Cartlann Nuachta: 30 Márta 2022

EADRAINN FÉIN

Ag seoladh an leabhair EADRAINN FÉIN a réitigh daltaí ó Choláiste Chroí Mhuire faoin scríbhneoir Máirtín Ó Cadhain.

Ar chúl, ó chlé: Eva Ní Chonchubhair, Éadaoin Nic Dhonncha, Éamon Ó Ceallacháin, Aoife Ní Chonghaile (Fóram Pleanáil Teanga).

Chun tosaigh, ó chlé: Katie Ní Loingsigh (Fóram Pleanáil Teanga), an tOllamh Gearóid Denvir, a sheol an leabhrán, Máirín Uí Neachtain (neacht le Máirtín Ó Cadhain), Doireann Ní Fhoighil agus Máire Ní Neachtain (Cathaoirleach, Fóram Pleanáil Teanga Chois Fharraige).

[Pic: Seán Lydon]


Teifigh ón Úcráin i gCois Fharraige

Tá grúpa teifigh ón Úcráin tagtha go Cois Fharraige ón Aoine seo caite agus iad ag fanacht in Óstán na Páirce, óstán ar le muintir Uí Fhoigil. Trí scór ar fad atá tagtha ina meas ceathrar déag páiste faoi bhun 12 bhliain d’aois.

I gcás dhá chlann thiomáin siad an bealach ar fad ón Úcráin go hÉireann, le gach a raibh fágtha acu de mhaoin an tsaoil. Cuid mhaith de na daoine atá tagtha níl a fhios acu an bhfuil aon teach/árasán acu le filleadh air, tá an oiread sin scrios déanta agus á dhéanamh ag arm na Rúise le buamaí.

Tuigtear go bhfuil gach cóir á chur ar fáil ag Óstán na Páirce do na teifigh agus go bhfuil ranganna Béarla á eagrú dóibh ag grúpa áitiúil atá tagtha le chéile le tacaíocht a thabhairt dóibh. Fáilteodh an grúpa tacaíochta roimh dhaoine breise, le taithí múinteoireachta, ar mhaith leo cúnamh a thabhairt leis na ranganna Béarla. Is féidir glaoch a chur ar an uimhir 087 2118838.

An tseachtain seo caite bailíodh €1,973 do mhuintir na hÚcráine i Scoil Sailearna, trí raifil a d’eagraigh Coiste na dTuismitheoirí.


Maidin Caifé sa bPOTA

Diarmaid ag an bPota Caifé 2021

Diarmaid ag an bPota Caifé

Tá maidin caifé á reáchtáil ag Oifigigh Pleanála Teanga Chois Fharraige ar an Luan seo chugainn, 4 Aibreán, ag 11.00 sa bPOTA Caifé ar an Tulach.

Tá an tíocht le chéile dírithe ar theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge. Tabharfar deis do thuismitheoirí casadh le chéile ar bhonn sóisialta, cupán caifé a roinnt agus cúrsaí teaghlaigh a phlé.

Ní mór clárú roimh ré agus is féidir sin a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig ocptchoisfharraige@nullgmail.com.


An tAthair Pádhraic Ó Neachtain RIP

Oirniú-an-tAthair-Pádraic-Steve

An tAthair Pádraig Steve Ó Neachtain, ar lá a oirnithe i 1971.

Fuair an tAthair Pádraig bás le gairid san Afraic Theas agus is ann a cuireadh é.

Cúis bhróin do phobal Chois Fharraige cloisteáil faoi bhás an Athar Pádhraic Ó Neachtain i gCape Town na hAfraice Theas an tseachtain seo caite in aois bliain agus ceithre scór.

B’as an gCré Dhubh do Phádhraic Steve a chuaigh le hOrd na Sailíseach nuair a bhí sé ina dhéagóir. Chuaigh sé chun na hAfraice Theas gan é ach naoi mbliana déag agus is ann a chaith sé an chuid eile dá shaol ag saothrú i ngort an oideachais, ag freastal ar an gcuid ba bhoichte den phobal.

Chonaic Pádhraic saol achrannach san Afraic Theas ina raibh an chinedheighilt á chur i bhfeidhm ag stát, a cheil go córasach a gcearta ar na daoine gorma. Ba chúis áthais dhó gur tháinig deireadh leis an gcóras polaitiúil sin. Ba mhinic é le cloisteáil ar Raidió na Gaeltachta. An uair deireanach é sa mbaile i gCois Fharraige, léigh sé Aifreann na Sochraide dá dheartháir Joe Steve, mí Eanáir 2020.

Suaimhneas síoraí leis. Idir an dá linn fuair deartháir eile leis, Maidhc Steve, bás chomh maith.


Coláiste Cholmcille – Oíche Oscailte

Coláiste Cholmcille, Indreabhán.

Ar an Déardaoin seo, 31 Márta, beidh oíche oscailte ag Coláiste Cholmcille, Indreabhán, do dhaltaí i Rang 6 ón 5.30 go 7.30pm. Beidh caint ghearr ón bPríomhoide, Peadar Ó Sé, ag 5.30pm agus beidh deis ar thuras timpeall na scoile chun na seomraí ranga a fheiceáil agus chun casadh leis an bhfoireann múinteoirí. Beidh blaisíní beatha deasa ar fáil ar an oíche chomh maith.


Club Óige Réalt na Mara

Tá Club Óige nua bunaithe san Forbacha, Club Óige Réalta na Mara. Tá an club nua ag cuartú Oibrí Óige páirt-aimseartha le imeachtaí óige a reáchtáil agus le tacú le Coiste an Chlub. Tá an Club Óige ag fáil tacaíocht ó na hOifigigh Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige.

Le níos mó eolais a fháil faoin bpost is féidir glaoch ar an uimhir 083 0106294.


Torthaí Gailf an Deireadh Seachtaine

Is go Port Omna a thug Cumann Galf Chois Fharraige cuairt an Satharn seo caite, 26 Márta. Bhí an bua ag Tomás Mhiko Ó Flatharta (29) le 45pt. Agus Tomás Ó Domhnaill (20) a bhí sa dara áit le 43pt.

Seo a leanas na torthaí eile:

Cat 1: 1ú áit, Feargal Ó Mainnín (07) 39pt; 2ú áit, Seán Ó Neachtain (21) 36pt.

Cat 2: 1ú áit, Seán Ó Cadhain (25) 39pt; 2ú áit, Mike Noone (24) 38pt.

Cat 3: 1ú áit, Pádraig Ó Cualáin (35) 42pt; 2ú áit, Máirtín S. Ó Conghaile (27) 38pt.

Cat 4 (65+): 1ú áit, Séamus Ó Loideáin (28) 36pt

Beidh an chéad imeacht eile i gCreig Mór ar an 30 Aibreán. Tuilleadh eolais ó Phádraig ag an uimhir 087 2525465.


Trócaire i Ros Muc

Ar an Luan seo chugainn, 4 Aibreán, déanfar taispeántas grianghrafadóireachta, atá curtha le chéile ag an eagraíocht charthanachta TRÓCAIRE, a oscailt go hoifigiúil in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, i Ros Muc, Co na Gaillimhe ag 6.00pm. Sí Príomhfheidhmeannach Thrócaire, Caoimhe de Barra, a dhéanfaidh an taispeántas ar a dtugtar ‘Léiriú na Cosanta’.


Cruinniú Speisialta an Chomharchumainn

Comharchumann ShailearnaAg cruinniú speisialta de scairshealbhóirí i Shailearna Teo. an tseachtain seo caite, glacadh le roinnt rún a bhain le polasaí an chomharchumainn i leith tograí tuirbíní gaoithe i gceantar an Chomharchumainn. Bhí ceithre cinn de na rúin curtha síos ag scairshealbhóirí ó Bhaile na mBroghach agus Leithrinn. Léiríodh míshástacht ag an gcruinniú faoin mbealach nach ndeacha an Comharchumann i gcomhairle leis an bpobal ná leis na scairshealbhóirí ag an am, sula socraíodh tacaíocht a thabhairt do Natural Forces Renewables le tuirbín gaoithe 125m ar airde a thógáil ar an mBóthar Buí. Mhínigh an Cathaoirleach, Pádraig Mac Diarmada, gur iarr sé féin ar Natural Forces Renewables an t-iarratas pleanála a tharraingt siar mar geall ar athraithe ar an scéim.

Mar thoradh ar an gcruinniú scairshealbhóirí, tá sé leagtha síos anois go bhfuil sé “mar pholasaí ag Comharchumann Shailearna a scairshealbhóirí agus an pobal a chur ar an eolas ag cruinniú scairshealbhóirí agus a dtuairimí a chur san áireamh trí thromlach vótála sula gcinntear tacú le togra/í tuirbín/í gaoithe i gceantar an chomharchumainn”.

Ag labhairt dhó tar éis an chruinniú ar Adhmhaidin (RnaG), dúirt Ruairí Ó Coistealbha, urlabhraí ar son ‘Pobal in aghaidh Tuirbíní Gaoithe ar an mBóthar Buí’, go raibh sé sásta go maith leis an gcruinniú agus gur cheap sé go raibh an comharchumann sásta anois éisteacht leis na scairshealbhóirí, seachas a bheith ag ceilt eolais mar a bhí roimhe seo. “Tá an cultúr sa gComhchumann ag athrú beagáinín” a dúirt sé. Léirigh sé ar an gclár a dhíomá nach raibh Comharchumann Sailearna sásta aighneacht a chur ag an mBord Pleanála ag cur in aghaidh an tuirbín gaoithe. “Tabharfadh sé codladh na hoíche níos fearr dúinne, dá sheasfadh an Comharchumann taobh thiar dúinne go poiblí,” a dúirt sé ar Adhmhaidin.

Ag deireadh an chruinniú ghlac an Cathaoirleach buíochas leis na daoine a bhí i láthair, beagnach 30 scairshealbhóir, agus d’fhógair sé go raibh sé socraithe ag an gComharchumann árasán atá i seilbh an chomharchumainn a chur ar fáil do chlann ón Úcráin atá ag teitheadh ón gcogadh.


Na Mulcahys’ ar An Spidéal

Stiúidió Chois Chuain

Stiúideo Cuan sa Spidéal

Déardaoin agus Dé hAoine na seachtaine seo beidh ceolchoirm eile ar bun i Stiúideo Cuan sa Spidéal ag a mbeidh triúr ón gclann chéanna, Na Mulcahys, ar an stáitse. Casann Mick Mulcahy an bosca ceoil agus in éindí leis beidh a bheirt iníon, ar ceoltóirí cumasacha iad féin, Louise a chasann na Píopaí agus Michelle a chasann an Chruit.

Tá sé socraithe go mbeidh ceolchoirm mar seo gach coicís. Beidh Matt Molloy agus John Carty ann ar 14 agus 15 Aibreán.

De bharr nach bhfuil ach 65 suíochán sa seomra ceoil, moltar ticéid a chur in áirithe. Tá ticéid ar fáil ach glaoch ar 091 553838, nó dul ag an suíomh WWW.STIUIDEOCUAN.IE.

Bíonn seisiún rialta gach Céadaoin i Stiúideo Cuan atá saor in aisce.


Dráma Nua le Fíbín

Baile Beag Mór’ an teideal ar an dráma nua atá á chur ar stáitse don chéad uair riamh ag FÍBÍN i dTaibhdhearc na Gaillimhe. Philip Doherty a scríobh an dráma agus sé atá ina stiúrthóir chomh maith.

Is dráma é ina bhfuil scéalta fite fuaite ina chéile, ina ndéantar scéalta pearsanta, polaitiúla agus spioradálta a chíoradh le linn tréimhse ina raibh an stát nua á bhunú céad bliain ó shin.

Beidh an dráma ar an stáitse sa Taibhdhearc gach oíche ag 8.00pm idir seo agus an Satharn, 2 Aibreán.


Glantachán an Earraigh

Glanadh Suas - Brúscar CladaighBeidh Glantachán an Earraigh á eagrú ag an bhFochoiste Timpeallachta de chuid Cumann Forbartha Chois Fharraige an deireadh seachtain seo chugainn ar an Satharn agus ar an Domhnach 9/10 Aibreán. Ní raibh aon ghlantachán eagraithe ann le dhá bhliain anuas de bharr srianta Covid.

Beidh an glantachán ag díriú ar na bóithríní bailte agus ar Bhóthar Chois Fharraige.

Le páirt a ghlacadh sa nglantachán, níl le déanamh ach teacht le chéile ag 10.00 ar maidin ag Seanscoil Sailearna. Beidh miotógaí agus málaí ar fáil ag an tSeanscoil.

Sa gcás nach féidir le duine a bheith ann ag 10.00 ar cheachtar den dá lá, ach atá ag iarraidh cúnamh a thabhairt, is féidir dul amach ag am a d’fheilfeadh an duine féin, ach a chur in iúl don Chumann Forbartha cén bóithrín atá déanta agus cén áit a bhfuil mála le piocadh suas. Is féidir an t-eolas a chur chuig an Cumann Forbartha ach ríomhphost a sheoladh chuig cumannforbartha@nullgmail.com.


Club Scannán Sailearna

Club Scannán - There is no Evil

Radharc as an scannán THERE IS NO EVIL a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 31 Márta, ag tosú ag 8.15pm.

THERE IS NO EVIL (An Ghearmáin/ An Iaráin) an scannán atá i Seanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 31 Márta. Tá ceithre scéal á inseacht sa scannán a bhaineann le ‘Pionós an Bháis’ i dtír tíoránach. Bhain an scannán seo an gradam ‘Golden Bear’ ag Féile Scannán Berlin don scannán ab fhearr i 2020. Is féidir ticéad a cheannach don scannán ach dul go WWW.CLUBSCANNAN.IE agus na treoracha a leanacht.


Darkness Into Light, An Cheathrú Rua

Darkness Into LightIs dea-scéal é go mbeidh Darkness Into Light á eagrú i mbliana sa gCeathrú Rua, tús mí Bhealtaine, ag an gcoiste áitiúil, le airgead a bhailiú don tseirbhís meabhairshláinte a chuireann Pieta House ar fáil do dhaoine in ísle brí.

Le dhá bhliain anuas, de bharr srianta Covid, níorbh fhéidir daoine a thabhairt le chéile leis an tsiúlóid/rith a dhéanamh. Ach beifear in ann daoine a bhailiú le chéile i mbliana le breacadh an lae sa gCeathrú Rua ar an Satharn, 7 Bealtaine.

Tá an clárú oscailte anois ar an suíomh WWW.DARKNESSINTOLIGHT.IE.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

  • Peil (Roinn 2): An Spidéal 0 – 10, Maigh Cuilinn 3 – 12.
  • Peil: Scoil Chuimsitheach Chiaráin 3 – 11, Col. Iognáid 3 – 04.
  • Iomáint (faoi 16): Cois Fharraige 1 – 12, Athenry B 4 – 05.
  • Iomáint: Coláiste Chroí Mhuire 5 – 08, Mercy Col. Woodford 3 – 11.
  • Sacar (Roinn I): Mac Dara 3, Dynamo Blues 5.
  • Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 0, Cruaghwell Utd. 1.
  • Sacar (faoi 16): Mac Dara 1, Tuam Celtic B 3.
  • Sacar (faoi 14): Mac Dara 3, Kinvara Utd. 4.
  • Sacar (Cailíní faoi 14): Bearna/Na Forbacha 3, Maree/Oranmore 1.
  • Sacar (Cailíní faoi 12): Bearna/Na Forbacha 1, Maree/Oranmore 2.
  • Sacar (faoi 12): Mac Dara 0, Merlin Woods/Medtronic 5.

30 Márta 2022