Cartlann Nuachta: 29 Bealtaine 2024
Cruinniú ag BÁNÚ ar an gCeathrú Rua
Iarrthóirí sna Toghcháin Áitiúla a ghlac páirt sa gcruinniú poiblí faoin dtithíocht agus cúrsaí pleanála, a d’eagraigh BÁNÚ ar an gCeathrú Rua ar an Luan seo caite.
Ó chlé: Criostóir Breathnach (Neamhspleách); P.J. Ó Flatharta (Neamhspleách); An Comhairleoir Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtánach); An Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (Fine Gael); Micheál Leainde (Independent Ireland); Alastair Mc Kinstry (Comhaontas Glas); Maidhc Ó Curraoin (Neamhspleách); Sinéad O’Brien (Neamhspleách); An Comhairleoir Daithí Ó Cualáin (Fianna Fáil); Kevin O’Hara (Sinn Féin) agus Máirtín Ó Laoi (Fianna Fáil).
[Pictiúr: Seán Ó Mainnín]
Bhí Seomra 8 sa gCrompán, An Cheathrú Rua, lán go maith ar an Luan seo caite don chruinniú poiblí a thug an eagraíocht BÁNÚ le chéile leis na polasaithe tithíochta agus na polasaithe pleanála atá ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a phlé leis na hiarrthóirí atá ag seasamh sna toghcháin áitiúla i gConamara. Ar bharr an tseomra bhí na hiarrthóirí ina suí ag bord, fir ar fad agus bean amháin. Bhí cuireadh tugtha ag BÁNÚ go gach duine den 24 iarrthóir atá ag seasamh i gConamara Theas (16) agus i gConamara Thuaidh (8). Léadh amach leithscéal ó bheirt, an t-iarrthóir neamhspleách Mánus Ó Conaire, ó Ros Muc, agus an t-iarrthóir ón gComhaontas Glas, Dónal Gleeson, nach bhfeadfaidís a bheith ag an gcruinniú de bharr cúinsí oibre.
Seo a leanas na hiarrthóirí a ghlac páirt sa gcruinniú: An Comhairleoir Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (FG); An Comhairleoir Tomás Ó Curraoin (RSF); An Comhairleoir Daithí Ó Cualáin (FF); Micheál Leainde (Independent Ireland); P.J. Ó Flatharta (Neamhspleách); Criostóir Breathnach (Neamhspleách); Maidhc Jimmy Ó Curraoin (Neamhspleách); Kevin O’Hara (SF); Alastair Mc Kinstry (Comhaontas Glas), Máirtín Ó Laoi (FF) agus Sinéad O’Brien (Neamhspleách), an t-aon bhean amháin atá ag seasamh i gConamara Theas. Sa lucht éisteachta bhí Doran Mc Mahon ón Irish Freedom Party ann agus, cé nach raibh sé curtha in iúl aige go mbeadh sé ag iarraidh páirt a ghlacadh sa gcruinniú, tugadh cead cainte dhó chomh maith.
Lucht Éisteachta ag Cruinniú Bánú, Bealtaine 2024
Norita Ní Chartúir, ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a rinne áisitheoireacht ar an gcruinniú. Ag tús an chruinniú thug Adhna Ní Bhraonáin cur síos ar an méid a bhí déanta ag an eagraíocht BÁNÚ ó bunaíodh é mí na Samhna seo caite. Ní dheachaigh aon duine thar am. Is i nGaeilge bhreá blasta a labhair gach duine de na hiarrthóirí, ach amháin Alastair Mc Kinstry, Sinéad O’Brien agus Doran Mc Mahon. Ansin tugadh dhá nóiméad do gach iarrthóir ag an tús, sular osclaíodh an plé don urlár. Bhí drochscéal le inseacht ag roinnt daoine faoin mbealach ar chaith Rannóg Pleanála an Chomhairle Chontae leo.
Léirigh an chuid is mó de na hiarrthóirí tacaíocht don méid atá á dhéanamh ag BÁNÚ le aird a dhíriú ar an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht, cé nach raibh siad ar fad aontaithe faoin mbealach ab fhearr chun feabhas a chur ar an soláthar tithíochta. Léiríodh tacaíocht speisialta don éileamh atá ag BÁNÚ go mbeadh cumhachtaí tithíochta tugtha do Údarás na Gaeltachta sa reachtaíocht atá á ullmhú faoi láthair, chun toghcháin an Údaráis a chur ar bun arís.
Dúirt urlabhraí thar ceann BÁNÚ go raibh an eagraíocht sásta faoin méid iarrthóirí a ghlac páirt sa gcruinniú agus go mbeadh BÁNÚ sásta oibriú leis na hiarrthóirí a thoghfar le cinnte a dhéanamh dhó go ndéanfar leasaithe ar Phlean Forbartha Chontae na Gaillimhe, nuair a bheas athbhreithniú á dhéanamh ar an bplean an chéad bhliain eile.
Cuimhneachán ag Dumhach na Leanbh
Dumhach na Leanbh
Ar Aoine beag seo, 31 Bealtaine, beidh ócáid ar bun tráthnóna ag Dumhach na Leanbh, An Teach Mór, i gcuimhne ar na páistí atá curtha sa gcillín ar bhruach Loch Lurgan.
Tosóidh an ócáid ag 7.00pm. Beidh fáilte roimh an bpobal, go speisialta roimh dhaoine a bhfuil gaolta leo curtha sa gcillín. Daoine atá in ann siúl síos ag an láthair, iarrtar orthu a gcuid carranna a fhágáil ag an bPoitín Stil, mar nach bhfuil mórán spás páirceála thíos ann. Beidh mionbhus ar fáil ó 6.30pm do dhaoine nach mbeadh in ann siúl síos ag an láthair.
Ag an ócáid déarfar an Paidrín agus leagfar bláthanna ag an gcrois. Théis na hócáide tugtar cuireadh do dhaoine tíocht le chéile sa bPoitín Stil, áit a mbeidh sólaistí ar fáil.
Tá an ócáid chuimhneacháin á eagrú ag Coiste Dumhach na Leanbh, fochoiste de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige.
An treoraí Eoin Ó Tuairisg ag inseacht do ghrúpa an Domhnach seo caite, faoin tragóid a tharla ar an Lochán Beag, Meithemh 1917, nuair a phléasc míneach cogaíochta ar an Trá Shalach.
Bhí an tsiúlóid cois cladaigh eagraithe ag Grúpa Oibre na Coille de chuid Chumann Forbartha Chois Fharraige.
Mná na mBreathnaigh sa gComórtas Peile
Foireann Peil na mBan ó Chumann Micheál Breathnach a bheas ag glacadh páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra an deireadh seachtaine seo i gCill na Martra.
Beidh foireann sóisear na mBan ó Chumann Micheál Breathnach ag glacadh páirt i gComórtas Peile na Gaeltachta i gCill na Martra, Co Chorcaí, an deireadh seachtaine seo chugainn, an t-aon fhoireann ó Chois Fharraige atá cáilithe le páirt a ghlacadh sa gcomórtas náisiúnta.
Seo an tríú bliain as a chéile do fhoireann sóisear na mBan de chuid Na Breathnaigh cáiliú do na babhtaí náisiúnta. Shrois siad an cluiche ceannais anuraidh i nDún na nGall agus an bhliain roimhe sin chroch siad leo an corn, tar éis dóibh mná na Ceathrú Rua a bhualadh sa gCluiche Ceannais ar Pháirc an Mháimín.
I mbliana, le fáil isteach sa gcluiche leath-cheannais ar an Domhnach, beidh cluiche réamhbhabhta le imirt in aghaidh Clann na nGael ar an Satharn, i mBéal Átha an Ghaorthaidh.
Buaiteoirí ó Chois Fharraige ag an bhFleadh
An deireadh seachtaine seo caite ag Fleadh Ceoil na Gaillimhe d’éirigh leis na hiomaitheoirí seo a leanas ó Chois Fharraige an chéad áit a fháil sna comórtais ina raibh siad san iomaíocht agus ainmniúchán a fháil le dul san iomaíocht i bhFleadh Ceoil Chonnacht:
- Éile Rós Ní Cheallaigh, An Sidheán, An Spidéal: Damhsa ar an Sean-Nós faoi 10.
- Seán Óg Ó Fátharta, An Chloch Mhór, Baile na hAbhann: Scéalaíocht faoi 18.
- Ruadhán Ó Fátharta, An Chloch Mhór, Baile na hAbhann: Bainseó faoi 15.
- Deithín Ní Fhátharta, Na hAille, Indreabhán: Pianó faoi 18.
CUIDEACHTA i gCois Fharraige
Tá sé fógraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta go mbeidh an clár ‘Cuideachta’ á chur ar fáil i gCois Fharraige, i gcomhar leis an bhForam Pleanála Teanga.
Is scéim é an clár ‘Cuideachta’ do theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Faoin gclár tá sé i gceist grúpaí teaghlaigh a thabhairt le chéile go háitiúil agus ócáidí taitneamhacha, spraíúla a chur ar fáil ar bhonn rialta i gCois Fharraige.
Tá líon na spásanna ar an gclár teoranta, agus ní mhór do thuismitheoirí clárú le Tuismitheoirí na Gaeltachta trí ríomhphost a sheoladh chuig meadhbh@nulltuismitheoiri.ie, nó glaoch ar 091 869 571.
Féasta Ceoil Chugainn i Stiúideo Cuan
Stiúideo Cuan
Tá féasta ceoil le bheith curtha ar fáil i Stiúideo Cuan as seo go ceann míosa, le ceoltóirí as nós Na Flaitheartaigh ó Chárna (Caoimhe agus Séamus); an fidléir Máirtín Hayes ón gClár; an t-amhránaí Caitríona Ní Cheannabháin ó Chárna; an banna ceoil Kila; The High Seas ó Dhún na nGall. Tosaíonn na ceolchoirmeacha ar an Aoine seo, 31 Bealtaine, le Liz agus Yvonne Kane ó Leitir Fraic, beirt fhidléirí den scoth, agus críochnaíonn an tsraith ar an 4 Iúil le Zoe Conway.
Níl ach 57 suíochán i Stiúideo Cuan agus moltar do dhaoine ticéid a chur in áirithe in am. Tá na ticéid le fáil trí Eventbrite.
Trá na mBan
Ní ró-shásta atá Comhlacht Forbartha an Spidéil leis an tuairisc ón EPA go bhfuil srianta snámha ar Thrá na mBan don bhliain 2024, mar nár shásaigh na tástálacha, a rinne Comhairle Chontae na Gaillimhe le linn 2023, an caighdeán atá leagtha síos do láthair snámha.
Tuigeann Comhlacht Forbartha go n-úsáideann an EPA, téarma reatha ceithre bliana ina gcuid tuairiscí agus gurb iad na blianta 2020, 2021 agus 2022 is cúis le rangú Thrá na mBan ar cheann de na cúig thrá a bhfuil srianta snámha orthu do 2024.
Tá sé seo admhaithe ag an EPA i gcomhfhreagras le Comhlacht Forbartha an Spidéil. Is údar dóchais do CFAS áfach, nuair a dúirt siad gur féidir leo rangú de ‘athraithe’ a thabhairt do rangú tránna a bhfuil beartais bhainistíochta curtha i bhfeidhm iontu, cosúil le Ionad Cóireála Séarachais.
Deireann an Comhlacht Forbartha go bhfuil na torthaí is déanaí do Thrá na mBan ag léamh ‘ar fheabhas’ agus dá bharr sin tá an Comhlacht Forbartha dóchasach, ach na torthaí seo ag leanacht do 2024, go mbeidh an Brat Gorm ar ais go luath ar Thrá na mBan, atá amach ar aghaidh Cheardlann an Spidéil agus ar seoid luachmhar é don cheantar.
Is cosúil go bhfuil na tástálacha leanúnacha ceithre bliana atá déanta ag Co Co na Gaillimhe ar Thrá na Céibhe (nach bhfuil ach 100 muir-mhéadar siar ó Thrá na mBan, ag béal Abhainn an Spidéil) ag léamh ‘ar fheabhas’ nó ‘go maith’.
Deiseanna Ióga
Bíonn ranganna ióga Vinyasa as Gaeilge á reáchtáil ag Caoilfhionn de Bhaldraithe chuile Dhéardaoin i Súil Eile Space i mBearna ó 6:30 – 7:45 i.n.
Tá lascaine ar fáil do na ranganna seo a bhuíochas do Ghaeilge ABC. Cuirtear fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus cainteoirí líofa Gaeilge! Is féidir bualadh isteach nó bloc ranganna a chur in áirithe.
Na hEasógaí sa tSeanscoil
Beidh Colm Seoighe is an grúpa Na hEasógaí i mbun ceoil ar an Satharn beag seo, 1 Meitheamh, i Seanscoil Sailearna. Tá Na hEasógaí ag casadh ceol comhaimseartha anois le píosa agus ag bailiú lucht leanúna go forleathan.
Tá cuid mhaith amhráin cumtha agus curtha le chéile acu féin. Níl ach €5 ar na ticéid, a bheas le fáil ar an doras nó ó Eventbrite, más fearr le duine ticéid a fháil ar líne.
Cois Fharraige go COP28
Cuireadh tús le comhthionscadal idir Fóram Pleanála Teanga Chois Fharraige, Ollscoil na Gaillimhe, agus daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire agus Coláiste Cholmcille le linn Fhéile Chois Fharraige sa bhFómhar seo caite, ag díriú ar chúrsaí éiceolaíochta agus athrú aeráide.
Dá thoradh sin, scríobh na daltaí litir oscailte chuig an Domhan agus réitíodh físeán le cur leis. Cuireadh an t-ábhar i láthair ag COP 28 i nDubai faoi Shamhain. Cuireadh an tionscadal isteach ar chomórtas oscailte do ghradaim náisiúnta do Chomhshaolaithe Óga a eagraíonn ECO-UNESCO le daoine óga a chumasú i leith na timpeallachta agus na hinmharthanachta.
Tugadh gradam ARDMHOLADH don tionscadal ar an Máirt ag an gcur i láthair náisiúnta i mBaile Átha Cliath.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo caite bhí €7,000 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 8, 25, 27, 30.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Liam O’Leary, Saile Thúna, An Spidéal;
- Cáit agus Máire de Bhailís, Raidió na Gaeltachta;
- Séamus Óg Ó Loideáin, Bóthar na Páirce, An Cheathrú Rua;
- Gail Griffin, Tír an Fhia.
Gearóid Ó Feinneadha, An Lochán Beag, a fuair duais an díoltóra.
€7,100 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
Iomáint (faoi 15 A1): Micheál Breathnach 0 – 16, Carnmore 3 – 15.
Iománaíocht (faoi 13 C): Ml Breathnach 5 – 08, Sylane 1 – 04.
Iománaíocht (faoi 13 C): Ml Breathnach 6 – 06, Áth Eascrach/Fóthaine 1 – 09.
Peil na gCailíní (faoi 14): Ml Breathnach 8 – 06, Claregalway 5 – 08.
Peil (Roinn 3A): Micheál Breathnach 1 – 11, Oranmore-Maree 2 – 07.
Peil (Roinn 3A): An Spidéal 0 – 06, Corofin 1 – 08.
Peil (Sóisear A): An Spidéal 0 – 10, Naomh Anna, Leitir Móir 3 – 10.
Peil (Sóisear D): An Spidéal 4 – 10, An Fháirche 5 – 12.
Peil (Roinn 3A): An Spidéal 0 – 06, Corofin 1 – 08.
Peil (faoi 16 RII): An Spidéal 1 – 10, Killanin 6 – 10.
Peil (faoi 15): Micheál Breathnach 3 – 15, Corafin 2 – 09.
Sacar (Corn faoi 16 RI/II): Mac Dara 3, Kinvara Utd. 2
Sacar (Corn faoi 12 RII/III): Mac Dara 2, Moyne Villa 1.