Cartlann Nuachta: 3 Deireadh Fómhair 2018

Comórtas Trastíre i Ros a’ Mhíl

Gasúir Ros a' Mhíl sa gComórtas Trastíre

Grúpa gasúr ó Scoil Cholmcille, Ros a’ Mhíl, a ghlac páirt i gcomórtas trastíre, a bhí ar siúl sa Rinn Mhór, Gaillimh, an tseachtain seo caite, agus iad ag caitheamh na veisteanna nua atá urraithe ag Connemara Granite.

Ar chúl, ó chlé: Caoimhe Ní Chualain, Elisha Herbert, Kate Nic Dhonnacha, Síofra Nic Dhonnacha, Roise Ní Mhurchu, Eoin Ó Coistealbha.

Sa lár, ó chlé: Eabhadh Nic Dhonnacha, Ciaran Ó Fatharta, Diarmad Ó Fatharta, Paul Bheilbigh, Keelan Mac Dhonnacha, Fionn Mac Donnacha, Sean Ó Murchú, Cian Breathnach, Sean Ó Nia.

Chun tosaigh, ó chlé: Dean Mac Donnacha-Ó Mainnín, Caoimhín Castillo Keating, Roisín Ní Nia, Brandon Mac Donnacha, Cian Mac Donnacha. Páirteach chomh maith bhí Cheala Breathnach.


Cruinniú Poiblí faoin Ionad Oidhreachta

Suíomh don Ionad Oidhreachta 2018

An suíomh trasna ó Shéipéal an Chnoic

Bhí thart ar 60 duine i láthair ar an Luan seo caite, 1 Deireadh Fómhair, ag cruinniú poiblí bríomhar a thionóil Cumann Forbartha Chois Fharraige le plé a dhéanamh faoin iarratas atá déanta ag Comharchumann Sailearna leis an talamh atá trasna ó Shéipéal an Chnoic a fháil ar mhaithe le Ionad Oidhreachta a thógáil.

Ag tús an chruinnithe mhínigh Bainisteoir an Chomharchumainn, Morgan Ó Conchubhair, an fhís atá ag an gComharchumann d’Ionad Oidhreachta na Gaeilge. Thug sé le tuiscint go raibh tacaíocht ar fáil don tionscadal ó Fháilte Éireann, Údarás na Gaeltachta, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, chomh maith le Bord na nOibreacha Poiblí. Dúirt sé go bhfuil staidéar féidireachta le déanamh ar an tionscadal, ach go dteastódh go mbeadh an suíomh i dtosach ag an gComharchumann sula bhféadfaí airgead a chaitheamh ar an staidéar féidireachta.

Léiríodh tuairimí éagsúla faoin Ionad Oidhreachta: bhí roinnt mhaith de na daoine a labhair ar a shon, ach bhí roinnt ag ceistniú arbh fhearr Ionad Oidhreachta níos lú a dhéanamh agus ar cheart é a lonnú taobh leis an tSeanscoil, atá i seilbh an Chomharchumainn. Luaigh daoine eile an gá a bhí le ionad maith spóirt sa gceantar le linn snámha, rud a choinneodh daoine óga sa gceantar.

Sa deireadh glacadh leis an rún seo a leanas, a bhí molta ag Jimmy Jo Shéamuis Ó Fátharta, gan ach triúr i láthair ag vótáil ina aghaidh.

Tugann an cruinniú poiblí seo de phobal an Chnoic moladh mór don Chomharchumann as a bhfuil déanta aige do Chois Fharraige ó bunaíodh é 34 bliain ó shin agus trustann siad é leis an talamh atá faoi sheilbh Ard Deoise Thuama ar aghaidh an tséipéil, a chur ina sheilbh ar mhaithe le cur chun cinn na háite.


Preas Ráiteas ar Chruinniú Poiblí Chumann Forbartha Chois Fharraige

Ag an gcruinniú poiblí a tugadh le chéile i Seanscoil Sailearna ar an Luan, 1 Deireadh Fómhair, faoi scáth Chumann Forbartha Chois Fharraige le plé a dhéanamh faoi shuíomh acra nó mar sin a chur ar fáil do Chomharchumann Shailearna, rinneadh plé oscailte ar an ábhar a bhí os comhair an chruinnithe, sé sin, Ionad Oidhreachta a thógáil ar an láthair seo atá faoi láthair cláraithe in ainm Iontaobhas Ard Deoise Thuama. Léirigh mórchuid na ndaoine a bhí i láthair tacaíocht don obair cheannródaíoch atá á chur chun cinn ag an gcomharchumann ón gcur i láthair spreagúil a rinne an bainisteoir, Morgan Ó Conchubhair, don chruinniú. Nuair a bhí an phlé uile críochnaithe cuireadh an rún seo a leanas os comhair an chruinnithe le vótáil air:

Tugann an cruinniú poiblí seo de phobal an Chnoic moladh mór don chomharchumann as a bhfuil déanta aige do Chois Fharraige ó bunaíodh é ceithre bliana déag is fiche ó shin agus trustann muid é leis an talamh atá faoi láthair i seilbh Ard Deoise Thuama ar aghaidh an tSéipéil a chur ina sheilbh ar mhaithe le cur chun cinn na háite.

Vótáil os cionn seachtú duine de mhuintir an pharóiste ar son an rúin agus ba triúr a vótáil ina choinne.


Tigh Neil ar Oscailt Aríst

Tá an siopa agus an stáisiún breosla sna hAille, ar a dtugtaí Tigh Neil, ar oscailt aríst, tar éis a bheith dúnta ar feadh an tsamhraidh. Tá peitreal agus díosal le fáil ann agus tá an deli ar oscailt chomh maith.


Liathróid Láimhe

Ag an deireadh seachtaine bhuaidh Sadhbh Ní Fhlaithearta, ón gCré Dhubh, an Comórtas Sóisir Liathróid Láimhe 60 x 30 do na coláistí darna leibhéal.

I Ros Comáin bhuaidh Cian Ó Conghaile, ó Chorr na Rón, agus a pháirtí Diarmuid Mulkerrins, Craobh Chonnacht sa gComórtas Dúbailte 60×30 faoi 21.

Tá Sabhbh agus Cian ag imirt a gcuid liathróid láimhe le Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach.


Torthaí Lotó

Ní raibh aon bhuaiteoir ar Lotó Chumann MicheáL Breathnach nuair a deineadh an tarraingt tráthnóna Domhnaigh.

Seo iad na huimhreacha a tarraingíodh: 1, 9, 22, 24.

  • Máirtín Curran, Coill Rua a fuair duais an díoltóra.
  • Peige Costello, Caorán, Baile na hAbhann a fuair dearbhán Tigh Dhurcáin.
  • Marie Costello, Lochán Beag, agus Carol O’ Connor, Scailp an Chait, a d’éirigh leo sa Lucky Dip.

Tá €5,600 anois sa bPota don chéad tharraingt eile.


Cluiche Leathcheannais Camógaí

Ar an Domhnach seo chugainn a imreoidh foireann camógaíochta Cois Fharraige cluiche leathcheannais an chontae sa ghrád Sóisear A in aghaidh Doichead an Chláirín in Ard Rathain ag 1.00pm


Bailte Slachtmhara

Aodán Mac Donncha

Aodán Mac Donncha, Comhlacht Forbartha an Spidéil, ar dualgas le linn Paráid na Féile Pádraig. Tá Aodán lárnach san obair a bhíonn ar bun sa Spidéal leis an sráidbhaile a choinneáil néata agus leis an áit a chóiriú le haghaidh Comórtas na mBailte Slachtmhara.

Tháinig An Spidéal sa tríú áit i gContae na Gaillimhe (Catagóir B) i gComórtas na mBailte Slachtmhara 2018, le feabhas ar na marcanna ó anuraidh. Fuair An Spidéal 305 marc i mbliana i comparáid le 300 anuraidh. Is féidir an mholtóireacht iomlán a léamh nó a íoslódáil mar PDF anseo: Moltóireacht – Comórtas na mBailte Slachtmhara 2018.


Iománaíocht Chois Fharraige

Éinne Bouli Ó Conghaile Iomáint (2018)

Éinne Bouli Ó Conghaile Iomáint (2018)

Tá an dá fhoireann sóisir iománaíochta tríd go dtí na babhtaí leathcheannais sa gComórtas Sóisir a hAon. D’éirigh leis na hiománaithe ó Chumann Micheál Breathnach bua éasca a fháil ar fhoireann ó Bhóthar na Trá – Cnoc na Cathrach sa mbabhta deireannach den ghrúpa leis an scór: Cumann Micheál Breathnach 4 – 18, Bóthair na Trá /Cnoc na Cathrach 0 – 16.

Sa gcomórtas céannas ghéill Menlo Emmets an cluiche do Bhearna/Na Forbacha, agus dá bharr sin críochnaíonn Bearna/Na Forbacha sa darna áit agus tá siad tríd go dtí na cluichí leathcheannais.

Sa ngrád Idirmheánach chaill An Spidéal in aghaidh Mílic/Dún an Uchta, agus dá bharr tá áit caillte acu sna babhtaí ceathrúcheannais de Chraobh Idirmheánach an Chontae.


Peil Chois Fharraige

Cumann Mícheál BreathnachAr an Domhnach seo chugainn (7 Deireadh Fómhair 2018) a bheas an dá chluiche leathcheannais peile ar bun sa gCraobhchomórtas Idirmheánach Peile.

Beidh Cumann Micheál Breathnach ag imirt in aghaidh Oileáin Árann ag 2.45pm ar an Domhnach i Staid an Phiarsaigh, Bóthar na Trá, agus ag 4.30pm agus beidh An Spidéal in aghaidh Áth Chinn.

Má éiríonn leis an dá fhoireann ó Chois Fharraige ar an Domhnach beidh siad in aghaidh a chéile sa gcuiche cheannais.


Ceolchoirm Mhór sa tSeanscoil

Ceolchoirm na gCumadóirí 2018

Mar chuid de Fhéile Leabhar Chois Fharraige beidh “Ceolchoirm na gCumadóirí” le Pádraig Jack, Róisín Seoighe agus Imlé (cumadóirí nua-amhráin Ghaeilge) ar siúl oíche Dé Sathairn, 13 Deireadh Fómhair.

Is €12/10 an praghas atá ar na ticéid don cheolchoirm agus iad ar díol sa Spailpín Fánach i gCeardlann an Spidéil agus in oifig Chomharchumainn Shailearna.


An Club Scannán

Club Scannán - Under The Tree

Radharc as an scannán ón UNDER THE TREE, a bheas á thaispeáint anocht i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, ag tosaí ag 8.15pm. Baineann an scéal le aighneas idir comharsana faoi chrann atá ag coinneáil na gréine ó scaladh ar ghrianán na gcomharsan.

Ar an Déardaoin seo, 4 Deireadh Fómhair, beidh an scannán UNDER THE TREE ón Íoslainn á thaispeáint i Seanscoil Sailearna, ag tosaí ag 8.15pm.

Aighneas idir comharsana béal dorais i Reykjavik faoi chrann is ábhar don scannán. Tá crann ag coinneáil an ghrian ón ngrianán atá ag na comharsana, an áit is breá leis an mbean óg aclaí a bheith ag sú na gréine. Imíonn an t-aighneas, atá nimhneach idir na mná, as smacht ar fad agus ní ródheas a chríocnaíonn sé do na fir chéile.

Is féidir ballraíocht sa gClub Scannán a fháil i gcónaí ar €35 (€30) cead isteach do na scannáin go léir, nó tá cead isteach le fáil ar €8 (€7) ag an doras ar gach scannán. Tá eolas faoin scannán maraon le blaiseadh beag dhóibh le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Tús á Chur le Comórtas Díospóireachta

Ar an Luan seo chugainn, 8 Deireadh Fómhair, beidh tús á chur leis an gcomórtas díospóireachta, a eagraíonn Gael Linn gach bliain do na meánscoileanna Gaeltachta agus lánGhaeilge.

Beidh Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ag dul san iomaíocht ar an Luan sa gcomórtas sóisir agus sa gcomórtas sinsir. An dá rún atá le plé: “Tá óige na tíre seo millte ag a dtuismitheoirí!” ag na sóisir agus

Tá ról ríthábhachtach ag Uachtarán na hÉireann!” ag na sinsir.


Damhsaí Seite i dTigh Chualáin

Tigh Chualáin

Thosaigh an rang damhsa seite ar ais i dTigh Chualáin, Coill Rua, an tseachtain seo. Bíónn an rang ar bun gach Céadaoin ag 8:00 i.n., faoi stiúr Mháirtín Uí Bhrosnacháin.

Má bhíonn éileamh ann, cuirfear rang do thosaitheóirí ar fáil chomh maith ar an gCéadaoin ag a 7:00 i.n. Tá breis eolais le fáil ó Mháirtín Ó Brosnacháin ag an uimhir 087 9149729.


Albam Nua ó Tommy Mellett agus Neansaí Ní Choisdealbha

Neansai agus Tommy Mellett

Seoladh albam nua ceoil le Tommy Mellett agus Neansaí Ní Choisdealbha i dTigh Pheacocke ar an Aoine seo caite. An Tower: Traditional Irish Music on Accordion and Flute’ is teideal don albam nua atá eisithe ar lipéad Chló Iar-Chonnacht.


Torthaí Spóirt

Iomáint (Idirmheánach): An Spidéal 0 – 14, Meelick/Eyrecourt 0 – 18.

Iomáint (Sóisear 1): Ml Breathnach 4 – 18, Salthill/Knocknacarra 0 – 16.

Iomáint (faoi 15 C): Ml Breathnach 1 – 03, Na Ceithre Bóithre 5 – 08.

Iomáint (Coláistí): Coláistí Chois Fharraige 3 – 08, Coláiste Éinde 2 – 13.

Peil (Mionúr C): An Spidéal 9 – 14, Kinvara 0 – 07.

Peil na gCailíní f14: Ml Breathnach 5 – 10, Gráinne Mhaol 3 – 03.

Sacar (Corn Junior): Cois Fharraige 0, Dynamo Blues 2.


3 Deireadh Fómhair 2018