Cartlann Nuachta: 3 Lúnasa 2016

3 Lúnasa 2016


Bua ag Fóirne Chois Fharraige ag Iomáin Cholmcille

Ag dul chun páirce do Iomáin Cholmcille

Bhí bua maith ag foireann camógaí ó Chumann Micheál Breathnach ar an Domhnach seo caite, ar fhoireann ó Albain le linn an comórtas Iomáin Cholmcille a bhí ar bun ar Pháirc an Chnoic leis an scór 2 – 0 in aghaidh 1 – 0. Siad na hAlbanaigh a fuair an chéad scór ach nuair a fuair mná Chois Fharraige cleachtaithe ar na rialacha speisialta don chluiche, níor thug siad an darna seans do na hAlbanaigh.

Bhí bua maith ag foireann iomána na bhfear chomh maith ar na hAlbanaigh leis an scór 3 – 04 in aghaidh 0 – 4.

Bhí an deireadh seachtaine i gCois Fharraige leis na hAlbanaigh thart, le neart ceoil is píobaireacht le cloisteál sna tithe tábhairne. Seo é an naoú uair don chomórtas a bheith á reachtáil. An chéad bhliain eile tá súil ag báireoirí Chois Fharraige, idir fir is mná, a bheith ag tabhairt a n-aghaidh ar Ghaeltacht na hAlbain le imirt sa gcomórtas. Bhí urraíocht déanta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ar an deireadh seachtaine agus airgead curtha ar fáil chomh maith ag Foras na Gaeilge le ligean do na hAlbanaigh taisteal.

Foireann Iomána na mBreathnach 2016

Foireann Iomána na mBreathnach 2016

Baireoirí agus Shinteoirí (Fir)

Iománaithe agus Shinteoirí


Oireachtas Chois Fharraige 2016

Tá sé socraithe anois go mbeidh Oireachtas Chois Fharraige ar bun thar dhá dheireadh seachtaine mí Meán Fómhair seo chugainn. Tosóidh imeachtaí an Oireachtais ar an Aoine, 16 Meán Fómhair, le oscailt Taispeántas Ealaíne i gCasla, sa bhfoirgneamh ina bhfuil oifigí Oireachtas na Gaeilge ar an eastát tionsclaíoch de chuid Údarás na Gaeltachta.

Ar an Satharn agus ar an Domhnach, 17 agus 18 Meán Fómhair, beidh seó ilmheánach á léiriú san amharclann i Seanscoil Sailearna, rud atá curtha le chéile go speisialta ag Joe Steve Ó Neachtain, le comóradh a dhéanamh ar 1916, ach chomh maith le sin, le comóradh a dhéanamh ar bhunú Cumann Forbartha Chois Fharraige i 1966, leathchéad bliain ó shin.

Le linn na seachtaine dár gcionn beidh ceardlanna éagsúla ar bun sna bunscoileanna sa gceantar, idir scéalaíocht, drámaíocht, damhsa, amhránaíocht agus ealaín.

Déanfar Oireachtas Chois Fharraige a oscailt go hoifigiúl ar an Déardaoin, 22 Meán Fómhair, nuair a bheas oíche mhór Damhsa ar an Sean-Nós, le comóradh a dhéanamh ar an oíche a baistíodh ‘Damhsa ar an Sean-Nós’ ar an stíl damhsa aonair a bhí fós á chleachtadh ag daoine i gConamara: eagraíodh ‘Taispeántas Damhsa ar an Sean-Nós’ mar chuid d’Oireachtas na Gaeilge 1976 agus cuireadh síol an oíche sin, as a d’fhás is a leathnaigh an Damhsa ar an Sean-Nós, mar stíl damhsa ar fud na tíre agus thar lear chomh maith.

Le linn an darna deireadh seachtaine beidh neart ceol is drámaíocht sa gceantar, idir Fibín ag cur ‘Mac Piarais i bPictiúr’ ar an ardán, Aisteoirí an Spidéil ag léiriú an dráma iontach ‘Boicíní Bhóthair Kilburn’ agus Síle Denvir ag déanamh an seó ‘Caithréim’, atá bunaithe ar cheol agus amhráin an Phiarsaigh. Ar an Satharn, 24 Fómhair, beidh Coirmcheol Mhór na Féile ar bun in Óstán na Páirce, le scoth na n-amhránaithe is na gceoltóirí ar an ardán chomh maith le Cór Fear na nDéise agus Cór Chois Fharraige.

Tá Oireachtas Chois Fharraige á eagrú faoi choimirce Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cosnaíonn sé go leor airgid é a chur ar bun. Tá urraíocht fáighte ó Chomhar Creidmheas Cholmcille ach seachas sin is ag brath ar shíntiúis ó dhaoine a bheas an coiste. Tá achainí curtha amach ag daoine ag iarraidh orthu ticéid a cheannacht don deireadh seachtaine roimhré ar an bpraghas €25. Duine ar bith ar mian leo síntiús a thabhairt níl le déanamh acu ach seic a chur ag Brian Ó Cuív, Teach Mór Thoir, Indreabhán, Co. na Gaillimhe.


Comórtas Pobail an Chomhar Creidmheasa

CCCCSeo a leanas na buaiteoirí sa gcomórtas do grúpaí pobail a bhí á eagrú ag Comhar Creidmheas Cholmcille:

1ú Duais de €3,500. PÁIRC na hÓIGE a fhorbairt amuigh faoi aer ag Scoil Sailearna, Indreabhán, le go bhféadfaí áit lárnach a chruthú don aclaíocht agus don chleachtadh coirp i saol an ghasúir óig. Thabharfadh sé deis d’fhoireann na scoile gníomhaíochtaí oideachasúla, spóirtiúla, cluichí agus cleachtadh coirp a eagrú ag amanntaí feiliúnacha, gan réamhdhualgas áirithinte.

2ú Duais de €1,000: GASÓGA MARA NA GAELTACHTA. Treallaimh a cheannach ar nós seaiceáid tárthála, wetsuits, kayaks agus pubail do Ghasóga Mara na Gaeltachta, an t-aon ghrúpa lán-ghaelach sa tír, atá bunaithe ó 2015, chun gasúir na háite, idir 6 agus 12 bliain d’aois, a thabhairt le chéile ar bhealach spraíúil, le imeachtaí tíre agus farraige.

3ú Duais de €500: GÁIRDÍN POBAIL NAOMH ANNA: Spás sóisialta agus sláinte glas a sholáthar don phobal, tré fhorbairt a dhéanamh ar phíosa talúna idir an dá pháirc imeartha ar an Máimín i Leitir Móir, le buntáistí sláinte, sóisialta agus timpeallachta a thabhairt don phobal.

Comhghairdeachas leis na buaiteoirí agus comhghairdeachas leis an gComhar Creidmheas, a d’eagraigh an comórtas.


Taispeántas Talamhaíochta Chois Fharraige

taispeántasCFClar

Ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair, an ceathrú lá, beidh Taispeántas Chois Fharraige ar bun i gColáiste Chonnacht sa Spidéal. Tá foirmeacha iarratais le cur isteach ar na comórtais éagsúla le fáil faoi láthair ó Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil.

Ó bunaíodh é i 1979 reáchtáiltear Taispeántas Chois Fharraige ar an gcéad Domhnach de Mheán Fómhair chuile bhliain, an lá céanna leis na Cluichí Ceannais Iománaíochta i bPáirc an Chrócaigh. Bíonn suas le 1,000 duine páirteach sa Taispeántas chuile bhliain.

Tá os cioinn 100 comórtas ar fad sa taispeántas: comórtais do chapaillíní, do tháirgí ón bhfeilm agus ón ngarraí, comórtais bláthanna agus torthaí, comórtais tíos agus tionscail tuaithe, comórtais ealaíon agus grianghrafadóireacht.

Pádraig Breathnach, Ugóil, Uachtar Ard lena bheirt mhac agus an corn a ghnóthaigh sé ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal le gairid, don chaoire ab fhearr

Pádraig Breathnach, Ugóil, Uachtar Ard, lena bheirt mhac agus an corn a ghnóthaigh sé ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal 2015, don chaoire ab fhearr.


Comórtas Sacar Seachtar an Taobh

CumannSacairCF

Tá feachtas bailiúchán airgid ar bun faoi láthair ag Mb Astro i gcomhair le Cumann Sacair Chois Fharraige agus beidh comórtas sacair seachtar an taobh ar siúl ar an Satharn, 13 Lunasa, ag tosaí ag 11.00 r.n. ar an bpáirc astro.

Beidh BBQ ar an lá agus teacht le chéile sa bPoitín Stil sa tráthnona i gcomhair bronnadh duaiseanna, ceol agus craic.

Tuilleadh eolas le fáil ag 087 1553206.


Briseadh do Nótaí Chois Fharraige

Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst ar an Déardaoin, 1 Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlíon www.coisfharraige.ie/cumann-forbartha, áit a mbeidh míreanna nua á uaslódáil gach seachtain.