Cartlann Nuachta: 31 Eanáir 2024

Corn Uí Chadhain don Spidéal

Foireann Díospóireachta le Corn Uí Chadhain 2024

Foireann Díospóireachta Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal, le Corn Uí Chadhain (Sinsear), a bronnadh orthu an tseachtain seo caite, ag Craobhchomórtas Díospóireachta na hÉireann, eagraithe ag Gael Linn.

Ó chlé: Fionnán Ó Coistealbha, Róise Ní Churraoin agus Éabha Ní Chonghaile.

D’éirigh leis an dá fhoireann díospóireachta ó Choláiste Chroí Mhuire, an Spidéal, dul chomh fada le craobh náisiúnta de Chomórtas Díospóireachta Uí Chadhain, a reáchtáladh ar an Tulach Mór ar an 24 Eanáir.

Ar an bhfoireann sóisearach bhí Lorcan Ó Curraoin, Evan Cox agus Glaisne Mac Réamoinn agus bhí an triúr ag caint i bhfábhar an rúin “Ba cheart don CLG a chuid stocaí a tharraingt aníos.” Rinne siad an-chaint go deo agus b’éacht í dul chomh fada leis an gCraobh, cé nár éirigh leo an uair seo.

Ina dhiaidh sin bhí Comórtas na Sinsear ann agus ar an bhfoireann sin bhí Fionnán Ó Coisdealbha, Róise Ní Churraoin agus Éabha Ní Chonghaile. Is acu a bhí an bua agus thug siad leo Corn Uí Chadhain tar éis cainteanna breátha a dhéanamh in aghaidh an rúin “Faigheann an Ghaeilge cothrom na féinne ó reachtaíocht na tíre seo.”


Camchuairt ar an Spidéal

Grúpa ón Irish Tour Operators Association ar Dhroichead Timín Joe Tim, thar Abhainn Boluisce, agus iad ar chuairt ar An Spidéal Dé Sathairn seo caite, cuairt a bhí eagraithe ag Comhlacht Forbartha An Spidéil.

Bhí comhdháil an ITOA (Irish Tour Operators Association), an t-eagras a dhéanann ionadaíocht ar son na gcomhlachtaí turasóireachta ar fud na tíre ar fad, in Óstán an Glenn Ló Abbey ar feadh an deireadh seachtaine. Mar chuid den chomhdháil thug suas le trí scór ionadaí camchuairt ar An Spidéal trathnóna Dé Sathairn, áit a ndearnadar Siúlóid Treoirithe ón gCéibh Nua soir le cósta go dtí an Áirdín Buí, suas tríd an gCeardlann chomh fada le Stiúdió Cuan, áit ar bhfuaradar blaise de bheatha an Bhuilín Blasta, beoir ó Dhrioglann na Ceathrún Rua, Nua Fhaisiún ó Shiopa Standún agus plúr an cheoil agus damhsa ó ealaíontóirí áitiúla.

Dúirt eagraithe an chamchuairt, Pádraic Mac Diarmada ó Chomhlacht Forbartha an Spidéil agus Pádraic ó Ráinne ó Connemara Pub Tours, gur lá iontach a bhí anseo don turasóireacht chultúrtha sa Spidéal agus gur deá-chomhartha á bhí ann do chúrsaí turasóireachta i gConamara Theas, leis an méid sin daoine as Tionscal an Fháilteachas, ag fáil léargas agus blaiseadh de Chois Fharraige mar cheann scríbe turasóireachta.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fháilte Éireann, Paul Carty agus Cathaoirleach Fháilte Éireann, Ruth Andrews, go raibh siad an-tógtha leis an gcamchuairt ó thús go deire agus go raibh féidearthachtaí ollmhóra don chultúr mar áis turasóireachta ag An Spidéal.

Dúirt Meadhbh Seoighe thar cheann Údarás na Gaeltachta, a rinne urraíocht ar an gcamchuairt, gur comhartha dóchais é an méid sin de stiúrthóirí chinn scríbe na turasóireachta a bheith tagtha le chéile sa Spidéal, baile atá ar thairseach na Gaeltachta.


Maidin Caifé ar an Spidéal

Beidh Maidin Caifé ar bun sa mBláth Fiáin, an bhialann nua ar An Spidéal, ar an Aoine beag seo, 2 Feabhra ag 11.00am, áit a mbeidh comhluadar breá ag castáil le chéile.

Bíonn an mhaidin caifé míosúil á eagrú ag Fóram Chois Fharraige um Phleanáil Teanga, ar an gcéad Aoine den mhí.

Fáilte roimh chách, ar ndóigh.


Ceoltóirí Óga Chois Fharraige

Tá cúpla seachtain ghnóthach amach roimh Cheoltóirí Óga Chois Fharraige. Bíonn seisiúin sheachtainiúla do ghasúir bhunscoile ar bun san ITT chuile Dhomhnach agus iad ag cleachtadh faoi láthair don fhéile nua TONNTA, a bheidh ar bun i gcathair na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo chugainn. Mar chuid de TONNTA beidh siad ag casadh in Ionad Siopadóireachta na Faiche Móire Dé Sathairn ag meánlae. Is í seo an chéad uair do chuid de na gasúir a bheith ar stáitse ag ócáid phoiblí.

Tá na déagóirí agus na mic léinn iad féin cruógach. Thapaigh siad an deis le roinnt seachtainí anuas cur lena stór port agus rinne siad ceardlanna le Johnny Óg Connolly, le Erin McGewon agus le Becky Ní Éallaithe. Beidh na ceoltóirí sa ngrúpa sóisir ag casadh ag ócáid ‘Bánú’ ar an 9 Feabhra sa bPoitín Stil. Lár mí Feabhra beidh thart ar dheichniúr acu ag triall ar Scoil Cheoil an Earraigh i mBaile an Fheirtéaraigh i gCorca Dhuibhne agus beidh an grúpa is sine ag casadh ag ‘Oíche Cheoil do Vince’, i dTigh Chualáin ar an 16 Feabhra.

Is í príomhaidhm Cheoltóirí Óga Chois Fharraige spás sóisialaithe a sholáthar do dhaoine óga a bhfuil Gaeilge acu agus iad sásta í a labhairt. Ní fhéadfaí aon chuid den obair thábhachtach pobail seo a dhéanamh gan na meantóirí a bhíonn ag obair go deonach leis na ceoltóirí óga.


TONNTA i nGaillimh

Liam Ó Maonlaí, a bheas ag casadh ag an bhféile TONNTA

An deireadh seachtaine seo beidh féile nua ar bun i gCathair na Gaillimhe don chéad uair, le ceiliúradh a dhéanamh ar an gcultúr Gaelach i gCathair na dTreabh. Beidh neart imeachtaí ar bun ar feadh an deireadh seachtaine: cuirfear tús le imeachtaí ar an Déardaoin seo, Lá ‘le Bríde, le Seisiún Ceoil na mBan sa gCrane Bar ag 6.00pm. Tá réimse leathan imeachtaí ar an gclár, idir ceolchoirmeacha agus seónna. Beidh Céilí saor in aisce faoin aer ar bun ar an bhFaiche Mhór i nGaillimh ag 2.00pm ar an Satharn leis an Galway International Retro Orchestra ag casadh ceol bríomhar le haghaidh seiteanna agus damhsaí céilí. Beidh fáilte roimh gach cineál damhsóir agus beidh treoir ar fáil faoi na gluaiseachtaí.

Beidh LIAM Ó MAONLAÍ sa Taibhdhearc ar an Satharn ag 8.00pm agus beidh ALTAN, an sár-ghrúpa ceoil ó Ghaeltacht Dhún na nGall, i Halla na Cathrach (Town Hall Theatre) ar an Aoine, 2 Feabhra, ag 8.00pm.

Tá an fhéile TONNTA eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge. Tá breis eolais faoi na himeachtaí go léir ar fáil ar an suíomh idirlín TONNTA.EU agus is féidir ticéid a chur in áirithe do na ceolchoirmeacha ar an suíomh chomh maith.


Flóra Chonamara

Seileastram Dearg (Flóra CF

Déardaoin seo caite bhí tíocht le chéile spéisiúil ag Cumann Béaloideasa Chonamara in Acadamh na hOllscolaíochta ar an gCeathrú Rua, nuair a labhair Seathrún Ó Tuairisg faoi ‘Flóra Chonamara’. Cuireadh an spéis sna hainmneacha dúchasacha a bhí bailithe ag Seathrún do na plandaí coitianta atá le feiceáil sa gceantar.

Tá Seathrún le roinnt blianta anuas ag bailiú eolais agus ag tógáil pictiúr de na bláthanna is na plandaí atá ag fás go nádúrtha i gConamara, ar thalamh féarach, ar na portaigh, cois chladaigh agus ar thalamh fliuch. Tá toradh a chuid oibre curtha aige ar ‘Flóra Chois Fharraige’, suíomh idirlín a chruthaigh sé lena chuid eolais a chur ar fáil don phobal – tá nasc ar fáil ar dheis. Ar an suíomh tugtar léargas ar phlandaí dúchasacha agus neamh-dhúchasacha atá ar fáil i gConamara.

Níos deireanaí i mbliana tá súil ag Seathrún leabhrán a fhoilsiú, le tacaíocht ó Chumann Forbartha Chois Fharraige, ina mbeidh an t-eolas agus na pictiúir ar fáil.

Ag deireadh na míosa seo beidh an chéad ócáid eile ag Cumann Béaloideasa Chonamara, nuair a thabharfaidh an Dr. Clíodhna Ní Mhurchú léacht ar Elsie Murphy, dochtúir a bhí i gCeantar na nOileán le linn Cogadh na Saoirse agus a cuireadh i bpríosún le linn an Chogadh Cathardha, mar go raibh sí gníomhach i gCumann na mBan.


BÁNÚ sa bPoitín

Beidh Oíche Mhór Ceoil, Spraoi agus Damhsa ar bun seachtain ón Aoine seo, 9 Feabhra, sa bPoitín Stil, eagraithe ag BÁNÚ, ar mhaithe le airgead a bhailiú don fheachtas atá ar bun ag an eagraíocht nua-bhunaithe, maidir le soláthar tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa nGaeltacht.

I measc na ngrúpaí is na gceoltóirí a bheas ag casadh beidh Clann Sonny ó Leitir Mealláin; Ruaidhrí Mac an Iomaire agus na Rógairí; Johnny Óg Connolly agus a chairde; Ceoltóirí Óga Chois Fharraige agus Micheál Darby Ó Fátharta.

Níl ach €10 ar na ticéid a bheas le ceannach ar an doras, nó ó Ticket Tailor. Is féidir ticéid a cheannach nó síntiús a thabhairt ach an nasc seo a leanas a úsáid: https://buytickets.at/bn/1117857.


Ballraíocht le Cumann Micheál Breathnach

Tá CLG Micheál Breathnach ag glacadh le baill nua faoi láthair. Cuirfear fáilte roimh imreoirí óga agus daoine fásta, agus glacfar le baill thar lear fiú. Más gasúr atá á chlárú chaithfí sonraí do thuismitheoir/caomhnóir amháin, ar a laghad, a chlárú chomh maith.

Iarrtar go mbeadh baill nua cláraithe roimh 31 Márta i mbliana.

Is féidir eolas maidir le praghsanna agus coinníollacha an chumainn a fháil ar an gcuntas Facebook.


Clubanna Sacair na Gaeltachta

Bhí dhá chluiche tábhachtach ag clubanna sacair na Gaeltachta ar an Domhnach seo caite i Roinn I (Fir) de Shraithchomórtas na Gaillimhe. Chaill Cois Fharraige as baile in aghaidh Craughwell United, an fhoireann atá ar bharr an tábla. D’éirigh le Mac Dara, atá sa dara áit, an trí phointe a thabhairt leo ag imirt Cregmore/Claregalway sa mbaile. Fágann na torthaí sin go bhfuil Mac Dara sa dara áit ar an tábla le 26 pointe, 6 phointe taobh thiar de Craughwell United agus dhá phointe chun tosaigh ar Salthill Devon B. Tá cúig chluiche fós le imirt ag an trí fhoireann ar bharr an tábla.

Sa gceathrú áit ar an tábla tá Cumann Sacair Chois Fharraige ar 19 phointe ach 7 gcluiche fós le imirt. Beidh ceann de na cluichí le imirt in aghaidh Mac Dara na Ceathrún Rua.


Tráth na gCeist do Scoil Sailearna

Tá Tráth na gCeist á reáchtáil ag Coiste na dTuismitheoirí ag Scoil Sailearna i dTigh Chualáin, ar an Aoine 9 Feabhra. Cuirfear tús le cúrsaí ag 8.00i.n. Beidh crannchur agus neart duaiseanna le buachan ar an oíche.

Táille de €40 atá ar bhord de cheathrar, nó €10 an duine aonair.

Fáilte roimh chách!


ITT i mBaol a Dúnta

An tIonad Tacaíochta Teaghlaigh, Indreabhán

Tá an baol arís ann go ndúnfar an tIonad Tacaíochta Teaghlaigh, atá lonnaithe ar chúl Séipéal an Chnoic, in Indreabhán.

Tá sé fógartha ag an ITT go bhfuil ciorrú le déanamh ar chuid de na seirbhísí a chuirtear ar fáil ann, mar go bhfuil an bainisteoir a bhí ann le bliain anuas ag éirí as ag deireadh mí Feabhra. Deirtear sa teachtaireacht a seoladh amach chuig tuismitheoirí nach mbeidh an t-ionad in ann feidhmiú ar chor ar bith agus nach mbeidh aon rogha ag an mBord Stiúrtha “ach na doirse a dhúnadh,” mura n-éiríonn leo bainisteoir nua a fháil.

Cuireann an ITT seirbhís an-tábhachtach ar fáil do thuismitheoirí i gceantar Chois Fharraige, le naíolann agus naíonra do pháistí réamhscoile, chomh maith le bricfeasta agus seirbhís iarscoile chomh maith. Breis is 120 páiste a bhíonn ag freastal ar an ITT, ach tá brú tagtha ar an ionad le tamall anuas mar gheall ar ghanntanas foirne.

Tá folúntais do bhainisteoir cúraim leanaí, do leasbhainisteoir cúraim leanaí agus d’oibrithe luathbhlianta ag an ITT i láthair na huaire.


Seisiún Ceoil don Óige

Tuismitheoirí na GaeltachtaBeidh tús á chur ar an Déardaoin seo chugainn, 8 Feabhra, le Seisiún Ceoil don Óige, sa gCaifé i gCasla, eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Idir 6.00 is 7.00pm a bheas an seisiún ar bun.

Níl aon chostas ar na seisiúin, atá dírithe ar pháistí bunscoile. Ach ní mhór clárú roimhré tré ríomhphost a chur chuig aisling@nulltuismitheoiri.ie. Tá sé i gceist ag Tuismitheoirí na Gaeltachta seisiún a eagrú gach mí.

Le fada an lá bíonn seisiúin rialta dírithe ar dhaoine óga eagraithe i gCois Fharraige ag Ceoltóirí Óga Chois Fharraige.


Uisce an Spidéil

UisceI ráiteas a thug Uisce Éireann do sheirbhís Nuachta RnaG, dúradh go bhfuil sciúradh á dhéanamh ar na bpíopaí i gcóras uisce an Spidéil faoi láthair le cosaint a thabhairt don chóras agus don dream a bhíonn ag úsáid an uisce. Sa ráiteas deirtear go bhfuil sé riachtanach sciúradh a dhéanamh ar na píopaí chuile bhliain lena chinntiú go mbeidh caighdeán maith uisce ann agus le go laghdófar an baol atá ann go mbeidh droch-dhath ar an uisce a thagann as an sconna.

Deir siad freisin go bhféadfadh cuid den dríodar atá corraithe de bharr an sciúradh droch-dhath a chur ar an uisce an fhad is atá an sciúradh ar bun.

Is cosúil go bhfuil an sciúradh á dhéanamh ar na píopaí i gcóras uisce an Spidéil mar chuid do phlean atá aontaithe ag Uisce Éireann leis an HSE lena chinntiú go mbeidh cothabháil mar is ceart dhá dhéanamh ar an gcóras.

Deir Uisce Éireann go bhfuil siad ag déanamh na hoibre seo ina chéimeanna le nach gcuirfidh sé isteach ar an iomarca daoine ag am ceanna agus go mbeidh siad ag déanamh monatóireachta i rith na bliana ar chaighdeán an uisce.


Club Leabhar Chois Fharraige

Beidh an chéad ócáid eile ag Club Leabhar Chois Fharraige ar an gCéadaoin, 14 Feabhra, Lá Vailintín, nuair a sheolfaidh Gormfhlaith Ní Thuairisg úrscéal nua le Jackie Mac Donncha ó Chill Chiaráin. ‘Oiread na Fríde’ is teideal don úrscéal, atá foilsithe ag Cló Iar-Chonnacht sa Spidéal.

Tosóidh an ócáid ag 8.00pm


Lotó na mBreathnaigh

I Lotó Chumann Micheál Breathnach na seachtaine seo bhí €5,300 sa bPota Óir, ach ní raibh aon bhuaiteoir ann. Na huimhreacha a tarraingíodh: 4, 24, 25, 28.

Tarraingíodh ceithre ainm as an hata, le €25 ag dul do chaon duine acu:

 

  • Pádraic Ó Flatharta, Lochán Beag;
  • Kathleen Fox, Coill Rua;
  • Pat Duffy, Cor na Rón;
  • Bobbie Uí Chualáin, An Teach Mór.

 

Tigh Terry, Ros a’ Mhíl, a fuair duais an díoltóra.

 

5,400 atá sa bPota Óir do tharraingt na seachtaine seo chugainn.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Sacar (Roinn I): MacDara 2, Cregmore/Claregalway 1.

Sacar (Roinn I): Cois Fharraige 1, Craughwell Utd 2.

Sacar (Reserves): Cois Fharraige 4, Corrib Rangers 4.

Sacar (faoi 18, RI): MacDara 1, Cregmore/Claregalway 3.

Sacar (faoi 15, RII): MacDara 7, Colemanstown Utd. 2.

Sacar (faoi 15, RIV): MacDara 1, Gort Utd. 2.


31 Eanáir 2024