Cartlann Nuachta: 3 Iúil 2019

Traidphicnic 2019

Postaer Traidphicnic 2019

An deireadh seachtaine seo a bheas Traidphicnic ar bun sa Spidéal, ag tosú ar an Aoine seo, 5 Iúil, nuair a dhéanfar an fhéile a sheoladh ón stáitse ag 2.30pm. Ní díreach san áit chéanna a bheas an stáitse i mbliana ach ar thalamh na Ceardlainne, mar nach raibh an láthair ag Stiúideo Cuan ar fáil i mbliana, mar a bhí le seacht mbliana anuas.

Mar is gnáth tá clár leathan iomlán ag Traidphicnic, idir ceoltóirí is fonnadóirí áitiúla agus grúpaí a bhfuil cáil náisiúnta is idirnáisiúnta orthu. Seo a leanas cuid de na príomhimeachtaí a bheas ar bun le linn na féile:

Aoine, 5 Iúil:

2.30pm: Seoladh le seisiún.

4.00pm: Tommaí Mellet & Neansaí Ní Choistealbha agus seoladh an CD nua leo ‘The Tower’.

7.30pm: Ye Vagabonds.

 

Satharn, 6 Iúil:

2.00pm: Muintir Uí Cheannabháin.

4.00pm: Doireann Glackin & Sarah Flynn agus seoladh an CD nua leo ‘The Housekeepers’.

6.15pm: The Friel Sisters le Cathal Ó Curráin & Marty Barry.

7.45pm: Ulaid le Muireann Nic Amhlaoibh.

 

Domhnach, 7 Iúil:

2.00pm: Contempo Quartet le Pádraic Keane.

3.45pm: Gráinne Smyth, Finnian O Connor & Seán Conway.

5.00pm: Briocán Bairéad.

7.00pm: Ceoltóirí Óga Chois Fharraige.

Ar an Satharn chomh maith, ag tosú ag 10.30am, beidh ceardlanna éagsúla ar bun i Scoil Éinne, An Spidéal, sna huirlisí ceoil seo a leanas: Bosca Ceoil le Colm Ó Dubháin; Fidil le Liz Coleman agus Cathal Ó Currán; Consairtín le Jack Talty; Feadóg le Mary Bergin agus Bodhrán le Tommy Hayes. Beidh ceardlann damhsa ar an sean-nós ar bun ar an Domhnach ag 12.30pm le Róisín Ní Mhainnín.

Róisín Seoighe

Róisín Seoighe ó Ros a’ Mhíl – ceoltóir, damhsóir, fonnadóir agus cumadóir – a bheas ag casadh ag Traidphicnic an Aoine beag seo ag 7.00pm.

Beidh neart imeachtaí eile ar bun chomh maith, idir drámaíocht leis an gcomhlacht CLEITE, cainteanna éagsúla agus ceardlanna ealaíne is ceardaíochta.

Seo ceann de na féilte ceoil is fearr sa tír agus tá ag éirí leis scoth na ngrúpaí ceoil a mhealladh ag an Spidéal tús mí Iúil gach bliain. Ní ghearrtar aon táille ar dhaoine freastal ag na coirmeacha ar feadh an deireadh seachtaine ach bíonn buicéid ar fáil, inar féidir síntiús a thabhairt le gur féidir costais na féile a íoc.

Traidphicnic2017_2

Cuid den slua mór a bhí i láthair ag an bhféile ceoil Traidphicnic anuraidh sa Spidéal. Beidh Traidphicnic ar bun an deireadh seachtaine seo chugainn, ag tosú ar an Aoine, 5 Iúil, ag 2.30pm i láthair nua atá curtha ar fáil ag Údarás na Gaeltachta sa gCeardlann, trasna ó Thrá na mBan.


An Cosán Cois Trá sa Spidéal

Droichead thar Abhainn, An Spidéal

An droichead ar Abhainn Boluisce a cheanglaíonn an tSeanchéibh leis an gCéibh Nua.

Is minic ráite gurb é an trua nár críochnaíodh an cosán cois cladaigh sa Spidéal. Thart ar 100 méadar atá fágtha le déanamh. Dá dhéanfaí é bheadh siúlóid 1.5km ón gCéibh Nua gan bhriseadh chomh fada le Trá na mBan.

Baineann go leor daoine úsáid as an tsiúlóid cheana, ach amháin go gcuireann an bhearna idir an cosán agus an phlásóg ar a dtugtar An Airdín Buí as do dhaoine.

Réitigh Comhlacht Forbartha an Spidéil plean don chosán os cionn bliain ó shin agus cuireadh faoi bhráid an Chomhairle Chontae é. Ceaptar anois nár cheart go mbeadh aon fhadhbanna ann a thuilleadh maidir le úinéireacht talún. “Dá ndéanfaí an cosán a chríochnú mar atá molta ag Comhlacht Forbartha an Spidéil, ní hamháin go mbeadh siúlóid bhreá cois trá sa Spidéal, rud a mheallfadh cuairteoirí agus a bheadh ina áis don phobal chomh maith, ach d’fhéadfadh sé cosaint a thabhairt do thithe cónaithe ó thuillte a tharlódh dá mbeadh stoirm le linn rabharta” a dúirt Aodán Mac Donnacha ó Chomhlacht Forbartha An Spidéil.

Aodán ag an gCosán II

Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil, ag taispeáint an bhearna atá fágtha sa gcosán cois cladaigh idir Trá na Céibhe Nua agus Trá na mBan.


Campaí Samhraidh

Campaí Samhraidh 2019

Tá na Campaí Samhraidh do dhaoine óga i gCois Fharraige faoi lán seol anois. Thosaigh Campa Drámaíochta sa gCeathrú Rua ar an Luan seo caite do pháistí 5 – 9 bliain d’aois agus thosaigh Campa Peile ar Pháirc an Chnoic, eagraithe ag Cumann Micheál Breathnach.

Ar an Luan seo chugainn beidh Campa Drámaíochta eile sa gCeathrú Rua, eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, do pháistí deich mbliana d’aois ar aghaidh.

Ar Pháirc an Chnoic beidh Campa Iománaíochta ag tosú ar an Luan seo chugainn, 8 Iúil agus ar an Luan, 15 Iúil, beidh Campa Camógaíochta, eagraithe ag Cumann Camógaíochta Chois Fharraige.


Sagart Staf: 60 Bliain ina Shagart

An pictiúr den Athair Stiofán Ó Donnchadha, a bhronn Cumann Forbartha Chois Fharraige air, ag ócáid a eagraíodh an tseachtain seo caite leis an 60 bliain atá caite sna sagairt a cheiliúradh in éindí leis.

[Pic: Seán Ó Mainnín]

Bhí ócáid álainn i gCois Fharraige ar an gCéadaoin, 26 Meitheamh, le comóradh a dhéanamh in éindí leis an Athair Stiophán Ó Donnchadha ón Teach Mór, Indreabhán, ar an trí scór bliain atá caite aige ina shagart. Oirníodh Stiophán Ó Donnchadha ina shagart le Cumann Naomh Pádraig, Cill Tagáin, ar an 23 Bealtaine 1959.

I dtosach bhí Aifreann speisialta i Séipéal an Chnoic. Chuir Cór Chois Fharraige, faoi stiúir ag Aisling Ní Neachtain, ceol álainn ar fáil le linn an Aifrinn. Tar éis an Aifrinn bhí ócáid an-deas san Ionad Tacaíochta Teaghlaigh, ar chúl an tséipéil, agus neart le n-ithe curtha ar fáil ann. Tearmann Éanna a d’eagraigh an ócáid.

Bhronn Cumann Forbartha Chois Fharraige pictiúr den Athair Stiophán air, a tógadh nuair a cheiliúr sé Aifreann speisialta ar an gcladach trí bliana ó shin, le comóradh a dhéanamh ar an naonúr fear a maraíodh nuair a phléasc an ‘mine’ ar an 17 Meitheamh, 1917.

Chaith an tAthair Stiophán, nó Sagart Staf mar a thugtar go háitiúil air, na blianta ag saothrú mar shagart san Afraic Thoir i Kenya i dtosach agus ina dhiaidh sin i gCalifornia. Le deich mbliain anuas tá cónaí air i gCnoc Mhuire. Ach níor chaill sé a ghrá dá áit dúchais riamh.


Ciana ina Seamp sa US

Ciana Ní Churraoin - Seaimpín an Domhain 2018

Ciana Ní Churraoin i Stáit Aontaithe Mheiriceá anuraidh.

Is cúis bróid agus ceiliúrtha é do Chumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach gur éirigh le Ciana Ní Churraoin agus a páirtí Fiona Tully an cluiche ceannais a bhuachan i gcomórtas náisiúnta liathróid láimhe an US ar an Domhnach seo caite. Níos túisce sa lá buaileadh Ciana sa gcluiche ceannais den chomórtas singil.

Is sa bpinniúr liathróid láimhe ar an gCnoc a rinne Ciana a cuid scileanna sa liathróid láimhe a fhoghlaim is a chleachtadh ó bhí sí ina cailín óg.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

Iomáint (Roinn 3): An Spidéal 0 –19, Kilbeacanty 0 – 12.

Peil (Roinn 7): Ml. Breathnach 2 – 18, Oileáin Árann 0 – 07.

Peil (Roinn 6): An Spidéal 2 – 09, St Michaels 3 – 15.

Peil (Roinn 6): Ml. Breathnach 2 – 11, Leitir Móir 1 – 03.

Peil na mBan (Sóisear): Ml. Breathnach 1 – 08, Kilconly 6 – 08.

Camógaí (faoi 16): Cois Fharraige 1 – 04, Na Piarsaigh 3 – 12.


3 Iúil 2019