Cartlann Nuachta: 29 Eanáir 2020
Olltoghchán: Cruinniú leis na hIarrthóirí
Na hiarrthóirí san olltoghchán a bhí i láthair ag an gcruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ar an Máirt seo caite, áit ar fhreagair siad ceisteanna ón bpobal faoi nithe atá ag déanamh imní dóibh.
Ó chlé: Pauline O’ Reilly, An Comhaontas Glas; Mairéad Farrell, Sinn Féin; Maitiú de Hál, ar son Conor Burke, Solidarity; Niall Ó Tuathail, Na Daonlathaigh Shóisialacha; Gormfhlaith Ní Thuairisg (RTÉ Raidió na Gaeltachta) a rinne cathaoirleacht ar an gcruinniú; an tAire Stáit Seán Kyne, Fine Gael; An Teachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil agus an Teachta neamhspleách Catherine Connolly.
Ar an gCéadaoin seo caite tháinig seisear de na hiarrthóirí atá ag seasamh san Olltoghchán i nGaillimh Thiar i láthair an phobail ag cruinniú poiblí i Seanscoil Sailearna, áit ar fhreagair siad ceisteanna ón dream a bhí i láthair faoi nithe atá ag déanamh imní don phobal. Is ar chuireadh ó Chumann Forbartha Chois Fharraige a bhíodar ann. Thart ar 40 duine ón bpobal a bhí i láthair.
Thug an Cumann Forbartha cuireadh do gach duine den 15 iarrthóir i nGaillimh Thiar teacht ag an gcruinniú. Chuir beirt in iúl roimhré nach bhféadfaidís a bheith i láthair: an t-iarrthóir neamhspleách Noel Grealish, Joe Loughnane ó Solidarity/People Before Profit. Bhí seisear de na hiarrthóirí i láthair: Pauline O’ Reilly, An Comhaontas Glas; Mairéad Farrell, Sinn Féin; Niall Ó Tuathail, Na Daonlathaigh Shóisialacha; an tAire Stáit Seán Kyne, Fine Gael; An Teachta Éamon Ó Cuív, Fianna Fáil agus an Teachta Catherine Connolly, iarrthóir neamhspleách. Bhí Maitiú de Hál i láthair ar son Conor Burke atá ag seasamh as son Solidarity-People Before Profit.
I measc na nithe a tháinig aníos ag an gcruinniú bhí an córas taistil poiblí agus an gá le scáthláin bus a thógáil ar an R336; cúrsaí pleanála agus chomh deacair is atá sé do dhaoine óga atá ag iarraidh fanacht sa gceantar cead pleanála a fháil; an táille uafásach ard atá Uisce Éireann ag gearradh le píopa a leagan síos ar dhaoine atá ag iarraidh seirbhís uisce i dtithe nua; cúrsaí athrú aeráide; táille páirceála ag an ospidéal; airgeadú Údarás na Gaeltachta agus ceist na dtoghchán le hionadaithe ó phobail na Gaeltachta a chur ar Bhord an Údaráis. Gormfhlaith Ní Thuairisg, ó RnaG, a bhí sa gcathaoir. Cumann Forbartha Chois Fharraige a d’eagraigh an cruinniú.
An Gairdín Céadfach
Páistí ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, sa bpolytunnel atá sa ngairdín céadfach nua ag an scoil.
Ó chlé: Ruadhán Ó Maoileoin, Pedro Castillo Keating, Fionn Ó Conghaile, Olivia Ní Choistealbha agus Sophie Ní Chonghaile.
Craobh Díospóireachta ag An Spidéal
An fhoireann sinsir ó Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a chroch leo an corn i gCraobhchomórtas Díospóireachta Ghael Linn an tseachtain seo caite. Seo an dara bliain as a chéile do Choláiste Chroí Mhuire Comórtas Díospóireachta Ghael Linn a bhuachan i rannóg na sinsear.
Ó chlé: Seán Ó Ceallaigh (Gael Linn), Seán Ó Gallchobhair, Oisín Ó Coisdealbha agus Cainnear Nic Réamoinn.
Don dara bliain as a chéile tá an corn ardaithe ag Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, sa gCraobh Shinsearach de Chomórtas Díospóireachta Gael Linn, a reáchtáladh i nGaillimh an tseachtain seo caite. Ar an bhfoireann i mbliana bhí Cainnear Nic Réamoinn, Seán Ó Gallchobhair agus Oisín Ó Coistealbha, a phléigh an rún tráthúil seo a leanas os comhair na moltóirí: ‘Ba cheart dúinn bata agus bóthar a thabhairt don rialtas seo sa toghchán atá le teacht.’
Bhí trí fhoireann eile páirteach sa gcraobhchomórtas sinsearach: Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; Coláiste Eoin, Baile Átha Cliath; agus Pobalscoil Ghaoth Dobhair.
Siad Scoil Chuimsithach Chiaráin, An Cheathrú Rua, a chroch leo an phríomhdhuais sa gcomórtas sóisearach. Ar an bhfoireann bhí Mikayla Ní Chuanaigh, Ailbhe Ní Mhurchú agus Aedín Ní Mháille.
Bronnadh buanchorn agus dearbháin de luach €1,000 ar an dá fhoireann bhuacach, an fhoireann shinsear ó Choláiste Chroí Mhuire agus an fhoireann shóisear ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin.
Bíonn thart ar chaoga scoil páirteach sa gcomórtas díospóireachta gach bliain do scoileanna iar-bhunoideachais Gaeltachta agus lán-Ghaeilge, a bhíonn á reáchtáil ag Gael Linn.
Foireann Choláiste Chroí Mhuire
Foireann Peile Sóisear Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, a chuaigh chomh fada le Cluiche Ceathrúcheannais Chonnacht an tseachtain seo caite. Chaill siad an cluiche faraor.
Ar chúl, ó chlé: Piaras Ó Mainnín (Bainisteoir), Evan Ó Feinneadha, Gearóid De Búrca, Feidhlim Ó Conghaile, Oisín Mac an Ultaigh, Rian Ó Fátharta, Eoin Ó Conghaile, Ciarán Mac Fhlannchadha, Tomás Farthing, Patrick Ó Flannaire, Lughan Mac Con Iomaire, Cormac Ó Tuairisc, Oisín Ó Céidigh, Séaghan Ó Braonáin, Luke Ó hAllaráin, Fionn Ó Conchubhair.
Chun tosaigh, ó chlé: Charlie Ó Frighíl, Andy Ó Féinne, Cormac Ashe, Finnán Ó Srutháin, Caomhlú Ó Fathaigh, Peadar Ó Féinne, Ciarán Ó Diomsaigh, Eoin Ó Neachtain.
[Pic: Áine Ní Chonchubhair]
Plean Teanga Chois Fharraige
Beidh cruinniú tábhachtach ag an bhFóram Pleanáil Teanga do cheantar Chois Fharraige an Déardaoin seo, 30 Eanáir 2020, san ITT, ar chúl Shéipeál an Chnoic, ag tosú ag 8.00pm. Is do na heagrais sa bpobail, a bhfuil ballraíocht tógtha acu sa bhFóram, atá an cruinniú ann le go ndéanfar Bord Stiúrtha na heagraíochta a roghnú.
Beidh tuairisc faoin gcruinniú i Nótaí Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn.
Printíseachtaí
Tá scoláireachtaí á dtairiscint arís i mbliana ag an Údarás do chainteoirí líofa Gaeilge ón nGaeltacht, do dhaoine óga a mbeadh fonn orthu traeneáil a fháil mar cheardaí agus cailíocht a bhaint amach. Tá réimse leathan ceirdeanna anois ann inar féidir le daoine óga ón nGaeltacht printíseachtaí a fháil iontu.
Is fiú €2,000 na scoláireachtaí seo. Tá tuilleadh eolais le fáil ach glaoch ar 091 503121 nó dul go suíomh idirlín an Údaráis. Tá go dtí an Aoine, 21 Feabhra, leis na foirmeacha a líonadh is a sheoladh ar ais.
Is é Scéim na bPrintíseachtaí ceann de na scéimeanna is fearr a reáchtálann Údarás na Gaeltachta ar mhaithe le óige na Gaeltachta agus is iomaí duine a bhfuil post maith acu a bhuíochas don scéim iontach seo.
Cumann Micheál Breathnach
Tá ballraíocht i gCumann Micheál Breathnach oscailte anois agus is féidir clárú ar an idirlíon. Ní mhór tuismitheoir amháin ar a laghad a chlárú sa gclub le gasúir faoi aois.
Seo a leanas na coswtaisí a bhaineann le clárú le Cumann Micheál Breathnach:
€120 atá ar imreoir fásta nó €80 más mac léinn lánaimseartha an t-imreoir. €100 atá ar ghasúr amháin agus tuismitheoir amháin. €130 atá ar chlann a chlúdaíonn na gasúir agus na tuismitheoirí. Níl ach €40 ar bhallraíocht aonair do dhuine fásta nach imreoir é nó í.
Séasúr Nua Scannán sa tSeanscoil
Radharc as ROJO, an scannán i Spáinnis a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosu ag 8.15pm.
Thosaigh séasúr nua scannán i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo caite. Idir seo agus an Cháisc taispeánfar scoth na scannán ó thíortha éagsúla ar fud an domhain. An Déardaoin seo is scannán i Spáinnis, ROJO, atá á thaispeáint, le fotheidil i mBéarla, ar ndóigh.
Baineann scéal an scannáin leis an tréimhse corraitheach san Airgintín ag tús na 1970idí, sna blianta roimh an coup d’état míleata a chuir deireadh le rialú daonlathach. Dráma snasta atá ann a léiríonn an bealach a ndúnann daoine a súile go minic ar ghníomhartha míchuí.
Tá eolas faoin scannán le fáil ar an suíomh idirlín WWW.CLUBSCANNAN.IE.
Cártaí sna Forbacha
Bíonn cártaí ar bun gach Céadaoin i Scoil na bhForbacha, eagraithe ag Cumann Iománaíochta Bearna/Na Forbacha.
Sé an cluiche i imrítear ná cúig fichead.
Fáilte roimh chách. Bíonn cupán tae ar fáil ag deireadh na hoíche.
Club Leabhar Chois Fharraige
Beidh an chéad tíocht le chéile eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an 12 Feabhra ag a 8.00 i dTigh Mholly, Indreabhán. An t-úrscéal ‘Sa Teach Seo Anocht’ le Mícheál Ó Conghaile an leabhar a bheas á phlé. Tá sé ar fáil i siopa Chló Iar-Chonnacht sa Spidéal.
Tuilleadh eolais faoin leabhar anseo: Sa Teach Seo Anocht
Seisiúin na gCeoltóirí Óga
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag ceiliúradh le Brian Ó Baoill le gairid
Bíonn Seisiún na nDéagóirí ar bun gach Satharn sa gCrúiscín Lán ón 6.00 go 7.00pm agus bíonn Seisiún na gCeoltóirí Níos Óige san ITT ar an Domhnach ag 12.00. Bíonn fáilte roimh bhaill nua i gcónaí.
Torthaí Spóirt
Sacar (Corn Brennan ): Cois Fharraige 4, Moore Utd. 5.
Sacar (Corn Chonnacht faoi 18): Bearna/Na Forbacha 7, Strand Celtic 6.
Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha B 2, Salthill Devon B 0.
Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 3, Kinvara Utd. 6.
Sacar (faoi 15): Cois Fharraige 2, Salthill Devon 1.
Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha C 6, Corofin Utd. 0.
29 Eanáir 2020