Cartlann Nuachta: 29 Bealtaine 2019
Beirt Chomhairleoirí Nua
Dáithí Ó Cualáin ó Chor na Rón, Indreabhan a toghadh ar Comhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo caite, ag seasamh mar iarrthóir faoi bhrat Fhianna Fáil.
[pic: Seán Ó Mainnín]
Nuair a thagann Comhairle Chontae na Gaillimhe le chéile i mí Meitheamh beidh beirt chomhairleoirí nua ó Chois Fharraige ann: Dáithí Ó Cualáin (Fianna Fáil), Cor na Rón Lár, Indreabhán, agus Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael), na Doireadha, Ros a’ Mhíl.
Toghadh an bheirt acu sna toghcháin áitiúla don cheantar nua Conamara Theas, in éindí le triúr eile: Tomás Ó Churraoin (Sinn Féin Poblachtach); Noel Thomas (Fianna Fáil) agus Alastair Mc Kinsty (Comhaontas Glas).
Pádraig Mac an Iomaire, Na Doireadha, Ros a’ Mhíl, an chéad duine a toghadh i gConamara Theas sna toghcháin áitiúla an tseachtain seo caite, agus é ag seasamh don chéad uair do Chomhairle Chontae na Gaillimhe.
[Pic: Seán Ó Mainnín]
Ba é an chéad uair do Phádraig Joe Joe seasamh i dtoghchán. Bhí a sheanathair, Joe Mór Mac an Iomaire, ar an gComhairle Chontae caoga bliain ó shin. Is ag cruinniú den Chomhairle Chontae a bhásaigh sé le taom croí mí Aibreán 1969. Ag an gcéad chruinniú eile den Chomhairle Chontae ainmníodh a mhac Joe Joe, athair Phádraig, le áit a athar a thógáil. Frank Glynn ó Shinn Féin a d’ainmnigh Joe Joe ach bhí móramh ag Fianna Fáil ar an gComhairle Chontae agus d’úsáid siad an móramh le suíochán Joe Mór a thabhairt do Shéamas Kyne ó Dhúiche Sheoighe.
Pádraig Joe Joe is túisce a toghadh ar an tríú comhaireamh. Fuair sé 1,408 vóta sa gcéad chomhaireamh. Toghadh Dáithí Ó Cualáin, Alastair Mc Kinstry, Noel Thomas agus Tomás Ó Curraoin sa gceathrú comhaireamh.
Rinne Gearóid Ó Fátharta, Cathaoirleach an Chumann Forbartha, comhghairdeas leis na comhairleoirí nua a toghadh don chéad uair agus le Tomás Ó Curraoin agus Noel Thomas a cuireadh ar ais ar an gComhairle Chontae arís. Dúirt sé go mbeadh an Cumann Forbartha ag iarraidh castáil go luath leis na comhairleoirí ar fad ó Chois Fharraige le fadhbanna an cheantair a phlé.
Tiocfaidh an Comhairle Chontae nua le chéile ar an Aoine, 7 Meitheamh, agus is ansin a thoghfar Cathaoirleach nua le tíocht i gcomharbacht ar an gComhairleoir Seán Ó Tuairisg.
Vótaí Chois Fharraige
Seo mar a caitheadh vótaí i gceantar Chois Fharraige, ó Bhearna go Ros a’ Mhíl, do réir na dtallaithe a tógadh ag an gcomhaireamh. Tá bosca amháin ón Spidéal agus bosca amháin ó Scoil na bhForbacha, nach bhfuil san áireamh mar nach raibh aon tallaí ar fáil dhóibh.
Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (FG): 863
Dáithí Ó Cualáin (FF): 592
Tomás Ó Curraoin (RSF): 502
Macdara Hosty (FF): 460
Alastair Mc Kinstry (Glas): 341
Kevin O’ Hara (SF): 183
Ann Flaherty (FG): 144
Máirtín Lee (FF): 104
Noel Thomas (FF): 55
Criostóir Breathnach (Nspl): 41
Patrick Feeney (Nspl): 7
Seo a leanas briseadh síos ar na vótaí ar fad:
- Dáithí Ó Cualáin (FF): Bearna 25; Na Forbacha 15; An Spidéal 170; Sailearna 204; An Tulach 112; Ros a’ Mhíl 66.
- Tomás Ó Curraoin (RSF): Bearna 246; Na Forbacha 90; An Spidéal 91; Sailearna 50; An Tulach 22; Ros a’ Mhíl 3.
- Ann Flaherty (FG): Bearna 79; Na Forbacha 12; An Spidéal 29; Sailearna 11; An Tulach 9; Ros a’ Mhíl 4.
- Macdara Hosty (FF): Bearna 397; Na Forbacha 39; An Spidéal 19; Sailearna 4; An Tulach 1; Ros a’ Mhíl 0.
- Máirtín Lee (FF): Bearna 4; Na Forbacha 4; An Spidéal 24; Sailearna 20; An Tulach 16; Ros a’ Mhíl 36.
- Pádraig Mac an Iomaire (FG): Bearna 57; Na Forbacha 36; An Spidéal 244; Sailearna 235; An Tulach 142; Ros a’ Mhíl 149.
- Alastair Mc Kinstry (Glas): Bearna 179; Na Forbacha 39; An Spidéal 76; Sailearna 28; An Tulach 13; Ros a’ Mhíl 6.
- Kevin O’ Hara (SF): Bearna 14; Na Forbacha 7; An Spidéal 78; Sailearna 60; An Tulach 11; Ros a’ Mhíl 13.
- Noel Thomas (FF): Bearna 17; Na Forbacha 6; An Spidéal 13; Sailearna 10; An Tulach 5; Ros a’ Mhíl 4.
Gradam an Chathaoirligh
Seán Ó Tuairisg, Cathaoirleach an Chomhairle Chontae
An Déardaoin seo, 30 Bealtaine, beidh a ócáid phoiblí dheireannach ag Seán Ó Tuairisg, Cathaoirleach an Chomhairle Chontae, nuair a bhronnfaidh sé Gradaim an Chathaoirligh ar eagraíochtaí deonacha éagsúla de bharr an obair atá á déanamh acu i measc an phobail. Is in Óstán Chois Fharraige, sna Forbacha, a bheas an searmanas ar bun.
I measc na ngrúpaí atá ar an ngearrliosta tá fochoiste a bhunaigh Cumann Forbartha Chois Fharraige le Dumhach na Leanbh a athchóiriú don Ghradam Oidhreachta agus tá an iris BISEACH ann don Ghradam Foilseacháin Oidhreachta. Tá Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ar an ngearrliosta don Ghradam don Rannchuidiú is Fearr sa nGaeilge agus tá Traidphicnic, an fhéile mhór ceoil ar an Spidéal, ann don Ghradam Ealaíon & Cultúir.
Sárscoláire na Bliana
Cathaoirleach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Seán Ó Tuairisg, ag bronnadh an corn ar Sárscoláire na Bliana, Domhnall Ó Braonáin, An Teach Mór, Indreabhán, ag Oíche Bronnadh na nDuaiseanna a bhí ag Coláiste Cholmcille, Indreabhán an tseachtain seo caite in Óstán Chois Fharraige, Na Forbacha.
Duais Fiontraíochta
An grúpa dalta ar a bronnadh Duais Fiontraíochta Údarás na Gaeltachta ag Oíche Bronnadh na nDuaiseanna a bhí ag Coláiste Cholmcille, Indreabhán an tseachtain seo caite in Óstán Chois Fharraige, Na Forbacha.
Ó chlé: Kianna Ní Mhárta, Samantha Ní Loideáin agus Neasa Ni Chonghaile.
Cúrsaí Peile
Cuireadh tús an deireadh seachtaine seo caite leis an gCraobhchomórtas Peile, sinsir agus idirmheánach. Ar an mBaile Dóite, Maigh Chuilinn, bhuail St Michaels An Spidéal le dhá chúilín. Seo é an chéad chluiche don Spidéal sna sinsir tar éis dóibh an grád idirmheánach a bhuachaint anuraidh in aghaidh Na Breathnaigh.
D’éirigh le Cumann Micheál Breathnach tús maith a chur leis an bhfeachtas agus an ceann is fearr a fháil ar Kilkerrin/Clonberne leis an scór 2 – 11 in aghaidh 0 – 10 sa gcluiche a imríodh in Anach Chuain ar an Satharn. Bhí comhscór sa gcluiche eile sa ngrúpa idir An Clochán agus Uachtar Ard, rud a thugann deis mhaith do na Breathnaigh tíocht amach as an ngrúpa.
Blitz Camógaí Faoi 12
Foireann Camógaí Chois Fharraige Faoi 12 a bhí páirteach sa mBlitz Camógaí le gairid.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Peil (Idirmheánach) : Micheál Breathnach 2 – 11, Kilkerrin/Clonberne 0 – 10.
Peil (Sinsir): An Spidéal 0 – 10, St Michael’s 1 – 09.
Peil (Roinn 6): An Spidéal 2 – 13, Uachtar Ard 1 – 10.
Peil (f16): An Spidéal 5 – 09, Uachtar Ard 5 – 12.
Peil (f13 ): An Spidéal 4 – 23, Kilannin 2 – 09.