Cartlann Nuachta: 28 Nollaig 2016
28 Nollaig 2016
Grianghraf na Bliana!
Grianghraf ón bhféilíre atá ag Comhar Creidmheas Cholmcille don bhliain 2017. Tá an féilire le fáil, saor in aisce, ó oifig an Chomhar Creidmheasa in Indreabhán agus sa gCeathrú Rua.
Buaiteoirí sa gComórtas Ealaíona
Le gairid fógraíodh na buaiteoirí sa gcomórtas ealaíona a d’eagraigh Comhar Creidmheas Cholmcille. Is comórtas é seo a eagraítear go bliantúil ina nglacann na céadta daoine óga páirt. Bíonn na pictiúirí éagsúla ar thaispeáint sa gComhar Creidmheas. Seo a leanas na buaiteoirí:
7 mbliana d’aois agus faoi
An Chéad Duais: Iarla Ó Coirbín, Scoil Sailearna, Indreabhán
An Dara Duais: Micheál Ó hEidhin, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia
An Tríú Duais: Caoimhe Ní Ghionnáin, Scoil Náisiúnta Thír an Fhia8 go 10 mbliana d’aois
An Chéad Duais: Síofra Ní Dhonnacha, Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl
An Dara Duais: Kate Ní Dhonnacha, Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl
An Tríú Duais: Casey Todd, Scoil Náisiúnta na bhForbacha.11 go 13 bliana d’aois
An Chéad Duais: Emma Hall, Scoil Náisiúnta na bhForbacha.
An Dara Duais: Steve Healy, Scoil Náisiúnta na bhForbacha.
An Tríú Duais: Róísín Ní Laoi, Scoil Náisiúnta Leitir Mealláin.
Scoil na Tulaí
Gasúir i Rang 4, Scoil Náisiúnta Cholmcille, An Tulach, a léirigh an dráma ‘Tír na nÓg’ ag Ceolchoirm na Nollag, a bhí ag an scoil i Halla Pobail na Tulaí, an tseachtain seo caite.
D’éirigh thar cionn le ceolchoirm Scoil Náisiúinta Cholmcille, An Tulach, a bhí ar siúl sa Halla Pobail oíche De Céadaoin agus oíche Déardaoin seo caite. Bhí an halla lán go doras ar an dá oíche agus bhí ard-chaighdeán drámaíochta, ceoil, damhsa agus go leor eile ann. Tá foireann na scoile fíor-bhuíoch as an tacaíocht a fuair an scoil ó thuismitheoií agus ó phobal na scoile i gcoitinne.
Oscar, Emma agus Róise ó rang na Naí Mhóra a léirigh an dráma Na Trí Bhéiríní
Daniel, Aonghus, Ruadhán agus Séamus (Rang 2 agus 3) a léirigh an dráma Cleas Eile
28 Nollaig 2016