Cartlann Nuachta: 29 Samhain 2023
BÁNÚ – Feachtas faoin nGéarchéim Tithíochta
Adhna Ní Braonáin, An Teach Mór, Indreabhán, ar chlé, a d’eagraigh an cruinniú ar an Domhnach seo caite maidir leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht. In éindí léi tá Breandán Ó Beaglaoich, ó Chorca Dhuibhne, an t-aoichainteoir ag an gcruinniú.
Socraíodh ag an gcruinniú an feachtas BÁNÚ a thosú, le brú a chur ar na húdaráis stáit dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sa nGaeltacht.
Ar an Domhnach seo caite, 26 Samhain, cuireadh feachtas nua ar bun i nGaeltacht Chonamara chun dul i ngleic leis an bhfadhb tithíochta sa nGaeltacht. BÁNÚ atá baistithe ar an bhfeachtas nua.
D’eascair an cruinniú poiblí as alt a foilsíodh ar TUAIRISC.IE thart ar mhí ó shin, a scríobh Adhna Ní Bhraonáin, inar chuir sí síos ar na deacrachtaí a bhí aici áit chónaithe a aimsiú ina ceantar dúchais, théis di filleadh ón Astráil le post a thógáil sa nGaeltacht. Bhí thart ar cheithre scór duine i láthair ag an gcruinniú. Ní raibh a dhóthain spáis sa seomra don slua agus bhí ar roinnt daoine seasamh san halla, ar chúl an tseomra.
Aoife Ní Chonghaile, Oifigeach Pleanála Teanga do cheantar Bhearna, a bhí sa gcathaoir. Bhí an ceoltóir aitheanta Breandán Ó Beaglaoich ó Chorca Dhuibhne mar aoi-chainteoir ag an gcruinniú. Chaith Breandán 15 bliain ag iarraidh cead pleanála i gCiarraí le teach a thógáil ina cheantar dúchais féin. Tharraing sé aird ar na meáin náisiúnta ar na fadhbanna a bhíonn ag daoine ón nGaeltacht agus i gceantair tuaithe, cead pleanála a fháil ina gceantar dúchais féin, de bharr rialacha pleanála. Dúirt sé ag an gcruinniú mura mbeidh muintir na Gaeltachta in ann tithíocht a fháil ina gceantair dúchais, go mbeidh deireadh leis an nGaeilge sa nGaeltacht.
Ag éirí as an gcruinniú tá coiste curtha ar bun leis an bhfeachtas BÁNÚ a reáchtáil. Dúradh gurb é aidhm an fheachtais ná brú a chur ar na húdaráis éagsúla – Údarás na Gaeltachta, Roinn na Gaeltachta, Comhairle Chontae na Gaillimhe agus an Aire Tithíochta – chun go mbeidh cur chuige comhtháite acu le dul i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta sna ceantair Ghaeltachta. Dúradh ag an gcruinniú gur bánú na Gaeltachta an toradh ar an bpolasaí tithíochta agus pleanála, atá ag na húdaráis éagsúla atá freagrach as an nGaeltacht.
Clochar an Spidéil, Pleananna Móra
Clochar an Spidéil
Tá scéal ar TUAIRISC.IE go bhfuil an Clochar sa Spidéal ceannaithe ag Castlestar Developments Group, a bhfuil Ronan Barrett ina stiúrthóir bainistíochta air, agus go bhfuil pleananna ag an gcomhlacht amharclann, caifé agus spás stiúideo a chur ar fáil ann.
Ní hamháin go bhfuil sé i gceist athchóiriú a dhéanamh ar an seanfhoirgneamh, ach tá sé i gceist foirgneamh iomlán nua a thógáil ar an suíomh chomh maith.
Is cosúil go bhfuil Danú Media i measc na gcomhpháirtithe atá bainteach leis an togra agus é ráite go bhfuil sé i gceist “lárionad cultúir agus ealaíon a thógáil ar a dtabharfaí Naomh Éinde“, ina mbeadh amharclann 200 suíochán, caifé, spás gailearaí, saotharlann do na meáin dhigiteacha, spás d’oifigí, seomraí ranga, stiúideonna agus lóistín.
Ar ndóigh, bhí pleananna ag Baile Éamonn Teo., comhlacht eile de chuid Ronan Barrett is a bhean Siobhán Denvir, óstán a thógáil taobh thoir den Cheardlann. Tugadh cead pleanála agus tosaíodh ar an obair réitithe ar an suíomh, ach go dtí seo níl le feiceáil ar an suíomh ach carnán cloch.
AGM an Fhóram Pleanála Teanga
Céadaoin na seachtaine seo caite tionóladh Cruinniú Bliantúil Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga. Thug Cathaoirleach an Fhóraim, Máire Ní Neachtain, tuairisc chuimsitheach ar bhliain ghnóthach, bliain inar léirigh torthaí an Daonáirimh go raibh ardú i gCois Fharraige ar líon na gCainteoirí Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais.
Dearbhaíodh Maitiú de Hál, as na Forbacha, agus Brian Terry Mac Donnchadha, as Ros an Mhíl, mar stiúrthóirí agus atoghadh Tomás Ó Neachtain, as Baile na hAbhann, agus Máire Ní Neachtain, as an Spidéal, mar stiúrthóirí freisin.
Fáiltíodh roimh an ardú 20% ar an allúntas bliantúil a fógraíodh de thoradh an bhuiséid le gairid. Cuireadh fáilte ar leith roimh an athghrádú ar phost an Oifigigh Cúnta Pleanála Teanga. Glacadh buíochas le hAoife Ní Chonghaile a chaith trí bliana ina hOifigeach Cúnta Pleanála Teanga i gCois Fharraige agus fáiltíodh roimh Shaoirse Holic atá sa ról sin anois.
B’údar iontais agus mórtais do chomhaltaí a bhí i láthair éagsúlacht agus líon na n-imeachtaí agus na dtograí a bhíonn á riaradh ag an bhFóram agus moladh deiseanna a thapú leis an scéal a scaipeadh agus treisiú ar fhaisnéis faoi thacaíochtaí an Fhóraim a chur ar fáil ar ardáin agus ag imeachtaí éagsúla.
Tráchtadh go sonrach ar an togra ‘Scéalta na gComharsan’ le hÁras Chois Fharraige agus Tearmann Éanna, ar an gcampa drámaíochta ‘Ruaille Buaille’ agus ar Fhéile Chois Fharraige mar bhuaicphointí i rith na bliana. Tarraingíodh aird ar an bhféilire atá ar shuíomh idirlín an Fhóraim maidir le himeachtaí i gCois Fharraige.
Aontaíodh gurb í an ghéarchéim i gcúrsaí tithíochta agus na dúshláin sa gcóras pleanála áitiúla an chonstaic is mó i gcothú phobal teanga Chois Fharraige faoi láthair agus nach bhfuil de rogha ag óige an cheantair, daoine a bhfuil an Ghaeilge ar a dtoil acu, ach an ceantar a thréigean cheal tithíochta, in ainneoin postanna ar ardchaighdeán a bheith ar fáil san áit agus an-fhonn a bheith ar dhaoine cur fúthu go buan ina gceantar dúchais. Dúradh go bhfuil dochar mór á dhéanamh aige do leanúnachas teanga agus do sheachadadh na Gaeilge ó ghlúin go glúin de bharr an ghéarchéim tithíochta i gCois Fharraige agus in áiteacha eile sa nGaeltacht.
Thaispeán na cuntais don bhliain airgeadais a chríochnaigh ar an 31 Márta 2023, gur tháinig €159,612 isteach mar ioncam i gcaitheamh na bliana agus gur caitheadh €195,326 ar fad, rud a d’fhág easnamh de €35,714 don bhliain airgeadais.
Soilse na Nollag sa Spidéal
Beidh baile beag An Spidéil faoi shoilse arís i mbliana. Lasfar na soilse don Nollaig ar an Domhnach seo chugainn, 3ú Nollaig, ag séipéal Cill Éinne, ag 6.00pm.
Maidin Caifé sa Spidéal
Le tús a chur le mí a Nollag beidh Maidin Caifé ar bun ar an Aoine beag seo, 1 Nollaig, i mBLÁTH FIÁIN, an bhialann nua i Sráidbhaile an Spidéil ag 11.00am.
Tá an mhaidin caifé á eagrú ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga le deis a chur ar fáil do dhaoine castáil le chéile ar mhaithe le caidreamh is comhluadar trí Ghaeilge.
Fáilte roimh chách ag an maidin caifé.
Scannán faoi GAZA
Seachtain ón Satharn, 9 Nollaig, beidh an scannán GAZA á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna i seomra atá ag Coláiste Lurgan ar chúl an Chomhar Creidmheas ar an gCnoc. Ní raibh Seanscoil Sailearna ar fáil don scannán mar go bhfuil athchóiriú á dhéanamh ar an gcóras fuaime.
Scannán faisnéise atá sa scannán a rinneadh sa mbliain 2019 agus a thugann léargas ar chomh uafásach is atá an saol don dá mhilliún Palaistíneach atá sáinnithe i Gaza de bharr na coimhlinte.
Beirt Éireannach, Garry Keane agus Andrew Mc Connell, a rinne an scannán faisnéise atá thart ar 90 nóiméad ar fhad. Tá ticéad le fáil don scannán ar líne ach dul ag an suíomh CLUBSCANNAN.IE.
Tá an scannán á thaispeáint le airgead a bhailiú do charthanacht AMJAAD, atá ag cur beatha agus cogaisí leighis ar fáil do mhuintir Gaza faoi láthair.
TRÁTH NA gCEIST ag Scoil Sailearna
Tá Tráth na gCeist le reáchtáil ag Coiste na dTuismitheoirí ag Scoil Sailearna ar an Déardaoin, seo chugainn 7 Nollaig, i dTigh Chualáin. Beidh táille €10 in aghaidh an duine, nó €40 do bhord de cheathrar le íoc le páirt a ghlacadh ann. Beidh duaiseanna iontach ann.
Cuirfear tús le cúrsaí ag 7.00pm.
Club Scannán Sailearna
Radharc ón scannán BEASTS a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 30 Samhain, ag 8.15pm, ag Club Scannán Sailearna.
Seo é an scannán deireanach roimh an Nollaig. Beidh an Club Scannán ag atosú théis na Nollag, ag deireadh mí Eanáir.
BEASTS, scannán ón Spáinn, a bheas á thaispeáint an Déardaoin seo, 30 Samhain, i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm. Tá an scannán suite i Galicia, Iarthuaisceart na Spáinne. Baineann scéal an scannáin leis na deacrachtaí a bhíonn ag cúpla ón bhFrainc a cheannaíonn feirm bheag amuigh faoi na sléibhte agus iad ag iarraidh saol simplí, nádúrtha a chaitheamh, ach tar éis píosa éiríonn achrann idir iad féin agus muintir na háite agus ní fada go mbíonn sé ina chogadh eatarthu. Tá go leor gradam bronnta ar an scannán seo, a d’fhéadfadh a bheith suite i gConamara chomh héasca le Galicia.
Seo é an scannán deireanach a bheas á thaispeáint sa tSeanscoil roimh an Nollaig. Bhí scannán eile ceaptha le taispeáint ar an gclár, seachtain ón Déardaoin seo, ach go bhfuil obair athchóirithe le déanamh sa tSeanscoil, tá sé socraithe ag an gClub Scannán an scannán deireanach den tséasúr, THE NIGHT OF THE 12th, a chur siar go mí Eanáir.
Margadh na Nollag
Tá Comharchumann Sailearna ag eagrú Margadh na Nollag i mbliana i Seanscoil Sailearna. Beidh an margadh ann seachtain ón Domhnach, 10 Nollaig. Faoi láthair tá an Comharchumann ag glacadh le hiarratais ó cheardaithe agus trádálaithe ar mhaith leo a bheith páirteach sa margadh chun a gcuid earraí a dhíol.
Le breis eolais a fháil is féidir glaoch ar cheachtar de na huimhreacha seo a leanas: 091 399199/089 4169602.
Ionad Oideachais agus Óige in Indreabhán
Coláiste Lurgan, Indreabhán
Tá dul chun cinn beag le tuairisciú maidir le Ionad Oideachais agus Óige a thógáil san áit a bhfuil Coláiste Lurgan. Tá dréacht-dhearadh den ionad nua réitithe anois agus tá sé i gceist é a roinnt leis an dream a bheas ag úsáid an ionaid agus leis an bpobal trí chéile. An tseachtain seo tá oifigigh ó Údarás na Gaeltachta ag cur eagraíochtaí áitiúla ar an eolas faoi na pleananna atá ann don tionscadal mór atá beartaithe don suíomh ar a bhfuil Coláiste Lurgan.
Is mar choláiste Gaeilge a bheidh an t-ionad á úsáid le linn tréimhse an tsamhraidh, tar éis don Údarás teacht ar shocrú le Coláiste Lurgan faoi na socruithe léasa, rud a fhágann go mbeidh Coláiste Lurgan in ann freastal ar 2,000 duine óg gach Samhraidh. Ach beifear ag súil go mbeidh sé á úsáid i gcaitheamh na bliana chomh maith ag eagraíochtaí éagsúla. Beidh cruinniú oscailte, seachtain ó Dé Luain, 4 Nollaig, i Seanscoil Sailearna leis an dréachtphlean a chur os comhair an phobail. Tá súil ag Údarás na Gaeltachta go mbeidh an dearadh réidh le cur isteach ar chead pleanála, mí Eanáir seo chugainn.
Santaí sa Spidéal
Tá ráfla ag dul thart i gCois Fharraige go mbeidh Santaí ag tabhairt cuairt ar an Spidéal ar an Satharn seo chugainn, 2 Nollaig, agus go mbeidh sé sa Siopa atá ag Cló Iar-Chonnacht, ag an gCeardlann sa Spidéal, idir 12.30pm agus 3.00pm agus go mbeidh bronntanais aige do na ghasúir. Ní amháin sin ach beidh Fearghas Mac Lochlainn ag léamh ón bpictiúrleabhar nua óna pheann, An Crann Cois na Trá, ag 12.45pm.
Torthaí Gailf
Seo a leanas na torthaí ón gcomórtas gailf a bhí ag Cumann Gailf Chois Fharraige, a imríodh Dé Sathairn seo caite i mBaile Chonaola.
- 1ú áit: Patrick Thornton ar 46 pointe
- 2ú áit: Mick Dunne ar 42 pointe
- Cat 1: Malachy Mac Gloinn ar 39 pointe
- Cat 2: Sinéad Ní Chonghaile ar 39 pointe
- Cat 3: Colm Thornton ar 42 pointe
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €4,500 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 10, 21, 22, 31.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Michael Chuinn, Leitir Móir;
- Peadar Breathnach, Tigh Terry;
- Rónán Ó Gríofa, An Tulach;
- Anne Marie Bn. Uí Ghríofa, Bóthar Buí, An Cheathrú Rua.
Máirín Phaddy Beag, Cor na Rón Thoir, a fuair duais an díoltóra.
€4,600 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
- Peil na gColáistí (Sinsear): Scoil Chuimsitheach, An Cheathrú Rua 2 – 16; Seamont, Kinvara 2 -13.
- Peil na gColáistí (Sinsear): Col. Chroí Mhuire, An Spidéal 3 – 07; Col. Iognáid, Gaillimh 3 – 06.
- Iomáint na gColáistí (Sinsear): Col. Chroí Mhuire, An Spidéal 4 – 19; St. Jarlath’s, Tuam 4 – 10.
- Sacar (faoi 18 RI): MacDara 2, Cregmore/Claregalway 4.
- Sacar (faoi 16 RI): MacDara 2, Kinvara Utd. 3.
- Sacar (faoi 14, RII): MacDara 1, Corrib Rangers 2.
- Sacar (faoi 12, RIII): MacDara 5, Corrib Celtic B 0.