Cartlann Nuachta: 31 Iúil 2019
Comhghairdeas le Éabha
Éabha Nic Dhonncha
Comhghairdeas le Éabha Nic Dhonncha ó Ros a’ Mhíl a ghnóthaigh bonn Uile Éireann ag imirt le foireann na Gaillimhe sa gcluiche ceannais faoi 16A, le gairid.
Is iníon í Éabha le Kevin Mac Donncha, an bainisteoir atá ag Cumann Micheál Breathnach ar fhoireann sóisear Peil na mBan agus le Mary Ellen Ní Chualáin, atá ag obair le TG4 i mBaile na hAbhann.
Bhuail cailíní na Gaillimhe faoi 16 foireann na Mí an tseachtain seo caite i gcluiche a imríodh i mBeannchar, Ua bhFáilí leis an scór 7 – 16 in aghaidh 3 – 10.
Beidh Éabha faoin aois arís an chéad bhliain eile le imirt faoi 16.
Post i gComharchumann Sailearna
Glacfar le iarratais go dtí an Aoine seo chugainn, 9 Lúnasa, ar an bpost atá le líonadh ag Comharchumann Sailearna. Tá an Comharchumann ag lorg Riarthóir Cúnta, “le gur féidir cur le raon seirbhísí an Chomharchumainn“. Bheadh an duine a fhostófaí ag obair “faoi stiúir an Cheannasaí Bainistíochta i gcur i bhfeidhm clár oibre ha heagraíochta” a deirtear. Ní mhór d’iarrthóirí “scil a bheith acu i mdearnadh agus i leagan amach suíomhanna le haghaidh tithíochta, ionad oidhreachta, carr clóanna agus forbairt fisiciúla eile” do réir an fhógra a bhí i nuachtlitir an tséipéil.
Is ceart do dhuine ar bith le spéis sa bpost litir iarratais agus CV a chur chuig an Rúnaí an Chomharchumainn. Tá tuilleadh eolais ar fáil ach glaoch ar 087 1261156.
Cluichí Peile ag an Deireadh Seachtaine
Tá cluichí peile le imirt an deireadh seachtaine seo chugainn, a mbeidh spéis áitiúil iontu.
Ar an Domhnach seo chugainn, 4 Lúnasa, imreoidh Micheál Breathnach in aghaidh Kilkerrin/Clonberne ar Pháirc an Chnoic i Roinn 3 den sraithchomórtas peile. Is ag 2.00pm a bheas an cluiche ag tosaí.
Ar an Luan, 5 Lúnasa, beidh foireann peile An Spidéil ag imirt in aghaidh curaithe na hÉireann, Cora Fine, ag 12.00 meánlae sa mbaile.
Cé atá Curtha i nDumhach na Leanbh?
Breandan ag Breathnú ar Chros – Dumhach na Leanbh 2018
Tá Coiste Athchóirithe Dumhach na Leanbh ag iarraidh eolas a bhailiú faoi na daoine a cuireadh sa reilig cois chladaigh ar an Teach Mór, Indreabhán. Má tá eolas agat faoi dhaoine muinteartha leat a cuireadh i nDumhach na Leanbh ba mhaith le Coiste Áthchóirithe Dumhach na Leanbh cloisteál uait.
Tá sé i gceist, le cead a mhuinteartha, liosta a dhéanamh amach agus é a fhoilsiú i mBISEACH 2019. An t-eolas a theastaíonn ná ainm áitiúil, sloinne, baile fearann agus aois. Is féidir eolas a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com.
Bord Thearmann Éanna
Tá ainmniúcháin á lorg ag Bord Stiúrtha Thearmann Éanna le daoine nua a cheapadh ar an mBord Stiúrtha. Tá go dtí an Aoine seo chugainn, 9 Lúnasa, na ‘foirmeacha léirithe spéise’ a sheoladh ar ais ag An Rúnaí, Tearmann Éanna, Baile na hAbhann.
Taispeántas Chois Fharraige 2019
Seó an Spidéil 2018 – Capall Sinsir
Tá an clár le haghaidh Taispeántas Chois Fharraige ar fáil anois. Beidh an Taispeántas nó Seó an Spidéil mar a thugtar air chomh maith, ar bun ar an Domhnach, 1 Meán Fómhair i gColáiste Chonnacht, ar an Spidéal.
Bíonn go leor comórtas ann idir chapaillíní agus caoirigh, glasraí agus torthaí, bláthanna agus ceardaíocht, cácaí agus milseogaí, ealaíon agus grianghrafadóireacht. Bíonn neart comórtais do ghasúir agus do na déagóirí ann chomh maith.
An Chéadaoin, 26 Lúnasa, an dáta deiridh le haghaidh iontrála. Is féidir breis eolais agus foirmeacha iarratais a fháil ach glaoch a chur ar Aodán Mac Donnacha, Comhlacht Forbartha an Spidéil, ag an uimhir 091 553666.
Is féidir an clár a íoslódáil ón nasc seo: Taispeántas Chois Fharraige 2019.
Post Bainistíochta
Tá an Crann Taca (an ITT) ar an gCnoc ag lorg bainisteoir, a bheadh ag obair faoi stiúir an bhoird ag cur i bhfeidhm clár oibre ha heagraíochta.
Ní mhór d’iarrthóirí “sárscileanna bainistíochta, cumarsáide agus cúram leanaí a bheith acu, chomh maith le togha na Gaeilge labhartha agus scríofa” do réir an fhógra a bhí i nuachtlitir an tséipéil.
Is féidir litir iarratais agus CV a chur ag Cathaoirleach an ITT , An Cnoc, Indreabhán, nó ríomhphost a chur ag ittt@nulleircom.net.
Biseach 2019
Tá ábhar á chuartú ón bpobal i gCois Fharraige don iris BISEACH 2019, an iris a fhoilsíonn Cumann Forbartha Chois Fharraige go bliantúil.
Chomh maith le altanna faoi stair áitiúil agus imeachtaí reatha i gceantar Chois Fharraige, go hiondúil bíonn neart grianghrafanna san iris idir grianghrafanna nua agus grianghrafanna a tógadh na blianta ó shin.
Fáilteoidh coiste eagarthóireachta na hirise roimh ábhar spéisiúl ar bith, idir seanchas, stair áitiúil, grianghrafanna, eolas faoi eagraíochtaí atá ag feidhmiú sa gceantar chomh maith le tuairimíocht. Bíonn spéis faoi leith i seanphictiúirí ón gceantar agus bíonn neart acu sin ann chuile bhliain. Nuair a chuirtear ar fáil na seanphictiúirí déantar iad a scanáil go cóip digiteach agus iad a thabhairt ar ais arís slán sábháilte.
Is féidir dul i dteagbháil leis an gcoiste eagarthóireachta ach ríomhphost a sheoladh ag cumannforbartha@nullgmail.com nó téacs a sheoladh ag 0864048881.
Tá súil ag an gcoiste eagarthóireachta BISEACH na bliana seo a fhoilsiú lár mí Dheireadh Fómhair. Anuraidh díoladh amach na cóipeanna ar fad den iris a priontáladh.
Fíbín ag Lorg Aisteoirí
Tá aisteoirí ó na cumainn drámaíochta áitiúla agus aon duine eile ón bpobal ag teastáil do léiriú nua de chuid Fíbín, ‘Cath na Ceathrún Rua’.
Dráma nuabhunaithe atá ann faoin mbealach ar theip ar iarracht a rinne an tiarna talún, Kirwan, na céadta dá chuid tionóntaithe a dhíbirt óna gcuid tithe sa gCeathrú Rua i mí Eanáir 1880. B’eachtra fíorthábhachtach i gCogadh na Talún é ‘Cath na Ceathrú Rua’, áit ar taispeánadh go bhféadfadh na daoine seasamh le chéile in aghaidh an tiarna talún.
Tá Fíbín ag cuardach ceoltóirí, amhránaithe agus aisteoirí as na cumainn drámaíochta áitiúla i gConamara a mbeadh suim acu a bheith páirteach sa léiriú. Tá idir óg agus aosta ag teastáil don chleachtadh agus don léiriú ón 12 – 25 Lúnasa 2019.
Más duine tú le spéis san aisteoireacht/drámaíocht agus ceol, beidh éisteachtaí againn i dteach nua Fíbín i mBaile na hAbhann ar an Satharn seo, 13 Iúil, ag meán lae.
Is féidir tuillleadh eolais a fháil ach dul i dteagmháil le maire@nullfibin.com nó glaoch a chur ar 087-7997983.
Briseadh do Nótaí Chois Fharraige
Tá briseadh á thógáil ag an ngrúpa a chuireann Nótaí Chois Fharraige ar fáil don Churadh Chonnachta gach Déardaoin. Beidh an colún le nuacht agus eolas ó Chois Fharraire ar ais aríst tús Meán Fómhair. Idir an dá linn is féidir i gcónaí míreanna nuachta, pictiúirí nó eolas faoi imeachtaí, a sheoladh i bhfoirm leictreonach chuig notaicoisfharraige@nullgmail.com le cur ar an suíomh idirlín www.coisfharraige.ie/cumann-forbartha, áit a mbeidh míreanna nua á n-uaslódáil go rialta.
Torthaí Spóirt
Iomáint (faoi 13): Cois Fharraige1 – 03, Ballygar4 – 09.
Iomáint (faoi 13): Cois Fharraige0 – 05, Ballinasloe3 – 09.
Iomáint (faoi 15): Ml. Breathnach 4– 09, Port Omna 4 – 03.
Peil (faoi 15): Ml. Breathnach 7– 09, Naomh Anna, Leitir Móir 5 – 04.