Cartlann Nuachta: 30 Samhain 2022

Taisce Chois Fharraige le Seoladh

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Ar an Domhnach seo chugainn, 4 Nollaig, a dhéanfar Taisce Chois Fharraige a sheoladh go háitiúil. Bhí seoladh cheana ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Áirne, ach tabharfaidh an seoladh ar an Domhnach deis do phobal Chois Fharraige an saibhreas cultúrtha ón gceantar a bhlaiseadh.

Dónall Ó Braonáin ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge a dhéanfas an seoladh in Óstán Chois Fharraige ag 6.30pm ar an Domhnach. An t-ábhar atá bailithe go dtí seo ag Taisce Chois Fharraige, tá teacht air ach dul chuig an suíomh idirlín WWW.TAISCECF.IE.

Tar éis an seoladh ar an Domhnach beidh ceolchoirm á chur i láthair ag 7.00pm san Óstán ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus le roinnt aíonna speisialta.


Róise & Frank’ sa tSeanscoil

Ar an Déardaoin seo chugainn, 8 Nollaig, taispeánfar an scannán gleoite, Róise & Frank, i Seanscoil Sailearna ag tosú ag 8.15pm. I nGaeilge atá an scannán, lonnaithe i nGaeltacht na Rinne. Bean as Ros Muc, Bríd Ní Neachtain, atá sa bpríomhpháirt: is baintreach í a cheapann go bhfuil an fear chéile, atá básaithe, tagtha ar ais ar an saol mar mhada! Tá roinnt gradam idirnáisiúnta agus léirmheasanna atá thar a bheith moltach faighte ag an scannán seo, a rinneadh le tacaíocht ó Cine 4, scéim atá ag TG4 le maoiniú a chur ar fáil chun déantús scannán den scoth i nGaeilge a chothú.

An Déardaoin seo, 1 Nollaig, beifear ag taispeáint an scannán ‘QUO VADIS, AIDA?’ i Seanscoil Sailearna. Léiriú drámatúil atá sa scannán ar an sléacht a tharla i Srebrenica, trí shúile aistritheoir de chuid an UN.

Is féidir ticéad a fháil do na scannáin ach dul ag an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, agus na treoracha a leanacht.


Club Leabhar Chois Fharraige

Seacht-dTír-Seacht-dTeanga•clúdach

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ag teacht le chéile Tigh Mholly ar an gCéadaoin, 14 Nollaig, ag 9.00pm leis an leabhar ‘Seacht dTír, Seacht dTeanga’ le Diarmuid Johnson a phlé. Is féidir cóip den leabhar a cheannach díreach ón bhfoilsitheoir ach dul ag an suíomh www.leabharbreac.com nó is féidir cóip a cheannach ón Spailpín Fánach, atá lonnaithe i gCeardlann an Spidéil.


Litir Chuig Santaí

Beidh Tuismitheoirí na Gaeltachta ag tabhairt cúnaimh aríst i mbliana d’fhear na féasóige sa Mol Thuaidh, Santaí, déileáil le litreacha i nGaeilge ó pháistí ar fud na cruinne.

Ní gá don pháiste ach an litir a chur sa bpost chuig an seoladh seo: LITIR CHUIG SANTAÍ, f/ch Tuismitheoirí na Gaeltachta, An Cheathrú Rua, Co na Gaillimhe.

Ní mhór ainm agus seoladh an pháiste a bheith scríofa ar an litir féin freisin agus na litreacha a bheith sa bpost roimh an Máirt seo chugainn, 6 Nollaig.


Sladmhargadh Chló Iar-Chonnacht

Jeaic Ó Cualáin ag dul abhaile go Cill Chiaráin agus é sásta lena mhála lán le leabhair.

Cuirfidh Cló Iar-Chonnacht tús le sladmhargadh na Nollag ar an Déardaoin seo, 1 Nollaig, agus lascaine suas le 50% le fáil ar leabhair agus ar cheol. Leanfaidh an sladmhargadh ar aghaidh go dtí an 23 Nollaig.

Chomh maith le sin, beidh Santaí ar chuairt ar Chló Iar-Chonnacht ar an Satharn seo chugainn, 3 Nollaig, ón 12.00 meán lae go dtí 3.00pm. Beidh féiríní aige do na páistí agus beidh Fearghas Mac Lochlainn ag léamh roinnt sleachta ón tsraith Dónall Dána, atá aistrithe go Gaeilge aige.


Club na bhFoghlaimeoirí

Cliar an dráma Club na bhFoghlaimeoirí 2019

Cliar an dráma a léirigh Club na bhFoghlaimeoirí sa mbliain 2019

Beidh Teacht le Chéile na Nollag ag Cumann Drámaíochta de chuid Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige ar an Satharn, 10 Nollaig, ag 8.30pm i dTigh Chualáin ar an gCoill Rua.

Léireofar ar an oíche gearrdhráma nua ‘Gaeil an Lae Inniu’ atá scríofa ag Máirín Mhic Lochlainn, agus beidh neart ceoil agus amhránaíochta ann freisin.

Fáilte roimh chách ag an ócáid.


Comhrá Cosáin le Seoladh

Lochlainn

Fearghus Mac Lochlainn

Ar an Aoine beag seo, 2 Nollaig, a dhéanfar an leabhar, COMHRÁ COSÁIN, a sheoladh sa gCrompán ar an gCeathrú Rua ag 6.00pm. Agallaimh Bheirte agus Lúibíní do dhaoine óga atá sa leabhar, bailithe agus curtha in eagar ag Fearghus Mac Lochlainn, foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht i gcomhar le Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Beidh sólaistí ar fáil ann chomh maith le margadh leabhar agus earraí Nollag.


Murdar’ ar an Lochán Beag

Beidh leabhar an-spéisiúil á sheoladh ar an Aoine seo chugainn, 9 Nollaig, faoi eachtra a tharla ar an Lochán Beag i 1919, nuair a ionsaíodh beirt dheartháir de mhuintir Dhroighneáin ar an mbóthar gar do Tigh Mholly. Scaoileadh urchair agus lámhachadh duine acu agus fuair sé bás go gairid ina dhiaidh. Ciontaíodh beirt agus cuireadh i bpríosún iad.

Sa leabhar nua, ‘Murdar’ ar an Lochán Beag, tá an eachtra cíortha ag Peadar Ó Máille. Sé Seosamh Ó Cuaig a dhéanfaidh an leabhar a sheoladh ar an Aoine seo chugainn, 9 Nollaig ag 8.00pm, i dTigh Mholly, gar don áit inar tharla an eachtra.


Gaeilge ar an Teallach

Sheol Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga leabhrán nua le gairid, atá dírithe ar thuismitheoirí atá ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge agus níos mó Gaeilge a úsáid ag baile. Díríonn an leabhrán ar théamaí agus gnéithe éagsúla de shaol laethúil an teaghlaigh.

Cuirtear na téarmaí Gaeilge chomh maith le leis an aistriúchán Béarla ar fáil sa leabhrán. Chomh maith le sin, tá cód QR taobh istigh den leabhrán a thugann an foghlaimeoir chuig suíomh idirlín An Fhóraim, áit ar féidir éisteacht le taifeadadh fuaime d’ábhar an leabhráin.

Is féidir cóip den leabhrán a fháil ach teangbháil a dhéanamh le hOifig na Pleanála Teanga: 083 0106294 nó optchoisfharraige@nullgmail.com.


An Spidéal faoi Shoilse

Slua sa Spidéal do Lasadh na Soilsí 2021

Slua sa Spidéal do Lasadh na Soilse 2021

Ar an Domhnach seo chugainn, 4 Nollaig, lasfar Soilse na Nollag sa Spidéal. I mbliana tá cúnamh faighte ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe do na Soilse, chomh maith le síntiúis ó lucht ghnó agus ón bpobal áitiúil.

Beifear ag lasadh na soilse ag Séipéal Cill Éinde ag 5.00 i.n. ar an bpointe. Iarrtar ar dhaoine a bheith ann ag 4.45 i.n.


Lotó na mBreathnaigh

Ní raibh aon bhuaiteoir ar an bpota óir i Lotó Chumann Micheál Breathnach an tseachtain seo caite. Seo a leanas na huimhreacha a tarraingíodh: 8, 10, 24, 29.

An dá ainm a tarraingíodh amach as an hata le €50 ag dul ag chaon duine: Maidhcín Dan Ó Droighneáin, An Tuar Beag, agus Bairbre Uí Chonghaile, Casla.

Cóilín Ó Neachtain ó Bhaile na hAbhann a fuair duais an díoltóra; Maidhc Antaine Ó Conghaile, ón gCnoc, a fuair an dearbhán Tí Dhurcáin.

Tá an pota óir ag méadú i gcónaí, le €11,600 sa bpota óir an tseachtain seo.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

 Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 2, Oughterard 0.

 Sacar (Roinn I): Mac Dara 1, Moyne Villa 2.

 Sacar (Roinn II): Bearna/Na Forbacha 2, Colga B 1.

 Sacar (f18): Bearna/Na Forbacha 2, Athenry 2.

 Sacar (f18): Cois Fharraige 1, Corrib Celtic 2.

 Sacar (f17 Cailíní): Bearna/Na Forbacha 5, Corrib Celtic 0.

 Sacar (f16): Mac Dara 1, Cregmore/Claregalway 0.

 Sacar (f14 Cailíní): Bearna/Na Forbacha 0, Corrib Celtic 5.

 Sacar (f14): Bearna/Na Forbacha 2, Kinvara Utd. 2.

 Sacar (f14): Mac Dara B 3, Maree/Oranmore C 1.


30 Samhain 2022