Cartlann Nuachta: 27 Meitheamh 2018
Cois Fharraige na Gréine
Cuid de na Báid Mhóra ag Dul Anoir an Deireadh Seachtaine seo caite
Buaiteoirí
Nach Álainn iad na Báid Mhóra?
An Trófaí
Traidphicnic sa Spidéal
Féasta ceoil is amhránaíochta a bheas á chur ar fáil an deireadh seachtaine seo chugainn sa Spidéal ag Traidphicnic. Tá idir ceoltóirí áitiúla agus ceoltóirí a bhfuil aithne domhanda orthu le bheith ag seinnt ag an ocáid a bheas amuigh faoin aer, ar chúl an Cheardlainn sa Soidéal.
I measc na ngrúpaí a bheas ag seinm i mbliana beidh an grúpa De Danann. Bhíodh baint ag De Danann le Cois Fharraige, sa méid is gur minic i dTigh Hughes sa Spidéal agus i dTigh Jimmy Beartla ar an gCnoc a bhíodh an grúpa ag cleachtadh le chéile, nuair a tháinig siad le chéile i dtosach.
Bhí aighneas idir, Frankie Gavin agus Alec Finn, roinnt blianta ó shin faoi cé aige a bhí an ceart an t-ainm De Danann a usáid, ach beidh an bheirt acu le chéile ar an stáitse ag Traidphicnic, trathnóna Sathairn, in éindí le Dolores Keane agus Colm Murphy, beidh a bhíodh sa ghrúpa nuair a bhí De Danann ar bharr a réime.
Tá liosta mór ceoltóirí eile le bheith ag casadh thar an deireadh seachtaine. Ar ndóigh bíonn neart ceoil sna tithe tábhairne áitiúla nuair a stopann an ceol ar an stáitse.
Tá áit bainte amach ag Traidphicnic ar cheann de na féilte ceoil traidisiúnta is taibhneamhaí dá bhfuil ann.
Mar is gnáth ní dhíoltar aon ticéad, ach glactar le síntiús ar an mbonn ‘íoc an méid is féidir leat’.
Is féidir an clár ar fad a fháil ar an leathanach facebook http://traidphicnic.com/clar.html nó is féidir é a léamh nó a íoslódáil anseo: Traidphicnic Clár 2018
Caitlín Loughnane is a mac Cormac, ag casadh i dTigh Chualáin le gairid, nuair a bhí an clár ‘Céilí House’ á thaifeadadh ann. Beidh Caitlín ag casadh ag Traidphicnic, in éindí le Alec Finn, a iníon Caitríona agus Cian Finn, mac le Alec.
Bail ó Dhia ar an Obair!
Danny Wallace ag críochnú an mural ar bhinn na scoile nua atá ag Scoil Sailearna, ar an gCnoc.
Seán Ó Tuairisg ina Chathaoirleach
Ag cruinniú a bhí ag Comhairle Chontae na Gaillimhe ar an Aoine, 22 Meitheamh roghnaíodh an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg mar Chathaoirleach ar an gComhairle Chontae don chéad bhliain eile.
Tá cónaí ar Sheán sna hAille, Indreabhán, le fada an lá. Tháinig sé go Cois Fharraige sna 1970idí le dul ag obair mar mhúinteoir miotalóireachta i gColáiste Cholmcille, nó an Tech mar a thugtaí air. Tá sé ar Bhord Bainistíochta na scoile faoi láthair.
Toghadh é ar an gComhairle Chontae don chéad uair i 2004. Bhí an darna vóta ba airde aige ag seasamh i dtoghcheantar CONAMARA. Toghadh é i ngach toghchán áitiúl ó shin. Seo an chéad uair dhó a bheith ina Cathaoirleach ar an gComhairle Chontae.
Tháinig sé chun cónaí i gCois Fharraige sa bhliain 1967. D’éirigh sé as an múinteoireacht nuair a toghadh é ar an gComhairle Chontae agus tá sé ag feidhmiú mar ionadaí poiblí lán aimsireach ó shin.
Is comhleacaí é leis an Teachta Dála Éamon Ó Cuív, ar a chuir sé aithne nuair a bhí Éamon ina bhainisteoir ar Chomharchumann Dhúiche Sheoighe i gCorr na Móna, áit dúchais Sheáin.
Is ball de Chumann Forbartha Chois Fharraige é Seán agus tá sé ar an gCoiste Stiúrtha le roinnt blianta anuas.
Is mór an onóir a roghnú mar Chathaoirleach ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe dhó féin, dá chlann, dá áit dhúchais Corr na Móna agus do Chois Fharraige.
Gradam do Thuismitheoirí na Gaeltachta
An Déardaoin seo caite bhronn Cathaoirleach an Chomhairle Chontae, Eileen Mannion, duais €500 ar Thuismitheoirí na Gaeltachta, mar aitheantas ar an méid oibre a dhéanann an eagraíocht ar mhaithe leis an nGaeilge sa nGaeltacht.
Bhí Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ainmnithe don duais chéanna, ‘Gradam don Rannchuidiú is Fearr sa Ghaeilge’.
Sé bunaitheoir Ionad Oidhreachta Leitir Mealláin, John Bhaba Jeaic Ó Conghaile, a roghnaíodh don ghradam mar Oibrí Deonach na Bliana, agus fuair Pádraig Ó Biadha ó Leitir Mealláin Gradam Foilseachán Oidhreachta as a leabhar faoi Cheantar na nOileán, a foilsíodh anuraidh.
Dumhach na Leanbh
Tá fáilte roimh síntiús i gcónaí don chiste atá curtha ar bun le athchóiriú a dhéanamh ar Dumhach na Leanbh, ar an dTeach Mór. Ceaptar go gcosnóidh an athchóiriú thart ar €5,000, idir chuile shórt. Tá beagnach leath den airgead bailithe cheana féin ag an gCoiste.
Tá cuntas oscailte leis an gComhar Creidmheasa faoin ainm ‘Fochoiste Dumhach na Leanbh’ agus is féidir le duine ar bith, ar mian leo síntiús a thabhairt, é sin a dhéanamh in oifig an Chomhar Creidmheasa, nó is féidir airgead a chur isteach sa gcuntas go leictreonach ach úsáid a bhaint as an IBAN seo a leanas: IE03CCHC99218194742425. Cuirfear admháil amach ar aon síntiús a fhaightear.
Torthaí Spóirt an Deireadh Seachtaine
Peil F15 Roinn 2: Killannin 3-9, An Spidéal 3-13.
Peil F15 Roinn 1: CLG Bhearna 4-9, St Michael’s 0-5.
Peil Sinsir Roinn 2: CLG Bhearna 0-19, Tuam Stars 3-16.
Car Parts Warehouse Roinn 6: Clg Mícheál Breathnach 5-9, Oughterard 3-12.
Roinn 2 League: Menlough 3-14, Clg Mícheál Breathnach 3-11.
Car Parts Warehouse Roinn 8: Renvyle 4-14, Clg Mícheál Breathnach 1-12.
Peil F13 Roinn 1B: Clifden 4-14, CLG Bhearna 1-9.
Peil F13 Roinn 2B: Oughterard 1-1, Clg Mícheál Breathnach 4-20.
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige
Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst tús Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon seo, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil gach seachtain.
27 Meitheamh 2018