Cartlann Nuachta: 29 Aibreán 2015

29 Aibreán 2015


Beidh Lá Eile ag Cailíní Chois Fharraige

Bhí géarchoimhlint ar an Satharn seo caite sa gCreachmhaoil idir cailíní Chois Fharraige agus cailíní ó Mhílic-Dún an Ochta i gcluiche ceannais an chontae faoi 14. Thug cailíní Chois Fharraige an-taispeántas camógaíochta agus chríochnaigh an cluiche ar chomhscór le 1 – 3 ag an dá thaobh. Imríodh am breise ach fós bhí an dá fhoireann ar chomhscór le 2 – 3 an taobh. Beidh ar an dá fhoireann castáil le chéile aríst leis an scéal a shocrú.

Cailíní Chois Fharraige f14.

Cailíní Chois Fharraige a chríochnaigh ar chomhscór tar éis am breise, i gcluiche ceannais an chontae, ag imirt in aghaidh Mílic-Dún an Ochta, ar an Satharn seo caite.

Ar chúl: Síle Bhreathnach (Bainisteoir), Siobhán Ní Neachtain, Ailbhe Bhreathnach, Bláithín Ní Chonghaile, Liadán Canny, Aobh Ní Dhubhghaill, Róisín Ní Dhiomsaigh, Emma Ní Churraoin, Síofra Ní Mhárta, Éabha Nic Oireachtaigh, Seán Ó Donnacha (Bainisteoir)

Chun tosaigh: Katie Ní Fhéinneadha, Fodhla Ní Bhraonain, Gráinne Ní Ghaoithín, Aisling Ní Chonghaile, Róisín Ní Chaoimh, Áine Ní Laoi, Chloe Bhreathnach-Nic Eoin, Aoife Nic Dhonnacha, Ciara Nic Eochagáin, Aghna Nic Dhonnacha.


Beirt Gharda Nua ó Chois Fharraige

Badge_of_An_Garda_SíochánaComhghairdeachas le Colm Ó Cuív ón Teach Mór agus le Joe Ó Márta, Cor na Rón, an bheirt ó Chois Fharraige a cháiligh mar Ghardaí Síochána ag searmanas sa Teampall Mór ar an Aoine seo caite. Beidh an bheirt acu faoi oiliúint go ceann bliain go leith eile sula mbeidh siad láncháilithe.

Comhghairdeachas chomh maith le Eoin Ó Máille, ar a bronnadh Bonn Cuimhneacháin Gary Sheehan, duais a bhronntar ar an mac léinn is fearr ar an gcúrsa do Ghardaí nua. Is as an gCeathrú Rua d’Eoin. Roghnaíodh é mar gheall ar an méid a chuir sé leis an gColáiste agus as ar bhain sé amach go hacadúil le linn an chúrsa, chomh maith lena chumas ceannaireachta. Thosaigh an cúrsa do Ghárdaí nua Meán Fómhair seo caite i dTeampall Mór, an chéad chúrsa le roinnt blianta anuas.


Oíche ag na Madraí

Coláiste Cholmcille 60 BliainBeidh bus ag bailiú daoine len iad a thabhairt go Gaillimh an Aoine seo, Lá Bealtaine, le haghaidh an ‘Oíche ag na Madraí’ atá eagraithe ag Coláiste Cholmcille mar cheiliúradh ar a bheith ann le 60 bliain. Bhí an-éileamh ar na ticéid le cúpla lá agus ní iontas ar bith é: €20 ar an teaghlach ar fad freastal ar Rásaí na gCon, an bus isteach is amach san áireamh, chomh maith le soláistí is ceol i ndiaidh na rástaí – agus beidh duine amháin ag tíocht abhaile le duais €750.

Aon duine atá ag iarraidh áit a chur in áirithe ar an mbus, nó ticéad a fháil, ní mór dul i dteagmháil gan mhoill leis an scoil ag an uimhir (091) 593119 nó le Cathaoirleach, Coiste na dTuisimitheoirí, Nóra Boland ag an uimhir (087) 1239711.


An Chuach i gCois Fharraige

Tá an chuach le cloisteáil go fairsing i gCois Fharraige le os cionn seachtaine.


Oideachas Lán-Ghaeilge i gCois Fharraige

Tá Ceardlann á eagrú i Seanscoil Sailearna ar an Satharn, 9 Bealtaine, faoin ngá atá le soláthar do Oideachas Lán-Ghaeilge i gceantar Chois Fharraige. Tá grúpa tuismitheoirí áitiúla ag cur deis ar fáil do phobal Chois Fharraige teacht le chéile chun an “Iarbhunscolaíocht Lán-Ghaeilge i gCois Fharraige sa Todhchaí” a phlé. Beidh an ócáid ar bun i Seanscoil Sailearna, seachtain ón Satharn seo, 9 Bealtaine, ag tosaí ag 10.30 r.n. Beidh níos mó eolais faoin gclár sna Nótaí seo an tseachtain seo chugainn. Tuilleadh eolais le fáil ón seoladh ríomhphoist ceardlann15@nullgmail.com.


Ciorcal Comhrá Gaeilge

Bíonn Ciorcal Comhrá Gaeilge san Ionad Tacaíocht Teaglaigh (ar chúl sheipéal an Chnoic) chuile maidin Dé hAoine ón 11.00 go dtí 12.30 i.n. Seachtar atá sa gciorcal faoi láthair, agus tá fáilte roimh thuilleadh.
Is féidir tuilleamh eolas a fháil ach teangbháil a dhéanamh leis an Ionad 091-593132 nó ag ittt@nulleircom.net. Nó le Máirín ag 086 088857 nó ag 086 0888578.


Clár an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta

Beidh féasta drámaíochta á chur ar fáil i Seanscoil Sailearna deireadh seachtaine mí Bhealtaine, mar is ann a bheas an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta ar bun i mbliana. Tosóidh an fhéile ar an Aoine, Lá Bealtaine, leis an dráma nua ‘Cuairt an Uachtaráin’ a bheas á chur ar stáitse ag Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh.

Le linn an deireadh seachtaine beidh seacht gcinn de dhrámaí ar fad á chur ar stáitse. Beidh Aisteoirí Bhréanainn ann le ‘Mal’, dráma le John B. Keane. Ó Bhaile Átha Cliath beidh Aisteoirí Bulfin le leagan nua drámatúil de ‘Cúirt an Mheán Oíche’, an dán cáiliúil le Brian Merriman agus beidh ‘Uaigneas an Ghleanna’ le Synge á léiriú ag Aisteoirí Chorr na Móna agus Scoil Éigse Chamuis.

Aoine, 1 Bealtaine:

7.30 i.n. Fáiltiú agus Oscailt Oifigiúil le Aire Stáit na Gaeltachta, Joe Mc Hugh, T.D.

8.30 i.n. CUAIRT AN UACHTARÁIN, le Proinsias Ó Cuilinn, [Aisteoirí Mhíobhaigh, Na Dúnaibh].

Satharn, 2 Bealtaine:

2.00 i.n. MAL le John B. Keane [Aisteoirí Bhréanainn, Corcha Dhuibhne].

5.00 i.n. ÉIGSE NA FÉÍLE, Agallaimh, Amhráin, Scéalaíocht agus Scéaldráma.

9.00 i.n. AN GADAÍ BÉASACH le Dario Fo [Aisteoirí an Lóchrainn, Ceatharlach].

Domhnach, 3 Bealtaine:

2.00 i.n. CÚIRT AN MHÉANOÍCHE le Brian Merriman [Aisteoirí Bulfin, Baile Átha Cliath].

4.30 i.n. CAITLÍN NÍ UALLACHÁIN le W.B. Yeats [Aisteoirí Chúil Aodha] agus ÉIRÍ NA GEALAÍ le Lady Gregory [Aisteoirí an tSean-Phobail, Na Déise].

7.30 i.n. UAIGNEAS AN GHLEANNA le J.M. Synge [Aisteoirí Chorr na Móna & Scoil Éigse Chamuis].

9.00 i.n. MOLTÓIREACHT NA FÉILE agus BRONNADH NA nGRADAM le Rónán Ó Domhnaill, an Coimisinéir Teanga.

Aisteoirí Chamuis_Corr na Móna

Baill d’Aisteoirí Chorr na Móna agus Scoil Éigse Chamuis a bheas páirteach sa bhFéile Náisiúnta Drámaíochta leis an dráma ‘Uaigneas an Ghleanna’ le J. M. Synge agus le hagallaimh bheirte agus scéalaíocht in Éigse na Féile.

Ar chúl (ó chlé): Jacinta Ní Chonghaile, Máirín Mhic Lochlainn agus Máirín Uí Chonghaile.

Chun tosaigh: Pádraig Ó Coirbín agus Pádraig Ó Caomhánaigh.


Roinnt Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine:

  • Dé Satharn sa gCeathrú Rua: Féile Peil na nÓg f14. Bhí peileadóirí óga Mícheál Breathnach ar bharr a ghrúpa tar éıs fóirne ó Bhóthar na Trá, ón gCeathrú Rua agus ó Leitir Móir a bhualadh. Sa gcluiche leathcheannais chlis ar na Breathnaigh in aghaidh Uachtar Ard leis an scór 2 – 1 in aghaidh 1 – 11.

  • Domhnach: Comórtas Peile (Sinsear) don John Dunne Cup. Mícheál Breathnach 1- 11, Naomh Mícheál 1-10.

  • Comórtas Peile na Gaeltachta (Sóisear). Mícheál Breathnach 1 – 8, Na Piarsaigh (Ros Muc) 2 – 07. Bhí na Breathnaigh in uachtar sa gcéad leath ach tháinig na Piarsaigh amach sa dara leath agus d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar pheileadóirí Chois Fharraige. Na Piarsaigh sa gcluiche leathcheannais.

  • Go n-éirí le Seán Denvir, Peadar Óg Ó Gríofa agus Fiontáin Ó Curraoin ó Chumann Mícheál Breathnach agus le Manus Breathnach ó CLG an Spidéil agus iad ag tabhairt aghaidh ar Nua Eabhrac ag an deireadh seachtaine.

  • Comhghairdeachas le Ciana Ní Churraoin atá roghnaithe d’fhoireann Liathróid Láimhe na hÉireann chun páirt a thógáil i gComórtas Craobh an Domhain, a bheas ar bun i Calgary, Ceanada, mí Lúnasa. Sí an t-aon imreoir ó Chonnacht atá ar an bhfoireann.


Crannchur Mór na Minna

Ar an Luan seo chugainn a bheas Crannchur Mór na Minna ar bun i Seanscoil na Minna. Coiste Pobail na Minna a d’eagraigh an crannchur agus tá ticéidí corcra ar díol ar fud an cheantar faoi láthair. Tá 27 duais ina iomlán agus bullán mar príomhdhuais.  Tá an Raifil Mór seo eagraithe chun airgead a bhailiú, chun tabhairt faoin obair dheisiúchain atá ag teastail ón tseanscoil sna Minna. Tá Naíonra na Minna lonnaithe san tseanscoil agus bíonn roinnt imeachtaí eile ar siúl le linn na bliana.  Bhí imirt chartaí ar siúl gach Céadaoin sa ngeimhreadh agus bhí an-tóir ar na cartaí.  Is mian leis an gcoiste roinnt mhaith imeachtaí sóisialta a chur ar fáil don aos óg agus sean.  Faoi láthair tá díon nua ag teastáil, córas iomlán teasa, doirse agus fuinneoga nua.

Tá muid fíor-bhuíoch as an tacaíocht atá faighte againn ó muintir na gaeltachta , ó gach duine, coiste agus gnó a chabhraigh linn i dtaobh urraíocht nó i dtaobh ticéidí a cheannacht. Beidh an tseanscoil ar fáil mar Ionad Pobail nuair a bheas an obair seo curtha chun críoch. Beidh fógraí curtha sna méain maidir leis an tarraingt.