Cartlann Nuachta: 3 Feabhra 2021

Tuirbín Mór Gaoithe ar an gCnoc

An suíomh ar an mBóthar Buí, An Cnoc, Indreabhán, ar a bhfuil cead pleanála á lorg ag Natural Forces Renewable Energy Ltd. le tuirbín gaoithe 125m ar fhad a fheistiú.

Beidh eolas á thabhairt ag an gcomhlacht don phobal ag seisiún eolais atá eagraithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an Aoine seo chugainn ag 7.00pm.

Fógraíodh ar an gCuradh Chonnacht an tseachtain seo caite go bhfuil sé i gceist ag Natural Forces Renewable Ltd., cead pleanála a lorg ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe le muileann gaoithe nua a chur in airde ar thalamh ar an mBóthar Buí, taobh ó thuaidh de na muilte gaoithe atá ann cheana. An suíomh atá i gceist don mhuileann gaoithe, tá sé taobh ó dheas d’Abhainn an Chnoic, ag an áit a thrasnaíonn an abhainn an bóthar.

Bheadh an muileann gaoithe atá beartaithe 125m ar fhad, 25m níos airde ná na cinn atá ann cheana, ar le Seán Ó Foighil iad. Má ceadaítear é is cosúil go mbeadh an tuirbín in ann 5 Megawatt de leitreachas a ghiniúnt, níos mó ná mar a chuireann an cúig tuirbíní atá ann faoi láthair ar fáil eatarthu.

Thug urlabhraí ón gcomhlacht Natural Forces Renenables go mbeifear ag iarraidh go mbeadh baint ag an bpobal áitiúil leis an muileann gaoithe, má fhaightear cead pleanála len é a fhorbairt. Bheadh sé i gceist go mbeadh 51% den mhuileann gaoithe in úinéaracht an phobail ach, chomh maith leis sin, bheadh idir €2 in aghaidh gach Megawatt le fáil ag an bpobal áitiúil le caitheamh ar thionscadail pobail: idir €15,000 agus €30,000 in aghaidh na bliana.

Le eolas a thabhairt don phobal faoin iarratas pleanála tá seisiún eolais ar ZÚM eagraithe ag Cumann Forbartha le Natural Forces Renewables don Aoine beag seo, 5 Feabhra, ag 7.30pm. Ag an seisiún míneofar an scéim atá beartaithe agus cén chaoi ar féidir leis an bpobal a bheith páirteach ann. Tabharfar deis do dhaoine ceisteanna a chur agus freagraí a fháil. Le páirt a ghlacadh sa seisiún eolais ní mhór ríomhphost a chur chuig cumannforbartha@nullgmail.com leis an nasc a fháil.


Coláiste Lurgan

Coláiste Lurgan 2021

Coláiste Lurgan

Ar an Satharn seo caite bhí cruinniú ar líne, eagraithe ag Coláiste Lurgan, ag na mná tí a choinníonn scoláirí gach samhradh leis an bhforbairt atá beartaithe a dhéanamh ar an gcoláiste a phlé. Léiríodh frustrachas leis an moilleadóireacht a bhaineann le iarratas pleanála a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Chontae. Tugadh le fios ag an gcruinniú go bhfuil Coláiste Lurgan ag fanacht ar scéal ar ais ó dhlíodóirí Údarás na Gaeltachta maidir leis an gcomhaontú idir an tÚdarás agus Coláiste Lurgan Teo.

Socraíodh ag an gcruinniú ar an Satharn go mbunófaí fo-ghrúpa de na mná tí, a bheas in ann feidhmiú mar ionadaithe don ghrúpa ar fad. Beidh an fo-ghrúpa in ann eolas a lorg, ionchur a bheith acu sa bpleananna atá á leagan amach agus brú a chur, más gá, leis an togra a chur chun cinn.

Dúirt Coiste Stiúrtha Chumann Forbartha Chois Fharraige i ráiteas a eisíodh tar éis an chruinniú míosúil ar an Luan seo caite, go raibh sé riachtanach don dá thaobh deireadh a chur leis an moilleadóireacht agus a chinntiú go mbeidh iarratas pleanála os comhair Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi dheireadh mí na Márta ar a dheireanaí, má tá an foirgneamh nua le bheith réidh le haghaidh cúrsaí na bliana 2023.


Hataí & Seaicéid Ros a’ Mhíl

Tá roinnt hataí agus seaicéid le ‘Ros a’ Mhíl’ scríofa orthu ar fáil fós. €15 atá ar na hataí agus €40 ar na seaicéid. Tá siad le ceannach ó Choiste na Páirce, Ros a’ Mhíl.

Len iad a ordú is féidir teachtaireacht a chur chuig leathanach Facebook Choiste na Páirce, Ros a’ Mhíl, nó glaoch a chur ar an uimhir 087 7915340.


Ranganna do Thuismitheoirí

Tá ranganna Gaeilge do thuismitheoirí le reáchtáil ag an Oifig Pleanála Teanga i gCois Fharraige. Ar ndóigh, is ar an gcóras ZÚM a bheidh na ranganna á gcur ar fáil faoi láthair. Ach le fáil amach céard iad na riachtanais atá ag tuismitheoirí agus an t-am is feiliúnaí leis na ranganna a reáchtáil dóibh, tá suirbhé á dhéanamh ag an Oifig Pleanála Teanga.

Is féidir an suirbhé a fháil ach teachtaireacht ríomhphoist a sheoladh chuig optchoisfharraige@nullgmail.com nó glaoch nó téacs a chur chuig 083 0106294.


Gearrscéalta Uí Chadhain

mairtin_o_cadhain_rogha_scealta‘FIOS’ an chéad ghearrscéal eile de chuid Mháirtín Uí Chadhain a bheas á phlé ar an gcóras ZÚM, seachtain ón Domhnach seo chugainn, 14 Feabhra.

Tá an scéal le fáil sa leabhar ‘Cois Caoláire’. Is é Séan Ó Cadhain bheas i gceannas ar an seisiún.

Is scéal é seo atá bunaithe ar chomhrá idir triúr fear ar an gcladach agus iad ag coinneáil súil ghéar ar dhuine de na comharsain.

Rinne Aisteoirí an Spidéil cúpla léiriú den scéal thar na blianta.

Foilsíodh an scéal ‘FIOS’ sa leabhar ‘Cois Caoláire’ ar dtús. Tá an scéal ar fáil chomh maith sa mbailiúchán ‘Máirtín Ó Cadhain: Rogha Scéalta’.

Níl le déanamh le páirt a ghlacadh sa bplé ach an scéal a léamh agus an nasc ZÚM a fháil ó Khatie Ní Loingsigh ag optchoisfharraige@nullgmail.com.


Toghchán an Údaráis?

udaras-logoAg cruinniú a bhí ag Cumann Forbartha Chois Fharraige an Luan seo caite léiríodh míshástacht leis an gcomhrialtas faoin moilleadóireacht a bhaineann le tús a chur leis an aithbhreithniú ar an mbealach a roghnaítear Bord Údarás na Gaeltachta. Fuair Cumann Forbartha Chois Fharraige geallúint i scríbhinn ón Taoiseach, Micheál Martin TD, bliain ó shin, go ndéanfadh Fianna Fáil na toghcháin do Bhord Údarás na Gaeltachta a athbhunú, dá mbeadh a pháirtí sa rialtas.

Tá litir curtha chuig an Taoiseach ag an gCumann Forbartha ag meabhrú dhó an gheallúint i scríbhinn a thug sé. Deireann an litir go bhfuil díomá mór ar an gCumann Forbartha nach bhfuil aon cheo déanta ag an Taoiseach ná ag an duine atá ceapaithe aige mar Aire Stáit Ghaeltachta leis an gheallúint a tugadh a chomhlíonadh.

Idir an dá linn tá sé curtha in iúl ag an Teachta Dála Mairéad Farrell go bhfuil leasú príobháideach le tabhairt isteach sa Dáil ag Sinn Féin go luath le Acht na Gaeltachta 2012 a leasú le gur féidir toghcháin an Údaráis a athbhunú. “Thabharfadh an Bille seo na toghcháin ar ais mar a bhíodh, ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla,” a dúirt sí sa ráiteas.


Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile ar an gCéadaoin seo chugainn, 10 Feabhra, ag 8.00pm, chun an leabhar leis an iar-MEP Seán Ó Neachtain, ‘Ón Spidéal go Strasbourg,’ a phlé. Foilsíodh an leabhar roimh an Nollaig agus cuireadh an-spéis ann mar go dtugann sé léargas ar an saol thart ar an Spidéal sna seascaidí is sna seachtóidí. Tá go leor ag Seán sa leabhar faoina shaol polaitíochta, ó toghadh é ar Bhord Údarás an Gaeltachta 1979 gur dhiúltaigh sé ainmniúchán ó Fhianna Fáil le seasamh i dToghchán na hEorpa 2014, lena shuíochán i bParlaimint na hEorpa a choinneáil.

Tá an leabhar ar fáil sna siopaí áitiúla. Le páirt a thógáil sa bplé faoin leabhar ar an gCéadaoin seo chugainn is ceart ríomhphost a sheoladh chuig clubleabharcf@nullgmail.com agus cuirfear nasc ZÚM ar ais chugat.


Ionad Athchúrsála i gCasla

Daithí Ó ChualáinBhí sé le fógairt ag an gComhairleoir Daithí Ó Cualáin (ar dheis) ar RnaG i gcaitheamh na seachtaine go bhfuil cainteanna ar bun idir Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Chontae na Gaillimhe le ionad athchúrsála a réiteach áit eicínt ar an eastát tionsclaíoch an Údaráis i gCasla.

Faoi láthair bíonn ar dhaoine ó Chonamara Theas dul siar chuig an ionad sa gClochán nó soir chuig an ionad i dTuam, le fáil réidh le péint, earraí leictreacha agus ábhar eile nach mbíonn inghlactha ag an leoraí brúscair. Tá sé seo ag cruthú fadhbanna móra le cuid mhaith brúscair á chaitheamh amach ar na portaigh go minic, ceal áis athchúrsála gar don cheantar.

Bhí suíomh curtha ar fáil cheana ag Údarás na Gaeltachta don Chomhairle Chontae ach, ceal airgid, ní dhearna an Chomhairle Chontae an tIonad Athchúrsúla a réiteach ag an am.


Cogadh na Saoirse i gConamara

Micheál Ó Droighneáin

Micheál Ó Droighneáin (1890 – 1964) ón Tuar Beag, An Spidéal, a bhí i gceannas ar Óglaigh na hÉireann in Oirthear Chonamara le linn Cogadh na Saoirse.

Beidh Cogadh na Saoirse i gConamara á phlé ag an staraí Cormac Ó Comhraí ar leathanach Facebook Shinn Féin (Gaillimh Thiar) ar an Satharn seo chugainn ag 7.30pm.

Beidh comhrá ar líne leis an staraí Cormac Ó Comhraí faoi Chogadh na Saoirse i gConamara ar an Satharn seo chugainn. Tá an ócáid á reáchtáil mar chuid den chomóradh atá ar bun ag Sinn Féin go háitiúil i gcuimhne ar an triúr ball den IRA ó Charna, Patrick Folan, James Ferron agus Joseph Green, a báthadh céad bliain ó shin, 6 Feabhra, 1921. Sén chaoi gur briseadh an bád orthu ar na carraigeacha agus iad ag déanamh a mbealach trasna na farraige ó Chárna go Cloch na Rón le airgead a bhí bailithe acu le arm a cheannach a thabhairt chuig cruinniú den chathlán.

Is as Na Forbacha don staraí aitheanta Cormac Ó Comhraí, údar ‘Sa Bhearna Bhaoil: Gaillimh 1913-1923‘, leabhar cuimsitheach ar Chogadh na Saoirse i gConamara agus i nGaillimh. Tá Cormac ar fhoireann teagaisc Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua.

Ar an Satharn pléifidh Cormac na mór-imeachtaí a tharla i gConamara le linn an Earraigh agus an tSamhraidh 1921.

Tosóidh an t-imeacht ag 7.30 trathnóna ar leathanach Facebook Sinn Féin Gaillimh Thiar – www.facebook.com/GalwaySF


3 Feabhra 2021