Cartlann Nuachta: 28 Samhain 2018

Dráma sa tSeanscoil

Beidh An Mhéar Fhada, dráma le Johnny Chóil Mhaidhc, á chur ar stáitse ag Aisteoirí Mhic Easmuinn i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, an deireadh seachtaine seo chugainn, ar an Aoine, 30 Samhain agus an Satharn, 1 Nollaig. Is iad na haisteoirí a bheidh páirteach ann, ná Pádraicín a’ Táilliúra Ó Conghaile i bpáirt Sonnaí, Danny Wallace i bpáirt Tiúnaí, Máirín Mhic Lochlainn i bpáirt Jane agus Bríd Uí Choisdealbha i bpáirt Judy. Beidh na doirse ar oscailt ag 7.30pm agus beidh an drama ag tosú ag 8.00pm.

An Mhéar Fhada - Pictiúr

Radharc as an dráma le Johnny Chóil Mhaidhc AN MHÉAR FHADA, a bheas á chur ar stáitse i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag Aisteoirí Mhic Easmuinn ar an Aoine agus an Satharn seo chugainn, 30 Samhain agus 1 Nollaig, ag tosú ag 8.00pm.


Galf Chois Fharraige

Is i mBleá ‘n Rí a bhí Club Galf Chois Fharraige ar chuairt le gairid agus seo a leanas na torthaí a bhí ann:

1ú áit: Máirtín S. Ó Conghaile; 2ú áit: Seán Breathnach.

1ú áit: Peadar Mac Donnachadh; 2ú áit: Seán Ó Neachtain.

1ú áit: Seán Ó Cadhain; 2ú áit: Liam Ó Cualáin.

Cuairteoir: Aedín Ní Fhlanncha.

Beidh an chéad chomórtas eile ag an gClub i mBaile an Chonaola ar an Satharn seo chugainn, 1 Nollaig. Fáilte roimh bhaill nua.


Tithe Móra Chois Fharraige

Ar Dhéardaoin na seachtaine seo, 29 Samhain, beidh léacht ag Cumann Staire agus Seanchais Chois Fharraige i gColáiste Chonnacht, faoin teideal ‘Tithe Móra Chois Fharraige’. Sé Conall Ó Murchadha a bheas ag tabhairt na léachta, a thosóidh ag 8.00 i.n.


WESTERN sa tSeanscoil

Club Scannán - WESTERN

Radharc as an scannán Gearmánach, WESTERN, a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ar an Déardaoin seo, 29 Samhain, ag tosú ag 8.15pm.

Ar an Déardaoin seo, 29 Samhain, taispeánfar WESTERN, scannán ón Gearmáin, ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15pm.

Baineann an scéal le grúpa oibrithe ón nGearmáin a théann go dtí an Bhulgáir le damba hidrileictreach a thógáil. Cuireann siad campa ar bun dóibh féin ach éiríonn teannas idir iad féin agus pobal na háite.

An tseachtain seo chugainn beidh an scannán deireanach don tséasúr á thaispeáint. WAJIB, scannán ón bPailistín atá ann. Bíonn eolas faoi na scannáin a thaispeántar sa tSeanscoil, chomh maith le blaiseadh beag dóibh, le fáil ar an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE.


Torthaí ó SCLÉIP

Dris Óg - Scléip 2018

‘Dris-Óg’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, atá tar éis cáiliú don chomórtas Grúpaí Amhránaíochta le Féintionlacan (Sinsear) ag craobhchomórtas Scléip 2019, a bheas ar bun i mBaile Átha Cliath i mí Eanáir.

Ó chlé: Dylan Ó Faoláin, Darragh Mac Aodha, Seán Ó Gallchobhair, Katie Ní Ghallchobhair, Finnán Ó Srutháin.

Bhí an dá scoil iarbhunoideachais i gCois Fharraige páirteach sna babhtaí cáilithe sa gcomórtas SCLÉIP, an comórtas talainn a eagraíonn Gael Linn.

D’éirigh go maith le scoileanna i gCois Fharraige agus beidh na grúpaí seo a leanas ag dul ar aghaidh le páirt a thógáil sa gcomórtas náisiúnta ag deireadh mí Eanáir.

Amhránaíocht Comhaimseartha, le Féintionlacan (Aonair) – Sóisear: Colm Seoighe, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.

Amhránaíocht Comhaimseartha, le Féintionlacan (Grúpaí) – Sinsear: Dris-Óg’, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Slua-amhránaíocht: ‘Binneas’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.

Rince Cruthaitheach (Grúpaí) – Sóisear: Holly Robertson agus Rachel Cox, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.

Rince Cruthaitheach (Grúpaí) – Sinsear: Sioncóipiú’, Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.

Grúpa ó Chol Cholmcille, Scléip 2018

‘Beoga’ ó Choláiste Cholmcille, Indreabhrán, a ghlac páirt sa gcomórtas do ghrúpaí amhránaíochta ag Scléip le gairid – ó chlé: Aoife Ní Choisdealbha, Ruby Ní Chuinn, Neasa Ní Chonghaile, Clodagh McCoy.


Oibrithe Cúram Baile ag Teastáil

Tá Tearmann Éanna CTR., ag lorg iarratais do phostanna páirtaimseartha mar chúramóirí baile ins na ceantair ó Bhearna go Cárna agus Oileáin Árann. Tá cáilíochtaí FETAC Leibhéal 5 i gCúram Baile riachtanach, nó is féidir leis an iarrthóir a bheith ag baint amach na gcáilíochtaí i láthair na huaire.

Tá ceadúnas tiomána glan riachtanach, chomh maith le hardchaighdeán Gaeilge.

Tá an fhoirm iarratais don phost ar fáil ar an suíomh idirlín: www.tearmanneanna.ie, nó is féidir gach eolas a fháil trí glaoch ar Thearmann Éanna ag 091/505540 nó 087 0988222, nó ríomhphost a chur chuig tacaiochtb@nullgmail.com. Tá go dtí an Aoine, 14ú Nollaig 2018, leis na hiarratais, mar aon le CV, a sheoladh ar ais.


Cumann Micheál Breathnach

Cumann Mícheál BreathnachSeachtain ón Domhnach seo chugainn, 9 Nollaig, a bheas an Cruinniú Cinn Bhliana ar bun ag Cumann Micheál Breathnach, sa seomra ar chúl Sheipéal an Chnoic, ag tosú ag 6.00pm. Más mian le ball rún a chur ar an gclár, ní mhór é a bheith ag an Rúnaí faoin Luan seo chugainn, 3 Nollaig.

Ar an Domhnach seo chugainn, 2 Nollaig, ag tosú ag 5.00pm, beidh BINGÓ ar bun ar mhaithe le Cumann Micheál Breathnach i Scoil Sailearna. €500 atá sa bPota Óir. Beidh soláistí ar fáil saor in aisce.


Torthaí Lotó Chumann Micheál Breathnach

Ní raibh aon bhuaiteoir ar an bpota óir. Tarraingíodh na hainmneacha seo a leanas as an hata agus tá €50 an duine ag dul dóibh:

Martin Mullen, Cor na Rón Thiar.

Peadar Ó Curraoin, Boluisce.

Duais an Díoltóra: Aaron Seoighe, Cor na Rón.

Dearbhán Tigh Durkin: Sarah Toole, Lochán Beag.

Tá €7,200 sa bpota óir don chéad tarraingt eile.


Oíche Eolais faoi Insliú Tithe

Beidh oíche eolais faoi insliú tithe cónaithe ar bun Tí Pheacocke, An Teach Dóite, ar an Luan seo chugainn, 3 Nollaig ag tosú ag 7.30pm. I láthair beidh SEAI (Sustainable Energy Ireland), Irish Rural Link, Galway Rural Development chomh maith le conraitheoirí áitiúla. Tabharfar eolas ag an gcruinniú faoi na deontais atá ar fáil le tithe cónaithe a insliú agus cé bheadh i dteideal an obair a fháil déanta gan aon chostas orthu.


Dea-Scéal don Spidéal

udaras-logoIs dea-scéal do Chois Fharraige go bhfuil €548,000 ceadaithe le caitheamh ar Ionad Nuálaíochta agus Mol Digiteach a fhorbairt sa Spidéal sa bhfoirgneamh a bhíodh ag Marsh, ar chúl na Ceardlainne. Cuirfidh an Mol Digiteach deis ar fáil do dhaoine, a bhfuil scileanna ríomhaireachta acu, filleadh ar an gceantar.

Chuir Mícheál Ó hÉanaigh, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta fáilte roimh an maoiniú ón Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail. Is ón gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe a bheas an maoiniú á chur ar fáil don Údarás.


Daoine le Gaeilge á Lorg

Tá daoine le Gaeilge á lorg a bheadh sásta ceistneoir a líonadh ó am go ham faoi na cláracha Gaeilge ar TG4 a fhéachann siad orthu agus faoi na cláracha ar RnaG a éisteann siad leo. Tá sé dhearbhán le buachaint, ar fiú idir €500 agus €100 iad, gach mí do na daoine a ghlacann páirt sa tsuirbhé. Le clárú ní gá ach dul go dtí an nasc http://www.fiosfise.ie/fiosru.asp.


Club Leabhar Chois Fharraige

Club Leabhar Chois Fharraige - Padraig Breathnach 2018

Beidh an t-údar aitheanta Pádraic Breathnach, arbh as Maigh Cuilinn ó dhúchas dó, ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 12 Nollaig, i dTigh Mholly, Indreabhán, le sleachta a léamh as an leabhar nua uaidh, ‘Dialann mo Mháthar’, agus plé a dhéanamh air. Ainmníodh ‘Dialann mo Mháthar’ do Leabhar na Bliana ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne le gairid.

Tá an leabhar ar fáil ar 2 euro ach ríomhphost a chur chuig clubleabharcf@nullgmail.com. Tá fáilte roimh chách ar an oíche.  Foras na Gaeilge a chuir tacaíochta ar fáil don ócáid seo. 


Aighneacht faoin gCóras Taistil

Logo - BealachTá moltaí seolta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar aghaidh chuig BEALACH, an eagraíocht a bhíonn ag eagrú taistil pobail i gConamara, le go mbeidh siad curtha san áireamh sa bplean nua atá á réiteach. San aighneacht déantar na moltaí seo a leanas:

1. Bus ó Luan go hAoine a chur ar fáil, a bheadh in ann mic léinn a bhailiú ag an GMIT agus NUIG, len iad a thabhairt abhaile ag fágáil GMIT ag 6.00pm, 7.00pm agus 9.00pm, agus a bheadh ar fáil don phobal chomh maith.

2. Le freastal ar dhaoine a bheadh ag dul go Gaillimh ag an deireadh seachtaine um tráthnóna, le dul ag scannán, dráma, ceolchoirm etc, moltar seirbhís bus a chur ar fáil ag fágáil Gaillimh ag 11.00pm, ar an Aoine, Satharn agus Domhnach, agus ag dul siar chomh fada le Leitir Mealláin.

3. Seirbhís bus a chur ar fáil ar an Domhnach le freastal ar mhic léinn, nó daoine eile a bheadh ag iarraidh filleadh ar choláistí nó ar a gcuid oibre tar éis an deireadh seachtaine, ag fágáil Leitir Mealláin ag 4.30pm agus mionbhus ag fágáil Cárna ag 4.00pm, le daoine a thabhairt chomh fada le crosbhóthair Doire Né, le casadh leis an bpríomhbhus.

4. Seirbhís iompair a chur ar fáil ar maidin agus san iarnóin le páistí a thabhairt ag naíonraí agus naíolanna sa gceantar, ag piocadh suas na bpáistí ag a n-áit chónaithe agus dá bhfágáil ar ais arís ann.


Turas ChonamaraBileog Eolais - Ceardlainn Poibli -TURAS CHONAMARA - Léarscáil Nua Chultúir do Chonamara


Torthaí Spóirt

Peil (Roinn 2): Ml. Breathnach 1 – 11, Bearna 1 – 13.

Iomáint (faoi 21B1): Cois Fharraige 3 – 13, Carnmore 4 – 13.

Sacar (Corn Brennan): Cois Fharraige 4, Moyne Villa 2.


28 Samhain 2018