Cartlann Nuachta: 3 Eanáir 2018

Corn Mhic Chárthaigh i gCois Fharraige

Beirt de imreoirí óga Chumann Micheál Breathnach in éindí le Gearóid Mc Inerney (ar chlé) agus Niall Burke (ar dheis), le Corn Mhic Chárthaigh ina nglaic acu, ag Bronnadh na nGradam ar imreoirí óga an Chumann, ócáid a reachtáladh roimh an Nollaig i Scoil Sailearna.

Sarah Ní Chonceanainn (Cor na Rón) atá ar chlé agus Jack Ó Conghaile (Coill Rua) atá ar dheis.

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]


Bronnadh na nGradam

Imreoirí óga ó Chumann Micheál Breathnach, tar éis Bronnadh na nGradam an tseachtain roimh an Nollaig. Gearóid Mc Inerney agus Niall Burke ó fhoireann bhuacadh iomána na Gaillimhe a rinne an bronnadh.

Ar chúl ó chlé: Tomás Ó Curraoin (Caorán), Seán Mhaidhc Ó Conghaile (An Bóthair Buí), Gearóid Mc Inerney agus Niall Burke ó fhoireann sinsir na Gaillimhe, Aifric Ní Ghibne (An Teach Mór), Ádhna Nic Dhonnacha (Ros a’ Mhíl), Kevin de Búrca (Na Mine), Pádraig Mac Donnacha (An Tulach), Cormac Ó Scanláin (Púirín).

Sa lár, ó chlé: Emma Ní Chonghaile (Saile Thúna), Clodagh Ní Dhireáin (An Cnocán Glas), Cathal Ó Tuathail (Leithrinn), Cormac de Bhailís (An Lochán Beag).

Chun tosaigh, ó chlé: Éamonn Ó Ceallacháin (Cré Dhubh), Ailbhe Ní Neachtain (Baile na hAbhann), Oscar Mac Réamonn (Na hAille) agus Oisín Mac an Ultaigh (Baile na hAbhann).

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]


Pádraig Joe Chóil agus Niall Burke

Niall Burke, imreoir le foireann sinsir iomána na Gaillimhe, lena uncail Pádraig Joe Chóil Ó Cualáin, Na hAille. Thug Niall na coirn iomána a bronnadh ar fhoireann iomána na Gaillimhe, i gcaitheamh na bliana 2017, amach go áit dhúchais a mháthar roimh an Nollaig le taispeáint do imreoirí óga an cheantair ag ocáid Bronnadh na nGradam ar imreoirí óga Chumann Micheál Breathnach, a reáchtáladh i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]


Cruinniú faoin bPleanáil

Tá cruinniú le bheith ag Cumann Forbartha Chois Fharraige tráthnóna Déardaoin seo chugainn, 4 Eanáir, le plé a dhéanamh faoin athrú atá beartaithe a chur ar Phlean Forbartha an Chontae, atá ceapaithe tíocht in áit Plean Áitiúil na Gaeltachta.

In áit Plean Nua as féin a réiteach don Ghaeltacht, mar a tharla cheana, tá Comhairle Chontae na Gaillimhe ag beartú athrú a chur ar Phlean Forbartha an Chontae, an plean a bheas i bhfeidhm go dtí 2021.

Tá an cruinniú á thabhairt le chéile féachaint le aighneacht a réıteach le cur ag an gComhairle Chontae.

Ach caithfidh aighneachtaí a bheith leis an gComhairle Chontae ar an Luan seo chugainn, 8 Eanáir.

Ní mó ná sásta atá an Cumann Forbartha le cur chuige an Chomhairle Chontae ar na cúiseanna seo a leanas.

Is beag eolais atá curtha ar fáil don phobal faoi na athraithe atá beartaithe.

 

Tá an tréimhse le aighneachtaí a dhéanamh ró-ghearr agus, le tréimhse saoire na Nollag ina lár, ní thugann sé mórán deis do choistí pobail ná d’eagraíochtaí eile aighneachtaí a réiteach.

 

Ní léiríonn an cháipéis atá foilsithe ag an gComhairle Chontae go bhfuil soláthar déanta sa bplean don riachtanas tithíochta sna bailte fearann, taobh amuigh de shráidbhaile an Spidéil agus sráidbhaile na Ceathrú Rua, an t-aon dá áit a bhfuil talamh leagaithe amach le haghaidh tithíochta i nGaeltacht Chonamara.

 

Ní léirítear sa bplean aon tuiscint ar an ngéarchéim teanga atá i nGaeltacht Chonamara agus an brú a chuireann an córas pleanála ar an teanga de bharr chomh deacair is a bhíonn sé do lánúnacha ón gceantar cead pleanála a fháil, le go bhféadfaidís socrú síos agus clann a thógáil tré Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Beidh an cruinniú ar bun sa gCrann Taca (ITT) anocht (Déardaoin, 4 Eanáir) ag tosú ag 8.00pm. Beidh fáilte ag an gcruinniú roimh dhuine ar bith ar mhaith leo a bheith páirteach leis an gCumann Forbartha agus aighneacht a réiteach is leasaithe a mholadh, a bheas le seoladh isteach ag an gComhairle Chontae faoin Luan seo chugainn, 8 Eanáir, ar a dheireannaí.

Is féidir tíocht ar an gcáipéis anseo thíos nó ar shuíomh an Chomhairle Chontae.

Athrú-Beartaithe-go-PFCG-don-Ghaeltacht.pdf

Proposed-Variation-for-Gaeltacht-to-GCDP-2015-2021.pdf


Plean Oibre na Bliana

Tá cruinniú speisialta le bheith ag Coiste Stiúrtha an Chumann Forbartha seachtain ón Luan seo chugainn, 15 Eanáir, le plean oibre a leagan amach don bhliain seo chugainn. Ba mhaith leis an gCumann moltaí a fháil ón bpobal faoin obair ar cheart don Chumann Forbarttha tabhairt faoi le linn na bliana.

Is féidir moltaí i scríbhinn a chur ag an gCumann Forbartha, f/ch Seanscoil Sailearna, Indreabhán. É sin nó iad a chur ar ríomhphost ag an seoladh cumannforbartha@nullgmail.com.


Plean Teanga Chois Fharraige

Díreach roimh an Nollaig tháinig scéal ón Roinn Cultúir Oidhreachta agus Gaeltachta go bhfuil sé beartaithe an t-allúntas bliantúil, €100,000 a luadh roimhe seo le haghaidh Plean Teanga Chois Fharraige, a ardú go dtí suas le €150,000 in aghaidh na bliana. Chomh maith leis sin beidh cead ag an gCoiste Pleanála Teanga an dara duine a fhostú, taobh istigh den allúntas €150,000, leis an bplean a chur i bhfeidhm.

Tugadh le tuiscint chomh maith go bhfuil an Roinn ag obair ar chlár de ‘bheartais bhreise shonracha’ a thacóidh leis an bpróiséas pleanáil teanga agus go mbeidh an clár oibre sin á fhógairt go luath sa mbliain nua.

Tá an Coiste Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige ag iarraidh cruinniú le hoifigigh na Roinne le soiléiriú a fháil faoi na beartais bhreise agus faoin gclár oibre atá le fógairt.

Tá cruinniú den Fhóram Pleanála Teanga, ina iomlán, le tionól ar an Luan, 5 Feabhra, le cinneadh a dhéanamh ar cheart glacadh leis an tairiscint nua agus dul ar aghaidh le Plean Teanga Chois Fharraige a chur i bhfeidhm, nó ar cheart diúltiú dhó agus an Fóram a scor.

Is cosúil go mbeidh an €50,000 breise sa mbliain ar fáil chomh maith don phlean teanga i gceantar Chonamara Lár (Camus, Ros Muc, Cárna, Sraith Salach) agus don phlean teanga ar Oileáin Árann agus nach mbeidh ach an €100,000 ar fáil i gcás na Ceathrú Rua agus Ceantar na nOileán.


Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

D’éirigh thar barr leis an ollseisiún ceoil agus cóisir dheireadh na bliana a bhí ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige i dTigh Chualáin, an Déardaoin seo caite.

Chrocfadh sé croí duine ar bith a shiúlfadh isteach sa Lounge an oiread sin ceoltóirí, damhsóirí agus amhránaithe a bheith bailtithe le chéile don ócáid.

Ba é seo an chéad uair an ócáid a reáchtáil agus chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige urraíocht ar fáil le go bhféadfaí soláistí a chur ar fáil. Is cinnte gur ócáid bhliantúil a bheas ann anois.

Ar ndóigh, tagann na gasúir óga le chéile sa gCrann Taca gach Domhnach le seisiún a bheith acu. Buaileann na déagóirí le chéile gach tráthnóna Sathairn sa Spidéal chun cúpla port a chasadh agus taithneamh a bhaint as a bheith ag ceol le chéile.

Tá an-chreidiúnt ag dul do na ceoltóirí óga iad féin agus, chomh maith leo sin, do na ceoltóirí áitiúla a thugann tacaíocht leis na seisiúin ar bhonn rialta.


Club Scannán Sailearna

I Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin, 25 Eanáir, cuirfear tús le séasúr nua de Chlub Scannán Sailearna leis an scannán MARIE CURIE: THE COURAGE OF KNOWLEDGE, scannán faoin mbaneolaí ar a bronnadh dhá dhuais Nobel ag tús an 20ú aois mar aitheantas as a cuid oibre ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as Radium.

Idir an Déardaoin seo agus an Cháisc, taispeánfar 10 scannán ó thíortha éagsúla ar fud an domhain ar an scáileán mór in Amharclann na Seanscoile.

Seo a leanas liosta na scannán atá roghnaithe don séasúr seo:

  • 25/01/18 – Marie Curie: The Courage of Knowledge
  • 01/02/18 – Heartstone
  • 08/02/18 – Prince of Nothingwood
  • 15/02/18 – Human Flow
  • 22/02/18 – Murdar ag Mám Trasna
  • 01/03/18 – Back to Burgundy
  • 08/03/18 – Insyriated
  • 15/03/18 – Rocky Ros Muc
  • 22/03/18 – Loveless
  • 29/03/18 – In Between

Tosaíonn na scannáin ag 8.15pm gach Déardaoin. Cosnaíonn ballraíocht sa gClub Scannán €35 agus tugann an bhallraíocht cead isteach do gach ceann den 10 scannán sa tséasúr. Bíonn ballraíochta ar fáil do lánúin ar €60 agus tá praghas laghdaithe ann do mhic léinn/daoine dífhostaithe ar €30. Is féidir ballraíocht a íoc ag an doras roimh scannán ón 8.00pm ar aghaidh ar an Déardaoin.


CLG An Spidéil

Is ar an Satharn seo chugainn, 6 Eanáir 2018, a bheas an Cruinniú Cinn Bhliana ag CLG An Spidéal. Is i gColáiste Chonnacht a thionólfar an cruinniú ag 7.00pm.

Cuirfear fáilte roimh aon bhaill atá ag iarraidh freastal ar an gcruinniú agus cúrsaí an chumainn a phlé.

Má tá aon duine ag iarraidh ábhar nó rún ar leith a chur chun cinn ag an gcruinniú, is féidir an rún a chur in iúl don rúnaí tríd ríomhphost a sheoladh chuig: secretary.anspideal.galway@nullgaa.ie


3 Eanáir 2018