Cartlann Nuachta: 3 Samhain 2022

Corn Eile ag na Breathnaigh

Meádhbh Ní Dhireáin 2022

Meadhbh Ní Dhireáin ón gCnoc ar an ionsaí ag imirt le foireann sóisear Chumann Micheál Breathnach in aghaidh an Spidéil i gCluiche Ceannais an Iarthair, an Satharn seo caite ar Pháirc an Chnoic.

Sí Éabha Ní Conláin ó Bhaile an tSagairt, an Spidéal atá á leanacht.

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]

Ar an Satharn seo caite d’éirigh le foireann ban Chumann Micheál Breathnach Corn an Iarthair a bhuachaint don dara bhliain as a chéile nuair a bhuail siad An Spidéal ar Pháirc an Chnoic leis an scór 4 – 08 in aghaidh 2 – 04.

Bhí an dá fhoireann ar comhscór ag leath ama le 2 – 02 an taobh. Cé go raibh na Breathnaigh ag imirt le 14 don chuid is mó den leath, théis don réiteoir cárta dearg a bhronnadh ar Róisín Ní Ghionnáin, thug an ghaoth láidir ón bhfarraige buntáiste don fhoireann baile.

Sadhbh Howlin ó na Breathnaigh a fuair an chéad scór sa gcluiche, ach is gearr gur chothromaigh Grace Hanly ón Spidéal cúrsaí le cúilín ó chic saor. Díreach roimh leath-am rinne Grace Hanly an scór a chothromú le saorchic.

Sa dara leath, le cóir na gaoithe, bhí an buntáiste ag na Breathnaigh. Scóráil Meadhbh Ní Dhireáin, ón mBóthar Buí, cúl agus sé chúilín agus scóráil Ríona Howlin cúl. Mar sin féin níor ghéill An Spidéal agus choinnigh siad orthu ag troid go dtí an deireadh.


AGM an Chomharchumainn

D’fhógair Cathaoirleach Chomharchumann Sailearna, Pádraig Mac Diarmada, nach bhféadfaí dul ar aghaidh le Cruinniú Ginearálta Bhliantúil an Chomharchumainn ar an Déardaoin seo caite ceal córam.

Ní raibh i láthair ach 13 scairshealbhóir, ceathrar den choiste ina measc. Scór an córam atá leagtha síos sna rialacha. Tabharfad an cruinniú le chéile aríst seachtain ón Luan seo, 14 Samhain, ag 8.00pm i Seanscoil Sailearna.


‘An Cosán Draíochta’ sa Town Hall

Johnny Óg - An Cosán Draíochta

Johnny Óg Connolly i mbun ceoil.

Tá an saothar ceoil le Johnny Óg, AN COSÁN DRAÍOCHTA, a cruthaíodh in ómós dá athair, le bheith ar stáitse sa TOWN HALL, Gaillimh, ar an Máirt seo chugainn, 8 Samhain.

Tá AN COSÁN DRAÍOCHTA saothar atá cruthauthe ag an gceoltóir agus cumadóir iomráiteach Johnny Óg Connolly, in ómós dá athair, ar chamchuairt náisiúnta faoi láthair, agus beidh sé ar stáitse sa Town Hall i nGaillimh, Dé Máirt seo chugainn, 8 Samhain ag tosú ag 8pm. Tar éis bháis Johnny Phádraig Pheter Ó Conghaile i 2019, bhronn Stiúideo Cuan coimisiún ar a mhac, an boscadóir clúiteach, Johnny Óg Connolly, chun saothar nua ceoil a chumadh in ómós agus i gcuimhne a Dheaide.

Le linn Féile Chois Fharraige 2021, cuireadh an seó speisialta ceoil ar stáitse don chéad uair i Stiúideo Cuan sa Spidéal agus líonadh an teach cúig oíche i ndiaidh a chéile.


An Poitín ar Oscailt

An Poitín Stil, An Lochán Beag

AN POITÍN STIL ar An Lochán Beag

Dé hAoine seo caite, 29 Deireadh Fómhair, osclaíodh na doirse arís ar cheann de na tithe tábhairne is mó aitheantais i gCois Fharraige, AN POITÍN STIL ar An Lochán Beag. Is í Máirín Gannon agus a fear chéile Steve Boland atá ina bhun. Bhí na doirse faoi ghlas ón samhradh.


Ardú Meanman don Spidéal

Céibh an Spidéil

Céibh an Spidéil

Cúis mórtais agus ardú meanman don Spidéal na torthaí ó Chomórtas na mBailte Slachtmhaire 2022. I ngach rannóg den chomórtas d’ardaigh marcanna a fuair Coiste an Spidéil, ach amháin i rannóg inar fhan sé mar a chéile. D’ardaigh an marc iomlán a fuair an Spidéal go 341 as 550, ardú suntasach ón 319 a tugadh don sráidbhaile i 2011.

Dúirt na moltóirí sa tuairisc atá foilsithe go bhfuil ‘céim substaintiúil bainte amach’ ag An Spidéal i mbliana agus go mba chóir ‘aghaidh a dhíriú anois ar Gradam na Gaeltachta’.


Oireachtas na Samhna

Caitlín Ní Chualáin (Oireachtas 2014)

Caitlín Ní Chualáin agus Corn Uí Riada (Oireachtas 2014)

An tseachtain seo beidh na céadta ó Chois Fharraige ag tabhairt faoin turas ó dheas go Cill Áirne le haghaidh Oireachtas na Samhna. Níor tionóladh aon Oireachtas ó 2019 de bharr Covid. Tá roinnt mhaith ó cheantar Chois Fharraige istigh ar na comórtais éagsúla. Tá grúpa mór ó Scoil Sailearna ag glacadh páirt i mbliana agus ag súil le duaiseanna go leor a bhreith abhaile leo.

Sé Corn Uí Riada ar an Satharn an príomhchomórtas don amhránaíocht ar an sean-nós.

As 14 sa gcomórtas i mbliana is as Cois Fharraige cúigear acu:

  • Traolach Ó Conghaile ó Bhaile Liam, an Spidéal;
  • Gráinne Ní Fhátharta ó Bhaile na hAbhann;
  • Colm Jimmy Ó Curraoin as Na Mine;
  • Micheál Mháirtín Phatch Ó Cúláin ón Teach Mór;
  • Róisín Elsafty ó Chor na Rón.

Do na daoine nach mbeidh in ann a bheith i láthair beidh an comórtas á chraoladh beo ar Raidió na Gaeltachta ag 7.00pm ar an Satharn.


Club Scannán – GAGARINE 

An Déardaoin seo, 3 Samhain, beidh scannán GAGARINE á thaispeáint ag Club Scannán Sailearna i Seanscoil Sailearna, ag tosú ag 8.15pm.

Tá an scannán suite i bPáras sa gceantar ar imeall na cathrach ar a dtugtar Cité Gagarine, ainmnithe i ndiaidh an chéad duine riamh a cuireadh isteach sa spás, an Rúiseach Yuri Gagarine. Ach tá na húdaráis ag iarraidh an ceantar a leagan go talamh. Ní mó ná sásta atá déagóir áitiúil agus téann sé i mbun agóidíochta lena cheantar a shábháil.

Is féidir ticéad a fháil don scannán ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, agus na treoracha a leanacht. Is féidir ticéad a fháil ar an doras chomh maith.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Oisín Ó Neachtain, ó Chor na Rón, ag imirt le foireann peile Chumann Micheál Breathnach faoi 13, in aghaidh St. James i gCluiche Leathcheannais Sraith na Cathrach, an Domhnach seo caite ar Pháirc an Chnoic.

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]

• Peil na mBan (Sóisear): Ml Breathnach 4 – 08, An Spidéal 2 – 04.

• Peil na mBan (Sóisear): Ml Breathnach 1 – 31, Gaeil na Gaillimhe 4 – 10.

• Peil (faoi 17B): An Spidéal 0 – 07, Headford 2 – 03.

• Peil (faoi 13): Micheál Breathnach 2 – 15, St. James 2 – 01.

• Iomáint (Sóis I): Ml Breathnach 1 – 10, Salthill/Knocknacarra 3 – 21.

• Sacar (Roinn 1): Cois Fharraige 5, East Utd. 0.

• Sacar (Roinn 1): Mac Dara 1, Oughterard 1.

• Sacar (Roinn II): Bearna/Na Forbacha 2, Salthill Devon B 2

• Sacar (f16): Bearna/Na Forbacha 5, St Johns 4.

• Sacar (f14): Mac Dara 1, West Coast Utd. 1.

• Sacar (f14): Bearna/Na Forbacha 0, Salthill Devon 5.

• Sacar (Cailíní f14): Bearna/Na Forbacha 2, Knocknacarra B 0.

• Sacar (Cailíní f12): Bearna/Na Forbacha B 4, Salthill Devon B 0.

• Sacar (f12): Bearna/Na Forbacha 0, Cregmore/Claregalway 5.


3 Samhain 2022