Cartlann Nuachta: 29 Neitheamh 2016
29 Meitheamh 2016
Na Fataí Faoi Bhláth in Indreabhán
Triúr lucht woofála ó Mheiriceá a bhí ag obair le mí anuas sa nGarraí Glasraí, atá ag Aengus Ó Coistealbha, ar thaobh an bhóthair in aice le Tír na nÓg.
Ó chlé: Sarah Maher, Mississippi, Brigid Cruser, New York, agus Molly Bernstein, Pennsylvania. Ag an deireadh seachtaine bíonn siopa beag oscailte ag Aengus ar thaobh an bhóthair, inar féidir fataí agus glasraí úra orgánacha a cheannacht.
Club Óige Lurgain
Baill de Chlub Óige Lurgain a ghlac páirt i gcampa samhraidh a eagraíodh i gcomhar le Coláiste Lurgan an mhí seo caite.
Ar chúl, ó chlé: Tom Ó Donghaile, Eoin Ó Feachair, Mike Mac Dubhghaill, Cian Ó Feachair, Róisín Ní Chonghaile, Síofra Ní Mhárta, Neasa Ní Chonghaile, Saolra Ní Ghabhann, Aoife Ní Choisdeabhla, Liadan Canny, Siobhán Ní Neachtain, Anna Ní Lochlainn.
Chun tosaigh, ó chlé: Aoife Nic Dhonnacha, Bróna Ní Cheallacháin, Ruairí Ó Curraoin, Aislinn Cox, Caoimhe Bolustram, Aisling Ní Chonghaile.
Campaí Samhraidh 2016
Ní bheidh aon chúis ag daoine óga i gCois Fharraige a bheith díomhaoin an chéad mhí eile, mar go bhfuil rogha mór campaí samhraidh le bheith ar bun sa gceantar, idir campaí spóirt agus campaí eile. Seo chuid de na campaí atá le bheith ann.
- Bogha Ceatha, An Spidéal; 3 – 6 bliain. Campaí seachtaine mí Iúil ar fad. Eolas: Anne Marie, 091 -897851.
- Scoil Éinne, An Spidéal; 5 – 12 bl. Campa Neam Neam, 18 & 25 Iúil. Eolas: Norita, 087 – 6675584.
- Scoil Éinne, An Spidéal; 5 – 12 bl. Campa Spraoi, 4 & 11 Iúil. Eolas: Máirín, 091-553693.
- Seanchéibh, An Spidéal; 7 – 12 bl. Campa Seoltóireachta, 4 Iúil. Eolas: Cathal, 087-2561026.
- Páirc An Spidéil; 7 – 12 bl. Cúl Camp Peile, 1 Lúnasa. Eolas: Liam, 086 3062401.
- Páirc na bhForbacha; 7 – 12 bl. Cúl Camp Iomána/Camógaí, 4 Iúil. Eolas: Gerry, 087 9163434.
- ITT, An Cnoc; 3 – 6 & 7 – 12 bl. Campaí Spraoi, gach seachtain mí Iúil. Eolas: Morgan, 091 593017.
- An Piniúr, An Cnoc; 7 – 15 bl. Campa Liathróid Láimhe, 18 Iúil & 1 Lúnasa. Eolas: Jimmy, 0877794274.
- Páirc Micheál Breathnach, an Cnoc; 7 – 12 bl. Campa Peile, 04 Iúil. Eolas: Frances, 091 505766.
- Páirc Micheál Breathnach, an Cnoc; 7 – 12 bl. Campa Iomána, 11 Iúil. Eolas: Frances, 091 505766.
- Páirc Micheál Breathnach, an Cnoc; 4 – 16 bl. Campa Camógaí, 18 Iúil. Eolas: Máirtín, 091 553281.
- Coláiste Cholmcille, Indreabhán; 4 – 16 bl. Drámaíocht is Ealaín, gach Luan mí Iúil. Eolas: Liam, 091 593195.
- An Pháirc, Ros a’ Mhíl; 6 – 14 bl. Campa Spóirt,18 Iúil. Eolas: Joe Joe, 087-7831204
Camógaí Chois Fharraige f16
An fhoireann ó Chumann Camógaíochta Chois Fharraige a rug leo an chraobh ag comórtas 7 a’ taobh faoi 16 do chlubanna as Chúige Chonnacht.
Ar chúl, ó chlé: Bridie Mhic Chormaic (Bainisteoir), Máire Ní Fhrighil, Siobhán Ní Neachtain, Ailbhe Breathnach, Aoife Nic Dhonncha, Aisling Ní Chonghaile, Fionnuala Ní Mhárta, Deirbhle Ní Mhárta, Bláithín Ní Chonghaile, Elizabeth Ní Shé, Bróna Ní Cheallacháin, Áine Ní Laoi.
Rinne cailíní Chois Fharraige éacht Dé Domhnaigh seo caite nuair a bhuaigh siad Comórtas Chonnacht 7 a’ Taobh faoi 16. Chuir Cumann Camógaíochta Chois Fharraige dhá fhoireann isteach sa gcomórtas, a imríodh in Ionad Barr Feabhais Chonnacht, gar do Bhéal Átha hAmhnais. Fuair foireann 1, faoi bhainistíocht Aodháin Mhic Chormaic agus Mháirtín Uí Cheallacháin, an ceann is fearr ar Ghaeil Ros Comáin agus chríochnaigh siad ar chomhscór le Mainistir Chnoc Muaidhe, ach níor éirigh leo teacht amach as a ngrúpa.
Bhí údar bróid ag bainistíocht fhoireann 2, Tomás Ó Neachtain agus Bridie Mhic Chormaic, nuair chroch Máire Ní Fhrighil, captaen an foirne, an corn tar éis bua a fháil ar Bhaile an Doirín sa chluiche ceannais ar an scór 10-02 in aghaidh 4-02. Roimhe sin bhuail siad An Caisleán Gearr, Dún an Uchta agus Mainistir Chnoc Muaidhe.
Comórtas Pobail an Chomhar Creidmheasa
An tseachtain seo chugainn beidh deis ag an bpobal a gcuid vótaí a chaitheamh do na hiarratais ar an gcomórtas do eagraíochtaí pobail atá eagraithe ag Comhar Creidmheas Cholmcille. Tá an mholtóireacht déanta ach beifear ag cur san áireamh an méid ‘likes’ a fhaigheann chuile iarratais, sula roghnófar na buaiteoirí. Trí dhuais atá ann: €3,500 mar chéad dhuais, €1000 mar tarna dhuais agus €500 don tríú dhuais.
Seo a leanas cur síos gearr ar an 6 iarratas atá istigh ar an gcomórtas:
- TRAIDPHICNIC: Coiste Pobail deonach muid atá ag cur chun cinn na n-ealaíona agus an traidisiún ceoil áitiúil i measc an phobail agus an aos óg, ag cur le h-eacnamaíocht an cheantair tré féile spraoiúil deireadh seachtaine mar aon le himeachtaí eile i gcaitheamh na bliana i nGaeilge nó go dhátheangach.
- COMHARTHAÍ BÓITHRÍNÍ: Ag ceann chuile bhóithrín, ó Droichead Chroimlinne aniar go Droichead an Spidéil, ba mhaith le Cumann Forbartha Chois Fharraige comhartha a chrocadh ar a mbeadh ainm traidisiúnta an bhóithrín scríofa, ach dul i gcomhairle le muintir an bhaile faoi roimhré. Ní hamháin go mbeadh sé níos éasca daoine a threorú is a aimsiú, ach dhéanfaí na sean-ainmneacha a chaomhnú is a choinneál in usáid.
- GASÓGA MARA: Treallaimh a cheannach ar nós seaiceáid tárthála, wetsuits, kayaks agus pubail do Ghasóga Mara na Gaeltachta, an t-aon ghrúpa lán-ghaelach sa tír, atá bunaithe ó 2015, chun gasúir na háite, idir 6 agus 12 bliain d’aois a thabhairt le chéile ar bhealach spraoiúil, le imeachtaí tíre agus farraige.
- GÁIRDÍN POBAIL: Spás sóisialta agus sláinte glas a sholáthar don phobal, tré forbairt a dhéanamh ar phíosa talamh idir an dá pháirc imeartha ar an Máimín i Leitir Móir, le buntáistí sláinte, sóisialta agus timpeallachta a thabhairt don phobal. Theadh polytunnel agus plandlann mar chuid den tionscadail.
- PÁIRC na hÓIGE: Áis a fhorbairt amuigh faoi aer ag Scoil Sailearna, Indreabhán le go bhféadfaí áit lárnach a chruthú don aclaíocht agus don chleachtadh coirp i saol an ghasúir óig. Thabharfadh sé deis d’fhoireann na scoile gníomhaíochtaí oideachasúla, spóirtiúla, cluichí agus cleachtadh coirp a eagrú ag amanta feiliúnacha, gan réamhdhualgas áirithinte.
- SEISIÚN CEOIL na nÓG: Bíonn dhá sheisiún ceoil sa tseachtain ar bun i gCois Fharraige – ceann sa gCrann Taca ar an Domhnach do na gasúir bunscoile agus ceann sa Droighneán Donn do na déagóirí. Tá thart ar 70 ceoltóir óg cláraithe agus bíonn suas le 40 idir an dá sheisiún chuile sheachtain. Is deis iontach é seo do cheoltóirí óga idir 6 is 16 bliain d’aois teacht le chéile ag casadh ceoil taobh amuigh den rang ceoil nó den scoil, meallta ag comhluadar, ag craic agus ag sóláistí a chuirtear ar fáil.
Seo Linn Traidphicnic 2016!
Cuirfidh Johnny Phádraig Pheter [Johnny Connolly] tús le Traidphicnic na bliana seo ag 2.30pm amárach (Aoine, 1 Iúil) le seisiún oscailte ag a mbeidh fáilte roimh ceoltóirí eile dul ar stáitse leis an máistir é féin. Thosaigh Traidphicnic mar fhéile ceoil traidisiúnta faoin aer cúig bhliain ó shin agus tá sé leathnaithe amach go mór ó shin. I mbliana beidh neart imeachtaí ealaíne ar bun chomh maith le ‘Siorcas gan Teorainn’ ar an Domhnach.
I measc na n-aíonna ceoil a bheas ag seinm i mbliana, tá KÍLA – an grúpa rac-cheoil gaelach a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu, a bheas ar casadh ag 7.30 ar an Satharn. Beidh Noel Hill agus Steve Cooney ag seinm ag 7.00 tráthnóna amárach (Aoine), agus beidh neart ceol bríomhar le cloisteál ó Mharcas Ó hIarnáin is a chlann ar an Domhnach ag 5.15. I measc na ngrúpaí eile a bheas ann tá Porterhead, An Tara, Glór na dTonn agus Ná Bac.
Ceolchoirmeacha
Dé hAoine:
2.30: Seoladh traidphicnic, Ceol le Johnny Connolly agus a chairde agus pé duine eile ata ag iarraidh ceol a chasadh in eindí leis agus bhur gcéad fáilte!
4.15: Glór na dTonn
7.00: Noel Hill agus Steve Cooney
Dé Satharn:
3.00: Porterhead
4.30: Comóradh ar Cheol Paddy Fahy
6.00: Damien Mullane agus Sean Ó Meara
7.30: Kíla
Dé Domhnaigh:
2.00: Ná Bac
2.30: An Tara
3.45: Athrú
5.15: Clann Uí hIarnáin, Don Stiffe agus Cairde
Ceardlanna
Dé Sathairn 2 Iúil. 11.00 – 1.30:
- Clárú i Stiúideo Cuan. 10.30 (Daoine fásta €20, Gasúir €15).
- Bosca Ceoil le Damien Mullane.
- Fidil Ardleibhéal (foinn le Paddy Fahey) le Brenda Keville.
- Fidil Meanleibhéal le Tola Custy.
- Feadóg Stáin le Mary Bergin.
- Consairtín le Noel Hill.
- Bodhrán le Paddy Kerr.
Dé Domhnaigh 3 Iúil 12.30-3.30:
- Clárú i Stiúideo Cuan.
- Damhsa ar an Sean-nós le Seosamh Ó Neachtain.
Níl anseo ach cuid de na himeachtaí a bheas ar bun. Beidh éagsúlacht ceardlanna eile ann idir Portaireacht Béil, Drumadóireacht, Scéalaíocht, Scileanna Sorcais agus go leor eile. Tá an clár iomlán ar fáil mar jpg anseo: Clár Traidphicnic 2016
Sé an nósmhaireacht a bhíonn ag Traidphicnic, gan airgead a ghearradh ar dhaoine ach síntiúis a bhailiú uathu.
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige
Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst ar an Déardaoin, 1 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon www.coisfharraige.ie/cumann-forbartha, áit a mbheidh míreanna nua á uaslódáil gach seachtain.
Eoghainín na nÉan 2016
An grúpa déagóirí a chuir an dráma ‘Eoghainín na nÉan 2016’ ar an stáitse i Seanscoil Sailearna an tseachtain seo caite.
Ó chlé: Rónán Ó Curraoin, Na hAille; Kate Scott, Na Doireadha; Siobhán Ní Neachtain, Baile na hAbhann; Aoife Nic Dhonnacha, Na Minna; Aislinn Cox, An Lochán Beag; Siobhán Ní Chuaig–Ghriallais, Cill Chiaráin; Eleanóir Ní Fhéinneadha, Na hAille; Macdara Ó Duibhir, Na hAille; Becky Ní Éallaithe, Na hAille; Sadhbh Howlin, Cor na Rón; Majella Nic Dhonnacha, Teach Mór; Tadhg Óg Mac Dhonnagáin, Baile an Domhnalláin; Cian Ó Iarnáin, Lochán Beag agus an stiúrthóir is an léiritheoir, Pádraic Ó Flatharta.
Tá daoine fós ag caint ar an an léiriú drámatúil de ‘Eoghainín na nÉan 2016’ a cuireadh ar stáitse i Seanscoil Sailearna ar an Luan, 13 Meitheamh. Grúpa déagóirí a thug Cumann Forbartha Chois Fharraige le chéile a chuir an dráma ar an stáitse, á stiúradh ag Pádraic Ó Flatharta ón gcomhlacht BUA RUA. Le cúpla mí anuas tá ceardlanna drámaíochta ar bun ag Pádraic leis na déagóirí agus é mar aidhm acu scéal Eoghainín na nÉan a athchruthú agus é a lonnú sa mbliain 2016. Fuair an Cumann Forbartha tacaíocht airgid ó Chiste Ceiliúrtha 1916 de chuid Údarás na Gaeltachta.
Seo cuid den chur síos a rinne Tadhg Mac Dhonnagáin ar an dráma ar a leathanach Facebook:
Thug Pádraic na daoine óga le chéile, agus mheall sé iad lena gcuid buanna ar fad a úsáid, idir aisteoireacht (a bhí ar chaighdeán fíor-ard), cheol, amhránaíocht agus ghluaiseacht, le leagan úrnua den seanscéal a chur i láthair. Déagóir a bhí san Eoghainín seo, carachtar a bhí lán de ghreann agus de dhaonnacht, duine a raibh cion mór ag a chairde air. Nuair a fuair sé an droch-scéala go raibh tinneas tromchúiseach air, níor ghéill sé don bhrón ach choinnigh air ag ceiliúradh na beatha. B’iontach an píosa oibre an seó, a bhí ar chaighdeán drámaíochta chomh hard is atá feicthe agam ar stáitse ar bith le roinnt blianta anuas.
Tá súil ag an gCumann Forbartha go mbeidh an dráma á chur ar stáitse aríst le linn an Fhómhair, le go mbeidh deis ag níos mó daoine an seó iontach seo a fheiceáil.
Seo mír as an dráma (buíochas le Darach Ó Tuairisg agus FÍBÍN):