Cartlann Nuachta: 31 Lúnasa 2022

Siopa an Phobail’ Dúnta

Siopa an Phobail 2022

Siopa an Phobail, An Cnoc, Indreabhán

Tá doirse Shiopa an Phobail dúnta ón Domhnach seo caite agus an áit taobh istigh de na ballaí á athrú ag Tesco, an ollchomhlacht a cheannaigh an siopa ó Joyce’s, in éindí le siopaí eile i nGaillimh. Ceaptar go dtógfaidh sé ar a laghad dhá mhí chun an siopa a athchóiriú, sin sula mbeidh sé réidh le athoscailt am eicínt mí Dheireadh Fómhair nó mí na Samhna.

Tuigtear go gcoinneofar an fhoireann chéanna sa tsiopa, ach go bhfuil traenáil le cur orthu. Chuir Cumann Forbartha Chois Fharraige litir chuig Tesco (Ireland) ag iarraidh ar an gcomhlacht an t-ainm ‘Siopa an Phobail’ a choinneáil ar an siopa agus cinnte a dhéanamh dhó go mbeadh an Ghaeilge in usáid sa tsiopa mar a bhí ariamh.

Comharchumann Chois Fharraige a bhaist ‘Siopa an Phobail’ ar an ollmhargadh nuair a ceannaíodh ó Gerry Houlihan, deireadh na 1970ídí. Siopa Phaddy King a thugtaí air roimhe sin, mar gurb é Pádraig Mac an Rí, ó Chárna ó dhúchas, a chuir an siopa ar bun an chéad lá.

Tuigtear nach mbeidh aon deli ag Tesco, ná cúntar búistéireachta agus nach gcloisfear a thuilleadh an cheist ‘Ar bhfuair tú peitreal nó díseal? ag an till: beidh breosla le íoc taobh amuigh ag na caidéil le cárta creidmheasa, seachas sa siopa mar a íoctar é faoi láthair.


BISEACH 2022

Biseach 2020

BISEACH na Bliana 2020

Tá Coiste Eagarthóireachta ag bailiú ábhar faoi láthair le cur san iris BISEACH 2022, a bheas á fhoilsiú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige lár na míosa seo chugainn. Tá cuid mhaith ábhair tagtha isteach cheana don iris, ach bheadh fáilte faoi leith roimh sheanphictiúir nár foilsíodh cheana.

Glacfar chomh maith le pictiúir ó bhainiseacha i gceantar Chois Fharraige a tharla le linn 2022.

Is féidir pictiúir a chur i bhfoirm leictreonach chuig biseach2022@nullgmail.com nó glaoch a chur ar an uimhir 086 4048881 le socrú a dhéanamh leis na pictiúir a scannáil.


Na Breathnaigh

Foireann Mionúr Chumann Micheál Breathnach, a bhuail An Spidéal i gCraobh Chomórtas an Iarthair faoi 17B le gairid.

Ar chúl ó chlé: Cian Breathnach, Ciarán Mac Fhlannchadha, Oisín Mac an Ultaigh, Ciarán Ó Diomsaigh, Feidhlim Ó Diollúin, Rian Ó Fátharta, Daniel Mac Dhabhac, Lughan Mac Con Iomaire, Ailill de Cleir, Feidhlim Ó Conghaile, Eimhin Ó Feinneadha, Cormac Ó Tuairsc, Eoin Ó Neachtain.

Chun tosaigh, ó chlé: Luc Mac Aodha, Ferdia Ó Braonáin, Aodhan Ó Coisdealbha, Finnan Ó Srutháin, Fionnán Ó Coisdealbha, Patrick Ó Ceallaigh, Tomas Ó Neachtain.

[Pictiúr: Máirín Uí Chonghaile]

Tús maith leath na hoibre, a deirtear agus bhí tús an-mhaith ag foireann peile Chumann Micheál Breathnach i gCraobh Comórtas an Chontae (Idirmheánach) sa gcéad bhabhta den chomórtas, nuair a bhuail siad Oranmore-Maree le seacht gcúilín. Ach ar an Aoine seo caite baineadh siar astu nuair a buaileadh iad sa dara cluiche le naoi gcúilín, agus iad ag imirt in aghaidh St Brendans i mBéal Átha an tSlua.

Ceithre ghrúpa ar fad atá sa gComórtas Idirmheánach le ceithre fhoireann i ngach grúpa. Beidh dhá fhoireann as gach grúpa ag dul isteach sna cluichí ceathrú ceannais. Faoi láthair tá a áit cinntithe ag St Brendans le dhá bhua acu go dtí seo. Tá Cumann Micheál Breathnach agus Caltra ar chomhphointí le bua amháin agus cailliúint amháin, ach le Cumann Micheál Breathnach tá difríocht scóranna níos fearr ag foireann na Gaeltachta. Is leor comhscór do Na Breathnaigh le áit a chinntiú sna babhtaí ceathrú ceannais, sa gcluiche idir Na Breathnaigh agus Caltra, cluiche cinniúnach a imreofar an deireadh seachtaine seo chugainn, 10/11 Meán Fómhair.

Fiontán Ó Curraoin (2022) v Corafin

An sár-imeoir, Fiontán Ó Curraoin, ó Chumann Micheál Breathnach ag taispeáint a chumais san aer in aghaidh Cora Finne, níos túisce i mbliana.

[Pic: Máirín Uí Chonghaile]


Taispeántas Chois Fharraige 2022

Pádraig Breathnach, Ugóil, Uachtar Ard lena bheirt mhac agus an corn a ghnóthaigh sé ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal le gairid, don chaoire ab fhearr

Pádraig Breathnach, Ugóil, Uachtar Ard lena bheirt mhac agus an corn a ghnóthaigh sé ag Taispeántas Chois Fharraige sa Spidéal 2015, don chaoire ab fhearr

Beidh Taispeántas Chois Fharraige, nó Seó an Spidéil mar a thugtar ar chomh maith, ar bun ar an Domhnach seo chugainn, 4 Meán Fómhair, i gColáiste Chonnacht ar an Spidéal.

Bíonn go leor comórtas ann idir capaillíní agus caoirigh, glasraí agus torthaí, bláthanna agus ceardaíocht, cácaí agus milseogaí, ealaíon agus grianghrafadóireacht. Bíonn neart comórtais do ghasúir agus do na déagóirí ann chomh maith.

Cé go raibh an Luan seo caite, 29 Lúnasa, luaite mar an dáta deiridh i gcomhair iontrálaithe, tá an coiste eagraithe sásta glacadh le iontrálaithe ar an lá i roinnt de na comórtais.

Is féidir breis eolais a fháil ón leathanach Facebook atá ag Taispeántas Chois Fharraige, nó is féidir glaoch ar Bhríd Ní Chonghaile ag an uimhir 087 9398787.


Bonn Ór ag an bhFleadh

Is ar Dhamhnait Ní Fhátharta, ó Na hAille, a bronnadh an bonn ór ag Fleadh Ceoil na hÉireann le gairid, sa gcomórtas Amhránaíocht ar an Sean Nós do mhná faoi 18 bliain d’aois.

Is iníon í Damhnait leis an amhránaí ón Rinn, Odí Ní Chéilleachair, agus leis an mboscadóir Micheál Darby Ó Fátharta. Is ceoltóir cumasach í Damhnait chomh maith, a chasann le Ceoltóirí Óga Chois Fharraige.

Seo é an tríú uair do Dhamhnait corn a bhuachan ag Fleadh Ceoil na hÉireann sa gcomórtas amhránaíochta ar an sean-nós.


Siopa Carthanachta

Déardaoin na seachtaine seo osclófar siopa carthanachta ar an gCnoc. ‘Scéal Eile’ an t-ainm atá ar an siopa, atá lonnaithe trasna ó Shéipéal an Chnoic, áit a mbíodh siopa blianta ó shin ag muintir Seachnasaigh. Cheannaigh Comharchumann Shailearna Teo., an suíomh sa mbliain 2020 agus chinn Bord Stiúrtha an Comharchumainn siopa carthanachta a fhorbairt ann.

Beidh duine fostaithe ag an gComharchumann le Scéal Eile a reáchtáil ó lá ó lá, le tacaíocht foireann oibrithe a thugann a gcuid ama go deonach. Is iad an pobal a dheonaíonn earraí ar Scéal Eile, earraí nach dteastaíonn uathu níos mó agus cuireann Scéal Eile na hearraí sin ar fáil ar phraghas réasúnach don phobal. Beidh Scéal Eile ar oscailt gach Déardaoin, Aoine agus Satharn ón 10.00am go 6,00pm.

Rachaidh aon fharasbarr a bheas déanta ag Scéal Eile i dtreo barrchostais an tsiopa a ghlanadh ó bhliain go bliain agus, ina dhiaidh sin, cuideofar le forbairt tograí pobail de chuid an Chomharchumainn. Is é an togra ‘Forbairt na Seanscoile’ an chéad togra atá ainmnithe.


Lúibíní agus Agallamh Beirte

Traolach Ó Conghaile (ar chlé) agus Seán Ó Gráinne ag Oireachtas 2019

Tá ceardlanna do dhaoine fásta le tosaí go gairid le Traolach Ó Conghaile. Cuirfear comhairle agus cúnamh ar fáil do dhaoine le tabhairt faoi Lúibín nó Agallamh Beirte a chur le chéile. Tá seantaithí ag Traolach ag scríobh lúibíní is agallaimh beirte don Oireachtas. Is cinnte go mbeidh an-spraoi a bheith ag baint leis na ceardlanna, atá eagraithe ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Beidh na ceardlanna ag tosaí ar an gCéadaoin, 14 Meán Fómhair, thuas staighre in Inis Fáil, sa Spidéal (HP1 X63V), an teach ina bhfuil an Oifig Pleanála Teanga lonnaithe. Leanfaidh an cúrsa ar feadh sé seachtaine. Mar go bhfuil spásanna teoranta, moltar do dhaoine clárú roimhré tré ríomhphost a chur chuig ocptchoisfharraige@nullgmail.com.


Ranganna Gaeilge do Thosaitheoirí

Tá tús le cur go gairid le ranganna Gaeilge sa Spidéal do dhaoine fásta, á reáchtáil ag Fóram Chois Fharraige um Pleanáil Teanga.

Thuas staighre in Inis Fáil, sa Spidéal (H91 X63V), an teach ina bhfuil an Oifig Pleanála Teanga lonnaithe, a bheas na ranganna ar bun, ag tosaí ar an Máirt, 13 Meán Fómhair ag 7.00pm. Beidh na ranganna feiliúnach do thosaitheoirí agus leanfaidh an cúrsa ar feadh sé seachtaine. Iarrtar ar dhaoine clárú do na ranganna roimhré tré glaoch ar an uimhir 083 0106294 nó ríomhphost a chur chuig optchoisfharraige@nullgmail.com.

Chomh maith leis na ranganna Gaeilge foirmeáilte, tá Ciorcal Comhrá Chois Fharraige á reáchtáil ag Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige gach Céadaoin ag 7.00pm in Inis Fáil chomh maith. Fáilte roimh chách le haghaidh comhrá, comhluadar agus cupán tae/caifé. Tá an seisiún seo feiliúnach do dhaoine atá ag iarraidh a gcuid Gaeilge a chleachtadh, bíodh siad ina bhfoghlaimeoirí nó ina gcainteoirí meirgeacha.


Club Scannán Sailearna

Radharc ón scannán ‘An Cailín Ciúin’ a bheas á thaispeáint i Seanscoil Sailearna ag an gclub scannán áitiúil, tús mí Dheireadh Fómhair le linn ‘Féile Chois Fharraige’.

Tar éis briseadh don samhradh beidh na scannáin ag filleadh ar Sheanscoil Sailearna ar an Déardaoin seo, 29 Meán Fómhair. Idir sin agus an Nollaig, taispeánfar deich scannán ó thíortha éagsúla sa tSeanscoil, dhá scannán Gaeilge ina measc.

Ar an liosta scannán don séasúr tá An Cailín Ciúin, an scannán Gaeilge atá ag piocadh suas duaiseanna ar fud an domhain agus molta go hard ag na léirmheastóirí. Taispeánfar An Cailín Ciúin ar an Déardaoin, 6 Deireadh Fómhair, le linn FÉILE CHOIS FHARRAIGE.

Tá liosta iomlán na scannán a bheas á dtaispeáint idir seo agus an Nollaig le fáil ar an suíomh WWW.CLUBSCANNAN.IE, áit a bhfuil eolas faoi mbealach le ballraíocht a chlárú ar líne, nó ticéad a cheannach do scannán.


Ranganna Ceoil, Amhránaíochta agus Damhsa

Tuismitheoirí na GaeltachtaTosóidh téarma nua de ranganna ceoil, amhránaíochta agus damhsa, eagraithe ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, ar an Luan, 19 Meán Fómhair.

Bíonn an-éileamh ar na ranganna seo de ghnáth agus d’fhéadfadh go mbeadh liosta feithimh i gceist.

Cuirtear ranganna ar fáil i réimse leathan uirlisí, idir traidisiúnta agus nua-aimseartha. Beidh líon teoranta uirlisí ar fáil ar cíos ó bhainc uirlisí Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil agus clárú tré ríomhphost a chur chuig eolas@nulltuismitheoiri.ie.


Oireachtas na Samhna

Caitlín Ní Chualáin (Oireachtas 2014)

Caitlín Ní Chualáin, ón Teach Mór, Indreabhán, a chroch leí Corn Uí Riada ag Oireachtas na Gaeilge 2016, an duine deireannach ó Chois Fharraige a bhain an bua amach sa bpríomhchomórtas amhránaíochta ar an sean nós.

Is i gCill Áirne a bheas Oireachtas na Gaeilge ar bun i mbliana, tús mí na Samhna.

Is i gCill Áirne a bheas Oireachtas na Samhna ar bun i mbliana. De bharr Covid níor reáchtáladh Oireachtas na Gaeilge ó 2019. Tá daoine ag tnúth go mór leis an bhféile mhór ghaelach. De ghnáth bíonn go leor daoine ó Chois Fharraige ó chuile aoisghrúpa páirteach sna comórtais éagsúla. Tá an dáta iontrála le cur isteach ar na comórtais ag teannadh linn. An Déardaoin, 15 Meán Fómhair, an dáta deireanach a nglacfar le iontrálaithe do na comórtais ardáin. Tá deich gcinn de chomórtais éagsúla ar an gclár do dhaoine óga faoi 18 bliain d’aois: trí chinn nua ina measc don veidhlín, don fheadóg stáin agus do cheol beirte.

Is féidir na foirmeacha iontrála a fháil ar líne ach dul ag an suíomh www.antoireachtas.ie.


Torthaí Spóirt na Seachtaine

Peil (Sinsear): An Spidéal 0 – 11, Naomh Anna, Leitir Móir 0 – 15.

Peil (Idirmheánach): Ml. Breathnach 1 – 10, St Brendans 3 – 13.

Peil (faoi 15): Ml. Breathnach 4 – 08, Caltra 4 – 10.

Peil (faoi 15): An Spidéal 1 – 07, Kilkerrin/Clonberne 3 – 16.

Iomáint (f20 B1) Cois Fharraige 1 – 18, Rahoon/Newcastle 0 – 21.

Iomáint (f 14 C): Cois Fharraige 7 – 03, Annaghdown 7 – 08.

Iomáint (f 14 C): Cois Fharraige 1 – 11, Meelick/Eyrecourt 1 – 04.

Iomáint (f 14 B): Ml. Breathnach 2 – 10, Salthill/Knocknacarra 3 – 05.

Iomáint (f 12): Cois Fharraige 1 – 04, Annaghdown 10 – 01.

Iomáint (f 12): Ml. Breathnach 2 – 05, Cois Fharraige 1 – 02.


31 Lúnasa 2022