Cartlann Nuachta: 30 Meán Fomhair 2015

30 Meán Fomhair 2015


Comharchumann Sailearna

CST1Bhí ar Chathaoirleach Chomharchumann Sailearna, Máirtín Mac Donnacha, an cruinniú cinn bhliana a chur ar athló seachtain ón Luan seo caite. Bhí duine amháin i láthair nach raibh sásta leis na miontuairiscí ón gcruinniú cinn bhliana a tionóladh anuraidh. Cé gur glacadh leis na miontuairiscí agus gur síníodh iad, ní fhéadfadh an cathaoirleach an tuairisc ón gcoiste don bhliain seo caite a chur i láthair an chruinnithe, de bharr an oiread cur isteach a bhí á dhéanamh air. Níor fágadh aon rogha aige ach an cruinniú a cur ar athló.

Ceaptar go mbeidh an cruinniú á thionól aríst am eicínt faoi dheireadh na míosa seo, mí Dheireadh Fómhair.


An Club Scannán

Girlhood_poster__thumb

Anocht (Déardaoin, 1 Deireadh Fómhair) beidh scannán nua, ‘Girlhood,’ ón bhFrainc á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15 i.n., mar is gnáth. Seo thíos liosta na scannán a bheas á dtaispeáint le linn mí Dheireadh Fómhair:

  • 1 Deireadh Fómhair: (anocht): Girlhood (An Fhrainc)

  • 8 Deireadh Fómhair: I mBéal na Stoirme (Éire)

  • 15 Deireadh Fómhair: Leviathan (An Rúis)

  • 22 Deireadh Fómhair: Difret (An Aetóip)

  • 29 Deireadh Fómhair: Wild Tales (An Airgintín)

Is féidir ballraíocht sa gClub Scannán a fháil ar €30 (€25 do dhaoine gan ioncam) a thugann cead isteach do na scannáin go léir, nó is féidir €8 (€7) a íoc ag an doras ar gach scannán. Tá eolas sa dá theanga faoi na scannáin, chomh maith le blaiseadh beag dóibh, le fáil ar an suíomh idirlíon www.clubscannan.ie.


Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine

  • Camógaí Sóisear: Cois Fharraige 2-06; Saighleán 1-05

  • Peil Sóisear C (Cluiche Leathcheannais): Micheál Breathnach 1 – 8; Naomh Anna, Leitir Móir 1 – 7

  • Peil Sóisear A (Cluiche Leathcheannais): Micheál Breathnach 1 – 12; St James 1 – 9

  • Peil Sinsear (Sraith): Mícheál Breathnach 2 – 11; Naomh Anna, Leitir Móir 1 – 18

  • Peil Sóisear B (Cluiche Leathcheannais): An Spidéal 4 – 14; An Fháirche 0 – 6

  • Iománaíocht (f12): Mícheál Breathnach 4 – 2; An Spidéal 7 – 9


Mícheál Breathnach sa gCluiche Leathcheannais Iomána

Cumann Mícheál BreathnachAg meánlae ar an Domhnach seo chugainn beidh foireann iománaíochta Chumann Mícheál Breathnach ag dul chun páirce in aghaidh Bhéal Átha an Ghártha (Ballygar) sa gCluiche Leathcheannais Sóisir 1, ar Pháirc Uí Chionna, Béal Átha an Rí. Cé gur chríochnaigh dhá chluiche ar chomhscór, níor buaileadh iománaithe sóisear Mícheál Breathnach in aon chluiche fós i mbliana, agus, má éiríonn leo ar an Domhnach an ceann is fearr a fháil ar Bhéal Átha Ghártha, beidh siad ag imirt in aghaidh na mbuaiteoirí idir Saighleán agus Bóthair na Trá/Cnoc na Cathrach sa gcluiche ceannais.

Níor buaileadh báireoirí Mícheál Breathnach fós i mbliana, agus má éiríonn leo an comórtas áirithe seo a bhuachaint beidh siad istigh i gComórtas Leathcheannais na hÉireann don fhoireann sóisear is fearr sa tír.

Na Breathnaigh V. Bleá 'n Rí V

Éinde Mhánais Ó Conghaile ó fhoireann Mhícheál Breathnach ag fáil an ceann is fearr ar a chéile comhraic ó Phort Omna ar Pháirc Uí Chionna, Béal Átha an Rí, níos túisce i mbliana. Beidh báireoirí Mícheál Breathnach ar ais ar Pháirc Uí Chionna ag meánlae ar an Domhnach seo chugainn i gCluiche Leathcheannais Sóisear 1 an Chontae, in aghaidh Bhéal Átha an Ghártha. [Pictiúr: Donncha Ó hÉallaithe]


Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Seisiún Ceoil - Anna ina aonarTá ag éirí thar cionn leis an Seisiún Ceoil Traidisiúnta do Dhéagóirí sa Droighneán Donn gach Satharn. Ar an Satharn seo caite, 26 Meán Fómhair, bhí 16 déagóir ag casadh ceoil le chéile faoi stiúir Toner Quinn. Bíonn an seisiún do dhéagóirí ar bun gach Satharn sa Droighneán Donn, An Spidéal, idir 7.00 agus 8.00 trathnóna.

Chomh maith leis sin, bíonn seisiún ceoil ar bun gach maidin Domhnaigh i Seanscoil Sailearna ó 12.30 go 1.30 do cheoltóirí níos óige, gasúir atá fós ag freastal ar an mbunscoil.


Bachlóga agus Ceist faoi Phléaráca

Ag ocáid i gColáiste Cholmcille, Indreabhán, an tseachtain seo caite, seoladh leabhar álainn filíochta agus próis, Bachlóga, cumtha ag daltaí scoile ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, Scoil Chuimsitheach na Ceathrú Rua, Coláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, agus Gairmscoile na bPiarsach, Ros Muc.

Cuireadh an leabhar le chéile faoi scéim a bhí á reáchtáil ag Pléaráca le 12 bliain anuas. Jackie Mac Donncha agus Máire Holmes an bheirt fhilí aitheanta a d’oibrigh leis na daltaí agus iad i mbun scríbhneoireachta. Ach tá deireadh leis an scéim sin anois mar go bhfuil deireadh tagaithe le Pléaráca.

In eagarfhocal an leabhair deireann duine de na háisitheoirí a bhíodh ag obair leis na scoileanna an méid seo: “Is aisteach, i mo thuairim phearsanta, gur ag dúnadh doirse na cruthaitheachta atá siad siúd atá i gcumhacht seachas a mhalairt. Is ar dhaoine óga ar chóir dhúinn a bheith ag smaoineamh, na scoláirí óga cruthaitheacha sin atá i gConamara, na filí áitiúla, na scríbhneoirí áitiúla, mar gan iad ní bheadh an chuid seo den tír ar mhapa ins an gcéad áit. Caithfear an cheist a chur: céard a leanfaidh an Pléaráca?

Bachlóga - Col Cholmcille

Daltaí ó Choláiste Cholmcille, Indreabhán, a ghlac páirt sa gCiorcal Scríobhnóireachta a bhí eagraithe anuraidh faoi Chlár Litríochta agus Drámaíochta Phléaráca.

Ar chúl ó chlé: Rónán Ó Curraoin, Ciarán Ó Finneadha, Áine Bhreathnach, Eimear Ní Bhiadha, Eoin Ó Céidigh, Cian Ó hIarnáin, Colm Ó Curraoin.

Sa lár ó chlé: Tiffany Ní Choisdealbha, Fáinche Ní Fhoighil, Liam Mac Donncha.

Chun tosaigh ó chlé: Maela Ní Choistealbha, Anna Ní Chéidigh, Tadhg Óg Mac Donnagáin, Laura Ní Fhlatharta, Chloe Ní Chonghaile, Caroline Ní Chonaire.

[Pictiúr: Donncha Ó hÉallaithe]


Scéim Séarachais an Spidéil

Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag stocaireacht i gcónaí le Láithreán Cóiríola Séarachais a thógáil. Tógadh an scéim séarachais atá sa Spidéal i 1933 agus tá sé ag cur séarachas amh amach sa gcuan in aice le Trá na mBan. De bharr seo tá an Bratach Gorm caillte ag Trá na mBan agus ag Trá na Céibhe.

Is faoi Uisce Éireann atá an cúram anois scéimeanna séarachais a uasghrádú agus níl aon amhras ach go dteastaíonn uasghrádú ó cheann an Spidéil, le go mbeidh níos mó tithe ceangailte leis agus le go mbeidh cóiriú déanta ar an séarachas sul a dtéann sé chun farraige.

Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag lorg cruinniú le Uisce Éireann leis an cás a dhéanamh. I litir a chuir Uisce Éireann le gairid ag an Aire Stáit, Joe Mc Hugh, dúradh go bhfuil an Spidéal ‘san áireamh’ ar liosta an EPA ‘a léiríonn na háitimh in Éireann atá gan saoráidí cóireála dramhuisce’ agus go bhfuil ‘sainchomhairleoir á earcú faoi láthair’ le scóip na hoibre ar an scéim ‘ionas gur féidir leanúint le miondearadh, soláthar conraitheoirí agus céimeanna tógála’.

Idir an dá linn ba bhreá le Comhlacht Forbartha an Spidéil an deis a fháil an scéal faoi Scéim Séarachais an Spidéil a phlé go díreach le Uisce Éireann.


Sonas – Stiúideo Nua Damhsa agus Drámaíochta

Tá Sonas, Stiúideo Nua Damhsa agus Drámaíochta curtha ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta agus Glíscoil na Gaeltachta agus iad ag glacadh le ainmneacha faoi láthair. Tá an stiúideo nua seo lonnaithe in Ionad nua Thuismitheoirí na Gaeltachta ar an gCeathrú Rua, ar chúl na Leabharlainne. ‘Sí an t-aisteoir agus an damhsóir Sorcha Ní Chéide a bheas i mbun fhormhór na ranganna. Thosaigh na ranganna ar an Luan, 28 Meán Fómhair. Tá bileoga eolais á scaipeadh ar scoileanna an cheantair faoi láthair.

CPwykGYWcAAJEDB  CPwynA9XAAAzV_S


Obair Tógála le Tosaí ag Scoil Sailearna

Is gearr go mbeidh tús á chur leis an tógáil mhór atá le déanamh ag Scoil Sailearna. Ar an Déardaoin seo caite síníodh conradh le Gildoc Ltd. as Inis i gContae an Chláir. Ailtirí as Sligeach atá os cionn an togra.

Leis an bhforbairt nua, beidh 4 sheomra ranga breise dhá dtógáil agus leabharlann bhreá. Tógfar na seomraí seo chaon taobh den halla spóirt agus beidh pasáiste chaon taobh den halla freisin. Cuirfear dhá sheomra ar fáil do mhúinteoirí tacaíochta foghlama chomh maith le roinnt oifigí mar pháirt den fhorbairt.

Nuair a bheas an fhorbairt críochnaithe beidh carrchlós breá ar chúl na scoile agus bóthar suas anuas chuige.

Is fada an scoil ag fanacht ar an bhforbairt riachtanach seo. Cuireadh an plean i dtoll a chéile don chéad uair sa mbliain 1999. Roimh deireadh na míosa seo beidh tús curtha leis an obair.


Ceolchoirm i gCill Éinde

Cill Éinde 2015_1Ar an Domhnach seo chugainn, 4 Deireadh Fómhair, beidh an an grúpa Fuaimlaoi ag cur coirmcheoil ar bun i gCill Éinde, An Spidéal, ag tosaí ag 7.00 i.n. Ceol liotúirgeach bunaithe ar an traidisiún Gaelach a bhíonn ar bun ag Fuaimlaoi, grúpa atá ceangailte le Séipéal Naomh Treasa i Sráid Clarendon, Baile Átha Cliath. Is féidir ticéid a chur in áirithe ach scéal a chur ag cilleinde@nulleircom.net, nó iad a cheannach ag an doras. Cuirfidh an ceolchoirm le Fuaimlaoi deireadh le féile tiomnaithe Ardchrois an Spidéil.