Cartlann Nuachta: 3 Bealtaine 2023
Dorn san Aer do Rónán
Grúpa de Cheoltóirí Óga Chois Fharraige a bhí ag casadh Tigh Mholly tráthnóna Lá Bealtaine, ar mhaithe le ciste tacaíochta Rónán Mhic Aodha Bhuí.
Ar chúl, ó chlé: Lughán Mac Con Iomaire, Caitríona Ní Mhathúna, Liadan Canny, Frankie Mac Aodha, Bróna Ní Cheallacháin, Cainnear Nic Réamoinn, Amanda Brady, Caoilte Canny, Ferdia Ó Braonáin, Labhaoise Ní Bhéarra & Róisín Ní Raifeartaigh.
Chun tosaigh, ó chlé: Donncha Ó Tuairisg, Ríona Howlin, Déithín Ní Fhátharta, Neans Nic Donncha, Cormac Ó Braonáin, Ruadhán Ó Fátharta & Damhnait Ní Fhátharta.
D’éirigh go hiontach leis an seisiún a d’eagraigh Ceoltóirí Óga Chois Fharraige do Chiste Tacaíochta Rónáin Mhic Aodha Bhuí i dTigh Mholly Dé Luain seo caite, tráthnóna Lá Bealtaine. Bhí an seomra mór ar maos le ceoltóirí agus amhránaithe, idir óg agus aosta. €1,086.50 a bhí sna boscaí ag deireadh na hoíche agus is mór an méid é sin in aon oíche amháin.
Orthu sin a bhí ann bhí ceoltóirí agus amhránaithe a bhíodh le cloisteáil go minic ar chláir Rónáin agus ag an gCabaret Craiceáilte agus, dar ndóigh, ar an gclár iomráiteach a chuireadh tús spleodrach i gcónaí leis an Oireachtas: Rónán Beo ag an Oireachtas.
Ba léiriú an slua mór ceoltóirí ar an meas atá ag pobal Chois Fharraige ar Rónán, agus dar ndóigh, chaith Rónán seal ina chónaí sa gceantar. Orthusan a bhí i láthair ag an seisiún bhí deartháir Rónáin, Cuimín Mac Aodha Bhuí agus a bhean Brídín agus deirfiúr le Rónán, Colma Nic Aodha Bhuí.
Faraor, tá Rónán go dona tinn agus tá sé thall in Colorado faoi láthair, áit a bhfuil cóir leighis nuálach ach costasach á chur air.
Tá súil ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus a gcairde go ndéanfaidh a gcuid iarrachtaí maitheas do Rónán.
Buailte sa gCluiche Ceannais
Cian ‘Bouli’ Ó Conghaile (Cumann Micheál Breathnach) leis an liathróid, ag imirt sa gcluiche ceannais de Chomórtas Peile na Gaeltachta (Gaillimh) in aghaidh Naomh Anna, Leitir Móir, ar Pháirc an Phiarsaigh, Ros Muc.
Is ag Naomh Anna a bhí an bua le trí chúilín.
[Pic: Máirín Uí Chonghaile]
D’éirigh le peileadóirí ó Chumann Micheál Breathnach foireann sinsear Mhaigh Chuilinn a bhualadh i gcluiche leathcheannais na Gaillimhe de Chomórtas Peile na Gaeltachta, a imríodh i Ros Muc ar an Satharn seo caite. Ach bhí foireann Naomh Anna, Leitir Móir, ró-láidir do fhoireann Chois Fharraige sa gcluiche ceannais, a imríodh ar Pháirc an Phiarsaigh ar an Domhnach.
Is i nDún na nGall a bheas an Comórtas Náisiúnta ar bun i gComórtas Peile na Gaeltachta i mbliana, le linn deireadh seachtaine na Cincíse, tús mí Meithimh. Beidh Naomh Anna, Leitir Móir, ag glacadh páirt sa gcomórtas do na clubanna sinsear agus beidh Cárna/Caiseal sa gcomórtas sóisear. Tá na cluichí cáilithe fós le imirt i gcás na bhfoirne ban agus dóchas ag foireann ban Chumann Micheál Breathnach go mbeidh siad ag cáiliú, leis an gcorn ón gcomórtas anuraidh i Leitir Móir, a thabhairt abhaile ó Dhún nan Gall.
Oíche d’Iománaithe an Spidéil
Bhailigh suas le leathchéad de bhaill agus iar-bhaill CLG An Spidéil sa gCrúiscín Lán Dé hAoine seo caite chun ceiliúradh a dhéanamh ar stair na hiomána sa gcumann.
Rinne Seán Ó Neachtain cur i láthair ar an oíche, ag caint faoin gcéad fhoireann iomána a bhí ag an gcumann breis is céad bliain ó shin, an athbheochan a tháinig ar an iomáint sa gceantar sna 1950í agus ar a bhfuil bainte amach ag an bhfoireann reatha le blianta beaga anuas.
Taispeánadh beagnach ceithre scór pictiúr ó stair an chumainn le linn na hócáide agus baineadh an-taitneamh as an gcaint agus as an gcomhluadar.
Post le Tearmann Éanna
Tá Tearmann Éanna, ar an Tulach, ag cuartú Fáilteoir agus Riarthóir le dul i mbun oibre leis an gcomhlacht a chuireann seirbhísí ar fáil don aosaigh sa gceantar.
Tá trí scéim tithíochta i gCois Fharraige faoi chúram Tearmann Éanna agus bíonn Ionad Lae á reáchtáil chomh maith ar an Tulach. An Chéadaoin seo chugainn, 10 Bealtaine, an spriocdháta le iarratas a dhéanamh.
Is féidir iarratas a sheoladh chuig bainisteoir@nulltearmanneanna.ie.
Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta
Tá sé dhráma ó scoileanna i gCois Fharraige sa bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta, atá ar bun i Muileann gCearr an tseachtain seo. Seo iad na drámaí a fuair ainmniúcháin le dul chomh fada leis an bhFéile Náisiúnta i Muileann gCearr:
- An Cochaillín Dearg – Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl.
- Cóilín an Chnoic – Scoil Sailearna, Indreabhán.
- An Chéad Dráma – Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
- Bród – Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal.
- Níl Cuma ná Caoi – Scoil na Tulaí.
- Bóithrín na Smaointe – Scoil na Tulaí.
Déanfar na torthaí a fhógairt ar an Déardaoin seo, ag deireadh na féile.
Féasta Ceoil an Spidéil
An grúpa CHERISH THE LADIES a bheas ag casadh ag ceolchoirm i Stiúideo Cuan sa Spidéal ar an Aoine, 19 Bealtaine.
Bhí Stiúideo Cuan lán dhá oíche i ndiaidh a chéile an deireadh seachtaine seo caite don cheolchoirm a thug an boscadóir chlúiteach SHARON SHANNON agus díomá ar go leor nach bhféadfaidís ticéid a fháil. Tá Féasta Ceoil An Spidéil ag druidim chun deiridh anois, gan ach dhá cheolchoirm fágtha.
Ar an Aoine, 19 Bealtaine, beidh an grúpa cáiliúil CHERISH THE LADIES leis an bhfliúiteadóir chumasach Joanie Madden á stiúrú. Tá cáil idirnáisiúnta bainte amach ag an ngrúpa ban seo.
Tiocfaidh deireadh leis an tsraith seo ceolchoirmeacha ag deireadh seachtaine na Cincíse, 2 & 3 Meitheamh, nuair a bheas triúr ceoltóirí cumasacha ar stáitse: Edel Fox (Concertina), Neill Byrne (Fidil) agus Macdara Ó Faoláin (giotár agus banjo).
Is lárionad ceoil agus ealaíne den scoth é Stiúideo Cuan, atá ag breathnú amach ar Chuan na Gaillimhe agus ar Cheann Boirne. Tá scoth na gceoltóirí meallta ag Stiúideo Cuan go Cois Fharraige le casadh san ionad álainn atá réitithe amach go speisialta le haghaidh ceoil.
Glantachán in Indreabhán
Tá sé i gceist ag an bhFochoiste Timpeallachta de chuid Cumann Forbartha Chois Fharraige, daoine a eagrú le glanadh rialta a dhéanamh ar an gcladach ó Abhainn Cruimlinn, chomh fada le Céibh Nua An Spidéil, ach a dhóthain daoine a fháil.
Tá sé i gceist go nglacfaidh daoine freagracht as cuid den chladach, idir dhá bhóithrín, a choinneáil glanta agus an brúscar a bhailiú go rialta.
Tá sé i gceist freisin cruinniú a thabhairt le chéile roimh dheireadh Bealtaine leis na socraithe cuí a dhéanamh.
Daoine ar spéis leo a bheith páirteach ina leithéid de scéim leanúnach glantacháin iarrtar orthu é sin a chur in iúl don Fhochoiste Timpeallachta tré téacs, nó What’s App, a sheoladh ag an uimhir 087 6738834.
‘Darkness into Light’
Is ar an Satharn seo chugainn, 6 Bealtaine, a bheas ‘Darkness into Light’ á eagrú ar fud na hÉireann. Sa taobh seo tíre is sa gCeathrú Rua a bheas an ócáid ar bun, ag tosú ó Scoil Chuimsitheach Chiaráin ag 4.30am. Is féidir clárú don tsiúlóid sa gCeathrú Rua ach dul ag an suíomh idirlín WWW.DARKNESSINTOLIGHT.IE.
Cabhraíonn an t-airgead a bhailítear trí ‘Darkness into Light’ leis na mílte daoine gach bliain atá i mbaol lámh a chur ina mbás féin tré sheisiúin comhairleoireachta saor ó tháille a chur ar fáil dóibh. Leis an airgead a bhailítear cuireann Pieta House comhairle ar fáil saor in aisce do dhaoine in ísle brí. Chomh maith le sin, cuirtear tacaíocht ar fáil do theaghlaigh atá ag fulaingt de bharr lámh curtha ina bhás féin ag duine muinteartha leo.
Taispeántas Grianghrafadóireachta
Pictiúr de Mháire Phait Ní Chualáin atá sa taispeántas grianghrafadóireachta in Ionad an Phiarsaigh, Ros Muc.
Tá taispeántas nua grianghrafadóireachta leis na healaíontóirí Siobhán Ní Dhuinnín agus Dervla Baker ar bun faoi láthair in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc. Is ar Chéadaoin na seachtaine seo, 3 Bealtaine, a osclaíodh an taispeántas.
Thug Ríonach Ní Néill, stiúrthóir an togra BAINT AN AEIR, cuireadh don rinceoir Siobhán Ní Dhuinnín agus don ghrianghrafadóir agus scannánaí Dervla Baker plé a dhéanamh le daoine áitiúla ar an cheist “cad a shamhlófá don phortach?”
Thosaigh Siobhán agus Dervla an comhrá seo in éineacht le Mike Breathnach, Máire Ní Chualáin agus Ada Ní Thuairisg. Chaith siad am ar phortaigh Fhionnáin, ar phortach Sheanadh Mhach agus ar phortaigh Chois Fharraige ag cur agallamh ar Mhike, ar Mháire agus ar Ada, ar thug dearcadh na nglúnta éagsúla dóibh. D’eascair na grianghrafanna as na comhráití seo; as na scéalta a d’inis na rannpháirtithe agus as na smaointe a bhí acu maidir leis an bportach.
Lotó na mBreathnaigh
I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €5,500 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 3, 4, 5, 27.
Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:
- Peigí Uí Chonghaile, An Rinn, An Cheathrú Rua;
- Mary Uí Iarnáin, f/ch Coláiste Cholmcille;
- Rónán Ó Gríofa, An Tulach;
- Vincent Costello, Am Lochán Beag.
- Philip Ó Coistealbha, Baile na mBroghach a fuair duais an díoltóra.
€5,600 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.
Torthaí Spóirt na Seachtaine
• Peil (Peil na Gaeltachta): Ml. Breathnach 1 – 18, Maigh Cuilinn 2 – 10.
• Peil (Peil na Gaeltachta): Ml. Breathnach 1 – 10, Leitir Móir 0 – 16.
• Peil (Peil na Gaeltachta, f17): An Spidéal 2 – 03, Bearna 2 – 07.
• Peil na mBan (Roinn VII): Ml. Breathnach B 1 – 15, Fr.Griffiths/Éire Óg 1 – 03.
• Peil na mBan (Féile na nGael, f15): An Spidéal 1 – 03, Dunmore 2 – 07.
• Peil na mBan (Féile na nGael, f15): Ml. Breathnach 3 – 02, St. Furseys 2 – 06.
• Peil na mBan (Féile na nGael, f15): Ml. Breathnach 3 – 01, Gráinne Mhaol 3 – 02.
• Peil na mBan (Féile na nGael, f15): Ml. Breathnach 1 – 02, St. Michaels 1 – 01.
• Iomáint (Sóisear): Bearna-Na Forbacha 0 – 13, Skehana/Mountbellew 0 – 14.
• Iomáint (Roinn III): An Spidéal 0 – 15, Carnmore 4 – 21.
• Iomáint (faoi 15B): Ml. Breathnach 5- 10, St. Thomas 1 – 12.
• Iomáint (faoi 15C): Cois Fharraige 1 – 05, Liam Mellows 5- 10.
• Camógaí (faoi 16): Cois Fharraige 8 – 04, Shamrocks 2 – 05.
• Camógaí (faoi 15): Cois Fharraige 3 – 07, Killimordaly 4 – 02.
• Sacar (faoi 18): Bearna/Na Forbacha 0, Kinvara Utd. 2.
• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha B 3, Renmore 1.
• Sacar (faoi 16): Bearna/Na Forbacha C 3, Knocknacarra B 2.
• Sacar (Cailíní f15): Bearna/Na Forbacha 0, St. Bernard’s 0.
• Sacar (faoi 15): Mac Dara 0, Merlin Woods Sports Club 2.
• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha 3, Kinvara Utd. 3.
• Sacar (faoi 14): Bearna/Na Forbacha C 5, Kinvara Utd. B 1.
• Sacar (faoi 15): Bearna/Na Forbacha 2, Mervue Utd. B 3.
• Sacar (faoi 14): Mac Dara B 5, Maree/Oranmore C 1.
• Sacar (faoi 13): Bearna/Na Forbacha 0, Moyne Villa 1.
• Sacar (faoi 13): Mac Dara 1, Athenry B 2.
• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha 5, Colga 0.
• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha B 0, Kinvara Utd. 1.