Cartlann Nuachta: 28 Márta 2018

Cead Diúltaithe don Óstán sa Spidéal

Tá díomá curtha in iúl ag Comhlacht Forbartha an Spidéil leis an gcinneadh a rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe cead pleanála a dhiúltú do óstán nua a thógáil ar imeall an Spidéil. Cead pleanála le óstán le 81 seomra leapan agus 8 dteach cónaithe a bhí iarrta ag an gcomhlacht Baile Éamonn Teo.

Bhí os cionn dhá scór aighneacht curtha ag an gComhairle Chontae faoin iarratas pleanála, a bhformhór ar son óstán a thógáil ar an láthair, ach cuid acu ag ceistniú an bhfeileann méid an óstáin agus an dearadh don cheantar.

Thug an Chomhairle Chontae trí chúis leis an gcead pleanála a dhiúltú:

(i) Go mbeadh sé ag teacht salach ar Phlean Áitiúil na Gaeltachta, mar gheall ar an gcriosú (zónáil) atá ar an talamh ar a mbeadh an fhorbairt le déanamh.

(ii) Go bhféadfadh baol a bheith ann do shláinte an phobail, mar go mbeadh an fhorbairt ag brath ar chóras séarachais sealadach nó go mbeadh córas séarachais poiblí feistithe sa Spidéal agus níl aon chinnteacht faoin uair a mbeadh sé sin ann.

(iii) Mar gheall ar an dearadh, an airde agus an scála den fhorbairt a bhí beartaithe, mheas an Chomhairle Chontae go mbeadh sé ‘incapable of assimilating and integrating effectively into the existing built environment and would have an adverse impact on the amenities and character of this area, in particularly the approach into An Spidéal.’

Ag labhairt dhó ar Iris Aniar (RnaG) dúirt Aodán Mac Donnacha, Bainisteoir Chomhlacht Forbartha an Spidéil, go mba mhaith leis go mbeadh iarratas nua á dhéanamh i leith an óstáin ach gur droch sheans go mbeadh aon iarratas nua ag tíocht ón gcomhlacht go dtí go mbeadh cinnteacht ann faoin gclár ama le planda nua séarachais a chur ar fáil do shráidbhaile an Spidéil.


Múinteoir Gaeilge ag Teastáil

Tá Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ar an bhfód le beagnach dha bhliain. Bíonn rang ag an gClub gach maidin Dé Máirt ó 11.00a.m. go dtí 1.00p.m i Leabharlann an Spidéil. Rang le haghaidh cainteoirí leathlíofa, nach bhfuil cruinneas acu, atá ann.

Tá múinteoir de dhíth le huair an chloig den rang sin a thabhairt.

Duine oilte a bhfuil Gaeilge shaibhir, chruinn aige/aici, agus eolas acadúil ar Ghaeilge an cheantair idir labhairt, scríobh agus léamh, a theastaíonn – cainteoir dúchais as Conamara, más féidir. Chaithfeadh an té sin a bheith saor maidin Dé Máirt leis an rang a thabhairt.

Is féidir breis eolais a fháil ach glaoch ar Mháirtín ar 086 0643550.


Ionsaí ar ‘An Nead’

Déanadh go leor damáiste i dteach ósta ‘An Nead’ ar an Spidéal an deireadh seachtaine seo caite. Briseadh isteach na dóirsí, goideadh an taifeadadh CCTV agus scriosadh ríomhaire san oifig. Tógadh an taisceadán airgid amach ar an tsráid ach níor éirigh leis na gadaithe é a oscailt agus fágadh ar an gcosán é. Tá an scéal á fhiosrú ag na Gardaí i mBóthar na Trá.


IN BETWEEN sa tSeanscoil

Ar an Déardaoin seo, 29 Márta, taispeánfar an scannán IN BETWEEN i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15pm.

Sa scannán IN BETWEEN breathnaítear ar an saol atá ag triúr ban Pailistíneach a bhfuil cónaí orthu i Tel Aviv (Israel) agus atá ag iarraidh déileáil leis an saol nua-aimseartha agus, ag an am céanna, a bheith dílis do na nósanna traidisiúnta ón gcultúr arb as iad.

Beidh an scannán ‘Back to Burgundy’ a thaispeáint ar an Déardaoin seo chugainn, 5 Aibreán, i Seanscoil Sailearna ag an ngnátham, 8.15pm. Seo é an scannán nár éirigh leis an gClub a thaispeáint de bharr an tsneachta ag tús na míosa.


Dumhach na Leanbh

Dumhach na Leanbh 2018

Fuair Cumann Forbartha Chois Fharraige dea scéal ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe go bhfuil deontas €400 le cur ar fáil faoin Clár Tacaíochta Pobail na bliana seo le cúnamh a thabhairt leis an athchóiriú atá le déanamh ar an tseanreilig ar a dtugtar ‘Dumhach na Leanbh’ ar an Teach Mór, Indreabhán.

Tá fochoiste ag obair ar an bplean leis an suíomh a athchóiriú agus le clár eolais a chur ar fáil ann do chuairteoirí. Beidh cruinniú poiblí á thabhairt le chéile ar an 19 Aibreán leis an obair a bhrú chun cinn agus le tús a chur le feachtas bailiú airgid.


Imreoirí na Bliana 2017

Sadhbh Howlin, leis an trofaí a bronnadh uirthi ag Oíche Shóisialta Chumann Micheál Breathnach, a bhí ar bun sa bPoitín Stil, an Satharn seo caite. Mar Imreoir Mionúir na Bliana (Peil na mBan) a bronnadh an trofaí ar Shadhbh. [Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]

Ag ócáid shóisialta a bhí ag Cumann Micheál Breathnach ar an Satharn seo caite bronnadh trofaí ar imreoirí ó na fóirne éagsúla.

Seo a leanas na daoine ar a bronnadh an gradam ‘Imreoir na Bliana 2017’ ó na fóirne éagsúla:

Peil na mBan Mionúir: Sadhbh Howlin.

Peil na mBan Sóisear: Catríona Ní Churraoin.

Peil Sinsir: Pádraig Ó Conghaile.

Peil Sóisir: Mairtín Ó Neachtain.

Peil Sóisir C: Ciarán Ó Feinneadha.

Peil F21: Ronan Ó Beoláin.

Peil Mionúir: Colm Ó Culáin.

Iomáint Sóisir A: Cian Mac Giolla Bhríde.

Iomáint F21: Dinny Ó hÉallaithe.

Iomáint Mionúir: Joe Ó Conghaile.

Bronnadh an trofaí ‘Pearsa na Bliana’, ar Mhairéad Ní Thuathail, an tOifigeach Caidreamh Poiblí atá ag an gCumann.

Caitríona Ní Churraoin, leis an trofaí a bronnadh uirthi ag Oíche Shóisialta Chumann Micheál Breathnach. Mar Imreoir Sóisear na Bliana (Peil na mBan) a bronnadh an trofaí ar Chaitríona. [Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]

An trofaí don Imreoir Iománaíochta faoi 21 ab fhearr don bhliain 2017 á bhronnadh ar Rónán Ó Beoláin ag Frances Uí Churraoin, Rúnaí Chumann Micheál Breathnach ag an Oíche Sóisialta a bhí ag an gCumann le gairid. [Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]

An trofaí don Imreoir Iománaíochta (Sóisear) ab fhearr don bhliain 2017 á bhronnadh ar Cian Mac Giolla Bhríde ag Frances Uí Churraoin, Rúnaí Chumann Micheál Breathnach ag an Oíche Sóisialta a bhí ag an gCumann le gairid. [Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]

An trofaí don Imreoir Iománaíochta faoi 21 ab fhearr don bhliain 2017 á bhronnadh ar Dinny Ó hÉallaithe ag Frances Uí Churraoin, Rúnaí Chumann Micheál Breathnach ag an Oíche Sóisialta a bhí ag an gCumann le gairid. [Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]


Fíbín sa Town Hall

Radharc as an dráma Tóraíocht a bheas ar bun i dTown Hall na Gaillimhe ar an Luan, 8 Aibreán.

Seachtain ón Luan seo chugainn, an 8 Aibreán, tá an chomhlacht drámaíochta Fíbín, atá lonnaithe in Indreabhán, le tús a chur le camchuairt timpeall na hÉireann leis an dráma ‘Tóraíocht’, atá scríofa ag Philip Doherty agus faoi stiúr ag Mikel Murfi.

Seo leagan nua den scéal fiannaíocht faoi thóraíocht Dhiarmada agus Ghráinne. Is scéal grá atá ann a ghluaiseann an sciopthaidh, le Diarmaid agus Gráinne ag iarraidh a bheith céim chun tosaigh ar Fionn Mac Cumhaill is na Fianna.

Tá seisear sa chliar ag déanamh 30 carachtar ar fad eatarthu.

Cuirfear tús leis an gcamchuairt sa Town Hall i nGaillimh ar an Luan, 9 Aibreán, agus beidh léiriú speisialta do na scoileanna ar an Máirt, 10 Aibreán. Beidh an dráma san Everyman Theatre i gCorcaigh ar an 13 Aibreán agus ag dul go Bleá Cliath ar an 17/18 Aibreán, áit a mbeidh sé ar stáitse san amharclann Draíocht i mBaile Bhlainséir.

Beidh an camchuairt ag críochnú i gCeatharlach ar an 26 Aibreán.


Glanadh Suas

Tá sé socraithe ag Fochoiste Timpeallachta, atá bunaithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, go mbeidh Glanadh Suas á eagrú i gceantar an Chumann Forbartha ar an Satharn, 14 Aibreán. Beifear ag scaipeadh bileoga eolais ar fud an cheantair agus sna scoileanna roimhré faoi phlean oibre an Fhochoiste Timpeallachta.

Tá taobh an bhóthair mhóir, chomh maith leis an gcladach agus roinnt bóithríní portaigh, lán le búscair. Ní chuireann sé le áilleacht ná le dea-cháil an cheantair.

Le Glanadh Suas éifeachtach a dhéanamh ar an 14 Aibreán beidh roinnt daoine ó chuile bhaile ag teastáil le cúpla uair a chloig oibre a dhéanamh. Cuirfear málaí agus miotóga ar fáil go gach duine. Beidh níos mó eolais faoin nGlanadh Suas sa gcolún seo an tseachtain seo chugainn.


Pobal ar Aire’

Seisear a bhí i láthair ag an gcruinniú an tseachtain seo caite le bonn nua a chur faoi ‘Pobal ar Aire’ sa gceantar idir Abhann Chruimlinne agus Abhann an Chnoic. Tá sé i gceist cruinniú eile a thabhairt le chéile an chéad mhí eile agus níos mó daoine ó na bailte sa gceantar a fháil le bheith páirteach sa gcoiste.


Club Leabhar Chois Fharraige

Beatha Dhonaill DhuibhBeidh an chéad tíocht le chéile eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 11 Aibreán ag a 9.00pm i dTigh Mholly, Indreabhán, leis an leabhar ‘Beatha Dhónaill Dhuibh’ le Séamas Barra Ó Súilleabháin a phlé.

Is leabhar iontach spéisiúil é seo ó fhile óg a bhuaigh duais slamfhilíochta uile Éireann sa mbliain 2012 agus tá an leabhar ar fáil go háitiúil i siopa Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal.

“Sa leabhar seo, an chéad chnuasach filíochta uaidh, scaoileann Séamus Barra Ó Súilleabháin a racht. Trí phearsa Dhónaill Dhuibh, más é sár-, príomh- nó frith-laoch an tsaothair seo é, tugann an file aghaidh ar chuid de cheisteanna móra agus beaga na freacnairce mar a gcíorann sé an sean agus an nua, an óige agus an dul in aois, an beo agus an marbh. Léigh leat, nó fút, nó tharat, de réir mar is toil leat féin.”

Tuilleadh Eolais faoin Leabhar: Beatha Dhónaill Dhuibh


Sacar: Derby ar an gCeathrú Rua

Dhá fhoireann Gaeltachta a bheas san iomaíocht ar an Satharn so chugainn ar an gCeathrú Rua sa chéad chluiche leath-cheannais sa chomórtas sacair a reáchtálann FA na Gaillimhe do Chorn Joe Ryan.

Beidh Cois Fharraige in aghaidh Macdara, foireann na Ceathrú Rua. Faoi láthair tá Macdara ar bharr an tábla i Roinn II de Shraith chomórtais na Gaillimhe agus tá Cois Fharraige sa tarna áit i Roinn III.

Tosóidh an cluiche ag 11.00am ar an Satharn seo chugainn, 31 Márta ar an Astro sa gCeathrú Rua.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Iomáint f 14C1: Ml Breathnach 2 – 05, Ballygar 1 – 04.

Iomáint f 14B: Cois Fharraige 3 – 06, Cinn Mhara 1 – 05.

Iomáint f 14B: Cois Fharraige 0 – 07, Maigh Chuilinn 2 – 05.

Iomáint Sóisear 1: Ml Breathnach 1 – 11, Bearna-Forbacha 0 -12.

Peil (Comórtas Peile na Gaeltachta): An Spidéal 0 – 12, Bearna 0 – 09.

Peil f 14: Ml Breathnach 2 – 05, St Michaels 5 – 06.

Peil f 14: An Spidéal 10 – 11, Clochán-Rinn Mhaoile 2 – 05.

 


28 Márta 2018