Cartlann Nuachta: 29 Meitheamh 2022
Gradam do Learaí Ó Grádaigh
Learaí Ó Grádaigh, dalta ó Rang a Sé i Scoil Sailearna, leis an ‘Certificate of Commendation’ a fuair sé as pictiúr a chuir sé isteach ar chomórtas ealaíona Texaco.
Méadú Mór i nDaonra Chois Fharraige
Léirigh na réamhthorthaí ón daonáireamh, a tógadh mí Aibreáin seo caite, gur tháinig méadú suntasach ar dhaonra Chois Fharraige idir 2016 agus 2022. Sa Limistéar Pleanála Teanga a shíneann ó na Forbacha siar go Ros a’ Mhíl, tháinig méadú beagán le cois 10% ar an daonra iomlán. Bhí méadú 23% i gceantar an Spidéil, cuid den mhéadú de bharr teifigh ón Úcráin atá ag cur fúthu in Óstán na Páirce a bheith san áireamh. Méadú 17% a bhí sna Forbacha.
Tá breis is seacht míle duine ina gcónaí i gCois Fharraige anois, méadú de sheacht gcéad ar an daonra i 2016. Seo thíos an briseadh síos ar an daonra sna ceantair éagsúla i gCois Fharraige agus an méadú ó 2016 idir lúibíní:
Na Forbacha: 1,637 (+16.7%).
An Spidéal (an sráidbhaile soir go dtí An Pháirc): 1,773 (+23.0%).
Cill Chuimín (idir an Spidéal agus Siopa an Phobail): 1,773 (+7.1%).
Sailearna (An Cnoc go Cor na Rón): 1,498 (+3.3%).
Cill Chuimín (Na Mine, An Tulach, Ros a’ Mhíl): 1,347 (+2.7%).
Mhéadaigh an daonra i gceantar na Ceathrú Rua thart ar 7%, cuid den mhéadú de bharr an líon mór teifigh ón Úcráin lonnaithe ann. I gCeantar na nOileán tháinig méadú 3% ar an daonra, ach fós tá an daonra níos ísle sa gceantar ná mar a bhí i 2011.
Na Breathnaigh sa gCluiche Ceannais
Seán Denvir ó Chumann Micheál Breathnach leis an liathróid, ag imirt in aghaidh Corafin B, i gCluiche Leathcheannais an Chontae (Sraith 3).
Beidh Cumann Micheál Breathnach ag imirt in aghaidh Mhuine Mheá sa gCluiche Ceannais an Satharn seo chugainn.
[Pic: Máirín Uí Chonghaile]
Ar an Satharn seo, 2 Iúil, a bheidh peileadóirí idirmheánacha ó Chumann Micheál Breathnaigh ag dul chun páirce in aghaidh Monivea-Abbey i gCluiche Cheannais na Gaillimhe (Sraith 3).
In Anach Cuain a bheas an cluiche á imirt ag tosú ag 6.30pm. Sa gCluiche Leathcheannais bhuail Na Breathnaigh an dara foireann ó Chora Finne le trí chúilín.
Má bhíonn an bua ag foireann na Gaeltachta beidh Na Breathnaigh ag imirt i Roinn 2 den Sraith an chéad bhliain eile.
Óstán Ceadaithe don Spidéal
Óstán an Chuain a bheas ar an óstán nua atá ceadaithe le tógáil ag an mBord Pleanála ar shuíomh díreach trasna ó Thrá na mBan. Chomh maith le 81 seomra codlata, tá sé i gceist go mbeidh seomra mór le ócáidí a reáchtáil, chomh maith le áiseanna aclaíochta.
Tógfar sé theach cónaithe ar chúl an óstáin agus beidh coinníoll teanga ar cúig cinn acu.
Cé gur diúltaigh an Bord Pleanála don fhorbairt i 2018, mar nach mbeadh an córas séarachais sa Spidéal in ann déileáil leis an fuíoll uisce, ach chuir An Ardchúirt an cinneadh sin ar cheal agus cuireadh an t-iarratas ar ais os comhair an Bhord Pleanála.
Siobhán Denvir, ó Na hAille, Indreabhán, agus a fear chéile, Rónán Barrett, atá taobh thiar don óstán atá beartaithe, áis a chuirfidh go mór leis an Spidéal nuair a bheas sé faoi lán seol.
‘Ruaille Buaille’
Ar an Luan seo caite thosaigh an campa samhraidh drámaíochta, Ruaille Buaille, i Scoil Sailearna. Tá os cionn scór gasúr bunscoile páirteach sa gcampa, atá eagraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanála Teanga, le tacaíocht ó Mhuintearas.
An tseachtain seo chugainn beidh an campa ag aistriú go Amharclann Chois Fharraige (Seanscoil Sailearna) ar feadh na seachtaine agus beidh toradh na hoibre le feiceáil ar an Aoine, 8 Iúil, nuair a chuirfear dráma ar an stáitse in Amharclann Chois Fharraige.
Campaí Camógaí
Tá sé socraithe ag Cumann Camógaíochta Chois Fharraige campa camógaí a reáchtáil do chailíní an cheantair ar Pháirc an Chnoic, idir Luan 18 agus Aoine 22 Iúil. Ní amháin go mbeidh scileanna leis an gcamán is an sliotar á chleachtach i gcaitheamh na seachtaine, ach beidh ceol, ceardaíocht agus caieacadóireacht ar bun chomh maith ag na cailíní a bheas páirteach sa gcampa.
Tá an campa oscailte do chailíní ó aois sé bliana suas. Is féidir breis eolais a fháil ach glaoch ar Mháirtín Ó Duibhghaill ag 08 64084033, nó ar Mhartina Ní Ghabháin ar 097 6372941.
Comórtas Cispheile
Le gairid reáchtáladh Comórtas Cispheile do Chailíní idir bunscoileanna an cheantair, i Scoil Sailearna, i gcuimhne ar iar-scoláire de chuid na scoile, Orla Ní Neachtain. Ghlac na scoileanna seo a leanas páirt sa gcomórtas: Scoil Mhic Dara, An Cheathrú Rua; Scoil Cholmcille, An Tulach; Scoil Éinne, An Spidéal; Scoil na bhForbacha; Scoil Náisiúnta Thír an Fhia; Gaelscoil Dara, An Rinn Mhór agus Scoil Sailearna, Indreabhán.
Scoil Sailearna agus Scoil Náisiúnta a bhí sa gcluiche ceannais agus is ag an bhfoireann baile, cailíní ó rang a sé i Scoil Sailearna, a bhí an bua ag an deireadh.
Ciorcal Comhrá Chois Fharraige
Ciorcal Comhrá i mbun oibre sa Spidéal
Tagann Ciorcal Comhrá Chois Fharraige le chéile chuile Chéadaoin ag 7.00pm sa seomra cruinnithe atá ag an bhFóram Pleanála Teanga, thuas staighre sa teach Inis Fáil ar An Spidéal. Tá an Ciorcal Comhrá eagraithe ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige, le tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta agus ón bhFóram Pleanála Teanga.
Is bealach iontach taitneamhach an ciorcal comhrá do dhaoine a bheadh ag iarraidh feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge labhartha. Tá fáilte roimh chách le páirt a thógáil sa gcomhrá agus a gcuid Gaeilge a chleachtadh i gcomhluadar cairdiúil le cupán caife/tae.
Scoláireachtaí Printíseachta
An Déardaoin seo, 30 Meitheamh, an dáta deiridh le léiriú spéise a bheith déanta faoi na scoláireachtaí printíseachta atá á dtairiscint ag Údarás na Gaeltachta do chainteoirí líofa Gaeilge ón nGaeltacht.
Is fiú €2,000 an ceann na scoláireachtaí seo, atá curtha ar fáil ag an Údarás chun tacú le daoine óga ón nGaeltacht ceird nua a fhoghlaim i réimse leathan printíseachtaí, idir na ceirdeanna traidisiúnta agus i réimsí nua chomh maith, cosúil le ríomhaireacht, cuntasaíocht agus bithchógaíocht.
Seo ceann de na scéimeanna is rathúla a reáchtálann an tÚdarás.
Tá tuilleadh eolais faoin na scoláireachtaí, chomh maith le foirm iarratais, ar fáil ar an suíomh: www.udaras.ie nó tré ríomhphost a sheoladh ag eolas@nulludaras.ie.
Turas Oidhreachta
Dé Céadaoin seo chugainn, 6 Iúil, tabharfar deis do dhaoine turas oidhreachta a dhéanamh ar roinnt láithreacha spéisiúla i gConamara, ina measc Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc, an tIonad Oidhreachta i Leitir Meallain, Reilig Bharr a’ Doire sa gCeathrú Rua, chomh maith le Tobar Cholmcille ar an mBánrach. Tosóidh an turas ag Séipéal na Tulaí ag 9.30 am. Níl ach €10 ar an dturas, bus agus lón san áireamh.
Tá an Turas Oidhreachta á eagrú ag na hOifigigh Pleanála Teanga i nGaeltacht Chonamara. Le áit a chur in áirithe is féidir ríomhphost a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com nó glaoch ar 083 0106294.
Tá spásanna ar an mbus teoranta.
Is trí Ghaeilge a bheas an imeacht á reáchtáil.
‘Babaí ar an mBealach’
Tá ceardlann eolais réamhbhreithe á reáchtáil ag TUISMITHEOIRÍ NA GAELTACHTA, do mhná ag iompar clainne. Beidh an cheardlann ar bun an Satharn seo, ar an 2 Iúil, ag meán lae, in Ionad Splanc, ar chúl na leabharlainne sa gCeathrú Rua.
Ar an lá beidh aoichainteoirí éagsúla ann, a bhfuil taithí agus saineolas acu ar a bheith ag iompar clainne agus ag tabhairt páistí ar an saol. Pléifear téamaí éagsúla ar nós ullmhúcháin don pháiste, an mála don ospidéal, nodanna agus comhairle do thuismitheoirí ag teacht abhaile ón ospidéal.
Is féidir níos mó eolais a fháil faoin gceardlann ach ríomhphost a chur chuig eolas@nulltuismitheoiri.ie.
Oíche Mhór Cheoil
Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ag seinm anuraidh ag Traidphicnic 2021.
Beidh seisiún speisialta ceoil ar bun i dTigh Chualáin, Indreabhán, ar an Aoine seo, 1 Iúil, le aitheantas a thabhairt don choiste a reáchtáil Traidphicnic le deich mbliana anuas.
An chéad deireadh seachtaine mí Iúil bhíodh Traidphicnic ag tarraingt plúr na gceoltóirí is scoth na n-amhránaithe chuig an Spidéal don fhéile cheoil. Reáchtáladh an fhéile gan briseadh ar feadh deich mbliana ar fad, ach shocraigh an coiste eagraithe nach mbeadh sé ann i mbliana.
Thug Traidphicnic aitheantas agus ardán i gcónaí do Cheoltóirí Óga Chois Fharraige, a thug spreagadh agus misneach don chéad ghlún eile ceoltóirí is amhránaithe.
Ar an Aoine seo, 1 Iúil, leis an deireadh seachtaine a mharcáil beidh teacht le chéile i dTigh Chualáin, Coill Rua, ar an Aoine, 1 Iúil, le Traidphicnic a cheiliúradh ar bhealach neamhfhoirmeálta.
Cuirfear tús leis an oíche ag 7.30pm leis na ceoltóirí óga in aois bunscoile. Tá súil againn ansin tús a chur le seisiún mór ag a naoi a chlog. Beidh fáilte roimh chách, idir óg agus aosta. ach níor mhór duine fásta a bheith in éineacht le daoine óga faoi 18.
Beidh coiste Traidphicnic i láthair ar an oíche: Bridge, Sara, Steve agus Liam agus is cinnte go mbeidh ard-oíche ann.
Tá tacaíocht á fháil ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige ó Chumann Forbartha Chois Fharraige agus ón bhFóram Pleanála Teanga leis an oíche ceiliúrtha a eagrú.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
• Iomáint (Sóis A): Micheál Breathnach 4 – 02, Mullagh/Kiltormer 3 – 07.
• Iomáint (faoi 13B): Micheál Breathnach 1 – 07, Skehana Mountbellow-Moylough 2 – 13.
• Peil (Sóisear A): Micheál Breathnach 0 – 15, Killanin 2 – 13.
• Peil (Sóisear B): An Spidéal 0 – 10, Carna Caiseal 1 – 03.
• Peil na gCailíní (faoi 14): Micheál Breathnach 9 – 05, St Furseys, Headford 3 – 05.
• Sacar (Cailíní faoi 14): Bearna/Na Forbacha 1, Salthill Devon 1.