Cartlann Nuachta: 28 Eanáir 2015

 28 Eanáir 2015

 

Club Scannán le Tosaí Aríst Déardaoin

Tá clár láidir de scoth na scannán domhanda curtha le chéile ag Club Scannán Sailearna do Shéasúr an Earraigh, a bheas ag tosaí anocht, Déardaoin 29 Eanáir, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, le Violette – scannán ón Fhrainc faoi scríbhneoir a tháinig faoi thionchar Simone de Beauvoir.

Idir seo agus aimsir na Cásca, gach oíche Déardaoin, taispeánfar ar scáileán mór 10 scannán ar fad i gcompord na Seanscoile, ag tosaí gach oíche ag 8.15.

An Déardaoin seo chugainn taispeánfar The Hundred-Year-Old Man Who Climbed Out the Window and Disappeared, scannán greannmhar atá bunaithe ar an leabhar cáiliúil den ainm chéanna.

Tá níos mó eolais faoi na scannáin, chomh maith le blaiseadh beag dóibh, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Craobh an Chontae sa Liathróid Láimhe ag Scoil Sailearna

Comhghairdeas le Skylyn Ní Mháille-Bhreathnach, as Scoil Sailearna in Indreabhán, a thug léi an chéad áit sa gcomórtas liathróid láimhe do chailíní singil faoi 11 idir bunscoileanna (Challenger One), comórtas a bhí ar bun an Satharn seo caite i mBóthar na Trá.

Beidh Skylyn ag glacadh páirte i gCraobh Chonnacht, Dé Domhnaigh 15 Feabhra 2015.

Ar an Satharn seo chugainn beidh Craobh an Chontae faoi 13 á shocrú agus beidh roinnt imreoirí ó Scoil Sailearna ag glacadh páirt: Comórtais Dúbailte na gCailíní faoi 13 – Liadan Canny & Neasa Ní Chonghaile; Comórtais Dúbailte na mBuachaillí faoi 13 – Jamie Ó Máille & Diarmaid Ó Donnchú; Comórtais Singil na gCailíní faoi 13 – Aifric Ní Ghibne; Comórtais Singil na mBuachaillí faoi 13 – Mícheál Pádraig Ó Máille.


Flipeadóirí Longphoirt ar Pháirc an Chnoic Dé Sathairn

Beidh tús á chur le séasúr nua ag iománaithe Chumann Mícheál Breathnach ar an Satharn seo chugainn, 31 Eanáir, ag 2 iarnóin, nuair a théann siad chun páirce in aghaidh Flipeadóirí Longphoirt (Longford Slashers). Seo é an chéad chluiche sa gcomórtas sraithe Táin Chonnachta. An tseachtain dár gcionn beidh siad ag taisteal go Caisleán an Bharraigh le imirt in aghaidh na Mistéalaigh sa darna cluiche. Ceithre chluiche ar fad a bheas le imirt sa tsraith.

Seo é an chéad uair do Chumann Mícheál Breathnach páirt a thógáil sa gcomórtas seo. Bhí séasúr an-mhaith ag an bhfoireann anuraidh nuair a chuadar chomh fada le cluiche leathcheannais an Chontae agus Ruaidhrí Ó Béarra ina bhainisteoir orthu. I mbliana sé Antaine Mhaidhc Ó Conghaile a bheas ina bhainisteoir ar an bhfoireann agus beidh Ruaidhrí Ó Béarra ag feidhmiú mar roghnóir in éindí le Mícheál Ó Súilleabhán.


Maurice Sheridan ceapaithe ina Bhainisteoir ag Cumann Mícheál Breathnach

Tá fear Mhaigh Eo, Maurice Sheridan, ceapaithe ag Cumann Mícheál Breathnach ina bhainisteoir nua ar an bhfoireann peile sinsir don bhliain 2015. Anuraidh sé Kevin Walsh a bhí i gceannas ach tá cúraimí pheileadóirí an chontae ag luí ar ghualann leathan Kevin anois.

Ghnóthaigh Maurice Sheridan trí Chraobh Chonnacht le Maigh Eo agus bhí sé ar an bhfoireann bhuacach a chroch leo comórtas na Sraithe Náisiúnta sa bhliain 2001. Cé gur as Maigh Eo dhó, tá eolas maith ag Sheridan ar an bpeil i gContae na Gaillimhe, mar is le Bóthar na Trá a bhíodh sé ag imirt ar feadh na mblianta.

Bhí cáil ar Maurice Sheridan faoina chumas le saorchiceanna a thógáil.

Seo a leanas liosta iomlán na mbainisteoirí, a bheas ag dul i mbun na peile le Cumann Mícheál Breathnach i mbliana:

Sinsir: Maurice Sherdian le Tadhg Beag Ó Curraoin and Paraic Ó Coiribín ina roghnóirí.

Sóisear A : Sean Lydon.

Soisear C: Páraic Ó Fátharta.

Faoi 21: Barraí Ó Conghaile

Mionúir: Tadhg Mór Ó Curraoin

Peil na mBan (Sóisear & Mionúir): Stiofán Ó Mainnín agus Kevin Mac Donncha


Coiste Curtha le Chéile faoin Sean Chéibh

Ag cruinniú a thug Comhlacht Forbartha an Spidéil le chéile ar an Déardaoin seo caite, leis an obair atá déanta ar Shean Chéibh an Spidéil a phlé, cuireadh coiste le chéile a bheas ag obair i gcomhar le Comhlacht Forbartha an Spidéil, féachaint le críoch cheart a chur leis an obair deisithe.

Seo a leanas na daoine ar an gcoiste: Bairbre Uí Churraidhín, Jimmy Ó Céidigh, Micí Ó Conluain, Thady Ó Conaire, Mike P. Ó Conaola, Seán Ó Coistealbha, Mark de Faoite agus Steve Ó Suibhne.

Nuair a bhí sé ina lag trá Dé Domhnaigh, thug an coiste nua cuairt ar an tSean Chéibh, agus tá liosta éileamh déanta amach agus curtha os comhair Chomhlacht Forbartha an Spidéil, le seoladh isteach ag an gComhairle Chontae.

Tá cáineadh láidir déanta go háitiúil ar an gComhairle Chontae mar nach ndeachthas i gcomhairle, mar a gealladh, leis an dream a úsáideann an tSean Chéibh, sular tosaíodh ar an obair. Tá daoine den bharúil nach bhfuil an píosa breise atá curtha leis ag luí isteach leis an gcuid eile den chéibh, a tógadh beagnach 200 bliain ó shin. Tá sé raite freisin nár cheart an oiread sin gainimh a thógáil amach as, gan an ceadúnas cuí a bheith fáighte roimh ré.


Cruinniú Eaglasta le Pobal Ros a’ Mhíl

Tá cuireadh tugtha ag Sagart Pharóiste an Spidéil, an tAthair Seán Mac Aodha, do phobal caitliceach Ros a’ Mhíl tíocht ag cruinniú ginearálta.


Léacht ar Choimisiún na Gaeltachta

Bhain na daoine a bhí i láthair ar an Déardaoin seo caite, an-sásamh as an léacht bhreá a thug an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh i dtaobh ‘Coimisiún na Gaeltachta, 1926’. Bhí an léacht eagraithe ag Cumann Seanchais agus Staire Chois Fharraige.

Sa léacht mhínigh Gearóid Ó Tuathaigh an cúlra a bhain leis an gCoimisiún. Dúirt sé nár thóg sé i bhfad orthu an tuarascáil a chur le chéile agus moltaí a chur os comhair an rialtais. Bailíodh fianaise ó 100 duine ar fad, idir sagairt, múinteoirí agus lucht gnó na Gaillimhe. Thug sé suntas faoi leith don bhfianaise a thug Mícheál Ó Droighneáin ón Spidéal, fear a raibh cónaí air sna Forbacha, áit a raibh sé ag múineadh scoile. Ba é a bhí i gceannas ar an IRA i gConamara Theas le linn Cogadh na Saoirse.

Phléigh sé cuid de na moltaí fiúntacha a rinne an Coimisiún do Rialtas an tSaorstáit, ach nár cuireadh i bhfeidhm ariamh.

Seosamh Ó Cuaig a bheas ag tabhairt an chéad léacht eile sa tsraith ar an Déardaoin, 19 Feabhra. ‘An Spidéal, 50 Bliain óShin’ is teideal don léacht.


Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal: Oíche Oscailte Anocht

An Déardaoin seo, 29 Eanáir, beidh oíche oscailte ar bun i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal ó 7.00 tráthnóna go dti a 9.00. Beidh deis ag daltaí agus ag a gcuid tuismitheoirí, i ranganna a cúig agus a sé sa mbunscoil, an mheánscoil a fheiceáil, labhairt leis na múinteoirí agus freastal ar chaint a dhéanfaidh an Príomhoide maidir le cúrsaí scoile. Tá traidisiún fada agus bródúil ag Coláiste Chroí Mhuire i dtaobh soláthar oideachais d’ardchaighdeán agus tá cáil na hacadúlachta ar an scoil le fada an lá.

Beidh deis labhairt leis an bPríomhoide ar an oíche, nó is féidir coinne a dhéanamh castáil léi i ndiaidh na hócáide, ach glaoch ar oifig na scoile ag an uimhir 091 553113.