ranganna Seite Tigh Chualáin
Tigh Chualáin ar an gCoill Rua
Ar an gCéadaoin seo chugainn, 4 Deireadh Fómhair, cuirfear tús le sraith ranganna seite ag 8.00pm i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua. Sé Máirtín Ó Brosnacháin a bheas i mbun na ranganna. Tá fáilte roimh gach duine, idir tosaitheoirí agus daoine a bhfuil cleachtadh acu cheana.
Is féidir eolas breise a fháil ó Mháirtín ach glaoch ar an uimhir 087 9149729.
Club Scannán ar Ais
Radharc as an scannán TARRAC, a bheas a thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ar an Déardaoin, 5 Deireadh Fómhair, mar chuid de Fhéile Chois Fharraige, ag tosú ag 8.15pm.
An Déardaoin seo, 28 Meán Fómhair, tá Club Scannán Sailearna ag tosaí ar ais le séasúr nua scannán. Gach Déardaoin idir seo agus tús mí na Nollag taispeánfar 11 scannán ar fad ó thíortha éagsúla san amharclann i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Le tús a chur leis an séasúr nua beidh Un Beau Matin (One Fine Morning), scannán i bhFraincis, suite i bPáras na linne seo, á thaispeáint an Déardaoin seo sa Seanscoil ag tosaí ag 8.15pm.
An Déardaoin seo chugainn, 5 Deireadh Fómhair, taispeánfar TARRAC, scannán i nGaeilge, mar chuid de FHÉILE CHOIS FHARRAIGE.
Tá eolas faoi na scannáin a bheas á dtaispeáint idir seo agus an Nollaig le fáil ar an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE.
Níl ach €35 ar bhallraíocht do dhuine singil nó €60 do bheirt. Is féidir ballraíocht a fháil ar líne nó ticéid a cheannach ar an doras chomh maith.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €3,600 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 5, 7, 28, 31.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Tommy Waters, Cor na Rón;
- Eoin Durkin, f/ch Tigh Durkin, Baile na hAbhann;
- Nancy Seoighe, Na hAille;
- Margret Hernon, Bánrach.
- Comhar Creidmheasa Colmcille, a fuair duais an díoltóra.
€3,700 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Peil (Sinsear): An Spidéal 2 – 07, Naomh Anna, Leitir Móir 1 – 09
• Peil (Idirmheánach): Ml. Breathnach 1 – 13, Williamstown 0 – 13.
• Iomáint (faoi 12): Ml. Breathnach 1– 02, Annaghdown 0 – 10.
• Iomáint (faoi 12): Cois Fharraige 0 – 02, Abbeyknockmoy 7 – 04.
• Iomáint (faoi 12): Ml. Breathnach 1– 01, Salthill Knocknacarra 2 – 03.