Cartlann Nuachta: 31 Bealtaine 2017
Cuimhneachán an ‘Mine’
Leacht Cuimhneacháin an Mine agus obair athchóirithe déanta air le gairid.
Is féidir an bróisiúr faoin gComóradh 100 Bliain a léamh/íoslódáil mar PDF ach cliceáil ar an bpictiúr thuas, nó ar an nasc seo (íoslódáil – clic ar dheis) – Cuimhneachán an ‘Mine’ 1917 – 2017.
Tá an chrois nua curtha suas agus an leacht athchóirithe socraithe ar ais sa gcarraig ar an Trá Shalach. Cóil Pheatsaí Ó Féinneadha a rinne an chloch i miotal, atá ina mhacasamhail den chrois a bhí ar an gcéad leacht, a nochtaíodh i 1970. Tá beagán eile oibre le déanamh leis an áit a réiteach don deireadh seachtaine cuimhneacháin, a bheas ag toaí i gceann coicíse, le Aifreann ar an gcladach, in aice láthair na tubaiste, ar an Déardaoin, 15 Meitheamh.
Tá clár an deireadh seachtaine socraithe anois agus tá bróiséirí le piocadh suas sna siopaí agus in oifigí éagsúla sa gceantar le eolas faoi na imeachtaí atá bearthaithe. Seo a leanas an leagan amach a bheas ar an deireadh seachtaine cuimhneacháin:
Déardaoin, 15 Meitheamh, 7.00pm: Aifreann Cuimhneacháin ar an gcladach sa Lochán Beag.
Dé hAoine, 16 Meitheamh, 8.00pm: PLÉASC – dráma faoin aer á léiriú ag FÍBÍN ar an Trá Mhóir, An Choill Rua.
Dé Sathairn, 17 Meitheamh, 2.30pm: Seoladh an leabhair – ‘Mine’ an Locháin Bhig, sa bPoitín Stil, Indreabhán.
Dé Sathairn, 17 Meitheamh, 8.00pm: Ceolchoirm Mhór an Chuimhneacháin i Seanscoil Sailearna, Indreabhán.
Dé Domhnaigh, 18 Meitheamh, 12.00pm: Leacht Chuimhneacháin nuadhéanta á nochtadh i Reilig an Bhóthair Mhóir, Gaillimh.
Ba mhaith leis an gcoiste a mheabhrú do dhaoine go mbeidh an dráma PLÉASC saor in aisce, ach ní mhór ticéid a chur in áirithe mar tá teorainn leis an méid daoine ar féidir a cheadú, ó thaobh sábháilteachta agus rialacha árachais. Más mian le daoine síntiúis a thabhairt, beidh buicéid ar an láthair. Is féidir ticéad a chur in áirithe trí ríomhphost a chur ag an seoladh speisialta pleasc2017@nullgmail.com nó glaoch a chur ar oifig Fíbín ag (091) 505855. Chomh maith leis sin ní bheidh aon chead ag daoine tiomáint síos ag an Trá Mhór an tráthnóna sin. Beifear ag iarraidh ar dhaoine carranna a pháirceáil ag Séipéal an Chnoic agus úsáid a bhaint as córas taistil a bheas curtha ar fail ó Shéipéal an Chnoic go dtí an Trá Mhór.
Foireann Sacair Chois Fharraige ina Seaimpíní
Foireann Sacair Chois Fharraige ar éirigh leo Sciath Chonnachta a thabhairt anoir ó Pháirce Éamonn Deacy ar an Domhnach seo caite, nuair a bhuail siad East United ón Baile Bán leis an scór 4 – 1.
Ar chúl, ó chlé: Ann Marie Brennan (Urraithe), Niall Mac Diarmada, Aodán Ó Maoileoin, Declan Ó Cualáin, Tomás Ó Conghaile, Cuán Mac Dubhghaill, Eoin Ó Céidigh, Eoin Ó Coistealbha, Cathal Ó Conghaile, Dara Mac Dubhghaill, Luke Ó Riada, Seán Ó Donnacha, John Dunworth.
Chun tosaigh, ó chlé: Chris Ó Biadha, Ciarán Seoighe, Michael Ó Conaire, Leon Mac Lochlainn (Capt.), Dónal Ó Ceallaigh, Máirtín Ó Curraoin, Cóil Ó Coistealbha, Liam Mac Donnacha, Gearóid Ó Curraoin. [Pictiúr: Donncha Ó hÉallaithe]
Lá stairiúil ab ea an Domhnach seo caite do Chlub Sacair Chois Fharraige nuair a bhuail an fhoireann sóisear East United ó Chathair na Gaillimhe, i gcluiche ceannais Chonnachta sa Sciath i bPáirc Éamonn Deacy. Thaisteal cuid mhaith daoine isteach go Gaillimh le tacú le foireann na Gaeltachta.
Ón tús bhí buachaillí Chois Fharraige thar barr agus níor thóg sé ach ceithre noiméad orthu an liathróid a chur san eangach. Rinne Dónal Ó Ceallaigh ruathar síos an taobhlíne agus chuir sé an liathróid isteach i mbéal a chúil, áit a raibh Chris Ó Biadha ag fanacht air len é a chur san eangach lena chloigeann. Bhí Cois Fharraige ceann chun tosaigh agus ag imirt thar cionn. Rinne East United ionsaí ar chúl Chois Fharraige ach d’éirigh le Eoin Ó Coistealbha sábhailt iontach a dhéanamh agus a fhoireann a choinneáil chun tosaigh.
Go gairid ina dhiaidh sin cuireadh liathróid fada síos an pháirc. D’éirigh le Chris Ó Biadha sa rása chun an dara cúl a scoráil dá fhoireann. Níor shuigh Cois Fharraige siar agus go gairid roimh leath ama rinne Dónal Ó Ceallaigh cúl íontach a aimsiú nuair a chuir sé liathróid fada isteach chun cúl den chéad ghrád a fháil. Is beag nár éirigh le Chris Beatty cúl eile a aimsiú roimh leath ama, ach bhain an cúl báire na cosa faoi díreach in am.
Sa dara leath thosaigh East United ar an ionsaí agus bhí ar Eoin Ó Coistealbha cúpla sábhailt mhór a dhéanamh. Tar éis 10 noiméad den darna leath, d’aimsigh Mick Ó Conaire an ceathrú cúl do Chois Fharraige. Ach níor ghéill East United agus sa deireadh d’éırigh leo cúl a fháil tar éis 20 nóiméad den darna leath. Chuir siad an liathróid san eangach aríst ina dhiaidh sin, ach rialaíodh go raibh an tosaí ‘offside’. Ba buille mór d’fhoireann na cathrach gur chaill siad an captaen, Martin Mc Donagh, nuair a phioc sé suas an darna cárta buí agus thart ar 10 noiméad fágtha sa gcluiche.
D’imir gach duine ar fhoireann Chois Fharraige le díocas. Bhí siad níos óige agus níos aclaí ná foireann East United. Bhí Leon Mac Lochlainn, an Captaen, thar barr ag imirt i lár na páirce agus thar barr chomh maith ag gríosadh a chuid imreoirí i gcaitheamh an chluiche. Is air a bronnadh an gradam ‘Imreoir an Chluiche’.
Seo a leanas an fhoireann a chuaigh chun páirce: Eoin Ó Coisdealbha, Dara Mac Dubhghaill, Cuán Mac Dughghaill, Declan Ó Cualáin, Tomás Ó Conghaile, Mairtín Ó Curraoin, Dónal Ó Ceallaigh, Leon Mac Lochlainn (Captaen), Cathal Ó Conghaile, Chris Ó Biadha, Mikey Ó Conaire.
Tháinig Gearóid Ó Curraoin agus Cóil Ó Coistealbha isteach mar fhir ionaid. Na fir ionad eile nár usáideadh: Lúc Ó Riada, Eoin Ó Céidigh, Liam Mac Donnacha, Seán Ó Donnacha agus Ciarán Seoighe.
Traenálaithe: Aodán Ó Maoileoin, Niall Mac Diarmada, John Dunworth agus Peter Carpenter.
Leon Mac Lochlainn, Captaen Chois Fharraige agus laoch na himeartha, tar éis dó glacadh le Sciath Connacht, ag Páirc Éamonn Deacy. Bhí an bua ag Cois Fharraige ar fhoireann ó Cathair na Gaillimhe leis an scór 4 – 1. [Pictiúr: Donncha Ó hÉallaithe]
Traidphicnic 2017
Beidh TRAIDPHICNIC ar bun sa Spidéal an chéad deireadh seachtaine de mhí Iúil, ag tosaí ar an Aoine, 30 Meitheamh, agus ag leanacht ar aghaidh go dtí an Domhnach, 2 Iúil. Is gearr go mbeidh an clár ar fáil.
Idir an dá linn tá cúnamh ag teastáil: duine a bheadh ar fáil le feidhmiú mar Oifigeach Sláinte agus Sábháilteachta don deireadh seachtaine. Dá mba spéis leat an ról sin a chomhlíonadh, cuir ríomhphost ag traidphicnic@nullgmail.com.
Fadhb an tSéarachais ar an Spidéal
Phléigh ionadaithe ó Chomhlacht Forbartha an Spidéil an gá atá le córas séarachais sa Spidéal leis an an Aire Stát Seán Kyne le gairid, nuair a thug sé cuairt ar an Spidéal ar chuireadh ón gComhlacht Forbartha. Pléadh na roghanna do phlanda nua séarachais leis agus na bailte fearainn a d’fhéadfaí a cheangailt leis.
Tá Comhlacht Forbartha an Spidéil ag iarraidh go mbeadh Baile Liam, Baile Éamoinn, Baile Ard agus Bothúna mar chuid den scéim séarachais nua, mar go bhfuil na srutháin ó na bailte sin truaillithe ag damhacha séarachais.
Dúirt an tAire Stáit go mbeadh comhlacht innealtóirí ceapaithe ag Uisce Éireann le dul i mbun oibre le plean do phlanda séarachas a leagan amach le linn an tsamhraidh. D’iarr ionadaithe an Chomhlacht Forbartha ar an Aire Stáit go ndéanfaí cinnte dhó go mbeadh éilimh an phobail curtha san áireamh sa dearadh den chóras nua séarachais ón tús agus go mbeadh an scéim inghlactha ag an bpobal áitiúil.
Tá sé mar aidhm ag Comhlacht Forbartha an Spidéil an Bratach Gorm a fháil ar ais don dá thrá. Chuige sin ní mhór leigheas a fháil ar thruailliú na dtrá ón príómhphíopa séarachais agus ó na haibhneacha is na srutháin truaillithe.
Tá an Chomlacht Forbartha sásta go mbeidh fógraí crochta go poiblí ag an gComhairle Contae ag tránna an Spidéil ag míniú do lucht snámha faoin mbagairt ón bhfrídín nua atá san uisce ag na tránna sa Spidéíl.
Ar ndóigh, tá an Brat Gorm ag An Trá Mhór, sa gCoill Rua, thart ar dhá mhíle siar an bóthar ón Spidéal.
Plotanna Móna an Chomharchumainn
Tá móin na bliana seo bainte ag Comharchumann Shailearna Teo. Bhain inneall nua an mhóin i mbliana agus tá an mhóin gearrtha cheana ag an inneall i mbliana agus níos éasca le sábhailt dá bharr. Deirtear i ráiteas ón gComharchumann go bhfuil caighdeán na móna níos fearr i mbliana ná anuraidh.
Tá cúpla plot móna fágtha fós agus éinne a mbeadh spéis acu plot móna a cheannacht is féidir teagmháil a dhéanamh leis an gComharchumann ag an uimhir (091) 593017. €240 an costas ar phlot iomlán (as a bhféadfaí leoraí móna) a shábhailt agus €120 atá ar leathphlot.
Cúrsa sa Saibhreas Teanga
Tá sé fograithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go mbeidh cúrsa seachtaine á chur ar fáil in Áras Uí Chadhain, An Cheathrú Rua, ag tosú ar an Luan, 26 Meitheamh. Beidh an cúrsa dírithe ar shaibhreas agus ar shaíocht na Gaeilge i nGaeltacht Chonamara, le béim ar nádúr na Gaeilge – stór focal, nathanna cainte dúchasacha, tráthúlacht agus deisbhéalaíocht, scileanna aistriúcháin agus cruinneas teanga.
D’fheilfeadh an cúrsa do dhaoine ar ardchaighdeán Gaeilge, ach a airíonn go bhfuil na nathanna cainte ligthe i ndearmad acu, nó go bhfuil an iomarca Béarlachais trína gcuid cainte agus a theastódh cruinneas uathu ina gcuid oibre. €260 atá ar an gcúrsa agus tá tuilleadh eolais le fáil ón suíomh www.acadamh.ie nó trí ríomhphost a sheoladh ag cursaigaeilge@nulloegaillimh.ie nó glaoch a chur ar 091-595101.
Gradam eile do FUTA FATA
Tá gradam eile bainte ag Futa Fata, Gradam Speisialta na Moltóirí don leabhar/CD ‘Bliain na nAmhrán’, a fógraíodh ag ócáid in Amharclann Smock Alley ar an 23ú Bealtaine.
Cnuasach amhrán bunaithe ar na seasúir is ea ‘Bliain na nAmhrán’, iad cumtha ag Tadhg Mac Dhonnagáin agus an leabhar maisithe go hálainn.
Bhí an méid seo a leanas le rá ag na moltóirí, “Cabhraíonn na hamhráin Ghaeilge seo le daoine, idir óg agus aosta, ceiliúradh a dhéanamh ar na séasúir agus ar an dúlra. Is eagrán maisithe é seo de na hamhráin agus tá léaráidí áille sa chnuasach seo a thugann eispéireas céadfach dúinn.”
Tógra uaillmhianach, ach thar a bheith taitneamhach, a bhí i ‘Bliain na nAmhrán’: bhí breis is 40 páiste ó Scoil Shailearna, Indreabhán, páirteach sa taifeadadh, chomh maith leis an bhfonnadóir aitheanta, Caitlín Ní Chualáin ón Teach Mór, Indreabhán.
Tá an leabhar/dlúthdhiosca ar fáil i siopaí maithe leabhar ar fud oileán na hÉireann agus ar líne ag www.futafata.ie
Coláiste Chroí Mhuire ag Scifest
An Dr Uí Chéidigh, Coláiste Chroí Mhuire, ag glacadh leis an nGradam Oideoir de chuid an Chumann Ríoga na Ceimice ag Scifest a reachtáladh sa GMIT le gairid.
Sa bpictiúr, ó chlé: Choe Ní Chonchubhair, Dr. Sheila Ní Fhátharta (GMIT), Dr Uí Chéidigh, Michelle Casburn agus Aoife Ní Chonchubhair.
Tá trí ghradam tugtha leo ag daltaí na hIdirbhliana i gColáiste Chroí Mhuire, An Spidéal, ag an gcraobh réigiúnach Scifest, a bhí ar siúl ag GMIT ar an 11 Bealtaine, 2017. Ghlac 98 tionscnamh aonarach agus tionscnaimh ghrúpa páirt sna himeachtaí. Seo é an chéad uair ag Coláiste Chroí Mhuire páirt a ghlacadh sa gcomórtas.
Bronnadh gradam ceimice BioPharmaChem Ireland ar Michelle Casburn, Aoife Ní Chonchubhair agus Chloe Ní Chonchubhair.
Bronnadh Gradam Oideoir Chumann Ríoga na Ceimice ar a múinteoir, Dr. Uí Chéidigh.
Bronnadh an gradam Matamaitic san Eolaíocht ar Rachel Nic Oireachtaigh, Tessa Croke and Róise Nic Dhonnagáin dá dtionscnamh dar teideal “An dtacaíonn Cuan na Gaillimhe a phobal féin de Dheilfeanna?”
Bhain na scoláirí an-tairbhe as a bheith ag obair ar na tionscnaimh agus fuair siad an-léargas ar an eolaíocht sa ngnáthshaol.
Nuala Ní Fhlathún i Ros Muc
Tá an taispeántas ealaíona de shaothar an ealaíontóra, Nuala Ní Fhlathún (ar chlé), ar bun faoi láthair in Ionad Cultúrtha an Phiarsaigh, Ros Muc, agus beidh sé ann go dtí an Aoine seo chugainn, 9 Meitheamh.
Is as Leitir Móir í Nuala, ach tá cónaí uirthi faoi láthair sa Spidéal.
Saothar grianghrafadóireachta agus dealbhadóireachta measctha atá ann.
Polasaí Oideachais
Bhi cruinniú eolais aréir sa gCeathrú Rua faoin bPolasaí Nua don Oideachas Gaeltachta, eagraithe ag Gaeloideachas. Is de bharr iarratas ó Chumann Forbartha Chois Fharraige agus ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta, a shocraigh Gaeloideachas ar chruinniú breise a eagrú, le seans a thabhairt do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí i nGaeltacht Chonamara eolas a fháil faoina bhfuil beartaithe ag an Roinn Oideachais i dtaobh aitheantas mar Scoil Ghaeltachta agus na impleachtaí a bhaineann le tumoideachas don chéad dhá bhliain sna bunscoileanna.
Tá go dtí coicís ón lá amárach, 15 Meitheamh, ag scoileanna na foirmeacha léiriú spéise a sheoladh ar ais ag an Ionad Gaeltachta atá bunaithe leis an bPolasaí Nua Oideachais don Ghaeltacht a chur i bhfeidhm. Beidh cúig bliana tugtha do scoileanna na critéir a bhaineann le stádas Gaeltachta a shásamh agus cé go bhfuil acmhainní breise geallta do scoileanna, ni léir fós céard iad na hacmhainní sin.
Tá Cumann Forbartha Chois Fharraige buíoch don eagraíocht Gaeloideachas a bhí sásta cruinniú breise a chur ar bun i nGaeltacht Chonamara, nuair a léiríodh míshástacht i dtosach faoi cruinniú eolais a bheith eagraithe ar an taobh eile de Ghaillimh, le freastal ar thuismitheoirí ó Ghaeltacht Chonamara.
Torthaí Spóirt ón Deireadh Seachtaine
Sacar (Sciath Chonnacht): Cois Fharraige 4, East Utd 1.
Iomáint (f12): Ml. Breathnach 6 – 08, Tuam 2 – 04.
Iomáint (f12): Ml. Breathnach 1 – 01, Skehana 4 – 01.
Iomáint (f12): Bearna/Na Forbacha 3 – 02, Creachmhaoil 4 – 04.
Peil (Roinn 6): An Spidéal 6 – 04, St. Michaels 3 – 17.
Peil (Roinn 3): An Spidéal 5 – 14, Cora Finne 5 – 13.
Peil (Roinn 2): Ml. Breathnach 0 – 13, St. Michaels 1 – 09.
Peil (Roinn 5): Ml. Breathnach 0 – 05, Salthill/Knocknacarra 3 – 14.
Peil (faoi 13, 2B): An Spidéal 2 – 16, Bearna 0 – 01.
Peil (faoi 15, 2B): Ml. Breathnach 2 – 12, An Spidéal 0 – 06.
31 Bealtaine 2017