Cartlann Nuachta: 31 Deireadh Fómhair 2018

Briseadh Croí do na Breathnaigh

Ciarán Ó Laoi leis an gCorn

Ciarán Ó Laoi, captaen foireann An Spidéil, le Corn Johnny Cotter ina ghlaic théis do pheileadóirí An Spidéil a gcuid comharsain a bhualadh in am breise san athimirt den Chluiche Ceannais Idirmheánach, a imríodh i Staid an Phiarsaigh, Dé Domhnaigh seo caite.

Is ag An Spidéal a bhí an bua tar éis am breise, ar an Domhnach seo caite i Staid an Phiarsaigh, nuair a chas An Spidéal ar Chumann Micheál Breathnach san athimirt de Chluiche Ceannais an Chontae sa ngrád idirmheánach.

Ní raibh tada idir na fóirne agus ag leath ama, bhí na Breathnaigh cúilín amháin chun tosaigh. Ach ag dul isteach sa darna leath bhí buntáiste mór acu, mar go bhfuair duine de imreoirí an Spidéil cárta dearg ag deireadh an chéad leath.

Ach níor éirigh leis Na Breathnaigh an buntáiste a úsáid agus choinnigh an Spidéal leo. Tar éis 26 nóiméad den darna leath chuaigh An Spidéal chun cinn, ach má chuaigh, d’éirigh le Ruadhán Ó Curraoin ó na Breathnaigh dhá chic saor a chur thar an trasnán. Bhí an chuma air go mbeadh Corn Johnny Cotter á thabhairt siar go dtí An Cnoc, ach fuair An Spidéal cic saor in am gortaithe, de bharr gaisce an chúl báire Maghnus Breathnach. Bhí a fhoireann cúilín chun deiridh ag tíocht ag deireadh am gortaithe. Tháinig sé aníos an pháirc leis an liathróid, thug sé gualainn leis an gcéad duine de na Breathnaigh a chas leis agus choinnigh sé air agus d’éirigh leis saor chic a bhuachaint thart ar 30 slat amach, a chuir sé thar an transnán leis an cluiche a chothromú. Eisean a shábháil An Spidéal leis an éacht a rinne sé. Roimhe sin sa gcéad leath, d’éirigh leis cic éirice a shábháilt.

Maghnus Breathnach, cúl báire an Spidéil, a rinne éacht sa gcluiche ceannais idirmheánach in aghaidh Cumann Micheál Breathnach, nuair a rinne sé ruathar óna chúl ag deireadh in am gortaithe leis an gcluiche a chothromú. Murach an ruathar sin a rinne Maghnus gach seans go mbeadh an cluiche ag na Breathnaigh.

In am breise bhí an dá fhoireann traochta amach, ach sé An Spidéal is fearr a chruthaigh ag scóráil trí chúilín – péire ó saorchiceanna – nuair nach raibh mar fhreagra ag Na Breathnaigh ach cúilín amháin ó saorchic.

Cluiche spóirtiúl a bhí ann agus má bhí lúcháir ar imreoirí An Spidéil thuig Na Breathnaigh nár thapaigh siad an deis, nuair a bhí imreoir sa mbreis acu sa darna leath, chun níos mó scóranna a fháil.

An chéad bhliain eile beidh An Spidéal ag imirt sa ngrád sinsir agus beidh Cumann Micheál Breathnach ag caitheamh bliain eile i measc na bhfóirne idirmheánach.

Sé Dara Mac an Rí a roghnaíodh mar laoch na himeartha. Scóráil sé cúl den scoth ón imirt sa gcéad leath go gairid tar éis do Rónán Mac Donnacha cúl a fháil do Na Breathnaigh, ach chomh maith leis sin, d’éirigh leis an cúilín a fháil ón imirt, rud a chuir An Spidéal chun cinn san am breise.

D’imir Fiontán Ó Curraoin cluiche íontach do Na Breathnaigh i lár na páirce agus dá mbeadh an bua ag na Breathnaigh gach seans gur air a bhronnfaí laoch na himeartha. Beidh lá eile ag na Breathnaigh.

Foireann Idirmheánach An Spidéil 2018

Foireann Peile Idirmheánach de chuid CLG an Spidéal, 2018, a bhuail foireann idirmheánach ó Chumann Micheál Breathnach in am breise le craobh an chontae a bhuachtaint.

Ar chúl, ó chlé: Seán Ó Curraoin, Ciarán Ó Droighneán, Antaine Ó Laoi, Gearóid Ó Conghaile, Maghnus Breathnach, Dara Mac an Rí, Eoin Ó Droighneáin, Brian Mac Cathmhaoil, Aodán Ó Curraoin, Alan Melia, Liam Ó Conghaile, Aodán Ó Droighneán.

Chun tosaigh, ó chlé: Ciarán Ó Laoi (Captaen), Pádraig Eoin Ó Curraoin, Éamon Ó Conláin, Finnian Ó Laoi, Cormac Ó Laoi, Liam Ó Ceallaigh, Brian Ó Conghaile, Criostóir Ó Márta, Séamus Ó Droighneán, Micheál Ó Curraoin.


Briseadh Croí do na Báireoirí Freisin

Foireann Iomána CMB (2018)

Foireann iománaíochta Chumann Micheál Breathnach a buaileadh i gCluiche Leathcheannais an Chontae sa gComórtas Sóisear a hAon, a ath-imríodh in aghaidh Bhéal Átha an tSlua, an Máirt seo caite faoi shoilsí.

Ar chúl, ó chlé: Éinne Ó Conghaile, Jack Mac Giolla Bhríde, Breandán Mhaidhc Ó Conghaile, Marc Dwyer, Kevin Mhaidhc Ó Conghaile, Joe Antaine Mhaidhc Ó Conghaile, Gearóid Mhaidhc Ó Conghaile, Máirtín Ó Neachtain, Séamus Ó Fátharta.

Chun tosaigh, ó chlé: Seán Ó Donnchú, Rónán Ó Beoláin, Maidhc Antaine Mhaidhc Ó Conghaile, Rónán Mac Donnacha, Jack Dowling, Liam Mac Donnacha, Adrian Ó Tuathail, Dinny Ó hÉallaithe.

Bhí briseadh croí in ann don fhoireann iománaíochta ó Chumann Micheál Breathnach chomh maith. An tseachtain seo caite bhí cluiche leath-cheannais an chontae sa gcomórtas Sóisear a hAon (clubanna iománaíochta nach bhfuil aon fhoireann sinsir ná idir idirmheánach acu) ar bun faoi soilsí i Leacht Seoirse agus an cuma air go raibh foireann Chois Fharraige tríd go dtí an chluiche cheannais, agus iad 4 cúilín chun tosaigh ar Bhéal Átha an tSlua in am gortaithe. Ach chlis ar na soilsí agus b’éigean an cluiche a athimirt.

Máirt na seachtaine seo imríodh an cluiche aríst faoi soilsí. Níor chlis ar na soilsí an babhta seo agus chlis ar Na Breathnaigh an fhoireann ó Bhéal Átha an tSlua a chloí an babhta seo, agus chaill báireoirí Chois Fharraige an cluiche le dhá chúilín, le deireadh a chur leis an séasúr iománaíochta.


Club Leabhar Tigh Mholly

Féile Leabhar Tigh Mholly 2018

D’éirigh thar cionn leis an gcéad ‘Féile Leabhar Chois Fharraige’ i dTigh Mholly, Indreabhán, agus ba mhaith le Club Leabhar Chois Fharraige buíochas ó chroí a ghabháil le muintir Chois Fharraige a thug an-oiread tacaíochta dúinn le linn na féile. Bhí sár-fhéile ann agus thug sé an-misneach dúinn tabhairt faoi arís don chéad bhliain eile.

Beidh Club Leabhar Chois Fharraige ar an mbóthar go Baile Locha Riach ar an Déardaoin, 8 Samhain, do sheoladh agus léamh drámata ar ‘Mac na Mná Déirce’ le Séamus Ó Ceallaigh. Níl ach cúig euro ar an leabhar agus ní gá ach dul i dteangmháil linn ar clubleabharcf@nullgmail.com chun cóip a fháil agus le háit a chur in áirithe ar an mbus. Tá muid ag súil le sár-oíche in éineacht le Club Leabhar Eachraíochta agus Sóisialta Bhaile Locha Riach agus is í Bláthnaid Ní Chofaigh atá ag seoladh an leabhair.


Liathróid Láimhe – Craobh na hÉireann faoi 21

Cian Ó Conghaile agus Diarmaid Mulkerrins

Cian Ó Conghaile, Cor na Rón, Indreabhán, agus a pháirtí imeartha, Diarmaid Mulkerrins ó Mhaigh Chuilinn, ar éirigh leo Comórtas Craobh na hÉireann faoi 21 a bhuachaint, an deireadh seachtaine seo caite sa liathróid láimhe in aghaidh Cill Chainnigh, leis an scór 21 -12, 21- 12.

Is le Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach a bhíonn Cian ag imirt ach geansaí na Gaillimhe a bhí air ag an deireadh seachtaine.


Teorannacha Luais ar Bhóthar Chois Fharraige

Is cosúil go bhfuil na comhairleoirí contae ag tabhairt aird ar na haighneachtaí éagsúla a tháinig isteach ón bpobal faoi na teoranna luais ar Bhóthar Chois Fharraige, do réir an dréacht atá ullmhaithe le cur os comhair cruinniú iomlán an Chomhairle Contae.

I gceantar an Chnoic tá meascán mearaí de theorannacha éagsúla ann, ach mhol an Cumann Forbartha na teoranna a shimpliú. Séard atá molta anois ná go mbeidh 80km/uair ó Shéipéil na Tulaí go dtí Bóthar na Reilge ar an gCnoc, áit a bheas 50km/uair go dtí go mbeidh Siopa an Phobail bailithe, agus ina dhiaidh sin go mbeidh 80km/uair go dtí Bothúna, áit a laghdaítear é go 50km le dul tríd an sráidbhaile. Ag bun Bhóthar Baile Éamonn ardóigh sé arís go 80km/u ar an gcuid eile den bóthair dtí Séipéal na bhForbacha, áit mbeidh 50km/u i bhfeidhm go mbeidh Scoil na bhForbacha bailithe. Beidh 80km/u i bhfeidhm go sroistear imeall Bhearna agus beidh 50km/u i bhfeidhm an cuid eile den bhealach isteach go dtí an cathair.

Beidh 50km/uair i bhfeidhm ag Scoil Sailearna ar feadh tréimhse ar maidin agus san iarnóin, nuair a bhíonn gasúir ag dul ag an scoil nó ag tíocht abhaile.


BISEACH 2018 sna Siopaí

Biseach

Seoladh eagrán na bliana seo den iris BISEACH ar an gclár Iris Aniar ar Raidió na Gaeltachta an tseachtain seo caite. Cumann Forbartha Chois Fharraige a fhoilsíonn BISEACH go bliantúil. Cheana féin tá sé díolta amach i roinnt de na siopaí i gCois Fharraige.

Seo a leanas na siopaí ina bhfuil BISEACH 2018 le ceannach:

Tigh Clarke, Bearna; Tigh Slemon, Na Forbacha; Tigh Mháirtín O Donnell, An Spidéal; An Spailpín Fánach, Ceardlann An Spidéil; Cló Iarchonnacht, An Spidéal; Siopa Joyce, An Cnoc; Tigh Dhurcáin, Baile na hAbhann; Tigh Sé, Ros a’ Mhíl, Tigh Ghearóid Mháirtín Bán, Casla; Tigh Nioclás Ó Conchubhair, Casla; Siopa Mhicí Mhéimí, An Cheathrú Rua; Tigh Mhic Dhonnacha, Béal a’ Daingin; Tigh Ruaidhrí Ó Conchubhair, Leitir Móir; Tigh Uí Mháille, Ros Muc.

Tá 80 leathanach ar fad in eagrán na bliana seo den iris, agus mar is gnáth, tá meascán breá ábhar ann le neart grianghrafanna idir sean agus nua.

Is féidir ceann a fháil tríd an post, go seoladh ar bith in Éirinn, ach seic nó ordú poist de luach €7.50 a chur ag CUMANN FORBARTHA CHOIS FHARRAIGE, Na hAille, Indreabhán, Co na Gaillimhe.


Toghchán na hUachtarántachta i gCois Fharraige

Seo leanas na torthaí ó na ceantracha éagsúla vótála i gCois Fharraige i dtoghchán na hUachtarántachta.

  • Na Forbacha: Higgins (285); Casey (113); Ní Riada (28); Freeman (26); Gallagher (10) agus Duffy (9).
  • An Spidéal: Higgins (627); Casey (171); Ní Riada (125); Freeman (54); Gallagher (35) agus Duffy (21).
  • An Cnoc: Higgins (290); Casey (66); Ní Riada (76); Freeman (24); Gallagher (13) agus Duffy (5).
  • An Tulach: Higgins (138); Casey (35); Ní Riada (38); Freeman (8); Gallagher (20) agus Duffy (7).
  • Ros a’ Mhíl: Higgins (105); Casey (33); Ní Riada (26); Freeman (11); Gallagher (20) agus Duffy (3).
  • Cois Fharraige: Higgins (1445); Casey (418); Ní Riada (293); Freeman (123); Gallagher (84) agus Duffy (45).

Fuair Michael D. Higgins 60% den vóta i gCois Fharraige; Peter Casey 17% agus Liadha Ní Riada 12%.


Comórtas Grianghrafadóireachta

Comhar CreidmheasaTá Comórtas Mór Grianghrafadóireachta á reáchtáil ag Comhar Creidmheasa Cholm Cille. Le bheith san iomaíocht sé an Aoine seo chugainn an lá deireannach le grianghraf a sheoladh isteach. Is é téama an chomórtais i mbliana ná ‘An Nádúr’.

Roghnófar 12 grianghraf le cur i bhféilire Chomhar Creidmheasa Cholm Cille 2019. Bronnfar duais €50 ar an duine a thógann an grianghraf a théann ar chlúdach an fhéilire.

Le bheith páirteach sa gComórtas ní gá ach grianghraf a sheoladh chuig feilireccccteo@nullgmail.com


Aisteoirí Chois Fharraige ag Dul go Boston

Aisteoirí Chois Fharraige ag Éigse Dara Beag 2018

Cumann Drámaíochta Chois Fharraige in Inis Meáin

An chéad mhí eile beidh Cumann Drámaíochta Chois Fharraige ag dul go Meiriceá, leis an dráma le Martin McDonagh, ‘Cripil Inis Meáin’, aistrithe go Gaeilge ag Micheál Ó Conghaile.

Beidh an dráma á chur ar stáitse i Halla St. Gregory’s Church, Dorchester, ar an Aoine agus ar an Satharn, 23/24 Samhain.


Scannán ón bhFrainc sa tSeanscoil

JEUNE_FEMME_2018

Radharc as an scannán ón bhFrainc JEUNE FEMME a bheas le feiceáil i Seanscoil Sailearna, an Déardaoin seo, 1 Samhain, ag tosú ag 8.15pm.

Scéal grá, lonnaithe i bPáras, atá ann.

Ar an Déardaoin seo, 1 Samhain, beidh scannán ón bhFrainc, JEUNE FEMME, á thaispeáint ar an scáileán mór i Seanscoil Sailearna ag tosaí ag 8.15pm.

Tá scéal an scannáin suite i bPáras an lae inniu: bean óg a thagann ag an gcathair tar éis di briseadh suas lena páirtí agus gan tada aici ach a caitín bán. Éiríonn leí casadh le daoine spéisiúla sa gcathair.

An tseachtain seo caite taispeánadh an scannán faisnéise AN TURAS CAMINO sa tSeanscoil faoin turas 2,500km a rinne ceathrar as Ciarraí i naomhóg (curach canbháis). Bailíodh €184 ar an doras a bheas le cur ag an RNLI, an eagraíocht dheonach a chuireann na báid tarrthála ar fáil timpeall ar an gcósta.


An Gaelbhratach ag Coláiste Cholmcille

GaelbhratachAr an Aoine seo caite thug Uachtarán Oireachtas na Gaeilge, Máirín Uí Chonghaile, cuairt ar Choláiste Cholmcille, Indreabhán, mar chuid den ceiliúradh ar an nGaelbratach a bheith bainte amach ag an scoil don tríú bliain as a chéile.

Thosaigh an mhaidin le grúpa ceoil ag seinm poirt agus ansin chas roinnt de na scoláirí a bheas ag glacadh páirt san Oireachtas amhráin sean-nóis. Léadh dánta ar théama na Gaeilge agus Bliain na Gaeilge, cumtha ag na scoláirí féin. Léadh “An tEarrach Thiar” le Máirtín Ó Direáin, le tionlacan ceoil concertina, in ónóir an chuairteora as Árainn, sul má labhair cathaoirleach an Ghaelbhrataigh, Teresa Clifford, faoin éacht atá déanta le cúpla bliain.

D’ardaigh an tUachtarán an bratach ansin, sul má bhronn sí duaiseanna ar scoláirí a bhí buacach i gcómórtas a reachtáil Cumann Béaloidis Chonamara. Bronnadh an chéad duais, teastas agus seic €100, ar Anna Nic Lochlainn, an dara háit, teastas agus seic €75 ar James Ó Ráinne agus an tríú háit, teastas agus seic €50 ar Chathal Ó Tuathail, agus teastas freisin ar Shéamus Ó Gallachóir.

Ina dhiaidh sin bronnadh cóipeanna den iris BISEACH 2018 ar chúigear scoláire a bhfuil dánta leo foilsithe san eagrán is déanaí: Róisín Ní Chonghaile, Robert Ó hAllúráin, Clodagh Nic Aodh, Tomás Ó Curraoin & Aoife Ní Choisdealbha.

Seinneadh roinnt amhráin comhaimseartha aistrithe ansin sul má cuireadh clabhsúr leis an ócáid le dán ó Uachtarán an Oireachtais.

Lean an ceiliúradh ar aghaidh le cóisir na Samhna agus disco agus daoine gléasta suas in éide bréige chun airgead a bhailiú d’ospidéal Shráid an Teampaill.


Oíche Oscair An Spidéil

Ar an Satharn, 10 Samhain, beidh Oíche na nOscars ar bun in Óstán na Páirce, ar mhaithe le Páistí Chernobyl, atá ag fulaingt mar thoradh ar an timpist sa staisiún núicléach sa mbliain 1986. Beidh Oscar le fáil ar an oíche don té is fearr gléasta, don fheasteas is fearr agus go leor eile. Is féidir gléasadh go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil nó i gculaith bhréige. Tá €30 ar na ticéid, ar a mbeidh fáiltiú le fíon agus cáis, suipéar agus damhsa go maidin ansin. Tá na ticéid ar fáil ó Tigh Mháirtín O Donnell (Texaco) agus ó Tigh Mhic Phroinnsias (Spar). Tosóidh an oíche spraoi ag 7.30pm.


Torthaí Spóirt

Peil (Idirmheánach): Spidéal 1 – 13, Ml Breathnach 1 – 11.

Iomáint (Sóisear 1): Bearna/Na Forbacha 1 – 10, Ballygar 1 – 16.

Iomáint: Coláistí Chois Fharraige 3 – 08, Coláiste na Coiribe 5 – 16.

Iomáint (Sóisear 1): Ml. Breathnach 0 – 11, Béal Átha an tSlua 2 – 7.

Sacar (Corn Brennan): Cois Fharraige 6, Glenhest Rovers 0


31 Deireadh Fómhair 2018